fiacail
—ainmfhocal, baineann
1.
a.
gach giota singil de dhrad duine nó beithígh nó éisc.
+–
Níl fiacail in mo dhrandal (in mo charbad) — tá na fiacla uilig imithe uaim (tite orm, scoite agam srl.)
Tá fiacail liom farctha. Tá oiread do dhorna de pholl inti
TUILLEADH (7) ▼
Bhain sé fiacail asam le dorna
Tá séanas idir chaon dá fhiacail ina dhrad
Is lom tanaí é a ghiall, agus ní ar a fhiacail atá an locht — tá ithe a chodach go maith ann ach níl slacht a chodach air
Bó naoi bhfiacail, ní bhíonn cinneadh ar bith léithe. Tá bó hocht bhfiacail maith go leor. Ach uaidh sin anuas, ní fiú deich triuf iad
Trí bheith an tseanmhadaidh; gan rith, gan rath, gan fiacail
Na trí ní is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh, agus focal duine uasail
Na trí ní is géire: dealg múnlaigh (láibe), fiacail con, agus focal amadáin
+–
Ní leagfadh an bromach fiacail ar na fataí — ní leagfadh sé pus orthu
Dheamhan thiomanta fiacail a leagfadh sé ar a bhéilí nuair nach bhfaigheadh sé feoil
TUILLEADH (2) ▼
Ní leagfaidís fiacail ar na meaingeals. D'éireodh dhóibh. Tá siad millte agaibh le fataí
Níor leag a mhadadh fiacail ormsa — níor theangmhaigh sé liom chor ar bith
+–
Tá sé ag cur na bhfiacal (na bhfiacla) — iad ag fás
Bíonn gasúir an-chantalach agus iad ag cur na bhfiacla
TUILLEADH (5) ▼
Tá an piodarlán s'againne muise ag saothrú na bhfiacal (dhá gcur; nó daitheachaí air)
Is maith a cheannaigh mise na fiacla sin le dhá mhí — a shaothraigh mé iad ag daitheachaí
Tá na fiacla curtha aici (capall, bó srl.)
Tá na fiacla curtha go maith ag an gcailín sin — tá sí bunaosta
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curtha go maith aici ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí ina seanchailín óg an uair sin
·
Má thugann tú fiacail leat as do dhrad, nó má thiteann fiacail asat, deir siad gur ceart salann a chur inti, a cur isteach i smeachóid, agus a caitheamh siar thar chúl do chinn in ainm an Athar, an Mhic agus an Sprid Naomh (ach 'nár imí uainn ach thú,' nó 'brú agus ding ort' adeir daoine eile. Coinníonn cuid de na daoine fiacla a thitfeadh mar sin. Cuireann siad i dtaisce iad, agus deir siad go mba cheart a gcur i gcónra le duine, ach ní fhaca mé dhá dhéanamh ariamh é)
+–
Is cosúil le fiacla ballach atá aici — drad an chnúdáin; drad deas fiacal a bheadh ag luí le chéile go maith
Is breá an drad fiacla atá aige. Is geall le fiacla ballach iad. Is mór is fiú dhó nach lena athair a chuaigh sé faoi na fiacla. Fiacla screamhacha a bhí uilig aige
TUILLEADH (2) ▼
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aici. M'anam más ea muis gur drad Gaillmheach é
Fiacla scagach atá agamsa
+–
Airím daitheachaí (fiacal) aríst le cupla lá
An bhfuil Ortha na nDaitheachaí Fiacal agat? Chuir M. C. dhom cheana í, agus dar fia fuair mé biseach lena linn
TUILLEADH (2) ▼
"Shuigh Peadar ar leac leathan abhann (dhomhain?). Tháinig Críost os a chionn. 'Céard atá ort a Pheadair?' 'Ó a Thiarna, m'fhiacail atá tinn.' 'Éirigh a Pheadair agus bí slán; ní thusa amháin ach a maireann beo. Coinnigh an ortha seo (in) do cheann, agus ní bheidh daigh fhiacal ort aríst go deo'" (sin leagan amháin ar Ortha na nDaitheachaí Fiacal)
Is cosúil gurb eo ortha mhagúil: "Ortha a chuir Ún (Eon?) do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham, agus má tá daitheachaí ort nár fhana fiacail in do cheann"
·
Tá bualadh fiacal orm leis an bhfuacht (le faitíos srl.) — bualadh draidín; gíoscán fiacal
b.
+–
Na cúlfhiacla — na fiacla thiar; na cláir fhiacla = abhus i dtosach an draid; fiacla géill = an drad íochtair; fiacla carbaid = an drad uachtair
Tá fiacail bhrise (fiacail bhris) aige sin — fiacail le cois; wisdom teeth (bris? = bis, bisigh, le r sciorrach?); ní chuireann daoine í leis na fiacla eile. Bheidís méadaithe sula dteagadh sí. Siar go maith sa drad a bhíos sí
TUILLEADH (3) ▼
Chuir P. s'againne fiacail bhris agus é mór millteach
Diabhal mé go sílfeá gur fiacail bhris atá ag teacht dom thiar in mo ghiall
Leag do mhéir ar an mbun sin. Fiacail bhrise í. Is gearr ó chor ar bith ó chuir mé í sin
c.
+–
Bhain sé greim fiacal asam
'Inín Bhannóg na Méaracán, agus mac mic Mhíchil na nGreamannaí Fiacal,' adeir sé
TUILLEADH (2) ▼
Thug an madadh fiacail dom — rug sé orm
'Sé an coileán sin a bhfuil an fhiacail aige théis chomh hóg agus atá sé
·
Níor mhaith leis a ligean uaidh gan fiacail a thabhairt dó ina dhiaidh sin — masla, gob, sáiteán
Má thugann sé sin fiacail duit is measa í ná greim ó dhuine eile — is géire focal fánach uaidh, ná dhá mbeadh duine eile i bhfad ag sciolladh ort
d.
+–
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla — ní theagann ciall do dhuine de réir mar a theagas aois dó
Shílfeá go bhfuil a dhóthain aoise aige anois le ciall a bheith aige, ach is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Ar ndóigh dhá dteagadh ciall le aois, ní bheadh amadán ar bith ar an saol
TUILLEADH (1) ▼
Cén chiall duit é sin a dhéanamh. Tá tú in do bhuachaill óg agus dheamhan sméaróid agat fós ach an oiread le páiste. Is cóir adeir siad gur faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Mo chreach do chuidse céille muis!
+–
Ní bhriseann dea-ghlór fiacail (agus tugann an fear sleamhain fiacha leis); ní mhilleann dea-ghlór fiacail srl.; ní bhriseann focla maithe fiacla — má dheireann an duine an rud cóir cuibhiúil, ní chuirfear aon araoid air ná ní bhuailfear é
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
TUILLEADH (1) ▼
Má bhíonn duine mín tláth agus gan síomálachaí ar bith a tharraingt air fhéin, leabharsa ní chuirfidh aon duine chuige ná uaidh. Ní bhriseann dea-ghlór fiacail. An iomarca clabaireacht a bhriseas iad
+–
Tá chuile dhuine tarraingthe trína fhiacla aige — bíonn sé ag caint agus ag coiriúint ar chuile dhuine
Fainic thú fhéin ar a teanga sin. Níl duine ar bith nach bhfuil tarraingthe thrína fiacla aici
TUILLEADH (2) ▼
Nach diabhlaí an deis atá ort: ag tarraingt do chomharsanaí thrí t'fhiacla mar sin. Shílfeá go mb'fhearr duit a dhul agus do ghnaithe a dhéanamh go mór
Bhí tú tarraingthe thrína fiacla aici chomh maith le duine. Ach cé a thabharfadh aird ar an ngoróir bradach?
+–
Tháinig sé in m'fhiacla a rá leis nach raibh aon ghadaí sa tír ba mhó ná a athair fhéin, ach níor bhac mé leis — tháinig sé go dtí an béal agam; b'fhóbair gur dhúirt mé
Bhí sé in m'fhiacla agam a tharraingt anuas chuige ach lig mé tharam é aríst
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé in m'fhiacla a iarraidh air, ach tosaíodh ar scéal eicínt eile agus diabhal ar chuimhnigh mé air níos mó
Tháinig sé in m'fhiacla na caoirigh a fhuagairt dó, ach ó chonaic mé chomh fáilí é, dúirt mé liom fhéin nach mbeinn danra
+–
Labhair sé faoina fhiacla agus ní thuigfeadh aon fhear beo é — labhair an-íseal agus an chaint a changailt
Breá nach n-abrófá an rud amach agus gan a bheith ag mungailt faoi t'fhiacla mar sin. Is mór an suáilce an té a labhrós gan cás gan náire
TUILLEADH (1) ▼
Dúirt sé rud eicínt faoina fhiacail ach níor thug mé liom é. Is dóigh nach aon dea-rud é ar aon chor
+–
Níor chuir sé fiacail ann — dúirt sé amach é gan frapa gan taca
Siúd é nach gcuirfidh an fhiacail ann, ach a mbeidh le rá aige a rá más olc maith le duine é
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfidh mé fiacail ann. Déarfaidh mé amach leat é gan frapa gan taca, tóg orm é nó ná tóg
+–
Tá mé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail agus 'sé a bhfuil ann é — tá mé in ann maireachtáil (nó beatha a choinneáil liom fhéin) ar éigean (tobac, toitíní srl. freisin)
Cá'il mo shlíse fiafraím díot? Tá mé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail agus sách rite atá sé sin fhéin ag gabháil liom
TUILLEADH (6) ▼
Diabhal a mbeidh de chailleadh air má choinníonn sé snáth faoin bhfiacail. Dhá mbeadh an mac amuigh ina mháistir scoile aige, choinneodh sé deoladh leis
Dhá bhféadadh na daoine snáth a choinneáil faoin bhfiacail go bhfeicidís leo, níor mhiste é. Ar ndóigh ní bheidh an saol mar seo i gcónaí. Críochnóidh an cogadh uair eicínt agus saoirseoidh an bheatha agus an t-éadach. An té a bhfuil caitheamh agus fáil aige, níl údar casaoide ar bith aige
Nuair ba ghainne a bhí an tobac, choinnigh mé snáth faoin bhfiacail. B'iomaí stoipéad a chaitheadh P. Ch. agam i ngan fhios
Diabhal mé anois, an bhfeiceann tú dhá chaillte dhá bhfuil an saol faoi feaigs, go gcoinním snáth faoin bhfiacail. Ach bím buíoch dhá bhfuil de ghiollaí agam!
Théis a bhfuil de dhola air, agus lán tí de mhuirín air bail ó Dhia orthu, dar príosta tá sé ag coinneáil snáth faoin bhfiacail
Nach diabhlaí a chruthaigh an dream bhí ann roimhe seo agus snáth a choinneáil faoin bhfiacail chor ar bith, agus gan iad ag fáil dada ach a raibh ina gcnámha. Ní raibh dole ná pinsean ná airgead gasúir ann.
2.
+–
Tá sé go fiacail — tá a sháith go binn ólta aige
Má ólaim an píonta seo cuirfidh sé go fiacail mé
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé go fiacail le poitín
+–
Bhí an cliabh go fiacail aige le fataí — go bord, go béal
Tá an gloine go fiacail — go buinne bruach
TUILLEADH (2) ▼
Líon sé gloine fuisce go fiacail dom
Is diabhlaí an taoille a bhí ann anocht. Bhí an chéibh go fiacail aici — bhí sí aníos cab ar chab le urlár na céibhe
3.
an méid a bhíos leis de na sáiteáin nó na heasnachaí os cionn bord cléibh.
+–
Tá fiacail imithe as an gcliath
Céard a bhris fiacla an chléibh?
TUILLEADH (1) ▼
Níor bioraíodh fiacla an chléibh sin chor ar bith.
4.
a.
na giotaí a bhíos ag freagairt aníos idir na maint i gcorrán nó i sámh; na fleascannaí atá i mbéal círe, carla, cléithe agus a leithide eile (rud ar bith mar seo a bhfuil drad ann, bíonn fiacla ann).
+–
Is geall le fiacla sámh (saw) atá aige. Tá siad scagtha ar fad
Níl na fiacla sách dlúth sa raca sin. Fiacla mar a bheadh i gcíor a bheinn a iarraidh inti (i raca)
TUILLEADH (3) ▼
Tá dhá fhiacail briste sa racán. Ní racálfaidh sé aon fhéar dhuit go dté fiacla nua ann
Tá na fiacla lúbtha sa gcarla sin
Caithfidh fiaclaí an charla a bheith mín tláth agus sách aclaithe. Bídís freisin ar aon fhad amháin. Mura mbeidh, ní chardálfaidh sé an olann ceart.
b.
starrán as aill sa bhfarraige.
·
Tá an starr siúd ina fiacail amach sa gcuisle — gob carraige sa bhfarraige
c.
ionga phortáin, cráig ghliomaigh srl.
·
Nach aige atá an fhiacail — ionga phortáin
5.
·
Tabhair fiacail don lao sin agus b'fhéidir go n-ólfadh sé an bainne — méar; méar a choinneáil leis; do mhéar a chur faoina fhiacail le fataí, bainne nó rud mar sin a choinneáil le lao
Ní íosfaidh sé iad gan fiacail
Féach freisin
→
drad
fiacail in iontrálacha eile (50+)
→
fearacht
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
+
→
focal
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Bíodh an dea-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
Na trí rud is fealltaí: cois chapaill, fiacail madaidh nó focal duine uasail
→
fóir
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na daitheachaí seo. Tá an fhiacail ina dhá leith. Teagann driog inti amantaí agus shílfeá go dtógfadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart faighte agam uathu
→
cab
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis an bhfiacail. Níor chuir sé maoil ar bith air. Baol ar an leadaí siúd aon anró a chur air fhéin ag iompar chléibh.
Ní mór don duine bhocht carraeireacht a dhéanamh le snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
→
ceal 1
Baol ormsa a bheith in ann an chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le déanamh dhom aon cheart a bhaint den tsaill fhéin.
Is geall le dhul ar an gcláirseach d'fhiacail siúd aige do sceallóigín tobac. Ní dhéanfadh sé cangailt amháin dó (duine a mbíodh cangailt thobac thuas go síoraí aige)
→
coirigh
Níor tháinig iamh ar a bhéal, ach ag coiriúint agus ag tromachan i gcaitheamh na hoíche. Dheamhan duine a d'fhága sé sa tír nár tharraing sé thrína fhiacla.
→
cora
Tá mé thart ag fiacail atá agam a bhfuil poll inti. Dheamhan uair dhá n-ithim aon cheo nach dtéann cora den rud chrua isteach inti, agus nach gcránn sí go hanam mé.
→
cuntanós
Bíodh cuntanós eicínt ionat thairis sin, agus labhair sibhialta le na daoine. Níor bhris dea-fhocal fiacail ariamh, tá a fhios agat.
→
bealaigh
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
→
crinn
Ní hé a chaitheamh (an píopa) a dhéananns sé siúd chor ar bith ach an chois a chrinneadh faoina fhiacla. Thug mé píopa dhó an oíche cheana agus bhí lorg a fhiacla i ndeich n-áit sa gcois ar a fháil ar ais dom.
+
→
beo 2
Tá an bheo agus an marbh chomh maith le chéile tarraingthe thrína fhiacla aige — bíonn sé ag coiriúint ar an té atá ar shlí na fírinne chomh maith leis an té atá ar shlí na bréige.
TUILLEADH (1) ▼
An greim a d'ith mé, chuaigh sé go beo isteach in m'fhiacail agus bhuail daitheachaí mé, agus dheamhan foras ná suaimhneas a thug siad dhom aríst i gcaitheamh na hoíche.
→
bocht 1
Bhí sé ina shuí go te tamall ach tá sé beo bocht anois agus ag fáil a dhíol le déanamh snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
Tá sé bagarthach go leor, ach nuair a théann sé ar an scian is géire ina dhiaidh sin, níl sé buailteach. Is measa a ghlam ná a fhiacail
→
buinne 1
'Sé an buinne béil an chéad chuid den chliabh a thosós tú. Ar a bhéal faoi a dhéanfas tú é, agus tá an buinne béil thuas ag fiacail an chléibh. 'Sí an tóin an chuid deiridh a dhéanfas tú.
Dheamhan de chailleadh ar an mbuinneán gutha atá aici fós, théis nach bhfuil fiacail ina drandal.
+
→
ainm
Tá m'ainm tarraingthe thrí t'fhiacla agat i chuile áit — labhrann tú orm i chuile áit, agus ní hé an dea-rud adeireas tú fúm go minic
TUILLEADH (1) ▼
Má chloisimse go dtarraingeoidh tú m'ainm thrí t'fhiacla feasta, beidh scéal agat air (íocfaidh tú ann, beidh rud ar a shon agat srl.)
Thug sé farra faoi gan aireachtáil agus bhuail sé ar a bhéal agus ar a fhiacla amuigh faoin tsráid é.
+
Cuireadh amach é ar a bhéal agus ar a fhiacla — cuireadh i ndiaidh a mhullaigh é
TUILLEADH (1) ▼
Cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é agus fhóbair nár baineadh a raibh d'fhiacla istigh ina cheann as.
→
anachain
Caith an fhiacail sin in aghaidh na hanachain — fiacail a scoith duine agus dúirt duine eile leis í a chaitheamh in aghaidh na hanachain as greann. Go hiondúil, séard a déantar le fiacail í a chaitheamh siar thar mullach do chinn ach gráinnín salainn a chur inti i dtosach. Is briotais magaidh daigh fhiacal é sin.
Cuireadh anuas ar mo bhéal is ar m'fhiacla ar an mbóthar mé — leagadh ar mo bhéal fúm ar an mbóthar mé
→
flaisc
Cuireadh anuas ar a bhéal agus ar a fhiacla d'aon fhlaisc amháin é — aon iarraidh amháin; d'aon tuairt amháin
→
fogha
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aon duine sa tír nach bhfuil tarraingthe thrína fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rá leis, tá fogha agus aithis bainte aici as. Is seó (show) í!
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaí — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí chomh righin le gad
→
foireann
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeodh (a chosnódh) foireann anois. Níl rud ar bith ar ndóigh is daoire ná fiacla
→
fás 2
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Murach gur faide, bheadh ciall ag S. feasta arae tá na fiacla curtha go maith aige
→
paiteoil
Is deas í! Paiteoil! Dhá mbeadh leasú cruaí ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtabharfadh sibh bruith eicínt don rud a chuireas sibh síos. Ag diomalú beatha: sin é a bhfuil sibh a dhéanamh
+
"Na trí ní is fealltaí: cois capaill, fiacail madaidh, focal duine uasail"
TUILLEADH (2) ▼
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a airdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneáil uaidh ná a thabhairt as a bhéal
Tá an poll sin fealltach san oíche mura mbeadh an-eolas agat ann. Ní chuimhneodh duine go mbeadh cor ar bith sa gcosán nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fána é
→
fuacht
Beidh na daoine ceart chomhuain is a bheas an teas ag breith ar an bhfuacht acu. Dhá bhféadadh duine snáth a choinneáil faoin bhfiacail chor ar bith, dheamhan a mbeadh daorbhasctha dhe, ach is deacair sin a dhéanamh. Agus ina dhiaidh sin, sé an saol is fhearr a tháinig le mo chuimhnese é. Tá neart airgid ag daoine
→
fuar 2
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beathach mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheantaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí tornapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh foireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire acu! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon fhiacail agam anois
→
fuascail
Níl d'fhuascailt ar na daitheachaí sin ach na fiacla a tharraingt. Isteach leat amárach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air gur beag na daitheachaí a fhanfas ort ansin
+
→
daigh
Tá mé go dona le daigh faoin bhfiacail
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon fhiacail ag gabháil liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a bhíos orm théise sin, ní ag tabhairt ghutha orthu é!
Tá daitheachaí orm (/dɛ̄xī/, /dəixī/); tá daitheachaí fiacla (nó daitheachaí fiacal) orm; tá daigh (/dəi/, /dɛ̄/) fhiacal orm (ciallaíonn daitheachaí as féin daitheachaí fiacal. 'Sé adeirtear go hiondúil, ach in áiteacha cuirtear fiacla, fiacal leis. Ní bhíonn tinneas fiacal ag aon duine ach ag máistrí scoile, nó a leithidí!)