Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dustaí
ainm-fhocal; fireann.
Focal a bhaineas le Gnó Mhór agus Gnó Bheag. Ní mheasaim go bhfuil sé i gCois Fhairrge ná i gConamara
caitheamh; ídiú; drabhlás; plaicín ghabhair a dhéanamh de rud.
+
Tá an mhóin sin ag fáil an-dustaí = ídiú; caitheamh thar cíonn; plaicín ghabhair a dhéanamh di
Bhéarfadh sé sin dustaí dhá chuid airgid dá mbeadh sé aige. Ach níl
TUILLEADH (5) ▼
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sáthach mór aige le déanamh. Féastaí agus eirighe-amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar róthaí an tsaoghail an fhad agus a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pighinn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. An uair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
Cé'n chaoi a mbeadh féar aige. Ní fhéadfaidh tú do bhuilín a bheith agad agus é a ithe. Céard a bheathuigh na buláin siúd i gcaitheamh na bliana … Sin cruach fhéir a fuair dustaí. Ach dheamhan a fhios agam nach bhfuair sé congnamh faoin a h-ídiú
Fuair an buinín móna dustaí. Nach raibh an baile rithte innte 'chuile ré soluis. Bhí sí ar shúil an bhóthair agus casán 'chuile dhuine thairti, agus ní raibh duine ar bith ag dul ag cur aistir air féin droch-lá, ó a bhí fhios aige nach gcuirfí aon-tréas air faoi'n a dhul innte.
Gheobhaidh airgead Shasana an dustaí céadna anois agus a fuair an t-udhachta cheana. Diabhal blas de'n cheart nach bhfuil aca a sásamh a bhaint as, 'fhad agus a sheasfas sé. Dheamhan a gcos a thiocfas a chodladh in a dtroscadh, ach an oiread leis an té atá cruadh coinneálach. Uair bheag agus uair mhór, mar adeir an ceann eile
Tháinic trí galúin déag poitín ann l'aghaidh cleamhnais agus bainse, agus nach dalba an dustaí a fuair sé agus nach raibh sdriog ann ag an dó dhéag an oíche sin. B'éigin do thriúr a dhul 'un tiomána go S. an A. gur chíor siad é in ath-uair. Trí galúin adeirigh leo.