Dúthruach (dubhruadhach?)
—ainm-fhocal, ainm-bhriathar, fireann
—fuaim: dú-rúch
—
súnás fiadhántais; leath-shaobhchan; luainnighil éigcéilleach; a bheith ag imeacht go h-an-luainneach; daolanna, treallanna nó teas an aithinne a bheith i nduine nó imbeithidheach ar an gcaoi a mbeadh sé ag imeacht; fleasc a bheith ar rud de réir a imeachta; seachmall.
a.
+–
Tá dúthruach ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claidhe amach as an ngarrdha indiu. As go bráth léithe síos an bóthar agus fhobair gur mharbhuigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaidhe T. Sh. agus chuir sí na beithidhigh thrín a chéile. Dheamhan comhnú a rinne sí annsin go ndeachaidh sí ins na cosa in áirde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar adtuaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag ionntú soir an bóthar marach go ndeachaidh mé roimpe agus a cur aníos go teach. Shíl mé idtosach gur dúthrúach dárach a bhí uirre ach dheamhan glaedh ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirre. Fuighleach a thug sé le déanamh dhom coinneál léithe ar an mbealach anuas, agus marach scuraichín le S. Mh. A., bheadh sí bailighthe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhichill. Sin í an diabhlánach agad. Bhí an dúthruach céadna anoir aríst uirre — ag rith, ag géimneach agus ag gabhail dhá tóin in áirde. Ach dar brigh an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóchaidh sí annsin go n-athruighidh sí béasa. [Dheamhan] greim le n-ithe a thug mé di ó shoin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúthruach di. Mara mbainidh, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céadna
Tá duthruach eicínt ar an mbó seo amuigh maran dáir atá uirre. Is gearr ó cheana ó bhí sí uirre agus níorbh fhearrde sin í. Ach tá sé cho maith a scaoileadh suas ag an tarbh chreidim, mar sin féin
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal a leithide de dhuthruach agus atá uirre sin. Ní dhearna sí aon-chomhnuí ó mhaidin ach ar an dúthruach sin síos agus suas an pháirc, go sílfeá gur greidill dearga a bhí len a cosa. Sin í an cailín agad! Séard atá uirre anois an uair nar fágadh i ngarranta an chladaigh í. Tá sí an-cheanamhail ar gharrantaí an chladaigh. Má mhaireann di ar an duthruach údan dheamhan a cos a chomhnóchas go n-imthighidh sí as an bpáirc. Ach tá sí réidh le garrantaí an chladaigh go Samhain seo chugainn aríst
Tá dúthruach an diabhail ar na h-asail sin agad ag imeacht. Meastú nar leag siad an bhearna orm aréir agus dheamhan turnapa de bhláth bliana agam nach bhfuil talltuighthe millte aca. Caithfidh tú a gcuibhriú, nó má bheirim aríst orra tiubharfaidh mé an chuingir (péire) aca soir ingreim tónach go bearraic
Tá sé ag imeacht agus dúthruach air mar bheadh tarbh ann. Braoinín atá ar bord aige is cosamhail. Bhí lá de'n tsaoghal muis agus is beag an ghlaodhmaireacht a dhéanfadh sé ar an mbaile seo. Deirimse leatsa gur maith gasta a cheannsóchthaidhe a chuid duthruach. Ach tá 'chuile chimleachán indon cis ar easair a dhéanamh dhínn anois faraor. Nach hé an saoghal a d'imigh!
+–
Hébrí (pé'r bith) cé'n dúthruach a bhuail í ba gheall le bó í a bheadh ingeallta, an chaoi a raibh sí ag rith ar fud a' bhaile
D'imthigh sí as dúthruach eicínt a bhuail í, agus dheamhan comhnuighe a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannuigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ó'n bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpe. B'fhearr leis ball ar bith in a shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó laogh air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh ins an tsráid ag M. B. í timpeall agus an ceathair a chlog an lá sin. Hébrí (pé'r bith) cé'n dúthruach a bhí uirre ag dul siar chuir sé siúd a dhá oiread dúthruach uirre aniar
TUILLEADH (1) ▼
Cheannuigh mé bó uair i nD. an Fh. Chuaidh mé amach ag breathnú uirre annsin amuigh inGarruidhe na h-Iothlann shul ó chuaidh (sul a ndeachaidh) mé a chodladh taca an h-aon-déag. Nach diabhaltaidhe an dúthruach a bhuail í agus go raibh sí thiar ar an tsráid ag an bhfear ar cheannuigh mé uaidh í — Mainníneach as C. — ag an ceathair a chlog an mhaidin sin. An gcreidfeá-sa go bhféadfadh bó ar bith an oiread sin siubhail a dhéanamh. Sin í clár na fírinne aghad muis
b.
+–
Diabhal dúthruach go h-éag mar tá air! Dúthruach óil! Dhá gcloiseadh sé go mbeadh iarraidh fuisce déanta i mB. na gC. dheamhan méir a bhainfeadh sé dhá shrón go seasfadh sé thuas ann. Nach bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil sé má chloiseann sé go mbíonn aon-deoir phoitín i dteach ar bith, go mbíonn sé ar siubhal go bhfaghaidh sé leithscéal eicínt a dhul isteach ann. Nach shin é do dhóthain.
Chuala mé go raibh C. ag imeacht thoir annseo Dia Domhnaigh agus an-dúthruach achrainn air. D'iarr sé mac J. Sh. amach ar "fair-play" agus bhí sé ag gabhailt de chiceannaí ar dhorus tighe Ph. i gcaitheamh uair an chluig. Thug sé leath-bhord leis annsin anoir le claidhe ach bhuail an óinseamhlacht aríst ag geata tighe D. agus chaith sé dhó (dhe) in a chraiceann aríst ag cur achrainn ar na scurachaí. Nach beag an spioraid iad nach sínfeadh duine eicínt aca é le iarraidh!
TUILLEADH (2) ▼
Dúthruach phósta atá air ag imeacht ar an gcaoi sin. Gheobhaidh sibh sciorrachán bainse uaidh an Inid seo go siúráilte
Nach diabhaltaidhe fada a leig sé é gur bhuail dúthruach mná é. Cé'n aois é siúd? Bail ó Dhia ort féin agus ar do leath-chéad bliain. Ní fheicfidh sé na trí scóir féin aríst go deo. Dar mo choinsias 'sé an sean-dúthruach aige anois é. Ach ní bhíonn righeachan ar bith leis an sean-amadán an uair a theagas an óinseamhlacht air. Diabhal righeachan!
c.
+–
Sin í an cheird a bhíos air sin 'chuile oíche: ag imeacht ag dúthruach ar fud na mbóithrí mar a bheadh beithidheach éigcéill ann. Nach cóir adubhairt mé leat gurb é a bhí ag uallfairt siar annseo an oíche údan.
Ag dúthruach leo mar sin a bhíos an dream sin ar fad anois. Airigheann siad go bhfuil M. i Sasana. Dá mbeadh sé sin ins na bólaí seo is beag an dúthruach a bheadh ar chlann J. Chuirfeadh sé siúd dúthruach ar an ngoile aca, agus cuirfidh fós, má sheolann Dia ar ais slán é. 'Sé atá siad a thuaradh dóibh féin.
TUILLEADH (1) ▼
Mhaithfeá do Dhia nach (ach) gan é a fheiceál ag dúthrúach thart ar fud an tighe, agus é ag búirtheadhach mar bheadh bulán ann. Shíl mé go gcuirfeadh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní raibh sé buailteach chor ar bith ach bhí sé sáthach bagarthach deirimse leat. D'árduigh duine eicínt amach ar an tsráid é faoi dheire agus bhí teach na bainse suaimhneach uaidh sin amach
Dúthruach in iontrálacha eile (1)
→
dúlaí
Nach dúlaidhe anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá annseo an t-am nach raibh aon-tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas treasna na h-easca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi 'ar ndú — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár agus chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air an uair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúthruach céadna air cheal tobac