Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drad
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: draid, dradannaí amantaí
1.
na fiacla i mbéal an duine nó i mbéal beithígh nó éisc. Ach bíonn drad i rudaí eile freisin .i. cineálachaí sábh, inneall bhuailte an choirce, cliath, bís srl. Rud ar bith a bhfuil sórt fiacla as ar nós sáibh is drad adeirtear leis. Deirtear drad go minic le béal soithigh freisin .i. cannaí, bairillí srl. Tugtar scaití ar bhéal speile, scine, rásúir agus eile é ach béal is iondúla leo sin.
a.
+
Bhí an-drad fiacal aici ar chaoi ar bith — bó, capall, duine srl.
Tá drad deas fiacal aige
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an slacht ar dhuine drad deas fiacal
+
Má cheapann sibh go bhfuil tuilleadh aoise aici, tá sí ansin agaibh le breathnú ar a drad — ar aonach nó a leithide nuair a bhíos margadh dhá dhéanamh, breathnaítear ar dhraid beithíoch lena n-aois a mheas
Diabhal drad ná drad ar bhreathnaigh siad siúd air ach a ceannacht mar a bhí sí
TUILLEADH (5) ▼
Seanbhó: is deacair mórán meabhair a bhaint as a drad
Tá an drad curtha go maith aici. M'anam go gceapfainn go bhfuil sí an aois sin go réidh
D'ól mé purgóid anseo anuraidh, agus fhóbair go ndéanfainn mo dhrad síos thríom, d'oibrigh sí mé chomh mór sin!
Breathnaídís ar a drad má tá sé ag cinnt orthu a haois a dhéanamh amach agus feicfidh siad a bhfuil sé curtha aici nó nach bhfuil. Déarfainn go bhfuil sé curtha aici! — fear a bhí ag braiteoireacht faoi bhean a phósadh faoi rá is nach raibh a fhios aige cén aois go barainneach í
Níl drad ar bith agamsa anois le rud crua ar bith a ithe. Mura bhfaighe mé builín, níl aon ghair agam drannadh le tada eile
+
Tá drad scagach (stramhach, mantach, drad séanais srl.) aici
Bíonn drad dúblaithe ag cuid de na daoine — dhá drad i leaba ceann
TUILLEADH (7) ▼
Bhí drad dúblaithe ag M. C. a bhí ansin thuas go ndéana Dia grásta uirthi
Nach scagach an drad atá aige — na fiacla scagtha óna chéile
Bhí draid stramhacha ag an dream sin ar fad
Tá drad francaí aige sin — drad an-ghéar
Dhá mba sail adhmaid a leagfá aige sin, changlódh sé í. Tá drad francaí aige
Is gearr le dhul an bríce aráin sin ar a dhrad goineach siúd!
Ní bheidh dhá ghreim sa méid sin ag a dhrad siúd
+
Tá drad cnúdáin aici — níl rud ar bith is deise drad ná an cnúdán
Is mór an feall go gcaithfidh sí a cuid fiacal a tharraingt. Bhí drad an chnúdáin aici
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí breá an drad atá aici ar chaoi ar bith. Drad an chnúdáin ag luí ceart le chéile
Is fhearr le M. roghain a dhéanamh ar dhrad an chnúdáin. Ní thaitníonn na mullaí rua leis
+
Cén chall atá dhi sin drad bréige (nó drad false) a chur isteach. Nach bhfuil drad an chnúdáin aici mar atá sí. Ach ní mór léithe a bheith sa bhfaisean chreidim
Bhí sé óltach uair anseo agus tháinig tonn taoscach air, agus chuir sé amach an drad bréige agus d'fhága sé ina dhiaidh iad, agus b'éigean dó a dhul agus foireann nua a chur isteach
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh mé drad a chur isteach, agus ní saill gan fiacha é sin
Tá drad óir istigh aige
Chuir sé drad nua glan uileag isteach
Tá drad fabhtach agam. Caithfidh mé a dtarraingt as éadan
+
Coinnigh taobh thiar de do dhrad é sin — coinnigh faoi do chúlfhiacail é; is rún é agus ná sceith é
Ba chóra dhó an méid sin a choinneáil taobh thiar dhá dhrad, agus gan a bheith ag imeacht dhá chraobhscaoileadh ar fud na tíre
TUILLEADH (4) ▼
Coinneoidh sé taobh thiar dhá dhrad é nó go n-ólfaidh sé an chéad taoscán eile pórtair. Tiocfaidh sé aniar ansin!
Má chuir an fear parúl ort faoi, bhí agat a choinneáil taobh thiar de do dhrad. Ní dheachaigh sé dhá inseacht duit i gcleithiúnas agus go n-inseofása é d'Éire bheag agus d'Éire mhór
Tá ag duine rud ar bith nach mbaineann dó a choinneáil taobh thiar dhá dhrad
Dúradh leis an méid sin a choinneáil taobh thiar dhá dhrad, agus dar brí an leabhair, bhí sé ag gasúir an bhaile tráthnóna lá arna mhárach. Sin é an fear a bhfuil an foscadh ann!
·
Caithfidh an ionga tobac a bheith i gcónaí faoin drad aige, nó níl sé in ann faice a dhéanamh — cangailt tobac a bheith thuas aige
b.
+
Rug drad an mheaisín air agus sciob sé an láimh dó, i bhfad uainn an anachain
Níor mhór do dhuine a bheith an-airdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach inti sin faitíos an draid
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon drad sa sábh sin anois
Tá drad goineach aici sin — inneall bhuailte coirce
Chuir sé isteach i ndrad na bíse é agus d'fháisc sé air
2.
+
Níl fiacail ina dhrad — níl fiacail ina dhrandal; ina charbad
Níl fiacail shlán in mo dhrad
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú gan drad gan fiacail — gan fiacail ar bith
Níl fiacail ag gabháil le mo dhrad uachtair, ach aon bhuinín beag amháin de chúlfhiacail, agus go deimhin ní éadáil mhór dhom í sin
Níl cúlfhiacail ag gabháil le mo dhrad uachtair, agus tá dhá chlárfhiacail caillte agam sa drad íochtair
Tá an drad uachtair go maith agam, ach tá an drad íochtair tugtha uaithi
Tharraing mé trí fhiacail as an drad íochtair inniu, agus tá péire imithe as an drad uachtair cheana
3.
a.
+
Níl sé ag déanamh a dhath faoin domhan ach ag imeacht i gcónaí agus a phíopa ina dhrad aige
Feicfidh tú an píopa ina dhrad i gcónaí
TUILLEADH (5) ▼
Rug an madadh ina dhrad ar an gcat agus chroith sé é
Céard é sin ina drad ag an mbó sin. Bain di é, Dia aithnítear!
Feicfidh tú an bhó sléibhe sin ag imeacht i gcónaí agus ceirt eicínt ina drad aici
Bhí a drad greamaithe. B'éigean spúnógaí a fháil lena bhaint ó chéile
Nach in é a chuir an bhail air féin le ól! Bhí glas ar a dhrad, agus fhóbair nach mbainfí ó chéile chor ar bith é
+
Scread mhaidne ar a dhrad mór le caoi a bheith air!
Nár chuire Dia an t-ádh ar a dhrad scadáin le cleas a dhéanamh! — drad scadáin le drochmheas
TUILLEADH (1) ▼
Múchadh agus báthadh air! Drad mór!
+
Déarfaidh mé suas leis an drad aige é má bhaineann sé mórán cainte asam — déarfaidh mé lom díreach leis é
Déarfaidh mise suas lena dhrad é. Cén bheann atá agam air?
TUILLEADH (6) ▼
Ní ag dul ar chúl an chlaí a bheas mé chor ar bith, ach tá mé dhá rá suas le do dhrad anois agus déan de rogha ceal dhe
Cneámhaire é, agus déarfainn suas leis an drad aige é dhá spadhradh sé tada mé
Sin é an fear nach mbeidh ag dul anonn ná anall le rud, ach adéarfas suas leis an drad ag duine é má thugann sé mórán tsiocair dó
Is beag a bhéarfadh orm a rá suas lena drad gurb ise ba ciontaí luath agus mall. Déarfadh freisin, má chaintíonn sé dubh ná dath faoi
Dúradh suas leis an drad ansiúd aige céard a rinne sé, agus má dúradh fhéin, dheamhan ar shéan sé é, ná cuid dhá shéanadh
Abair suas leis an drad aici go bhfuil sí ag fágáil na maolbhearnaí siúd gan tógáil féint a bhfoghlófaí an garraí, agus go mbainfeadh sí a luach de dhuine eicínt ó tharla na fataí a bheith loicthe ann
+
Shantaigh mé é a bhualadh siar ar an drad (nó isteach ar an drad; ach is minice adeirtear siar)
Bhuailfinn siar ar an drad thú mura ndúnthá do bhéal. Is maith an t-údar thú!
TUILLEADH (5) ▼
Séard a bhí le déanamh leis, é a bhualadh siar ar an drad nuair a thosaíos sé ar an ngráiscínteacht sin. Chuirfeadh sé úis ort
Fhóbair mé a dhó nó trí de chuarta é a bhualadh siar ar an drad, ach bhí a raibh eile ann ansiúd ag scairtíl, agus ag fáil siamsa air
Is gearr an éisteacht a bheadh aige sin leis nó go mbuaileadh sé siar ar an drad é. Ba é a dhéanamh leis é freisin
Mo choinsias dar m'anam, mura n-éirí tú as anois, buailfidh mé siar ar an drad thú!
Iarraidh a bhí a thabhairt dó trasna an draid
+
Gheobhadh sé ar an drad é murach go raibh leisce ormsa
Má osclaíonn sé a bhéal, gheobhaidh sé isteach ar an drad é — buailfear ar an drad é
TUILLEADH (3) ▼
Má chloisim smid do bhéil aríst anocht uait, gheobhaidh tú isteach ar an drad é. Ní bheidh sé níos lú agat
Bhí fear ann muis — T. — agus ba ghearr gasta a bheadh sé dhá thabhairt isteach ar an drad dó dhá gcloiseadh sé mórán sceaimhínteachta uaidh, ach níor chuala
Fuair sé faoin drad inniu é — duine ag dul in aghaidh bháistí, sneachta srl. nó duine a bheifí a ionsaí, a bhualadh srl.
+
Bhain sé an drad as le iarraidh mhaide (le dorna srl.)
Bainfidh sé an drad as mura mbeidh tú ar do shon féin
TUILLEADH (4) ▼
Bhainfinn na fiacla as do dhrad le failm!
Bhainfí an drad ansiúd asat dhá n-abraíteá druid ar bith
Chuirfinn a dhrad siar ina bholg (síos ina bholg) dá labhraíodh sé
Chuir sé a dhrad síos ina bholg le iarraidh
·
Lig mise an méid sin faoin drad aige — faoin tsróin; faoin tsúil srl.; rud eicínt a rá leis nach dtaitneodh leis a chloisteáil
Bailíodh leis anois! Chuaigh an méid sin faoin drad aige!
b.
+
Bhí an teach lán go drad — go doras, go boimbéal, go béal
Fuair sé lán na gloine go drad, agus go dtuga an diabhal thairis é más ag súil le tuilleadh a bhí sé!
TUILLEADH (9) ▼
Chaith sé an-uisce aréir. Tá claise an tsrutha ansin thoir lán suas go drad
Líon an citil go drad anois. Beidh tae ag teastáil ón gcuid eile freisin
Líon an pionta sin suas go drad. Tiocfaidh taoscáinín eile ann
Tá an cró abhus lán go drad le fataí aige
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan brách óil inniu. Bhí an-mhathslua ann
Bhí an lorry lán go drad le caoirigh aige
Tá an tobar go drad le uisce anois
Tá sé lán go drad anois — fear a mbeadh a sháith ólta aige
Ní cheal ola atá air ar chaoi ar bith. Tá sé lán go drad. Rud eicínt atá ar an ngéabhóig
+
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (chuireann tú), gabhfaidh cuid dhó thar maoil agus báfaidh sé an tine
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leathcheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí huaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon ghnaithe agat an bosca a chur go drad le gaineamh nó clisfidh sí sna harda ort. Ní tharraingeoidh sí a lán go drad choíchin
M'anam go bhfuair sé taoscán maith fataí. Chuaigh mé go drad leis an gcliabh mór sin amuigh faoi dhó. Bhí cúnamh maith de thrí mhála Gaillmheach aige
Ná téirigh go drad leis an bpíopa sin dhá líonadh. Tá smúdar beag anseo agam a chuirfeas mé ina uachtar
+
Tá sé ag dul thar drad — teach a bheadh a bheith lán le daoine; soitheach, claise agus eile
Teaga leis. Déanfaidh sin thú! Cuirfidh tú an soitheach sin thar drad
TUILLEADH (4) ▼
Tá an portach siúd thuas agam ag cur thar drad le uisce
Tá an bairille sin amuigh ag dul thar drad leis an mbáistigh
Tá an tobar ag dul thar drad anois théis tuile na hoíche aréir
Bhí cheithre fholach aici ansiúd ag dul thar drad le coirce. Ba dhalba an lear a bhí uirthi
4.
+
Feicfidh tú ansin ag cur draid air féin é nuair a thaitníos rud leis — cáir, strainc, drannadh
An bhfeiceann tú an drad atá ar an diabhlánach anois? Ba deacair magadh a dhéanamh faoi t'athair féin
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé drad air féin nuair a chonaic sé an pionta ag teacht
Ní raibh duine ar bith ann ach T. Mh. agus drad air ansiúd ag slogadh a raibh dhá chumadh dhó
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chat anois. Tá drad air théis chuile dheoir den bhainne a ól
Tháinig drad air chomh luath agus a tharraing tú amach na cigarettes) ag tnúthán le ceann
Tá sé ansiúd agus drad air ag slogadh na ngrást!

Féach freisin

drad in iontrálacha eile (16)

 
Níl d'áirge sa liamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir lena chuid éisc, caitear ag an deachma é. Is maith géar an drad nár mhór duit a bheith agat le dhul in éadan liamhán gréine
 
Bhí sé deisithe amuigh i dtosach an bhus, agus drad flithmhagadh air
 
Tá deoraí beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus cluimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiúl lae ball is francaithe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aici féin orm gur buaileadh é
 
dia 1
An bhfaca tú an chuairsce dhubh a bhí sa show ansin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr ina drad aici. Bhí sí chomh dubh leis an sméir. Is iomaí duine ag Dia ina dhiaidh sin
 
Shílfeá go bhfuil an bag dingthe. Duine eicínt a shuigh air sa mbus. Sea go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhléaracht mar sin aimsir na Nollag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad
 
diúg
An bhfaca tú aon duine ariamh atá in ann píopa a dhiúgadh mar é. Coinníonn sé ina bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin. Shín mé píopa anseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann. Cén bhrí ach go raibh sé lán go drad. Níor thóg sé as a bhéal go ham suipéir é. Beirim féin ar an bpíopa agus tosaím ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann, féint a mbraithfeadh sé go raibh milleán agam air, ach ar ndóigh mo léan fuair tú amach é!
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach prochóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Théadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. Nuair a theagadh muid faoin doras i gcónaí, sé an leathrann a bhíodh ag T. 'Doirtigí anuas a scorachaí. Má tá mé cúng, níl mé doicheallach.' Is minic a chonaic mé an teach sin lán go drad. Ní thoillfeadh duine eile ann. Is iomaí siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcónaí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach chomh híseal sin
+
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhóbair dó breith orm ansin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brí an leabhair, gheobhadh sé an dara hairt murach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'uireasa mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath is a nochtfaidh sé an drandal, tabharfaidh mise mo sheansnaidhm de mhullach cois na fuipe isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madra alla air, dhonódh an iarraidh sin é
TUILLEADH (2) ▼
Siúd é a bhfuil an drandal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Chomh luath agus a gheobhas sé a boladh, teagann díocas ar an drad aige le teann dúil inti. Ní fhaca mé fear a bharrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon duine eile
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na drandail dóibh agus a gcuid drad a chur siar ina mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scabhaitéaraí!
 
Tá drad dúblaithe ag M. sin thíos — bíonn drad dúbalta fiacal ag cuid de na daoine
 
dubh 3
Ní foláir duit an drad sin agat a sciúradh corruair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodta. Tá siad dubhaithe uileag le gairid
 
dúid
Thug drad an engine an láimh glan ón dúid dó. 'Sí atá deas air a mhic ó. Níorbh ait liom plé ar bith a bheith agam le na h-engines céanna. Dhá mbeadh an saol ag caint, tá an buille feille iontu. Ní fhaca mé aon lá den rath ar an saol ó d'éirigh na daoine as é (arbhar) a bhualadh ar an gcloich. Tá cogadh agus báisteach agus easpa tae ann chuile lá ó shin
 
dún
Nach dúnta a bhí an drad anois aige agus go mb'éigean spúnógaí a chur dhá oscal
 
Chuaigh sé romham sa gcaint, agus dúirt sé gurb é féin a bhí thíos ann an oíche sin shula tháinig mise isteach. Is mór dhá fhonn a bhí orm é a thabhairt isteach ar an drad dó
 
Tá an teach ag dul thar drad lena bhfuil de dhaoine ann — tá sé ag dul thar maoil