Faillí
—Ainmfhocal; Buineann
1.
siléig; neamh-shuim; neamháird; moill.
+–
Dheamhan fata a chorruigh sé as na poill anuiridh le faillí agus le siléig
Is iomdha faillí atá ag baint den cheann céanna. An bhfeiceann tú an teach atá aige agus gan díon deoir ann
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheadh a fhios agad ab é fhéin nó an bhean is mó faillí. Ní chartfaidh sise an luaith den teallach, agus ní thiúrfaidh seisean gabhail d'aon-ghamhain nó go gcailltear air iad
D'fhan an méid sin spré-mhóna gan tógáil i mbliana len ar gcuid faillí fhéin, mar m'anam go raibh neart ionú againn, ach gur scaoil muid thar ar gcluasa í. Bíodh aice
Leig sé dhá chuid coirce tuitim dhá cheann anuiridh le ceann faillí. B'fhearr leis in a chodladh, nó ag rámhóireacht soir agus anoir an bóthar.
·
Níl aon-ghnatha faillí a dhéanamh faoin scoil = gan aon-lá cliseadh ón scoil; a dhul chuig an scoil acht agus áirid
Diabhal tada dhá mhúineadh san scoil sin thiar. Tá faillí dhá dhéanamh orra (ar na gasúir)
+–
Ní maith an rud do dhuine muis a ghnatha a leigean i bhfaillí (chun faillí)
Ní raibh tada idtosach air, ach droch-shlaghdán, agus leigeadh i bhfaillí é gan fios a chur ar an dochtúr, agus chuaigh sé in ainsil air
TUILLEADH (1) ▼
Dar brí an leabhair muise, níl aice an cíos a leigean i bhfaillí (gan a íoc). Má leigeann, is gearr go mbeidh an siriam uirre
+–
H-iarradh isteach é, agus 'ar ndóinín, níor leis ab fhaillí é: chuaigh sé isteach. D'airigh sé an fuisce istigh = ní dhearna sé faillí ar bith faoin a dhul isteach
Fuair sé (asal) an dos tóighe as an mbearna agus níor leis ab fhaillí é, gan a dhul isteach san ngarraí, agus talltú ar an gcur
TUILLEADH (3) ▼
Dhá bhfaghainnse aon-ogach níor liom ab fhaillí é: bheinn deasuithe isteach faoin ascaill aice. Ach dheamhan ogach a fuair mé, ná cuid d'ogach
Ní tráth dhá fhaillí é, a dhuine sin. Bí amuigh. Is gearr go mbeidh sé in a dhiaidhthráigh. Ní fhanfaidh an taoille linn = tá againn crudh a chur in a thosach agus an tráigh a thapú (le feamainn a bhaint)
Dúirt mé liom fhéin nachar tráth dhá fháillí é, agus má bhí an bhean len "iarraidh" go raibh sé cho maith a "hiarraidh" as láimh
+–
"Is maith í an fhoighid, ach is dona (is olc) í an fhaillí" = ba cheart do dhuine foighid mhaith a bheith aige, ach gan rud a leigean i bhfaillí, ná a chur siar ro-fhada
Ba cheart duit breathnú indiaidh na coise sin. Tá tú dhá buachailleacht ro-fhada. Is ceart di a bheith cneasuithe feasta, ach daidhean cosúlacht fós uirre. Teirigh ag an dochtúr léithe. Is maith í an fhoighid ach is olc í an fhaillí
TUILLEADH (2) ▼
Caithfidh foighid a bheith ag na daoine (againn) chreidim. Ní in aon-lá a rinneadh an Áirc. Ach is maith í an fhoighid agus is dona í an fhaillí. Tá sé in am agam biseach a bheith orm feasta má tá aon-bhiseach indán dom
Dheamhan ceó a thug an "Government" seo dhuinn ariamh, agus ní cheal nachar shaothruigh muid dhá chur isteach é. Ach b'fhéidir leis an aimsir go dtiocfadh maith eicínt uaidh. Tá sé ag dul buille ro-fhada mar sin fhéin. Is maith í an fhoighid, adeir siad, ach is dona í an fhaillí
2.
+–
Bhí fios na faillí agamsa ar a theacht dom = bhí a fhios agam, céard a bhí rómham, cén fháilte a bheadh rómham, céard a thárlódh, céard a dhéanfaí liom, céard a d'iarrfaí orm, cén cleas a d'imreóchaí orm etc. (Deirtear "fios na faille" freisin leis, ach níl sé baol ar cho coitiannta le "fios na faillí")
Dhá mbeadh fios na faillí agam, is dóigh nach ngabhfainn ann. In a dhiaidh a fheictear don Éireannach a leas
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh fios na faillí aige. Shíl sé nach raibh cleamhnas ar bith ann. 'Ar ndú' dhá mbeadh a fhios aige go raibh ní thaobhódh sé an teach ar a bhfaca sé ariamh
'Ar ndú' ní shíleann tú gur isteach idteach aicíde a bhuailfinn dhá mbeadh fios na faille agam. Bhuaileas a mhaisce, idir chlár agus chuinneóg
Bhí fios na faille ag J. ach sin rud nach raibh ag ceachtar againne. Ní innseódh sé dhuinn go raibh an dream thiar ag faire orainn le dual na druinne a bhualadh orainn. Níorbh fhearr le J. cleas duinn
Dhá mbeadh fios na faillí agam ní chorróinn de mo theallach fhéin anocht. A theacht seacht míle bóthair chuig damhsa, agus gan rómham ann ach cailleachaí agus sean-fhir!
Ní raibh fios na faille agam, ach dhá mbeadh dheamhan a n-íocfainnse é, ach an oiread le duine. Shíl mise nachar ghar a dhul ag margáil leis: nach scéithfeadh sé aon-cheo den phradhas a bhí leagha air. Ach fuair an chuid eile lascainí cheithre scilleacha
Faillí in iontrálacha eile (6)
→
faobhar
Ba chiotach a d'fhága sé í: a fágáil in a seasamh ar a faobhar taobh istigh de chlaidhe. Ní raibh fios na faillí ag an bpáiste bocht nó gur mhartruigh sé é féin léithe (speal). Nach bhféadfadh sé a cur ar a béal fúithe i gClaise eicínt = rud a bheith in a seasamh i gcaoi agus go mbeadh an lann nó an béal nó an chuid a mbeadh an faobhar air ag freagairt nó ag gobadh suas
→
fáth
Níor thug sé fáth ar bith dhom. M'anam dhá dtugadh nachar liomsa ab fhaillí é. Bhí mé ag faire air
Isteach liom ag déanamh aithgiorra má b'fhíor dhom féin, ach ba shin é an t-aithgiorra a fhobair a thiacht daor orm. Bhí mé siúl liom de réir mo choise treasna na páirce agus gan fios na faillí agam, nuair a chonnaic mé an tarbh. Chuir sé smut air féin agus thosaigh sé ag búiriúch. Thug mé féin do na buinn é, ach níor leissean ab fhaillí é: thug sé an dubhscríb in mo dhiaidh. Rinne mé féin ar mhaol-bhearna, ach chuaigh sé idir mé agus í …