1.
olc, taghd, buile, cuthach, mí-fhoighid; anglántacht, giorraisce; tobainne.
a.
+–
Chuir an rud adúirt sé an-fhearg (dubh-, fíor- etc.) orm
Cuirfidh sin fearg an tsaoil air
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig cuthach feirge air ar an toirt
Bhuail daol feirge é
Ná glac fearg liom anois faoin méid sin a rádh leat
Shílfeá go bhfuil sé ag teacht in a fhearg ort (in a fheirg ort). Glac foighid a dhuine sin!
Dá dteigheadh fearg air sin, is olc an peata é
Tá fraoch agus fearg air (fc. fraoch)
Tá fearg agus fearg ann, ach nuair a bhíos fearg air sin, ní féidir foighid ar bith a chur ann
Tá fearg agus buile chuthach air
Ní mar gheall air sin chor ar bith a bhí fearg aige (air) léithe, ach faoi nach n-innseódh sí an fhírinne dó
Tá fearg aige leis (don) an mbaile sin ar fad. Níl gnatha a samhlú leis chor ar bith
+–
Bhí rún aige a dhul ag íoc (ag ídiú) a chuid feirge ormsa, agus gan mé ag cur chuige ná uaidh
Bhí sé ag íoc a chuid feirge ar an asal nuair nach raibh tada eile aige
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhaith dhuit fearg a dhul ar Th. an uair sin. Ortsa a d'ídeódh sé é
D'imigh an fhearg dhe, ach ar cheartuigh mé an scéal dó
+–
Tá an fhearg ann ach a bhaint as
Is fearg fhánach í fearg Sheáin = níl aon-dochar inte
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan a mbíodh as seo go dtí an claidhe i bhfearg an tsagairt sin, ach ó bhuailfeadh sí é, go gcaithfeá éisteacht leis go leigeadh sé faoi aríst. Bhí sé preabach mar sin, ach dheamhan a gcuimneódh sé ar an bpuinnte aríst air
Seachain thú fhéin ar fhearg an fhir seo thíos
Ná tarraing a chuid feirge sin ort fhéin, mar ní éadáil mhór ar bith a chuid feirge
Tuar feirge foighid Dé (fc. foighid)
+–
Ní fhaca mé a leithide d'fhearg (fearg mar í, etc.) ar aonduine ariamh cheana
Bhí gearradh fiacal air le feirg (le fearg, ach tá an sean-Tabharthach ag seirgeadh)
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé faoi fhearg (faoi fheirg) inniu = tá fearg air
As corp feirge (le teann, le neart feirge etc) a rinne sé é
Chuaigh sé 'un feirge liom ar scáth an méid sin araoid' a chur air
Ná bí i bhfeirg liom anois as ucht comhairle a chur ort = ná bíodh fearg agad (ort) liom
Sílim go bhfuil sé i bhfearg liom nuair nach ndeachaidh mé a chúnamh dhó an lá faoi dheireadh
Tá an baile fré chéile i bhfearg leis ingeall air sin
b.
+–
Níor dhúirt fearg fíor (nó fírinne) ariamh = má theagann fearg ar dhuine déarfaidh sé a dtiocfaidh in a bhéal
Coinnigh guaim ort fhéin. Níor dhúirt fearg fírinne ariamh. Níl uatha siúd ach breith ar theanga ort le thú a thabhairt 'un cúirte
TUILLEADH (1) ▼
Ná teagadh aon-fhearg oraibh ar chaoi ar bith. An té a bhéas faoin a mhionna, ní mór dhó a bheith san áirdeall ar a theanga. Deir siad nachar dhúirt fearg fíor ariamh.
2.
+–
Níl an oiread tobac agam anois agus a chuirfeadh fearg ar do shúil = an oiread agus a dhallfadh do shúil; níl tada agam
Níor bhain siad an oiread carraigín in imeacht dhá lá agus a chuirfeadh fearg ar do shúil
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan an oiread féir in a iothlainn anois agus a chuirfeadh fearg ar do shúil
Féach freisin
→
foighid
Fearg in iontrálacha eile (15)
Dheamhan cheo dhá chuid feirge a leig sé amach liom fhéin ariamh, pé brí caoi a raibh sé le daoine eile.
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia gheobhadh sé faoi na foraí é, marach mise a bheith ann le eadarascán a dhéanamh
+
→
foighid
Chuaigh ar an bhfoighid ag an bhfearg orm nuair a chonnaic mé céard a rinne sé
TUILLEADH (3) ▼
Tuar feirge foighid Dé = mar a bhfoillsighe Dia rud, is amhlaidh is measa é, mar sin comhartha gur measa a bhéas an díoltas amach annseo
Is íontas é nach n-agródh Dia orra é, agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
Má theagann fearg air siúd is deacair leis foighid a dhéanamh. Ach an té a ghabhfas ag cur foighid ann, is fear i gcontúirt é
Sin é anois deireadh a chuid feirge (a chuid macnais, suaimnis, uilc, meanmna, bróid, uabhair, reatha, móiréise, neirt, anála, spreacadh, sonais, séin, lághaidheachta, bóithreoireachta, fonnadóireachta, feadghala, scréachghala, síonghala, cuartaidheachta, deireadh a shaoghail agus a mhaitheasa, deireadh a chuid gáirí, a chuid caoineacháin, a chuid bróin, a chuid taighd, a chuid foighde, a chuid laetheantaí maithe, a cuid rístidheachta, a chuid díomhaontais; a chuid bochtaineachta agus rl.)
Cé'n sórt sdodaireacht' í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaoim (snaidhm) ar a theanga, le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cé'n t-údar feirge a bhí aige!
→
téigh ar
Níl aon-uair ins an aer, dhá dteagann sé ag cuartaidheacht annseo nach dteigheann fearg air. Tosuigheann na gearr-bhodaigh ag sáruidheacht leis
Má thosuigheann sé ag dul 'un feirge, chomhairleochainn duit gan fanacht in a ghoire, arae tá anam duine air in a chuid uilc