Dubhliathach
—ainm-fhocal, buineann
—
cineál feamainne a bhíos ar an tanaí san stupóig. Feamainn dubh í ach í níos caoile agus níos míne.
+–
Níl ann ach an dubhliathach, mar chinn orainn a dhul ar an mBranra. Annsin a mhic ó ab fhiú a dhul. Is ann atá máithreach na coirrlí
Níl leabharachaí (nó liúrachaí) ar bith san bpas siúd. An dubhliathach sin atá ann, agus bheitheá meathta dhá baint, le h-ais a bheith in éadan na sraoilleógaí móra. Bí réidh agus gabhfaidh fuireann againn ar an oileán an chéad lá den rabharta … Bíodh an diabhal ag an té ar mór leis duinn í. Nach feamainn pháirteach í, agus nach bhfuil baint ag chuile dhuine di cho maith le chéile. Tá sí annsiúd aca cho maith linne agus bainidís í más breá leo í. Níl muide ag dul in a mbéal uirre. Ach tá an iomarca leadaíocht orra …
TUILLEADH (4) ▼
Glaicín den dubhliathach sin a chuir mé air. Chuaigh sé rite liom an oiread a fháil agus a leasódh an paintéar, théis a dtáinic isteach ó thús bliana
Bhí an-bharr agamsa annsin anuiridh agus dheamhan ceó a chuaigh ariamh air ach sean-leasú agus aithleasú de dhubhliathach na Cora agus daithín aoiligh as a chionn. Maidir le "diúain" (guano) níor cuireadh a leithide air. Ach bhí an talamh séasúrach
Níl amach annsin anois ach dubhliathach ar na storráin sin. Bheadh sí sách freagrach don chur óg dhá mbainteá do dhíol di, ach ní bheidh sí nocht aríst i mbliana. Ní bheidh na rabhartaí sách maith
Níl a dhath ariamh soir ar an tanaí sin ach dubhliathach … Dheamhan an miste liomsa. Gabhfaidh muid dhá sceanadh má thograíonn tú. Ní fearr liomsa ceird dhá mbeidh orm
Féach freisin
→
dubh- 4