Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dubhántacht
ag iascach le dubháin; ag iascach; ag saghdadh abhann.
a.
+
Ná bac len a chuid maitheasa sin ingarrdha. Tá cut crochta roimhe shílfeá is 'chuile gharrdha ag gabhail leis. Dubhántacht, cliabhántacht nó foghlaeracht a bhuac sin. Ná h-iarr aon-mhaith eile air
Ní dheárna mé mórán dubhántacht chor ar bith imbliana — fós ar chaoi ar bith. Amach annseo b'fhéidir, ach a mbeidh am agam air
TUILLEADH (1) ▼
D'eireochadh staic de bhradán leat le dubhántacht cho réidh le bealach ar bith eile, dhá dteightheá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde aca. Bíonn siad ro-uathbhásach. Ní mór leo a gcriogadh de rith agus de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-eirigheadh leat a dhéanamh
b.
Dubhántacht aimhris nó dubhánacht aimhris: má bhíonn bradáin i linn ag fuireach le leigean a dhul suas ar na h-áthannaí síolruighthe, cuireann saigheadóirí dubháin i bhfastós ar dhorugha, agus caitheann siad amach isan linn é, agus is iondamhail go mbíonn na bradáin ag sníomh agus ar siubhal ariamh ariamh nó go dteigheann dubhán i bhfastós i gceann aca. An dorugha a tharraint annsin, agus an bradán a chur de leathtaobh agus an cleas céadna a dhéanamh in athuair. Bíonn daoine ar aibhneacha isan oíche freisin agus lóchrainn nó fáideógaí aca leis an mbreac a dhalladh, agus camóg a chur ann annsin, nó breith ar gheolbhach air. Sin dubhánacht aimhris freisin. Níl sin cho tréan anois agus a bhíodh roimhe seo
+
Chaillfeadh sí thú, an dúbhántacht aimhris sin. Is meathta an cheird í, ag forcabhás ar do dhorughín agus ar do dhubháinín annsin. An scríobaire an cailín! Sin í nach mbeidh ag dul anonn ná anall leo!
'Sí an dubhántacht aimhris a thug bás dó. Céard eile? An iomarca de'n fhíor-uisce. Nach mbíodh sé thuas ar Linn na mBradán annsin thuas ó oíche go maidin scaithtí, thíos go dtí na ghuaillí annsin agus an fháideoig aige. 'Ar ndú' dheamhan duine beo nach gcaillfeadh an obair sin
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-bhradán ann anois, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Tá siad árduighthe leo ag dream na Gaillimhe le na líonta móra. Cé'n mhaith dhuit a bheith ag caint? Chaith mé dhá oíche anuiridh le dubhántacht aimhris i bPoll na h-Easa. Dheamhan a shúil a thug mé as ach ceann. Agus m'anam go raibh siad ann! Ach ní bhuailfeadh aon-cheann mé. Shílfeá gur fios a bhí aca
Chuaidh mé soir lá ag an gcara 'Bh. Bhí brachlainn aca ann (bradáin). Bhí píosa dorugha in mo phóca agus cupla dubhán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mara dtugaidh mé ceann astaí (asaibh) le dúbhánacht aimhris. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais ionnta leis an dubhán, ach ba é a cás céadna é. D'fhan mé annsin. "Má theigheann tú ar meath teirigh ag iascach" arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom nuair ab fhada liom an fanacht nach bhfaghann gruadhán mór de chloich, agus nach gcaithim amach in a gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindigh …
Ná bac le do chuid dubhánacht aimhris, ach cuir an chamóig ann. 'Sí is siúráilte
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Marbhóchaidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinleoireacht, dubhántacht aimhris, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agad. Chonnaic mé brúisc ag dul suas ag an gcara Bh. anuiridh. Isteach le péire faoi'n mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar leig an faitíos dom. Ala in a dhiaidh sin tháinic duine de na maoir aníos le abhainn …

Féach freisin