Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fearg
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: feirge
tabharthach uatha: feirg, fearg
1.
olc, taghd, buile, cuthach, mífhoighid; anglántacht, giorraisce; tobainne.
a.
+
Chuir an rud adúirt sé an-fhearg (dubh-, fíor- srl.) orm
Cuirfidh sin fearg an tsaoil air
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig cuthach feirge air ar an toirt
Bhuail daol feirge é
Ná glac fearg liom anois faoin méid sin a rá leat
Shílfeá go bhfuil sé ag teacht ina fhearg ort (ina fheirg ort). Glac foighid a dhuine sin!
Dá dtéadh fearg air sin, is olc an peata é
Tá fraoch agus fearg air (fc. fraoch)
Tá fearg agus fearg ann, ach nuair a bhíos fearg air sin, ní féidir foighid ar bith a chur ann
Tá fearg agus buile chuthach air
Ní mar gheall air sin chor ar bith a bhí fearg aige (air) léithe, ach faoi nach n-inseodh sí an fhírinne dó
Tá fearg aige leis (don) an mbaile sin ar fad. Níl gnaithe a samhlú leis chor ar bith
+
Bhí rún aige a dhul ag íoc (ag ídiú) a chuid feirge ormsa agus gan mé ag cur chuige ná uaidh
Bhí sé ag íoc a chuid feirge ar an asal nuair nach raibh tada eile aige
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhaith dhuit fearg a dhul ar Th. an uair sin. Ortsa a d'ídeodh sé é
D'imigh an fhearg dhe ach ar cheartaigh mé an scéal dó
+
Tá an fhearg ann ach a bhaint as
Is fearg fhánach í fearg Sheáin — níl aon dochar inti
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan a mbíodh as seo go dtí an claí i bhfearg an tsagairt sin, ach ó bhuailfeadh sí é, go gcaithfeá éisteacht leis go ligeadh sé faoi aríst. Bhí sé preabach mar sin ach dheamhan a gcuimhneodh sé ar an bpointe aríst air
Seachain thú fhéin ar fhearg an fhir seo thíos
Ná tarraing a chuid feirge sin ort fhéin mar ní éadáil mhór ar bith a chuid feirge
Tuar feirge foighid Dé (fc. foighid)
+
Ní fhaca mé a leithide d'fhearg (fearg mar í, srl.) ar aon duine ariamh cheana
Bhí gearradh fiacal air le feirg (le fearg, ach tá an seantabharthach ag seargadh)
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé faoi fhearg (faoi fheirg) inniu —tá fearg air
As corp feirge (le teann, le neart feirge srl.) a rinne sé é
Chuaigh sé chun feirge liom ar scáth an méid sin araoide a chur air
Ná bí i bhfeirg liom anois as ucht comhairle a chur ort — ná bíodh fearg agat (ort) liom
Sílim go bhfuil sé i bhfearg liom nuair nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó an lá faoi dheireadh
Tá an baile fré chéile i bhfearg leis i ngeall air sin
b.
+
Níor dhúirt fearg fíor (nó fírinne) ariamh — má theagann fearg ar dhuine déarfaidh sé a dtiocfaidh ina bhéal
Coinnigh guaim ort fhéin. Níor dhúirt fearg fírinne ariamh. Níl uathu siúd ach breith ar theanga ort le thú a thabhairt chun cúirte
TUILLEADH (1) ▼
Ná teagadh aon fhearg oraibh ar chaoi ar bith. An té a bheas faoina mhionna, ní mór dhó a bheith san airdeall ar a theanga. Deir siad nár dhúirt fearg fíor ariamh.
2.
+
Níl an oiread tobac agam anois agus a chuirfeadh fearg ar do shúil — an oiread is a dhallfadh do shúil; níl tada agam
Níor bhain siad an oiread carraigín in imeacht dhá lá agus a chuirfeadh fearg ar do shúil
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan an oiread féir ina iothlainn anois agus a chuirfeadh fearg ar do shúil

Féach freisin

fearg in iontrálacha eile (15)

 
Cosúlacht oilc, feirge, báis, pósta, imeachta, dúiseachta srl.
 
amach
Bhí an-fhearg amach air — an-fhearg ar fad
 
Dheamhan cheo dhá chuid feirge a lig sé amach liom fhéin ariamh, pébrí caoi a raibh sé le daoine eile.
 
Bhí foghairt na feirge ann ar an toirt. Mo dheatach leis an gceann eile! Dar fia, gheobhadh sé faoi na foraí é murach mise a bheith ann le eadrascán a dhéanamh
+
Chuaigh ar an bhfoighid ag an bhfearg orm nuair a chonaic mé céard a rinne sé
TUILLEADH (3) ▼
Tuar feirge foighid Dé — mura bhfoilsí Dia rud, is amhlaidh is measa é mar sin comhartha gur measa a bheas an díoltas amach anseo
Is iontas é nach n-agródh Dia orthu é agus a bhfuil siad a dhéanamh de chréatúlacht, ach is tuar feirge foighid Dé. Tá muiltí Dé mall ach meileann siad go mín
Má theagann fearg air siúd is deacair leis foighid a dhéanamh. Ach an té a ghabhfas ag cur foighid ann, is fear i gcontúirt é
 
Tá fearg air anois. Lig dó fuarú (as). Ansin téirigh chun cainte leis
 
Sin é anois deireadh a chuid feirge (a chuid macnais, suaimhnis, oilc, meanmna, bróid, uabhair, reatha, móiréise, nirt, anála, spreacadh, sonais, séin, láíochta, bóithreoireachta, fonnadóireachta, feadaíola, scréachaíola, síonaíola, cuartaíochta, deireadh a shaoil agus a mhaitheasa, deireadh a chuid gáirí, a chuid caoineacháin, a chuid bróin, a chuid taighd, a chuid foighde, a chuid laethantaí maithe, a cuid rístíochta, a chuid díomhaointis; a chuid bochtaineachta srl.)
 
Is an-diabhlaí éasca fearg a chur air
 
Cén sórt stodaireachta í siúd a bhí air. An ar meisce a bhí sé nó an duine eicínt a chuir snaidhm ar a theanga le go raibh sé ar an gcaoi siúd … Fearg! Cén t-údar feirge a bhí aige!
 
Céard atá tú a rá. Níl a leathdhíol feirge ann agus an áit a bhfuil sé
 
Níl aon uair san aer dhá dteagann sé ag cuartaíocht anseo nach dtéann fearg air. Tosaíonn na gearrbhodaigh ag sáraíocht leis
 
Má thosaíonn sé ag dul chun feirge chomhairleoinn duit gan fanacht ina ghaire, arae tá anam duine air ina chuid oilc