Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Droch-
réimmír
codarsna deá
Tá sé rí-choitianta igcaint; i bhfad níos coitianta aríst i nGaillimh ná "deá". Ní theagann "deá" isteach san gcaint go minic ach len a chur ar ghualainn "droch"
le ainm-fhocal, aidiacht nó aidiacht-bhriathar. Níl annseo síos ach somplaí anonn agus anall dhe
go dona, go h-olc, go dalba, go suarach, ain (réimmír), mí-; dubh-; "bocht"; cráite.
+
Droch-ghadaí = (i) fear nach mbeadh aon-ghaisce air ag gadaíocht; a dhéanfadh an ghadaíocht cho maoilscríobach agus go mbraithfí ar an toirt é. (ii) droch-dhuine, "diabhal", bithiúnach, fealladóir etc. Tá ciall a (ii) coitianta. Ní h-ionann béim do "dhroch" in (i) agus (ii). Is mó béim a bhíos ar "dhroch" in (i) ná in (ii) cé nach mbíonn an tsain-bhéim air annsin féin, ach bíonn barróg na teangan níos fuide air. D'aithneóchthá an dá chéill thar a chéile mar sin. Is amhla freisin é i gcás: droch-chneámhaire = cneamhaire nach mbeadh a cheird aige, agus droch-chneamhaire = dearg-chneámhaire, droch-dhruncaera agus a leithidí eile
Droch-bhodach é = fear olc mioscaiseach
TUILLEADH (5) ▼
Ná bíodh dréim ar bith agad leis. Is droch-bhodach é
Droch-pheata é = duine olc feargach
Droch-bhuachaill é, deirimse leat = droch-dhuine, droch-bhodach
Droch-dhiabhal (droch-dhuine, anduine), droch-bhithiúnach, droch-bhastard
Droch-cheólán é (droch-chothaíodóir achrainn, droch-"ghiota", droch-staic, droch-bhreastaire, droch-chathaíodóir, droch-scaibhtéara, droch-bhacach, droch-chonús, droch-mhallaíodóir, droch-aingeal, droch-sceannadóir, droch-bhrútaí, droch-splíota, droch-ruifíneach, droch-mhíoladóir, droch-throdaí, droch-nimheadóir, droch-ghéaradóir) agus rl. = ainmneachaí ar lucht achrainn nó lucht bhrostuithe nó dhéanta achrainn
+
Droch-chantalóir é seo istigh
Ba droch-smuitíneach é go ndéanaidh Dia grásta air
TUILLEADH (11) ▼
Sin é féin an droch-stainníneach
Sin é féin an droch-roitiallach (réatiallach)
Droch-cheann tí é gan bhréig gan mhagadh
Droch-mhaistín é le theacht in a línn (líon?)
Is droch-chullach é
Is droch-scéiméara fir é
Is droch-laisceach mná í
Tá droch-ealadhantóir de mhac aige
Is droch-rúisc de bhean atá aige
Tá droch-stuineachán de phóilí annsin thoir anois
Tá droch-strachaille d'inghin aige (tá ráití mar seo an-choitianta)
+
Droch-thomhaisí atá ionnad = bad guesser, bad riddle-solver
Is droch-thóraí thú = go dona ag tóraíocht rud
TUILLEADH (8) ▼
Droch-fhuilinní é Pádraig (fuilingí) = níl aon-fhuilint (ar theas) aige
Droch-fhátallaí (faiteallaí freisin) é
Droch-amhránach í
Droch-chliamhaineachaí atá aige = níl aon-rath orra; níl siad láidir saibhir ionnasach agus rl.
Droch-threóraí tú
Droch-dhíolaí é (fc. díolaí)
Droch-shleádóir é (Droch-thuíodóir, droch-spealadóir, droch-mharcach, droch-churachóir, droch-thalmhaí, droch-cheannachóir, droch-sclábhaí)
Droch-chuartaí é = (i) duine a bheadh go dona ag tóraíocht nó (ii) duine nach mbeadh luiteach nó tóiriúil ar chuartaíocht
+
Tá droch-chois agam = cois thinn, ghortuithe, lottha
Tá droch-bhúistiún de láimh orm
TUILLEADH (21) ▼
Tá droch-speireach orm
Tá droch-liag in mo mhuineál
Bhí droch-mheall ar mo leiceann anuiridh
Tá droch-ghalra air = tinneas ar bith a bheadh go dona
Tá droch-thinneas ar an mbaile seo thiar = (droch-) aicíd; tinneas tógálach ar nós fiabhrais nó a leithide
Cá'id an droch-chasacht sin ort
Tholg mé droch-shlaghdán ann
Fuair mé droch-leagan den chapall
Shíl sé droch-iarraidh a thabhairt dom
Fhobair mé droch-bhuille a fháil
Gheobhainn droch-sceannadh óna Flaitheartaí marach na póilíos a theacht
Bíonn droch-strachailleacht ar an té atá igcleithiúnas fátall na fairrge
Thug tú droch-spídiúlacht dó
Fuair mé droch-phionós ón láimh sin
Tiúrfaidh na "sweets" sin droch-dhoigheachaí dhuit as a dheireadh
Is droch-phian í an dógh bhuilg
Thug sé droch-chartadh don cheannaí (mála)
Tá droch-bhriseadh ar a chois
Is droch-ghearradh é sin ort
Tá an-droch-lot ort (fíor-droch-lot, rí-dhroch-lot ort)
Tá droch-stad ann (droch-bhriotaíl etc)
+
Tá droch-bhéal air = duine a bheadh ag eascainí nó ag gáirsiúlacht; duine bréagach; duine a liobródh thú
Leig dhó sin ar fad. Tá droch-bhéal aige
TUILLEADH (9) ▼
Tá droch-theanga aice (droch-bhéal)
Is deacair a theacht ón té a bhfuil an droch-theanga aice
Droch-chaint uiliog é = níl tada eile aige ach droch-chaint
Níor chuala tú ariamh aige ach an droch-fhocal dá chomharsa = ní mholann sé a chomharsa
Tá droch-fhocla aige = focla gáirsiúla
Thug sé droch-dhíol air = d'ith sé agus liobair sé é; thug sé an teanga dhó
Thug sé droch-dhíol cainte orm (fc. díol)
Thug sé droch-liobairt (droch-ghearradh, droch-sciolladh; droch-ithe agus rl.) orm
Thug sí droch-sciolladh air
+
Tá droch-dhéanamh ar an leath sin
Thug sé droch-chur ar an tuí
TUILLEADH (16) ▼
Is droch-thabhairt é = droch aistir le dhul air
Droch-bhaint atá ar an bhféar sin
Ní raibh agam air ach droch-fheiceál
Thug tú droch-chaitheamh ar na bróga sin
Is droch-ithe an iomarca de na fataí sin
Níl ar an asal sin amuigh ach droch-choinneál = droch-chuibhriú, droch-cheangal
Ní fhéadfaidh tú a thabhairt ar an iasc ach droch-shailleadh. Níl do dhóthain salainn agad
Níl ar an móin siúd ach droch-thriomach
Níl ar an gcimín sin thoir ach droch-ithe, agus ní dhrannfaidh siad leis in a dheidh sin = níl sé creinnte ná baol air ag na beithigh, agus in a dheidh sin, níl siad sásta ann
Ní bhíonn air ach droch-bhearradh i gcomhnaí. Ceó ar bith ach go mbaineann sé an bárr marbh di
Fuair sé droch-bhualadh = bualadh thar cíonn
Tá droch-stiúir air
Níl sé a fháil ach droch-chothú = droch-bheatha, tógáil
Deághealladh: droch choimhlíonadh (fc. deá)
Níl faoi ach droch-ghealladh = níl aon-deághealladh faoi; is droch-údar é (fc. deá-ghealladh)
Thug sé droch-úsáide dó fhéin = rinne sé éagcóir air féin; oibriú ro-chruadh; a bheith amuigh faoi amlua nó ar ragairne, ól agus rl.
+
Tá droch-urchar agad (níl urchar díreach agad)
Tá droch-iarraidh (droch-bhuille, droch-dhorna, droch-chic, droch-ghreim, droch-chlabhta) aige = iarraidh í a ghortódh thú (go fiú agus dhá mbeadh sé gan a tabhairt duit ach as magadh féin)
TUILLEADH (5) ▼
Tá droch-ghníomh aige (níl sé go maith ag cur gníomh ar chruach mhóna)
Tá droch-sceimhil (ag déanamh cruach choirce) aige
Tá droch-fhaobhar agad (gan a bheith indon speal, rásúr, scian, ná eile a ghéarú go maith)
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Bhéara. Is gearr a sheasfá-sa di. Tá droch-fhaobhar críochnuithe agad
Tá droch-bhuille iomra agad (i gcuraigh etc.)
+
Tá droch-chaoi air (droch-bhail, droch-riocht, droch-chruth, droch-ordú agus rl.)
Chuir mé droch-bhail críochnuithe air
TUILLEADH (29) ▼
Nach hé a chuir an droch-bhail ort: gan bonn bán a fhágáil ort
Tá droch-staid ar an mbaile seo anois = droch-chaoi, anchaoi
Ná tabhair droch-chomhlódar faoi deara dhuit fhéin mar sin
Bhí mé i ndroch-chuideachta anocht
Droch-eallach é sin (droch-ailím) = droch-dhuine
Droch-earradh é an slaghdán
Tá droch-intinn aige sin = tá sé go h-olc; dhonódh sé thú as taghd agus rl.
Droch-chroí a rinne dhó é = a bheith go h-olc, éadmhar agus rl.
Is droch-ghníomh é sin, ní dhá roint leis é
Rinne sé droch-mhístáid. Tá an chathaoir briste aige
Thug sé droch-chomhairle dhuit
Thug tú áird ar dhroch-chomhairle
Ní droch-chomhairleach go dtí an t-ól = déanann duine droch-rudaí as ól
Rinne mé droch-chodladh aréir = codladh corrach
Tháinig tú ar na drochóirí duit fhéin (fc. drochóirí)
Tá droch-chliú (droch-cháil, droch-ainm) air
Droch-thráth dhuit é seo a theacht ag iarraidh móna. Tá sí díolta ag chuile dhuine anois
Níl agam ach droch-ghoile = gan mórán fonn ithte
Tá droch-anáil agad = baladh a bheith uirre
Tá an droch-ábhar san lot fós = máthair an droch-ábhair nó máthair an ghuir
Chuir sé droch-bhréag orm
Is droch-bheatha í sin ag sclábhaí. Diabhal níos measa!
Droch-bhean í. Ní tada eile í
Tá droch-dhath air = droch-shnua, nó droch-ghné nó droch-ghothadh
Fíor-dhroch-lá é
Ní tada eile í ó dúirt tú é ach droch-aimsir
Droch-sheachtain a bhí innte ar fad
Ba droch-scathamh de lá anois é ó árd am dinnéir.
Droch-Nodlaic a bhéas innte tá faitíos orm