Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiacail
Ainmfhocal; Buineann
Geiniúnach Uathaidh: na fiacaile, na fiacal; ach is rí-mhinic nach mbíonn claochlódh tuisil ar bith ann, cé go bhfuil an Geiniúnach Iolraidh sách minic san gcaint agus ní i leagain sheasta amháin ach oiread .i. doigheachaí fiacal, ag saothrú na bhfiacal etc.
Uimhir Iolraidh: fiacla, fiaclaí
1.
a.
gach giota singil de dhrad duine nó beithigh nó éisc.
+
Níl fiacail in mo dhranndal (in mo charbad) = tá na fiacla uilig imithe uaim (tuithe orm, scoite agam etc.)
Tá fiacail liom farcha. Tá oiread do dhorna de pholl inte
TUILLEADH (7) ▼
Bhain sé fiacail asam le dorna
Tá séanas idir chaon dá fhiacail in a dhrad
Is lom tanaí é a ghiall, agus ní ar a fhiacail atá an locht = tá ithe a chodach go maith ann ach níl slacht a chodach air
Bó naoi bhfiacail, ní bhíonn cinneadh ar bith léithe. Tá bó hocht bhfiacail maith go leór. Ach uaidh sin anuas, ní fiú deich triuf iad
Trí bheith an tsean-mhadaidh; gan rith, gan rath gan fiacail
Na trí ní is fealltaí: cois chapaill, fiacail madadh, agus focal duine uasail
Na trí ní is géire: dealg múnlaigh (láibe), fiacail con, agus focal amadáin
+
Ní leagfadh an bromach fiacail ar na fataí = ní leagfadh sé pus orra
Dheamhan thiomanta fiacail a leagfadh sé ar a bhéilí nuair nach bhfuigheadh sé feóil
TUILLEADH (2) ▼
Ní leagfaidís fiacail ar na "meangiols". D'eireódh dhóibh. Tá siad millte agaibh le fataí
Níor leag a mhadadh fiacail ormsa = níor theangmhuigh sé liom chor ar bith
+
Tá sé ag cur na bhfiacal (na bhfiacla) = iad ag fás
Bíonn gasúir an-chantalach agus iad ag cur na bhfiacla
TUILLEADH (5) ▼
Tá an piodarlann se'againne muise ag saothrú na bhfiacal (dhá gcur; nó doigheachaí air)
Is maith a cheannuigh mise na fiacla sin le dhá mhí = a shaothruigh mé iad ag doigheachaí
Tá na fiacla curha aice (capall, bó etc.)
Tá na fiacla curha go maith ag an gcailín sin = tá sí bun-aosta
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curha go maith aice ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí in a sean-chailín óg an uair sin
·
Má thugann tú fiacail leat as do dhrad, nó má thuiteann fiacail asad, deir siad gur ceart salann a chur inte, a cur isteach i smiochóid, agus a caitheamh siar thar chúl do chinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Sprid Naomh (ach "nar imighe uainn ach thú", nó "brúgh agus ding ort" adeir daoine eile. Coinníonn cuid de na daoine fiacla a thuitfeadh mar sin. Cuireann siad i dtaisce iad, agus deir siad go mba cheart a gcur i gcónra le duine, ach ní fhaca mé dhá dhéanamh ariamh é)
+
Is cosúil le fiacla ballach atá aice = drad an chnúdáin; drad deas fiacal a bheadh ag luighe le chéile go maith
Is breá an drad fiacla atá aige. Is geall le fiacla ballach iad. Is mór is fiú dhó nach len athair a chuaigh sé faoi na fiacla. Fiacla scramhacha a bhí uilig aige
TUILLEADH (2) ▼
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aice. M'anam má sea muis gur drad Gaillimheach é
Fiacla scagach atá agamsa
+
Airím doigheachaí (fiacal) aríst le cupla lá
An bhfuil Artha na nDoigheachaí fiacal agad? Chuir M. C. dhom cheana í, agus dar fia fuair mé biseach len a linn
TUILLEADH (2) ▼
"Shuidh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhainn?). Tháinig Críost as a chionn. 'Céard tá ort a Pheadair? 'Ó 'Thiarna, m'fhiacail atá tinn'. 'Eirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beó. Coinnigh an artha seo (in) do cheann, agus ní bheidh dae (doigh) fhiacal ort aríst go deó" (sin leagan amháin ar artha na ndoigheachaí fiacal)
Is cosúil gurb sheo artha mhagúil: "Artha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá doigheachaí ort nar fhana fiacail in do cheann"
·
Tá bualadh fiacal orm leis an bhfuacht (le faitíos etc.) = bualadh draidín; gíoscán fiacal
b.
+
Na cúilfhiacla = na fiacla thiar; na cláir fhiacla = i bhfus i dtosach an draid; fiacla géill = an drad íochtair; fiacla carbaid = an drad uachtair
Tá fiacail bhrise (fiacail bhris) aige sin = fiacail le cois; "wisdom teeth" (bris? = bis, bisigh, le r sciorrthach?); ní chuireann daoine í leis na fiacla eile. Bheidís méaduithe sul a dteagadh sí. Siar go maith san drad a bhíos sí
TUILLEADH (3) ▼
Chuir P. se'againne fiacail bhris agus é mór millteach
Diabhal mé go sílfeá gur fiacail bhris atá ag teacht dom thiar in mo ghiall
Leag do mhéir ar an mbun sin. Fiacail bhrise í. Is gearr ó chor ar bith ó a chuir mé í sin
c.
+
Bhain sé greim fiacal asam
"Inín Bhannóg na Méaracán, agus mac mic Mhíchil na nGreamannaí Fiacal", adeir sé
TUILLEADH (2) ▼
Thug an madadh fiacail dom = rug sé orm
Sé an coileán sin a bhfuil an fhiacail aige th'éis cho hóg agus atá sé
·
Níor mhaith leis a leigean uaidh gan fiacail a thabhairt dó in a dheidh sin = masla, gob, sáiteán
Ma thugann sé sin fiacail duit is measa í ná greim ó dhuine eile = is géire focal fánach uaidh, ná dhá mbeadh duine eile i bhfad ag sciolladh ort
d.
+
Is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla = ní theagann ciall do dhuine de réir mar a theagas aois dó
Shílfeá go bhfuil a dhóthain aoise aige anois le ciall a bheith aige, ach is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. 'Ar ndú' dhá dteagadh ciall le aois, ní bheadh amadán ar bith ar an saol
TUILLEADH (1) ▼
Cén chiall duit é sin a dhéanamh. Tá tú in do bhuachaill óg agus dheamhan smiaróid (sméaróid) agad fós ach an oiread le páiste. Is cóir adeir siad gur fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Mo chreach do chuid-se céille muis!
+
Ní bhriseann deagh-ghlór fiacail (agus tugann an fear sleamhain fiacha leis); ní mhilleann deagh-ghlór fiacail etc.; ní bhriseann focla maithe fiacla = má dheireann an duine an rud cóir cuíbhiúil, ní chuirfear aon-araoid air, ná ní bhuailfear é
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn duine mín tláth agus gan síomálachaí ar bith a tharraint air fhéin, 'leabharsa ní chuirfidh aon-duine chuige ná uaidh. Ní bhriseann deagh-ghlór fiacail. An iomarca clabaireacht a bhriseas iad
+
Tá chuile dhuine tarraingithe trín a fhiacla aige = bíonn sé ag caint agus ag coiriúint ar chuile dhuine
Fainic thú fhéin ar a teanga sin. Níl duine ar bith nach bhfuil tarraingithe thrín a fiacla aice
TUILLEADH (2) ▼
Nach diabhlaí an deis atá ort: ag tarraint do chomharsanaí thrí t'fhiacla mar sin. Shílfeá go mb'fhearr duit a dhul agus do ghnatha a dhéanamh go mór
Bhí tú tarraingithe thrín a fiacla aice cho maith le duine. Ach cé a thiúrfadh áird ar an nguróir bradach?
+
Tháinig sé in m'fhiacla a rádh leis nach raibh aon-ghadaí san tír ba mhó ná a athair fhéin, ach níor bhac mé leis = tháinig sé go dtí an béal agam; b'fhobair gur dhúirt mé
Bhí sé in m'fhiacla agam a tharraint anuas chuige, ach leig mé tharm é aríst
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé in m'fhiacla a iarraidh air, ach tosaíodh ar scéal eicínt eile, agus diabhal ar chuimhnigh mé air níos mó
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó a chonnaic mé cho fáilí é, dúirt mé liom fhéin, nach mbeinn danra
+
Labhair sé faoin a fhiacla, agus ní thuigfeadh aon-fhear beó é = labhair an-íseal, agus an chaint a changailt
Breá nach n-abróchthá an rud amach agus gan a bheith ag mungailt faoi t'fhiacla mar sin. Is mór an subháilce an té a labhrós gan cás gan náire
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé rud eicínt faoin a fhiacail, ach níor thug mé liom é. Is dóigh nach haon-deagh-rud é ar aon-chor
+
Níor chuir sé fiacail ann = dúirt sé amach é gan frapa gan taca
Siúd é nach gcuirfidh an fhiacail ann, ach a mbeidh le rádh aige a rádh más olc maith le duine é
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfidh mé fiacail ann. Déarfaidh mé amach leat é gan frapa gan taca, tóig orm é nó ná tóig
+
Tá mé ag coinneál snáth faoin bhfiacail agus sé a bhfuil ann é = tá mé indon maireachtáil (nó beatha a choinneál liom fhéin) ar éigin (tobac, tuitíní etc. freisin)
Cáil mo shlí-sa fiafraím díot? Tá mé ag coinneál snáth faoin bhfiacail, agus sách rite atá sé sin fhéin ag gabhail liom
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal a mbeidh de chailleadh air má choinníonn sé snáth faoin bhfiacail. Dhá mbeadh an mac amuigh in a mháistir scoile aige, choinneódh sé deóladh leis
Dhá bhféadadh na daoine snáth a choinneál faoin bhfiacail go bhfeicidís leo, níor mhiste é. 'Ar ndú ní bheidh an saol mar seo i gcomhnaí. Críochnóidh an cogadh uair eicínt agus saoirseoidh an bheatha agus an t-éadach. An té a bhfuil caitheamh agus fáil aige, níl údar casaoid' ar bith aige
An uair ba ghainne a bhí an tobac choinnigh mé snáth faoin bhfiacail. B’iomdha stuipéad a chaitheadh P. Ch. agam ingan fhios
Diabhal mé anois, a' bhfeiceann tú dhá chaillte dhá bhfuil an saol faoi "feaigs" go gcoinním snáth faoin bhfiacail. Ach bím buíoch dhá bhfuil de ghiollaí agam!
Th'éis a bhfuil de dhola air, agus lán tí de mhuirín air, bail ó Dhia orra, dar príosta tá sé ag coinneál snáth faoin bhfiacail
Nach diabhlaí a chruthuigh an dream bhí ann roimhe seo, agus snáth a choinneál faoin bhfiacail chor ar bith, agus gan iad ag fáil dada ach a raibh in a gcnámha. Ní raibh "dole" ná pinsean ná airgead gasúir ann.
2.
+
Tá sé go fiacail = tá a sháith go binn ólta aige
Má ólaim an píonta seo cuirfidh sé go fiacail mé
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé go fiacail le poitín
+
Bhí an cliabh go fiacail aige le fataí = go bord, go béal
Tá an gloine go fiacail = go buinne bruach
TUILLEADH (2) ▼
Líon sé gloine fuisce go fiacail dom
Is diabhlaí an taoille a bhí ann anocht. Bhí an chéibh go fiacail aice = bhí sí aníos cab ar chab le urlár na céibhe
3.
an méid a bhíos leis de na sáiteáin nó na hasnachaí as cionn bord cléibh.
+
Tá fiacail imithe as an gcliath
Céard a bhris fiacla an chléibh?
TUILLEADH (1) ▼
Níor bioraíodh fiacla an chléibh sin chor ar bith.
4.
a.
na giotaí a bhíos ag freagairt aníos idir na mainnt i gcorrán nó i sámh; na fleascannaí atá i mbéal círe, cárla, cléithe agus a leithide eile (rud ar bith mar seo a bhfuil "drad" ann, bíonn "fiacla" ann).
+
Is geall le fiacla sámh (saw) atá aige. Tá siad scagha ar fad
Níl na fiacla sách dlúth san raca sin. Fiacla mar bheadh i gcíor a bheinn a iarraidh inte (i raca)
TUILLEADH (3) ▼
Tá dhá fhiacail briste san racán. Ní racálfaidh sé aon-fhéar dhuit go dteighe fiacla nua ann
Tá na fiacla lúbha san gcárla sin
Caithfidh fiaclaí an chárla a bheith mín tláth agus sách acluithe. Bídís freisin ar aon-fhad amháin. Mara mbeidh ní chárdálfaidh sé an olann ceart.
b.
storrán as aill san bhfarraige.
·
Tá an storr siúd in a fiacail amach san gcuisle = gob carraige san bhfarraige
c.
ionga phortáin, cráig ghliomaigh etc.
·
Nach aige atá an fhiacail = ionga phortáin
5.
·
Tabhair fiacail don laogh sin agus b'fhéidir go n-ólfadh sé an bainne = méar; méar a choinneál leis; do mhéar a chur faoin a fhiacail le fataí, bainne nó rud mar sin a choinneál le laogh
Ní íosfaidh sé iad gan fiacail

Féach freisin

drad

Fiacail in iontrálacha eile (50+)

 
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
+
focal
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Bíodh an deagh-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
 
fóir
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na doigheachaí seo. Tá an fhiacail in a dhá leith. Teagann driog inte amanntaí agus shílfeá go dtóigfeadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart fáite agam uatha
 
cab
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis a' bhfiacail. Níor chuir sé maoil a' bith air. Baoghal ar an leaduidhe siúd aon-anró a chur air fhéin ag iomchur chléibh.
 
Ní mór do'n duine bhocht carraeracht a dhéanamh le snáth a choingbheál faoi'n bhfiacail.
 
ceal 1
Baoghal ormsa a bheith indon a' chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le deanamh dhom aon-cheart a bhaint de'n tsaill fhéin.
 
Is geall le dhul ar a' gclársach d'fhiacail siúd aige, do sceallóigín tobac. Ní dhéanfadh sé cangailt amháin dó. (duine a mbíodh cangailt thobac thuas go síorruidhe aige).
 
Níor tháinic iabh ar a bhéal, ach a' coireamhaint a's a' tromachan i gcaitheamh na h-oidhche. Dheamhan duine a d'fhága sé sa tír, nar tharraing sé thrídh n'fhiacla.
 
cora
Tá mé thart ag fiacail atá agham a bhfuil poll innte. Dheamhan uair dhá n-ithim aon-cheo nach dteigheann carra de'n rud chruaidh isteach innte, a's nach gcrádhann sí go h-anam mé.
 
Bíodh contanás eicínt ionnad fhairis sin, a's labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris deagh-fhocal fiacail ariamh, tá fhios aghad.
 
Cuireadh ar a bhéal a's ar fhiacla sa bportach é in áit ar sciorr sé ar a' mbruach bealthuighthe, a raibh siad a' cur aníos na móna air.
+
Tá béalóg bheag idir a cláir-fhiacla = scáinne nó séanus beag.
TUILLEADH (1) ▼
Tá béalóigín idir dhá fhiacail léithe — mar bheadh fiacla scagacha aice.
 
crinn
"Ní hé a chaith(eamh) (an píopa) a dhéana(nn)s sé siúd chor a' bith ach an chois a chrinneadh faoi'n fhiacla. Thug mé píopa dhó an oidhche cheana, a's bhí lorga fhiacla indeich n-áit sa gcois, ar a fhághail ar ais dom.
+
beo 2
Tá'n bheo a's an marbh chomh maith le chéile tarraingthe thrídh n' fhiacla aige = bíonn sé a' coireamhaint ar a' té atá ar shlighe na fírinne, chomh maith leis a' té atá ar shlighe na bréige.
TUILLEADH (1) ▼
An greim a d'ith mé, chuaidh sé go beo isteach in m'fhiacail a's bhuail doightheachaí mé, a's dheamhan forus ná suaimneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na h-oidhche.
 
bocht 1
Bhí sé in a shuidhe go te, tamall, ach tá sé beo, bocht anois, a's a' faghail a dhíol le déanamh, snáth a choinneál faoi'n bhfiacail.
 
Tá mé in mo bhrighthín óg, aríst, ó tharraing mé na fiacla.
 
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a theigheann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail.
 
buinne 1
Sé'n buinne béil an chéad chuid de'n chliabh a thosóchas tú. Ar a bhéal faoi a dhéanfas tú é, a's tá'n buinne béil, thuas ag fiacail a' chléibh. Sí'n tóin an chuid deire a dhéanfas tú.
 
Dheamhan de chailleadh air a' mbuinneán gotha atá aice fós, th'éis nach bhfuil fiacail in a dranndal.
+
ainm
Tá m'ainm tarraingthe thrídh t'fhiacla agad is 'chuile áit = labhrann tú orm is chuile áit, agus ní he an deagh-rud adeireas tú fúm go minic.
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisimse go dtarraingeo(cha) tú m'ainm thrídh t'fhiacla feasta beidh scéal agad air (íocfa tú ann, beidh rud ar a shon agad etc.).
 
Thug sé farradh faoi gan aireachtáil, agus bhuail sé ar a bhéal a's ar fhiacla amuigh faoi'n tsráid é.
+
Cuireadh amach é ar a bhéal a's ar fhiacla = cuireadh indiaidh a mhullaigh é.
TUILLEADH (1) ▼
Cuireadh amach indiaidh a mhullaigh é, agus fhobair nar baineadh a raibh d' fhiacla istigh in a cheann as.
 
Caith an fhiacail sin in aghaidh na h-anachain = fiacail a scoth duine, agus dubhairt duine eile leis í a chaitheamh in aghaidh na h-anachain as greann. (Go h-iondamhail, 'séard a déantar le fiacail í a chaitheamh siar thar mullach do chínn, ach gráinnín salainn a chuir ínnte idtosach. Is briotais magaidh doigh fhiacal é sin.)
 
anam
Bhuail preab in m'fhiacail mé, a's chráidh sí go h-anam mé.
 
anuas
Leagadh mé agus fhobair gur baineadh na fiacla asam, anuas faoi lom a' bhóthair.
 
ascar
Cuireadh glan as ascar na diallaide é, agus amach ar a bhéal 's ar fhiacla faoi'n talamh
 
Cuireadh anuas ar mo bhéal 's ar m'fhiacla ar a' mbóthar mé = leagadh ar mo bhéal fúm ar a' mbóthar mé.
 
flaisc
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon-fhlaisc amháin é = aon-iarraidh amháin; d'aon-tuairt amháin
 
fogha
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aonduine san tír nach bhfuil tarraingithe thrín a fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rádh leis, tá fogha agus aithis bainte aice as. Is "seó" ("show") í!
 
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaighe — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí cho roighin le gad
 
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeódh (a choisneódh) fuireann anois. Níl rud ar bith 'ar ndú is daoire ná fiacla
 
fás 2
Is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Marach gur fuide bheadh ciall ag S. feasta, arae tá na fiacla curha go maith aige
 
Is deas í! Paitfheóil! Dhá mbeadh leasú cruaighe ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtiúrfadh sib bruith eicínt don rud a chuireas sib síos. Ag diomallú beatha: sin é a bhfuil sib a dhéanamh
 
Tá an poll atá in m'fhiacail ag fairsingiú
+
"Na trí ní is feálltaí: cois capaill, fiacail madadh, focal duine uasail"
TUILLEADH (2) ▼
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a áirdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneál uaidh ná a thabhairt as a bhéal
Tá an poll sin fealltach san oíche mara mbeadh an-eólas agad ann. Ní chuimhneódh duine go mbeadh cor ar bith san gcasán, nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fánaidh é
 
Níl mé fulannach chor ar bith ar dhoigheachaí fiacla. Bím thar bharr mo chéille aca
 
fuacht
Beidh na daoine ceart chomh uain's a bhéas an teas ag breith ar an bhfuacht aca. Dhá bhféadadh duine snáth a choinneál faoin bhfiacail chor ar bith, dheamhan a mbeadh daorbhascha dhe, ach is deacair sin a dhéanamh. Agus in a dheidh sin, sé an saol is fhearr a tháinig le mo chuimhne-sa é. Tá neart airgid ag daoine
 
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beithioch mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheanntaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí turnapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh fuireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire aca! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon-fhiacail agam anois
 
Níl d'fhuascailt ar na doigheachaí sin ach na fiacla a tharraint. Isteach leat amáireach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air, gur beag na doigheachaí a fhanfas ort annsin
+
daigh
Tá mé go dona le doigh faoi'n bhfiacail
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-fhiacail ag gabhail liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a bhíos orm th'éise sin, ní ag tabhairt ghutha orra é!