Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drisínteacht
ainmfhocal, baineann
freagarthach don aidiacht drisíneach (fc. drisíneach)
drisíneacht scaití
·
Ní scarfaidh an drisínteacht léithe siúd go scarfaidh an ball dubh leis an bhfeadóig. Ghreamaigh di a bheith drisíneach. Ní raibh mórán gaisce ar a hathair féin go ndéana Dia grásta air
Más cúrsaí drisíneachta é, níl duine ar bith chomh drisíneach leis an abhlóir de ghasúr atá aici féin. Chloisfeá thiar aduaidh ag screadach amantaí é. Amantaí eile, tosaíonn sé ag diabhlóireacht, agus do pháiste chomh hóg, dar príosta 'sé atá deas air

Féach freisin