Fabht
—Ainmfhocal, Fireann
1.
lofacht; mífhollantás, dochar.
+–
Cho siúrailte agus atá an chluais ar mo leiceann-sa, tá fabht san mbó sin. Marach go bhfuil ní scarfadh sé léithe ar amhrán mar sin. Is maith an scéalaí í an aimsir = mí-fhollántas nó ainimh nach raibh follasach; í a bheith tolgha taobh istigh
Tá sé ag cinnt ar na dochtúir an fabht a fháil, má tá fabht ar bith air. Seo é an tríomhadh huair ar fhoscail siad air. Tá sé mar bheadh sean-tiúb "bicycle" faoin a lámha
TUILLEADH (3) ▼
An bhfeiceann tú an fata sin. Fata breágh gáireach (gártha, gárach) é. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go bhfuil fabht in a dheidh sin ann. Scoilt leis an scian é … Nachar dhúirt mé leat!
San rúitín atá an fabht. Airím mar bheadh meach ag tabhairt gath dhom istigh ann
Cailleadh an bhó inné. D'oscail muid uirre. Ní fabht a bhí inte ach fabhtannaí. Dhá mbeadh sí taobh le fabht níor chás é
2.
droch-fháisc, feall, mírún.
·
Shílfeá nach leaghfadh an t-im in a bhéal, ach mo léan géar tá an fabht annsin in a dheidh sin. Bheadh sé ag dul siar in do bhéal, agus ghabhfadh sé suas annsin agus ghoidfeadh sé do chuid móna
Is leat ar fad í. Tá sí cho spleách cho pléascánta, agus go sílfeá nach bhfuil aonduine faoin domhan cho lách léithe. Ach tá an fabht inte in a dhiaidh sin. Ghabhfadh sí amach uait agus d'íosfadh sí agus liobródh sí thú leis an gcomharsa
Féach freisin
→
fabhtach
Fabht in iontrálacha eile (5)
→
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht ionta, ach níl mórán gaisce orra in a n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir, agus tháinig sé in a lom gaoithe adtuaidh. Bhí an bheirt aca ag iomradh. Má bhí fhéin bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonnsaí. Ba shin iomradh mhí-stuama in a dheidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Má's leat do chuid talmhan' a choinneál, ní mór duit dinndiúirí agus páipéir a bheith agad air. Ní goire d'oighridheacht tú ná ceachtar de do chuid dearbhráthar. Má tá indán agus go bhfuighidh lucht an dlí aon-fhabht in do chuid cainte, ní bhfuighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Len 'aghaidh sin atá siad annsiúd