Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-
réimír
codarsna: dea-
tá sé ríchoitianta i gcaint; i bhfad níos coitianta aríst i nGaillimh ná dea-. Ní theagann dea- isteach sa gcaint go minic ach lena chur ar ghualainn droch-
le ainmfhocal, aidiacht nó aidiacht bhriathartha. Níl anseo síos ach samplaí anonn is anall dhe
go dona, go holc, go dalba, go suarach, an- (réimír), mí-; dubh-; bocht; cráite.
+
Drochghadaí — (i) fear nach mbeadh aon ghaisce air ag gadaíocht; a dhéanfadh an ghadaíocht chomh maolscríobach agus go mbraithfí ar an toirt é. (ii) drochdhuine, diabhal, bithiúnach, fealladóir srl. Tá ciall a (ii) coitianta. Ní hionann béim do droch- in (i) agus (ii). Is mó béim a bhíos ar droch- in (i) ná in (ii) cé nach mbíonn an tsainbhéim air ansin féin, ach bíonn barróg na teangan níos faide air. D'aithneofá an dá chéill thar a chéile mar sin. Is amhlaidh freisin é i gcás: droch-chneámhaire — cneámhaire nach mbeadh a cheird aige, agus droch-chneámhaire — deargchneámhaire, drochdhruncaera agus a leithidí eile
Drochbhodach é — fear olc mioscaiseach
TUILLEADH (5) ▼
Ná bíodh dréim ar bith agat leis. Is drochbhodach é
Drochpheata é — duine olc feargach
Drochbhuachaill é, deirimse leat — drochdhuine, drochbhodach
Drochdhiabhal (drochdhuine, anduine), drochbhithiúnach, drochbhastard
Droch-cheolán é (droch-chothaíodóir achrainn, drochghiota, drochstaic, drochbhreastaire, droch-chathaíodóir, drochscabhaitéara, drochbhacach, droch-chunús, drochmhallaíodóir, drochaingeal, drochsceanadóir, drochbhrútaí, drochspliota, drochruifíneach, drochmhíoladóir, drochthrodaí, drochnimheadóir, drochghéaradóir) srl. — ainmneachaí ar lucht achrainn nó lucht bhrostaithe nó dhéanta achrainn
+
Droch-chantalóir é seo istigh
Ba drochsmuitíneach é go ndéana Dia grásta air
TUILLEADH (11) ▼
Sin é féin an drochstainníneach
Sin é féin an drochroidéalach
Droch-cheann tí é gan bhréig gan mhagadh
Drochmhaistín é le theacht ina lín (líon?)
Is droch-chollach é
Is drochscéiméara fir é
Is drochlaisceach mná í
Tá drochealaíontóir de mhac aige
Is drochrúisc de bhean atá aige
Tá drochstoithneachán de phóilí ansin thoir anois
Tá drochstreachaille d'inín aige (tá ráití mar seo an-choitianta)
+
Drochthomhaisí atá ionat bad guesser, bad riddle-solver
Is drochthóraí thú — go dona ag tóraíocht rud
TUILLEADH (8) ▼
Drochfhuilinní é Pádraig (fulangaí) — níl aon fhulaingt aige (ar theas)
Drochfháiteallaí é (faiteallaí freisin)
Drochamhránach í
Droch-chliamhaineachaí atá aige — níl aon rath orthu; níl siad láidir saibhir ionnúsach srl.
Drochthreoraí tú
Drochdhíolaí é (fc. díolaí)
Drochshleádóir é (drochthuíodóir, drochspealadóir, drochmharcach, droch-churachóir, drochthalmhaí, droch-cheannaitheoir, drochsclábhaí)
Droch-chuartaí é — (i) duine a bheadh go dona ag tóraíocht nó (ii) duine nach mbeadh luiteach nó tóiriúil ar chuartaíocht
+
Tá droch-chois agam — cois thinn, ghortaithe, loite
Tá drochbhúistiún de láimh orm
TUILLEADH (21) ▼
Tá drochspeireach orm
Tá drochliag in mo mhuineál
Bhí drochmheall ar mo leiceann anuraidh
Tá drochghalra air — tinneas ar bith a bheadh go dona
Tá drochthinneas ar an mbaile seo thiar — (droch-) aicíd; tinneas tógálach ar nós fiabhrais nó a leithide
Cáid an droch-chasacht sin ort
Tholg mé drochshlaghdán ann
Fuair mé drochleagan den chapall
Shíl sé drochiarraidh a thabhairt dom
Fhóbair mé drochbhuille a fháil
Gheobhainn drochsceanadh ó na Flaitheartaigh murach na póilíos a theacht
Bíonn drochstreachailleacht ar an té atá i gcleithiúnas fáiteall na farraige
Thug tú drochspídiúlacht dó
Fuair mé drochphionós ón láimh sin
Tabharfaidh na sweets sin drochdhaitheachaí dhuit as a dheireadh
Is drochphian í an dó bhoilg
Thug sé droch-chartadh don cheannaí (mála)
Tá drochbhriseadh ar a chois
Is drochghearradh é sin ort
Tá an-drochlot ort (fíor-drochlot, rí-dhrochlot ort)
Tá drochstad ann (drochbhriotaíl srl.)
+
Tá drochbhéal air — duine a bheadh ag eascainí nó ag gáirsiúlacht; duine bréagach; duine a liobródh thú
Lig dhó sin ar fad. Tá drochbhéal aige
TUILLEADH (9) ▼
Tá drochtheanga aici (drochbhéal)
Is deacair a theacht ón té a bhfuil an drochtheanga aici
Droch-chaint uileag é — níl tada eile aige ach droch-chaint
Níor chuala tú ariamh aige ach an drochfhocal dá chomharsa — ní mholann sé a chomharsa
Tá drochfhocla aige — focla gáirsiúla
Thug sé drochdhíol air — d'ith sé agus liobair sé é; thug sé an teanga dhó
Thug sé drochdhíol cainte orm (fc. díol)
Thug sé drochliobairt (drochghearradh, drochsciolladh; drochithe srl.) orm
Thug sí drochsciolladh air
+
Tá drochdhéanamh ar an leath sin
Thug sé droch-chur ar an tuí
TUILLEADH (16) ▼
Is drochthabhairt é — drochaistir le dhul air
Drochbhaint atá ar an bhféar sin
Ní raibh agam air ach drochfheiceáil
Thug tú droch-chaitheamh ar na bróga sin
Is drochithe an iomarca de na fataí sin
Níl ar an asal sin amuigh ach droch-choinneáil — droch-chuibhriú, droch-cheangal
Ní fhéadfaidh tú a thabhairt ar an iasc ach drochshailleadh. Níl do dhóthain salainn agat
Níl ar an móin siúd ach drochthriomach
Níl ar an gcimín sin thoir ach drochithe, agus ní dhrannfaidh siad leis ina dhiaidh sin — níl sé crinnte ná baol air ag na beithígh, agus ina dhiaidh sin, níl siad sásta ann
Ní bhíonn air ach drochbhearradh i gcónaí. Ceo ar bith ach go mbaineann sé an barr marbh di
Fuair sé drochbhualadh — bualadh thar cionn
Tá drochstiúir air
Níl sé a fháil ach droch-chothú — drochbheatha, tógáil
Dea-ghealladh: droch chomhlíonadh (fc. dea-)
Níl faoi ach drochghealladh — níl aon dea-ghealladh faoi; is drochúdar é (fc. dea-ghealladh)
Thug sé drochúsáide dó fhéin — rinne sé éagóir air féin; oibriú róchrua; a bheith amuigh faoi amlua nó ar ragairne, ól srl.
+
Tá drochurchar agat (níl urchar díreach agat)
Tá drochiarraidh (drochbhuille, drochdhorna, droch-chic, drochghreim, droch-chlabhta) aige — iarraidh í a ghortódh thú (go fiú is dhá mbeadh sé gan a tabhairt duit ach as magadh féin)
TUILLEADH (5) ▼
Tá drochghníomh aige (níl sé go maith ag cur gníomh ar chruach mhóna)
Tá drochsceimhil aige (ag déanamh cruach choirce)
Tá drochfhaobhar agat (gan a bheith in ann speal, rásúr, scian, ná eile a ghéarú go maith)
Faobhar a bhaineas féar adeir an Chailleach Bhéarra. Is gearr a sheasfása di. Tá drochfhaobhar críochnaithe agat
Tá drochbhuille iomraimh agat (i gcuraigh srl.)
+
Tá droch-chaoi air (drochbhail, drochriocht, droch-chruth, drochordú srl.)
Chuir mé drochbhail críochnaithe air
TUILLEADH (29) ▼
Nach é a chuir an drochbhail ort: gan bonn bán a fhágáil ort
Tá drochstaid ar an mbaile seo anois — droch-chaoi, anchaoi
Ná tabhair droch-chomhluadar faoi deara dhuit fhéin mar sin
Bhí mé i ndroch-chuideachta anocht
Drocheallach é sin (drochailím) — drochdhuine
Drochearra é an slaghdán
Tá drochintinn aige sin — tá sé go holc; dhonódh sé thú as taghd srl.
Droch-chroí a rinne dhó é — a bheith go holc, éadmhar srl.
Is drochghníomh é sin, ní dhá roinnt leis é
Rinne sé drochmhístaid. Tá an chathaoir briste aige
Thug sé droch-chomhairle dhuit
Thug tú aird ar dhroch-chomhairle
Ní droch-chomhairleach go dtí an t-ól — déanann duine drochrudaí as ól
Rinne mé droch-chodladh aréir — codladh corrach
Tháinig tú ar na drochóirí duit fhéin (fc. drochóirí)
Tá droch-chlú (droch-cháil, drochainm) air
Drochthráth dhuit é seo a theacht ag iarraidh móna. Tá sí díolta ag chuile dhuine anois
Níl agam ach drochghoile — gan mórán fonn ite
Tá drochanáil agat — boladh a bheith uirthi
Tá an drochábhar sa lot fós — máthair an drochábhair nó máthair an ghoir
Chuir sé drochbhréag orm
Is drochbheatha í sin ag sclábhaí. Diabhal níos measa!
Drochbhean í. Ní tada eile í
Tá drochdhath air — drochshnua, nó drochghné nó drochghotha
Fíor-dhrochlá é
Ní tada eile í ó dúirt tú é ach drochaimsir
Drochsheachtain a bhí inti ar fad
Ba drochscaitheamh de lá anois é ó ard am dinnéir
Drochnollaig a bheas inti tá faitíos orm