fabht
—ainmfhocal, fireann
1.
lofacht; mífhollantás, dochar.
+–
Chomh siúráilte agus atá an chluais ar mo leiceannsa, tá fabht sa mbó sin. Murach go bhfuil, ní scarfadh sé léithe ar amhrán mar sin. Is maith an scéalaí í an aimsir — mífhollántas nó ainimh nach raibh follasach; í a bheith tolgtha taobh istigh
Tá sé ag cinnt ar na dochtúir an fabht a fháil, má tá fabht ar bith air. Seo é an tríú huair ar oscail siad air. Tá sé mar a bheadh seantiúb bicycle faoina lámha
TUILLEADH (3) ▼
An bhfeiceann tú an fata sin. Fata breá gáireach (gártha, gárach) é. Cuirfidh mé mo rogha geall leat go bhfuil fabht ina dhiaidh sin ann. Scoilt leis an scian é … Nár dhúirt mé leat!
Sa rúitín atá an fabht. Airím mar a bheadh meach ag tabhairt gath dhom istigh ann
Cailleadh an bhó inné. D'oscail muid uirthi. Ní fabht a bhí inti ach fabhtannaí. Dhá mbeadh sí taobh le fabht níor chás é
2.
drocháisc, feall, mírún.
·
Shílfeá nach leáfadh an t-im ina bhéal, ach mo léan géar, tá an fabht ansin ina dhiaidh sin. Bheadh sé ag dul siar in do bhéal agus ghabhfadh sé suas ansin agus ghoidfeadh sé do chuid móna
Is leat ar fad í. Tá sí chomh spleách chomh pléascánta agus go sílfeá nach bhfuil aon duine faoin domhan chomh lách léithe. Ach tá an fabht inti ina dhiaidh sin. Ghabhfadh sí amach uait agus d'íosfadh sí agus liobródh sí thú leis an gcomharsa
Féach freisin
→
fabhtach
fabht in iontrálacha eile (5)
→
fonsa
Fir iad a bhfuil síoraíocht iontu ach níl mórán gaisce orthu ina n-iomróirí. Bhí muid ag teacht isteach den mheath mhóir agus tháinig sé ina lom gaoithe aduaidh. Bhí an bheirt acu ag iomramh. Má bhí fhéin, bhí gíoscán ag na liúrachaí ag pléascadh ar na fonsaí. Ba in iomramh mhístuama ina dhiaidh sin … Dheamhan fabht ar bith atá in adhmad na curaí
Más leat do chuid talúna a choinneáil, ní mór duit dintiúirí agus páipéir a bheith agat air. Ní gaire d'oidhríocht tú ná ceachtar de do chuid dearthár. Má tá i ndán is go bhfaighidh lucht an dlí aon fhabht in do chuid cainte, ní bhfaighidh tú comhaireamh na sop, creid mé dhuit ann. Lena aghaidh sin atá siad ansiúd