Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dúbhán
Ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh: dubháin.
Ainmneach iolraidh: dubháin; dúbhánaí i gciall a 2 agus dúbháin freisin.
fc. freisin gath dúbháin, gath
Is iomdha cineál dubháin ann — dubháin charraige, dubháin locha, dubháin spilléid, dubháin cheathramhan, dubháin mhangach agus rl. — de réir na háite, nó an chaoi a bhfuil duine ag iascach (fc. ceathramha, spilléad agus rl.)
1.
giota iarainn agus é camta agus loiseac agus frídín air, le cur ar shlat iascach nó ar dhorugha le iasc a mharbhú.
a.
+
Caithfidh mé cupla glinne a fháil l'aghaidh dubháin
Bhris sí loiseac an dubháin, bhí sí cho mór sin
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a raibh frídín an dubháin i bhfastós ann chor ar bith, ach choinnigh sé in a dheidh sin é. Níor mhór dhuit sracadh a thabhairt faoi ar an bpuinte nó bheadh sé uait. D'imigh dhá bhromóig ormsa indiu le buille marbh
"Sionnach ar do dhúbhán; girrfhiadh ar do bhaoite; Agus nar mharbhuighidh tú aon-bhreac nó go dtigidh lá Fhéile Bríde" (caint a chaithtear ag magadh faoi iascairí agus iad ag dul chun an chladaigh. Ní mó ná go maith a thaithnigheas sí le cuid aca, agus an t-iascaire a bheadh pisreogach d'ionntóchadh sé abhaile aríst)
+
Caithfidh mé glac dhúbháin charraige a fháil. B'fhéidir go gcaithfinn cupla urchar iascaigh ach a mbeadh an Chincís thart
Theastóchadh riar dubháin cheathramhan l'aghaidh na curraighe
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn dúán tarrainte agaibh nach mbíonn = dúán nó camóg le cur san mbreac agus len a thabhairt ar bord nuair a bhíos sé buailte ar an dúán agus é imbarr an uisce agad (fc. líon tarrainte freisin)
b.
+
Chuir sé a dhubhán ann = sháith sé a liodán ann; rug sé thall air; d'fhastuigh sé é; chuir sé cluain nó dallach dubh air, nó mheall sé é
Tá a dhubhán aige innte = tá sí bréagtha aige
TUILLEADH (3) ▼
Seachain a gcuirfeadh an póilí a dhubhán ionnad = an mbéarfadh sé ort
Má chuir M. a dhubhán i gceann an tighe seo, ní fheicfidh tú 'sa mbaile anocht é. D'árduigh sé leis ag céilidhe in áit eicínt é
Breagh ar thug tú cead dó dubhán a chur ionnad. Nach bog a fuair sé thú!
c.
+
Tá a cuid eochraí ar bharr an dubháin aice; tá a cuid eochraí ar an dubhán aice = na h-eochraí atá is an bportán síoda agus isan bportán ruadh, baoiteáiltear dubháin bhallach, agus dubháin eile leo. Bíonn siad dearg agus follasach agus an-tóir ag an iasc orra. Is minic gurb idteanta baoite eile a chuirfí eochraí na bportán: daba dhíob a bhualadh amuigh ar cheann an dubháin go dtiubharfadh an t-iasc faoi deara é. Cuireann iasc cronuighe ionnta ar an meath-bhallach go h-áirid; mar tá go leor fáis ann ar thóin na fairrge. Is dhá réir sin a bhíos a cuid eochraí ar bharr an dubháin ag an iascaire. Ach bíonn a cuid eochraí ar bharr an dubháin freisin ag bean a bhíos ar a mine-ghéire ag iarraidh cluain a chur ar fhir. Bíonn taidhbhse innte má fhéadann sí. Ní cheileann sí slacht ar bith dhá bhfuil innte. Gléasann sí í féin ar áilleacht. Cuireann sí púdar agus smearadh béil agus eile uirre féin
Nach h-í atá gléasta! Dar príosta tá a cuid eochrachaí ar bharr an dubháin aice ar chaoi ar bith. Is miniar (méanar; mo-ghéanar) do'n té a gheobhas í. Tá maith uirre thar bhean ar bith eile!
TUILLEADH (5) ▼
Nach hí an tseoid í! Dar mo choinsias mara bhfaghaidh sí fear níl a fhios agamsa cé'n súisín é. Ní cheal a shaothruighthe é ar chaoi ar bith mara bhfaghaidh. Tá na h-eochraí ar fad ar an dubhán aice ar aon-chor
Ná bac le na puncáin sin. Diúltaigheamuid dóib! Chuirfeadh cuid aca an chluain Mhuimhneach ar naomh. D'eireochadh dhóib, agus a gcuid eochrachaí ar fad ar bharr an dubháin aca
Tá béal sáthach smeartha ar an ágóidín ar chaoi ar bith. Déarfá go bhfuil na h-eochraí ar an dubhán aice. An tsuaróigín! Ach is cuma sin. Gheobhaidh sí fear feicfidh tú féin air. Níl tada eile ag cur síos léithe
Go dtárruighidh Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mal. Agus is geall le deargadh tiaraighe a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uiliog ar bharr an dubháin aice! Nar theighidh sé 'un tosaigh ná 'un tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar duinne
Splanctha indiaidh fir atá an chlann inghean sin uiliog aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orra féin i scatháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, má's fíor dóib féin annsin trathnóna, agus a gcuid eochraí ar an dubhán aca. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar indiaidh an scaoinn árd sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
2.
cuid de dhuine, nó de bheithidheach: kidney. dhá spagán atá induine nó imbeithidheach ar gach aon-taobh de'n chnáimh droma, síos go maith faoi na builg easnachaí. Déanamh caol fada atá orra, agus is ionnta isteach a theigheas an t-uisce as an bhfuil, agus is ann a bhíos sé idtaisce, nó go dteigheann sé thríd an bhfiodán agus thríd an gcolainn. Deirtear go mbíonn clocha scaithtí is na dubhánaí a chuireas docht fuail ar dhaoine. Is minic le daoine, agus seandaoine go h-áirid, a bheith ag fuasaoid na ndubhán. Deirtear gurb olc an rud iarraidh a thabhairt do dhuine nó do bheithidheach ar na dubhánaí. Thiocfadh sí roimhe
3.
dubhán ceannchosach: luibh nó bláth a bhíos ibhféar. Tá sé ag dul i gcosamhlacht le cuid de na sailíní cuach. Pansey nó heartsease é i mBéarla measaim. Tugtar tae maide agus tae an chnuic air freisin.

Féach freisin

Dúbhán in iontrálacha eile (1)

 
Éadaighe nua riu! Breathnuigh suas annsin 'sna cúinní fea'int a bhfeicfeá aon-dúbhán alla ag snámh ionnta. 'Sé a chuirfeas na h-éadaighe nuadh chugad. Tá tú asta dhá fhuireasbhaidh.