Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-cheann
1.
a.
·
Droch-cheánn é sin = droch-dhuine
Sin droch-cheánn. Ná bíodh plé ar bith agad leis
b.
·
Ba shin droch-cheánn = droch-mhúr, droch-dhairt nó eile a chaithfí leat, droch-phriocadh nó sáiteán cainte a leigfí fút agus rl.
Caitheadh an droch-cheann liom san teach sin = rinneadh leath-chuma agus rl. orm ann
2.
·
Tá sé in a dhroch-cheánn dá mháthair = ag déanamh éagcóra uirre, nó gan aon-cheart a thabhairt di
Bhí sé in a dhroch-cheánn domsa cho uain's bhí mé in a bhuil

Féach freisin

droch-cheann in iontrálacha eile (15)

 
M'anam go bhfeicfe tú go dtiubhra an cliamhain cothromacan síne na h-uaire dhó anois, a's má thugann féin is beag a' scéal é, a's an droch-cheann a chaith sé fhéin len' athair bocht.
 
baile
Níorbh ait leat fhéin an droch-cheann a chaitheamh leat, i bhfad ó bhaile.
 
Sin baile nar caitheadh a' droch-cheann ariamh le fear bóthair ná bealaigh ann. Tá 'shliocht ar fhear na h-áite seo: áit a' bith dhá gcasfar é, a's a rádh gur as C. é; beidh omós dhó.
 
Chaith an cliamhain isteach an droch-cheann le na h-athair 'sa máthair = chuir an fear a phós isteach sa teach aca an droch-bhail ar athair agus máthair a mhná (níor thug sé ceart ná cóir dóibh; leag sé isteach acu)
 
dochar
Is beag an dochar do'n dithreabhach sin an ghearradh-ghíonnach a bheith in a phutóig scáth a bhfaghann sé ag baile. Tá an leas-mháthair in a droch-cheann dó, agus maidir leis an athair níl sé indon aon-cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aonduine eile.
 
Ní raibh aon-bhanbh ar an margadh is lugha a raibh cosamhlacht údair air ná é. Déarfá len a fheiceál narbh fhiú deich triuf é. Ní cheannóchadh sé ar a bhfaca sé ariamh é, marach nach raibh sé indon ní b'fhearr a dhéanamh. Ach feacha in a dheidh sin gur maith a chruthuigh sé. Bhí moladh mór ar na bainbh ar tugadh an t-airgead mór orra. Ach bhuail an droch-cheann amach uiliog iad. An rud is doilighe le duine b'fhéidir gurb é a leas é.
 
Beidh sé in a árd-cheann amach annseo agus cho drisíneach agus atá sé cheana féin. Bhí muid thíos ann an oíche cheana agus bhí sé ag ealadhain le slat-mhaide a bhí aige agus fhobair ná gur bhain sé an tsúil as M. B. leis, hébrí cé'n sórt sníomh a bhí aige air. Rug an mháthair ar an maide len a bhaint dhe, agus ba é an droch-pheata é. Thosuigh sé ag gabhail ingeallta a mhic ó, agus ar éigin a cuireadh foighid ar bith ann an uair nach bhfuigheadh sé cead a chomhairle féin. Nach gceapfá go bhfuil sé sin drisíneach!
 
droch-
Droch-cheann tí é gan bhréig gan mhagadh
 
droim
Chuir sé geall as gaisce go gcodlóchadh sé ins an seomra. Bhí a cheann liath fré chéile ar maidin de dhruim na h-oíche sin, agus bhuail saobhchan é go dlúth in a dhiaidh: i gcruthamhnas duit go gcaithfeadh sé go raibh droch-rud eicínt ins an seomra
+
Bhí sé ag déanamh an droch-cheann len a bhean
TUILLEADH (2) ▼
Is fada an lá í ag déanamh droch-cheann leis an sean-fhear sin. Ní bheadh a fhios aice, cé a dhéanfadh an cleas céadna léithe fhéin fós, ná dheamhan cuid d'fhios
Sin í an cailín a dhéanfadh an droch-cheann leat, marach go ndeacha tú roimpe in am
 
Dheamhan gráinne tobac a gheobhfadh sé uaithe siúd dhá dtuiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd cruadh coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thiubharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin
 
Ná cuir chuige ná uaidh. Tá an droch-fháisc annsin. Is maith éascaidh a dhéanfadh sé dí-chúis dhuit dhá gcaitheadh sé in a cheann é. D'orduigh Dia an anachain a sheachaint
 
An uair a thosuigh sé ag dul 'un droch-mhúineadha, tháinic cubhar len a bhéal, agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag breathnú air. Bhí a dhá shúil ag dul amach as a cheann le scéin