Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dúrúch
ainmfhocal, ainm briathartha, fireann
 súnás fiántais; leathshaochan; luainíl éigéilleach; a bheith ag imeacht go han-luaineach; daolanna, treallanna nó teas an aithinne a bheith i nduine nó i mbeithíoch ar an gcaoi a mbeadh sé ag imeacht; fleasc a bheith ar rud de réir a imeachta; seachmall.
a.
+
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
Tá dúrúch eicínt ar an mbó seo amuigh muran dáir atá uirthi. Is gearr ó cheana ó bhí sí uirthi agus níorbh fhearrde sin í. Ach tá sé chomh maith a scaoileadh suas ag an tarbh chreidim, mar sin féin
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal a leithide de dhúrúch agus atá uirthi sin. Ní dhearna sí aon chónaí ó mhaidin ach ar an dúrúch sin síos agus suas an pháirc, go sílfeá gur gridill dearga a bhí lena cosa. Sin í an cailín agat! Séard atá uirthi anois nuair nár fágadh i ngarranta an chladaigh í. Tá sí an-cheanúil ar gharrantaí an chladaigh. Má mhaireann di ar an dúrúch údan, dheamhan a cos a chónós go n-imí sí as an bpáirc. Ach tá sí réidh le garrantaí an chladaigh go Samhain seo chugainn aríst
Tá dúrúch an diabhail ar na hasail sin agat ag imeacht. Meas tú nár leag siad an bhearna orm aréir agus dheamhan tornapa de bhláth bliana agam nach bhfuil taltaithe millte acu. Caithfidh tú a gcuibhriú, nó má bheirim aríst orthu tabharfaidh mé an chuingir (péire) acu soir i ngreim tónach go beairic
Tá sé ag imeacht agus dúrúch air mar bheadh tarbh ann. Braoinín atá ar bord aige is cosúil. Bhí lá den tsaol muis agus is beag an ghlaomaireacht a dhéanfadh sé ar an mbaile seo. Deirimse leatsa gur maith gasta a cheansófaí a chuid dúrúch. Ach tá chuile chuimleachán in ann cis ar easair a dhéanamh dhínn anois faraor. Nach é an saol a d'imigh!
+
Hé brí (pé ar bith) cén dúrúch a bhuail í, ba gheall le bó í a bheadh i ngeallta an chaoi a raibh sí ag rith ar fud an bhaile
D'imigh sí as dúrúch eicínt a bhuail í, agus dheamhan cónaí a rinne sí nó gur sheas sí thiar ar shráid Sh. Mhac C. i mB. — an fear ar cheannaigh sé uaidh í. Ní hé Fáilte na Gé "ón bhféar go dtí an t-uisce" a bhí aige sin roimpi. B'fhearr leis ball ar bith ina shráid ar maidin ná í de bharr an chaoi a raibh sí ag dul ó lao air féin roimhe sin. Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne sé ach a tiomáilt (tiomáint) aniar ar ais aríst gur fhága sé istigh sa tsráid ag M. B. í timpeall is an ceathair a chlog an lá sin. Hé brí (pé ar bith) cén dúrúch a bhí uirthi ag dul siar, chuir sé siúd a dhá oiread dúrúch uirthi aniar
TUILLEADH (1) ▼
Cheannaigh mé bó uair i nD. an Fh. Chuaigh mé amach ag breathnú uirthi ansin amuigh i nGarraí na hIothlann shul ó chuaigh (sula ndeachaigh) mé a chodladh taca an haon déag. Nach diabhaltaí an dúrúch a bhuail í agus go raibh sí thiar ar an tsráid ag an bhfear ar cheannaigh mé uaidh í — Mainníneach as C. — ag an ceathair a chlog an mhaidin sin. An gcreidfeása go bhféadfadh bó ar bith an oiread sin siúil a dhéanamh. Sin í clár na fírinne agat muis
b.
+
Diabhal dúrúch go héag mar atá air! Dúrúch óil! Dhá gcloiseadh sé go mbeadh iarraidh fuisce déanta i mB. na gC., dheamhan méir a bhainfeadh sé dhá shrón go seasfadh sé thuas ann. Nach bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil sé má chloiseann sé go mbíonn aon deoir phoitín i dteach ar bith, go mbíonn sé ar siúl go bhfaighe sé leithscéal eicínt a dhul isteach ann. Nach in é do dhóthain.
Chuala mé go raibh C. ag imeacht thoir anseo Dia Domhnaigh agus an-dúrúch achrainn air. D'iarr sé mac J. Sh. amach ar fair-play agus bhí sé ag gabháilt de chiceannaí ar dhoras tigh Ph. i gcaitheamh uair an chloig. Thug sé leathbhord leis ansin anoir le claí ach bhuail an óinsiúlacht aríst ag geata tí D. agus chaith sé dhó (dhe) ina chraiceann aríst ag cur achrainn ar na scorachaí. Nach beag an spioraid iad nach sínfeadh duine eicínt acu é le iarraidh!
TUILLEADH (2) ▼
Dúrúch phósta atá air ag imeacht ar an gcaoi sin. Gheobhaidh sibh sciorrachán bainse uaidh an Inid seo go siúráilte
Nach diabhaltaí fada a lig sé é gur bhuail dúrúch mná é. Cén aois é siúd? Bail ó Dhia ort féin agus ar do leathchéad bliain. Ní fheicfidh sé na trí scóir féin aríst go deo. Dar mo choinsias, 'sé an seandúrúch aige anois é. Ach ní bhíonn ríochan ar bith leis an seanamadán nuair a theagas an óinsiúlacht air. Diabhal ríochan!
c.
+
Sin í an cheird a bhíos air sin chuile oíche: ag imeacht ag dúrúch ar fud na mbóithrí mar a bheadh beithíoch éigéill ann. Nach cóir adúirt mé leat gurb é a bhí ag uallfairt siar anseo an oíche údan
Ag dúrúch leo mar sin a bhíos an dream sin ar fad anois. Airíonn siad go bhfuil M. i Sasana. Dá mbeadh sé sin sna bólaí seo is beag an dúrúch a bheadh ar chlann J. Chuirfeadh sé siúd dúrúch ar an ngoile acu, agus cuirfidh fós, má sheolann Dia ar ais slán é. 'Sé atá siad a thuaradh dóibh féin.
TUILLEADH (1) ▼
Mhaithfeá do Dhia nach (ach) gan é a fheiceáil ag dúrúch thart ar fud an tí, agus é ag búiriúch mar a bheadh bullán ann. Shíl mé go gcuirfeadh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní raibh sé buailteach chor ar bith, ach bhí sé sách bagarthach deirimse leat. D'ardaigh duine eicínt amach ar an tsráid é faoi dheireadh agus bhí teach na bainse suaimhneach uaidh sin amach

dúrúch in iontrálacha eile (3)

 
Go ndamnaí an clampar thú — crosaim aríst thú! — murab ort atá an dúrúch chuarta! I leaba suí síos duit féin agus péire stocaí a chniotáil mar atá chuile ghearrchaile de do leithide sa tír a dhéanamh
 
Fhóbair díobháil a bheith déanta aige, murach chomh héasca agus a tapaíodh é. Tháinig dúrúch air ar fud an aonaigh. Tarbh dubhláidir é, ach bhí fir ansiúd a cheansódh é, go lige Dia slán iad
 
Nach dúlaí anois a bhí sé ag an bpíopa agus lá anseo an t-am nach raibh aon tobac le fáil in áit ar bith, gur bhuail sé suas trasna na heasca go B. Chuala sé ag duine eicínt — duine eicínt a bhí ag séideadh faoi ar ndóigh — go bhfuair J. Ph. punt tobac as Sasana. Dheamhan méir a bhain sé dhá shrón gur bhuail sé isteach aige idir chlár is chuinneoig. Is suarach an blas déarfainn a fuair J. Ph. air nuair a chuala sé céard a chas an bealach é, agus é féin ag imeacht agus an dúrúch céanna air cheal tobac