Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drioll (dreoll?) dreall
/d′r′ūʟ/ : /d′r′āʟ//d′r′iʟ/ : /d′r′aʟ/
ainmfhocla is cosamhail
níl siad ach in aon leagan amháin: "an driúll ar an dreall"
+
Thuit an driúll ar an dreáll air nuair a chonnaic sé nach raibh aon-duine ag teacht = thuit an lug ar an lag aige; thréig a mhisneach, a dhúracht, a dhíocas nó a spleódar é; níor fhan fíreamhlacht, brigh, fonn ná saint ann; bhí a intinn uiliog thrín a chéile agus ní raibh a fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh, nó céard a bhí aige a dhéanamh
Bhí an-fhonn grínn air nó go dtáinic M. isteach, ach uaidh sin amach thuit an driúll ar an dreáll air. Tá sé an-scáthmhar roimh Mh.
TUILLEADH (6) ▼
Á thuit an driúll ar an dreáll ar fad air le goirid. Th'éis cho splanctha agus a bhí sé sin, indiaidh cuartaidheacht' agus spraoi, ní chorruigheann sé amach chor ar bith anois. Ach tá an aois dhá bhualadh ach an oiread liom féin
Níor thuit an driúll ar an dreáll críochnuighthe air, go raibh muid ag teacht anoir in aghaidh Árd Bh. Rinne sé an luighe mór orm mar adubhairt an t-Árannach, in ucht an aird. Shíl mé a mh'anam gur sliabh gortach a bhí dhá bhualadh, agus nach hé an siubhal chor ar bith a bhí ag cur air. "T'anam cascartha ag an diabhal" arsa mise. "Eirigh as sin. Ní stró ar bith dhuit é a shrianadh siar in aghaidh an aird anois, agus gheobhaidh muid lón eicínt i dteach an ósta annseo thiar"
Is beag an mhaith dhuit a bheith ag cur ar shon do chuid Gearmánaigh. Tá siad buailte. Nach bhfuil sé ag cinnt ar na Sasanaigh agus ar na Puncáin a bhfeiceál chor ar bith, ach iad rithte i bpuill agus i bpruchógaí orra. Tá an driúll ar an dreáll tuithte orra ó a d'ionnsuigh siad an Rúiseánach
Is gearr eile muise go dteagadh an driúll ar an dreall air. Shílfeá go raibh mío-shuaimneas dhá bhualadh, agus an chaint ag imeacht uaidh. 'Bhfaca tú ag dul amach 'sa dorus é, agus ag breathnú soir? Ba fear é a bhí ag déanamh cnaipí an uair sin. Bhí sé ag ceapadh nach dtiocfadh sí
Ná leig do'n driúll ar an dreáll tuitim ort cho luath seo agus a ghoirdeacht agus ó phós tú. Beidh sé sáthach luath agad a bheith diomdhuch nuair a bhéas tú pósta cho fada liomsa
Sin fear anois agus is fada dhó a shaoghal. Tá an driúll ar an dreáll tuithte ceart air. Chuir sé sin isteach ar an oiread postaí agus h-eitigheadh é cho minic sin, agus nach bhfuil misneach ar bith fanta ann. Tá sé ithte le aicís agus is mór leis 'chuile dhuine

Féach freisin