Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: duáin
ainmneach iolra: duáin; duánaí i gciall a 2 agus duáin freisin
fc. freisin ga, ga duáin
is iomaí cineál duáin ann — duáin charraige, duáin locha, duáin spiléid, duáin cheathrún, duáin mhangach srl., de réir na háite, nó an chaoi a bhfuil duine ag iascach (fc. ceathrú, spiléad srl.)
1.
giota iarainn agus é camtha agus luiseag agus frídín air, le cur ar shlat iascach nó ar dhorú le iasc a mharú.
a.
+
Caithfidh mé cupla glinne a fháil le aghaidh duáin
Bhris sí luiseag an duáin, bhí sí chomh mór sin
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a raibh frídín an duáin i bhfostós ann chor ar bith, ach choinnigh sé ina dhiaidh sin é. Níor mhór dhuit sracadh a thabhairt faoi ar an bpointe nó bheadh sé uait. D'imigh dhá bhromóig ormsa inniu le buille marbh
"Sionnach ar do dhuán; giorria ar do bhaoite; Agus nár mharaí tú aon bhreac nó go dtige Lá Fhéile Bríde" (caint a chaitear ag magadh faoi iascairí agus iad ag dul chun an chladaigh. Ní mó ná go maith a thaitníos sí le cuid acu, agus an t-iascaire a bheadh pisreogach d'iontódh sé abhaile aríst)
+
Caithfidh mé glac dhuáin charraige a fháil. B'fhéidir go gcaithfinn cupla urchar iascaigh ach a mbeadh an Chincís thart
Theastódh riar duáin cheathrún le aghaidh na curraí
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn duán tarraingte agaibh nach mbíonn — duán nó camóg le cur sa mbreac agus lena thabhairt ar bord nuair a bhíos sé buailte ar an duán agus é i mbarr an uisce agat (fc. líon tarraingte freisin)
b.
+
Chuir sé a dhuán ann — sháigh sé a liodán ann; rug sé thall air; d'fhostaigh sé é; chuir sé cluain nó dallach dubh air, nó mheall sé é
Tá a dhuán aige inti — tá sí bréagtha aige
TUILLEADH (3) ▼
Seachain a gcuirfeadh an póilí a dhuán ionat — an mbéarfadh sé ort
Má chuir M. a dhuán i gceann an tí seo, ní fheicfidh tú sa mbaile anocht é. D'ardaigh sé leis ag céilí in áit eicínt é
Breá ar thug tú cead dó duán a chur ionat. Nach bog a fuair sé thú!
c.
+
Tá a cuid eochraí ar bharr an duáin aici; tá a cuid eochraí ar an duán aici — na heochraí atá sa bportán síoda agus sa bportán rua, baoiteáiltear duáin bhallach, agus duáin eile leo. Bíonn siad dearg agus follasach agus an-tóir ag an iasc orthu. Is minic gurb i dteannta baoite eile a chuirfí eochraí na bportán: daba dhíobh a bhualadh amuigh ar cheann an duáin go dtabharfadh an t-iasc faoi deara é. Cuireann iasc cronaí iontu ar an meath bhallach go háirid; mar tá go leor fáis ann ar thóin na farraige. Is dhá réir sin a bhíos a cuid eochraí ar bharr an duáin ag an iascaire. Ach bíonn a cuid eochraí ar bharr an duáin freisin ag bean a bhíos ar a mine ghéire ag iarraidh cluain a chur ar fhir. Bíonn taibhse inti má fhéadann sí. Ní cheileann sí slacht ar bith dhá bhfuil inti. Gléasann sí í féin ar áilleacht. Cuireann sí púdar agus smearadh béil agus eile uirthi féin
Nach í atá gléasta! Dar príosta tá a cuid eochrachaí ar bharr an duáin aici ar chaoi ar bith. Is méanar don té a gheobhas í. Tá maith uirthi thar bhean ar bith eile!
TUILLEADH (5) ▼
Nach í an tseoid í! Dar mo choinsias mura bhfaighe sí fear, níl a fhios agamsa cén súisín é. Ní cheal a shaothraithe é ar chaoi ar bith mura bhfaighe. Tá na heochraí ar fad ar an duán aici ar aon chor
Ná bac le na Poncáin sin. Diúltaímid dóibh! Chuirfeadh cuid acu an chluain Mhuimhneach ar naomh. D'éireodh dhóibh, agus a gcuid eochrachaí ar fad ar bharr an duáin acu
Tá béal sách smeartha ar an ágóidín ar chaoi ar bith. Déarfá go bhfuil na heochraí ar an duán aici. An tsuaróigín! Ach is cuma sin. Gheobhaidh sí fear feicfidh tú féin air. Níl tada eile ag cur síos léithe
Go dtarrthaí Dia sinn! Dheamhan liobar fíonnaigh ariamh ar a mala. Agus is geall le deargadh tiaraí a béal! Sin í an cailín a bhfuil a cuid eochraí uileag ar bharr an duáin aici! Nár thé sé chun tosaigh ná chun tairbhe di muis, gan díobháil gan dochar dúinne
Splanctha i ndiaidh fir atá an chlann iníon sin uileag aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orthu féin i scátháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, más fíor dóibh féin ansin tráthnóna, agus a gcuid eochraí ar an duán acu. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar i ndiaidh an scaoinn ard sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
2.
cuid de dhuine, nó de bheithíoch: kidney. Dhá spogán atá i nduine nó i mbeithíoch ar gach aon taobh den chnáimh droma, síos go maith faoi na boilg easnachaí. Déanamh caol fada atá orthu, agus is iontu isteach a théas an t-uisce as an bhfuil, agus is ann a bhíos sé i dtaisce, nó go dtéann sé thríd an bhfeadán agus thríd an gcolainn. Deirtear go mbíonn clocha scaití sna duánaí a chuireas docht fuail ar dhaoine. Is minic le daoine, agus seandaoine go háirid, a bheith ag fuasaoid na nduán. Deirtear gurb olc an rud iarraidh a thabhairt do dhuine nó do bheithíoch ar na duánaí. Thiocfadh sí roimhe
3.
duán ceannchosach: luibh nó bláth a bhíos i bhféar. Tá sé ag dul i gcosúlacht le cuid de na sailíní cuach. Panseyheartsease é i mBéarla measaim. Tugtar tae maide agus tae an chnoic air freisin.

Féach freisin

duán in iontrálacha eile (10)

 
Níl na ceanna cruacháin ná na malraigh Cháit sin le n-ithe chor ar bith. Má bhuaileann siad go deo an duán agat, caith ag an deachma iad. A mhalrait níl le déanamh leo. Nach cloigeann ar fad é an ceann cruacháin. Bhí mé lá i mbliana ansin thíos ar an starráinín, agus bhí siad do mo bhualadh chomh tréan in Éirinn agus a bhí mé dhá gcaitheamh i bhfarraige. Ach dhá mbeinn ann go dtiteadh déidín agam, ní bhfaighinn priocadh ó thada eile. Ghliondáil mé suas mo dhorú faoi dheireadh le cantal, agus aníos liom. Ná bac thusa le lá ar bith a mbeidh bualadh ar a leithidí sin. Tá tú réidh le iasc an lá sin
 
déan 1
Rinne a raibh d'arbhar againn anuraidh ga duáin
+
dearg 1
Má théann an duán sa mbéal dearg, sin ní fhágfaidh an breac — is furasta a aithinte an béal dearg ar bhreac, ar mhangach nó ar bhallach cuirim i gcás
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí mór an t-ionadh nár imigh sé. Ní raibh frídín an duáin i bhfostós chor ar bith, ní áirím é a bheith sa mbéal dearg
 
I ndeireadh an cheann chruacháin a chuaigh an duán
 
Ná bac leis an nglagaire sin. Chuile shórt dhá mbeidh aige sin, is é an sméar mhullaigh é. An síol coirce a bhí aige anuraidh bhí sé molta go haer ag chuile dhuine, ach i ndeireadh na cúise, ní raibh ann ach an díogha. Tá a fhios agamsa é. Cheannaigh mé céad dhe, agus an méid nár loic, rinne sé coirce scéin. Nuair a bhí muid dhá bhualadh bhí sé ina gha duáin as éadan
 
dorú
Cailleadh an dorú agus an duáin ort! (fc. cailleadh)
 
Tá sí ag imeacht mar sin agus a cuid eochraí i mbarr an duáin aici, ach ní rachainn i mbannaí nach gcodlaíonn sí ar chuasnóig dhreancaidí chuile oíche sa leaba ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, ar chuala tú ariamh é: ceann cíortha a dhíolas na cosa
 
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
 
Cén áit a n-airíonn tú ag dul duit é. Isteach anseo slán an tsamhail … Drocháit. Tá na duáin ansin