Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dustaí
ainmfhocal, fireann
focal a bhaineas le Gnó Mhór agus Gnó Bheag. Ní mheasaim go bhfuil sé i gCois Fharraige ná i gConamara
caitheamh; ídiú; drabhlás; plaicín ghabhair a dhéanamh de rud.
+
Tá an mhóin sin ag fáil an-dustaí — ídiú; caitheamh thar cionn; plaicín ghabhair a dhéanamh di
Bhéarfadh sé sin dustaí dhá chuid airgid dá mbeadh sé aige. Ach níl
TUILLEADH (5) ▼
Thug sé dustaí do spré na mná. 'Sé a thug. Ní raibh flaisc ar bith sách mór aige le déanamh. Féastaí agus éirí amach, cóistí cinn as G. amach abhaile, ól agus ragairne agus drabhlás. D'imigh sé ar rothaí an tsaoil an fhad is a sheas sé, ach ar a shon sin tá sé gan pínn gan bonn gan cnaigín anois. Sin é é. Nuair a stopas an síol, stopann an fuirseadh
Cén chaoi a mbeadh féar aige. Ní fhéadfaidh tú do bhuilín a bheith agat agus é a ithe. Céard a bheathaigh na bulláin siúd i gcaitheamh na bliana … Sin cruach fhéir a fuair dustaí. Ach dheamhan a fhios agam nach bhfuair sé cúnamh faoina hídiú
Fuair an buinín móna dustaí. Nach raibh an baile rite inti chuile ré solais. Bhí sí ar shúil an bhóthair agus cosán chuile dhuine thairti, agus ní raibh duine ar bith ag dul ag cur aistir air féin drochlá, ó bhí a fhios aige nach gcuirfí aon tréas air faoina dhul inti
Gheobhaidh airgead Shasana an dustaí céanna anois agus a fuair an t-uachta cheana. Diabhal blas den cheart nach bhfuil acu a sásamh a bhaint as, fhad is a sheasfas sé. Dheamhan a gcos a thiocfas a chodladh ina dtroscadh, ach an oiread leis an té atá crua coinneálach. Uair bheag agus uair mhór, mar adeir an ceann eile
Tháinig trí galúin déag poitín ann le aghaidh cleamhnais agus bainse, agus nach dalba an dustaí a fuair sé agus nach raibh striog ann ag an dó dhéag an oíche sin. B'éigean do thriúr a dhul chun tiomána go S. an A. gur chíor siad é in athuair. Trí galúin a d'éirigh leo