1.
na fiacla imbéal an duine nó imbéal beithidhigh nó éisc. Ach bíonn drad i rudaí eile freisin .i. cineálachaí sábh, inneal bhuailte an choirce, cliath, bís agus rl. Rud ar bith a bhfuil sórt fiacla as ar nós sáibh is drad adeirtear leis. Deirtear drad go minic le béal soithigh freisin .i. cannaí, bairillí agus rl. Tugtar scaithtí ar bhéal speile, scine, rásúir agus eile é ach béal is iondamhla leo sin.
a.
+–
Bhí an-drad fiacal aice ar chaoi ar bith = bó, capall, duine agus rl.
Tá drad deas fiacal aige
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an slacht ar dhuine drad deas fiacal
+–
Má cheapann sibh go bhfuil tuilleadh aoise aice, tá sí annsin agaibh le breathnú ar a drad = ar aonach nó a leithide nuair a bhíos margadh dhá dhéanamh, breathnuighthear ar dhraid beithidheach len a n-aois a mheas
Diabhal drad ná drad ar bhreathnuigh siad siúd air ach a ceannacht mar a bhí sí
TUILLEADH (5) ▼
Sean-bhó: is deacair mórán meabhair a bhaint as a drad
Tá an drad curtha go maith aice. M'anam go gceapfainn go bhfuil sí an aois sin go réidh
D'ól mé purgóid annseo anuiridh, agus fhobair go ndéanfainn mo dhrad síos thríom, d'oibrigh sí mé cho mór sin!
Breathnuighidís ar a drad, má tá sé ag cínnt orra a h-aois a dhéanamh amach agus feicfidh siad a bhfuil sé curtha aice nó nach bhfuil. Déarfainn go bhfuil sé curtha aice! = fear a bhí ag braithteoireacht faoi bhean a phósadh faoi rádh agus nach raibh a fhios aige cé'n aois go barrainneach í
Níl drad ar bith agamsa anois le rud cruadh ar bith a ithe. Mara bhfaghaidh mé builín níl aon-ghoir agam drannadh le tada eile
+–
Tá drad scagach (stramhach, mantach, drad séanuis agus rl.) aice
Bíonn drad dúbluighthe ag cuid de na daoine = dhá drad i leabaidh ceann
TUILLEADH (7) ▼
Bhí drad dúbluighthe ag M. C. a bhí annsin thuas go ndéanaidh Dia grásta uirre
Nach scagach an drad atá aige = na fiacla scagtha ón a chéile
Bhí draid stramhacha ag an dream sin ar fad
Tá drad francaighe aige sin = drad an-ghéar
Dhá mbadh sail adhmaid a leagfá aige sin, changlóchadh sé í. Tá drad francaighe aige
Is gearr le dhul an bríce aráin sin ar a dhrad goineach siúd!
Ní bheidh dhá ghreim 'san méid sin ag a dhrad siúd
+–
Tá drad cnúdáin aice = níl rud ar bith is deise drad ná an cnúdán
Is mór an feall go gcaithfidh sí a cuid fiacal a tharraingt. Bhí drad an chnúdáin aice
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí breagh an drad atá aice ar chaoi ar bith. Drad an chnúdáin ag luighe ceart le chéile
Is fhearr le M. roghain a dhéanamh ar dhrad an chnúdáin. Ní thaithnigheann na mullaighe ruadha leis
+–
Cé'n chall atá dhi sin drad bréige (nó drad "fáls") a chur isteach. Nach bhfuil drad an chnúdáin aice mar atá sí. Ach ní mór léithe a bheith 'san bhfaisean chreidim
Bhí sé óltach uair annseo agus tháinic tonn taoscach air, agus chuir sé amach an drad bréige agus d'fhága sé in a dhiaidh iad, agus b'éigin dó a dhul agus fuireann nuadh a chur isteach
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh mé drad a chur isteach, agus ní saill gan fiacha é sin
Tá drad óir istigh aige
Chuir sé drad nuadh glan uiliog isteach
Tá drad fabhtach agam. Caithfidh mé a dtarraingt as éadan
+–
Coinnigh taobh thiar de do dhrad é sin = coinnigh faoi do chúil fhiacail é; is rún é agus ná sceith é
Ba chóra dhó an méid sin a choinneál taobh thiar dhá dhrad, agus gan a bheith ag imeacht dhá chraobhscaoileadh ar fud na tíre
TUILLEADH (4) ▼
Coinneochaidh sé taobh thiar dhá dhrad é, nó go n-ólfaidh sé an chéad-taoscán eile pórtair. Tiocfaidh sé aniar annsin!
Má chuir an fear pearúl ort faoi bhí agad a choinneál taobh thiar de do dhrad. Ní dheachaidh sé dhá innseacht duit igcleitheamhnas agus go n-innseochthá-sa é d'Éire Bheag agus d'Éire Mhór
Tá ag duine rud ar bith nach mbaineann dó a choinneál taobh thiar dhá dhrad
Dubhradh leis an méid sin a choinneál taobh thiar dhá dhrad, agus dar brigh an leabhair, bhí sé ag gasúir an bhaile trathnóna lár na bháireach. Sin é an fear a bhfuil an fascadh ann!
·
Caithfidh an ionga tobac a bheith igcomhnaí faoi'n drad aige, nó níl sé indon faice a dhéanamh = cangailt tobac a bheith thuas aige
b.
+–
Rug drad an mheaisín air, agus sciob sé an láimh dó i bhfad uainn an anachain
Níor mhór do dhuine a bheith an-áirdeallach nuair a bheadh sé ag cur na ndornán isteach innte sin, faitíos an draid
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-drad 'san sábh sin anois
Tá drad goineach aice sin = inneal bhuailte coirce
Chuir sé isteach indrad na bíse é, agus d'fháisc sé air
2.
+–
Níl fiacail in a dhrad = níl fiacail in a dhrandal; in a charbad
Níl fiacail shlán in mo dhrad
TUILLEADH (5) ▼
Tá tú gan drad gan fiacail = gan fiacail ar bith
Níl fiacail ag gábhail le mo dhrad uachtair, ach aon-bhuinín beag amháin de chúl-fhiacail, agus go deimhin ní éadáil mhór dhom í sin
Níl cúl-fhiacail ag gábhail le mo dhrad uachtair, agus tá dhá chlárfhiacail caillte agam 'san drad íochtair
Tá an drad uachtair go maith agam, ach tá an drad íochtair tugtha uatha
Tharraing mé trí fhiacail as an drad íochtair indiu, agus tá péire imighthe as an drad uachtair cheana
3.
a.
+–
Níl sé ag déanamh a dhath faoi'n domhan ach ag imeacht i gcomhnaí agus a phíopa ina dhrad aige
Feicfidh tú an píopa in a dhrad i gcomhnaí
TUILLEADH (5) ▼
Rug an madadh in a dhrad ar an gcut agus chraith sé é
Céard é sin in a drad ag an mbó sin. Bain di é, Dia aithnighear!
Feicfidh tú an bhó sléibhe sin ag imeacht i gcomhnaí agus ceirt eicínt in a drad aice
Bhí a drad greamuighthe. B'éigin spúnógaí a fháil len a bhaint ó chéile
Nach shin é a chuir an bhail air féin le ól! Bhí glas ar a dhrad, agus fhobair nach mbainfí ó chéile chor ar bith é
+–
Scread mhaidne ar a dhrad mór le caoi a bheith air!
Nár chuiridh Dia an t-ádh ar a dhrad scadáin le cleas a dhéanamh! = drad scadáin le droch-mheas
TUILLEADH (1) ▼
Múchadh agus báthadh air! Drad mór!
+–
Déarfaidh mé suas leis an drad aige é, má bhaineann sé mórán cainte asam = déarfaidh mé lom díreach leis é
Déarfaidh mise suas len a dhrad é. Cé'n bheann atá agam air?
TUILLEADH (6) ▼
Ní ag dul ar chúl an chlaidhe a bhéas mé chor ar bith, ach tá mé dhá rádh suas le do dhrad anois agus déan de rogha ceal dhe
Cneamhaire é, agus déarfainn suas leis an drad aige é, dhá spadharadh sé tada mé
Sin é an fear nach mbeidh ag dul anonn ná anall le rud, ach adéarfas suas leis an drad ag duine é, má thugann sé mórán tsiocair dó
Is beag a bhéarfadh orm a rádh suas len a drad gurb ise ba cionntaighe luath agus mall. Déarfadh freisin, má chaintigheann sé duth ná dath faoi
Dubhradh suas leis an drad annsiúd aige céard a rinne sé, agus má dubhradh fhéin, dheamhan ar shéan sé é, ná cuid dhá shéanadh
Abair suas leis an drad aice go bhfuil sí ag fágáil na maol-bhearnaí siúd gan tógáil fea'int a bhfoghlóchaí an garrdha, agus go mbainfeadh sí a luach do dhuine eicínt ó thárla na fataí a bheith loicthe ann
+–
Shantuigh mé é a bhualadh siar ar an drad (nó: isteach ar an drad; ach is minice adeirtear "siar")
Bhuailfinn siar ar an drad thú mara ndúintheá do bhéal. Is maith an t-údar thú!
TUILLEADH (5) ▼
'Séard a bhí le déanamh leis é a bhualadh siar ar an drad nuair a thosuigheas sé ar an ngráiscínteacht sin. Chuirfeadh sé uais ort
Fhobair mé a dhú nae trí (a dhó nó a thrí) de chuarta é a bhualadh siar ar an drad, ach bhí a raibh eile ann annsiúd ag scartghail, agus ag fáil siamsa air
Is gearr an éisteacht a bheadh aige sin leis, nó go mbuaileadh sé siar ar an drad é. Ba é a dhéanamh leis é freisin
Mo choinsias dar m'anam mara n-eirighidh tú as anois buailfidh mé siar ar an drad thú!
Iarraidh a bhí a thabhairt dó treasna an draid
+–
Gheobhadh sé ar an drad é, marach go raibh leisce ormsa
Má oscluigheann sé a bhéal, gheobhaidh sé isteach ar an drad é = buailfear ar an drad é
TUILLEADH (3) ▼
Má chloisim smid do bhéil aríst anocht uait, gheobhaidh tú isteach ar an drad é. Ní bheidh sé níos lugha agad
Bhí fear ann muis — T. — agus ba ghearr gasta a bheadh sé dhá thabhairt isteach ar an drad dó dhá gcloiseadh sé mórán sceaimhínteacht' uaidh, ach níor chuala
Fuair sé faoi'n drad indiu é = duine ag dul in aghaidh bháistighe, sneachta agus rl. nó duine a bheithí a ionnsaidhe, a bhualadh agus rl.
+–
Bhain sé an drad as le iarraidh mhaide (le dorna agus rl.)
Bainfidh sé an drad as mara mbeidh tú ar do shon féin
TUILLEADH (4) ▼
Bhainfinn na fiacla as do dhrad le failm!
Bhainfí an drad annsiúd asad, dhá n-abruightheá druid ar bith
Chuirfinn a dhrad siar in a bholg (síos in a bholg) dá labhruigheadh sé
Chuir sé a dhrad síos in a bholg le iarraidh
·
Leig mise an méid sin faoi'n drad aige = faoi'n tsróin; faoi'n tsúil agus rl.; rud eicínt a rádh leis nach dtaithneochadh leis a chloisteáil
Bailigheadh leis anois! Chuaidh an méid sin faoi'n drad aige!
b.
+–
Bhí an teach lán go drad = go doras, go boimbéal, go béal
Fuair sé lán na gloine go drad, agus go dtugaidh an diabhal thairis é, má's ag súil le tuilleadh a bhí sé!
TUILLEADH (9) ▼
Chaith sé an-uisce aréir. Tá claise an tsrotha annsin thoir lán suas go drad
Líon an ceitil go drad anois. Beidh tae ag teastáil ó'n gcuid eile freisin
Líon an pionta sin suas go drad. Tiocfaidh taoscáinín eile ann.
Tá an cró i bhfus lán go drad le fataí aige
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
Bhí an "lorry" lán go drad le caoirigh aige
Tá an tobar go drad le uisce anois
Tá sé lán go drad anois = fear a mbeadh a sháith ólta aige
Ní cheal ola atá air ar chaoi ar bith. Tá sé lán go drad. Rud eicínt atá ar an ngéabhóig
+–
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (má chuireann tú) gabhfaidh cuid dhó thar maoil, agus báithfidh sé an teine
An bhfeiceann tú an ghloine mhór sin thuas ar íochtar an drisiúir. 'Sí a leath-cheann sin a bhí aige, agus chuir sé go drad dom í trí h-uaire. Nach beag an dochar dhom a bheith súgach féin?
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-ghnatha agad an bosca a chur go drad le gaineamh, nó clisfidh sí 'sna h-árda ort. Ní tharraingeochaidh sí a lán go drad choidhchin.
M'anam go bhfuair sé taoscán maith fataí. Chuaidh mé go drad leis an gcliabh mór sin amuigh faoi dhó. Bhí congnamh maith de thrí mhála Gaillimheach aige
Ná teirigh go drad leis an bpíopa sin dhá líonadh. Tá smúdar beag annseo agam a chuirfeas mé in a uachtar
+–
Tá sé ag dul thar drad = teach a bheadh a bheith lán le daoine; soitheach, claise agus eile
Teaga leis. Déanfaidh sin thú! Cuirfidh tú an soitheach sin thar drad
TUILLEADH (4) ▼
Tá an portach siúd thuas agam ag cur thar drad le uisce
Tá an bairille sin amuigh ag dul thar drad leis an mbáistigh
Tá an tobar ag dul thar drad anois th'éis tuile na hoíche aréir
Bhí cheithre fholach aice annsiúd ag dul thar drad le coirce. Ba dhalba an lear a bhí uirre
4.
+–
Feicfidh tú annsin ag cur draid air féin é, nuair a thaithnigheas rud leis = cáir, strainc, drannadh
An bhfeiceann tú an drad atá ar an diabhlánach anois? Ba deacair magadh a dhéanamh faoi t'athair féin
TUILLEADH (5) ▼
Chuir sé drad air féin nuair a chonnaic sé an pionta ag tíacht
Ní raibh duine ar bith ann ach T. Mh. agus drad air annsiúd ag slugadh a raibh dhá chumadh dhó
An bhfeiceann tú an deis atá ar an diabhlánach de chut anois. Tá drad air th'éis 'chuile dheoir de'n bhainne a ól
Tháinic drad air, cho luath agus a tharraing tú amach na "cigarettes" ag tnuthán le ceann
Tá sé annsiúd agus drad air ag slugadh na ngrást!
Drad in iontrálacha eile (50)
→
deachma
Níl d'áirge ins an líamhán gréine ach an ola atá ann, measaim. Maidir len a chuid éisc caithtear ag an deachma é. Is maith géar an drad nar mhór duit a bheith agad, le dhul in éadan liamhán gréine
→
deoraí
Tá deoruidhe beag de mhadadh ann. Cinnín gliobach agus claimhreach féasóige ar a bhéal, agus ní fhaca tusa in do shiubhal lae ball is francuighthe ná é. Shíl sé an chois a scealpadh agam an oíche faoi dheireadh, nó go dtug mé an bhróig isteach ar an drad dó. Is beag an ghrásta a bhí aice féin orm gur buaileadh é.
→
dia 1
An bhfaca tú an chuaisce dhubh a bhí san "show" annsin thoir an bhliain cheana? Í siúd a mbíodh an roth cairr in a drad aice. Bhí sí cho dubh leis an sméir. Is iomdha duine ag Dia ina dheidh sin
→
dingthe
Shílfeá go bhfuil an "bag" dingthe. Duine eicínt a shuidh air ins an mbus. Seadh go siúráilte. Duine ar bith atá ag traibhiléaracht mar sin aimsir na Nodlag, is deacair dó rud ar bith a thabhairt slán. Bíonn busannaí agus traentachaí líonta go drad.
→
diúg
An bhfaca tú aon duine ariamh atá indon píopa a dhiúgadh mar é. Coinnigheann sé in a bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin. Shín mé píopa annseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann. Cé'n bhrigh ach go raibh sé lán go drad. Níor thóig sé as a bhéal go h-am suipéir é. Beirim féin ar an bpíopa agus tosuighim ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann fea'int a mbrathfadh sé go raibh milleán agam air, ach 'ar ndú' mo léan fuair tú amach é!
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin
+
Bhí drad-chléibhín meangiols aige.
TUILLEADH (1) ▼
Rith soir agus tabhair anoir drad-chléibhín turnapaí agam l'aghaidh na mbeithidheach
+
Leig de do chuid drad-gháirí fúmsa anois, nó leathnóchaidh mé dorna ar an smaois agad gan mórán achair. An síleann tú nach ndéanfainn é?
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an gáirí leis an olc muis, an drad-gháirí a dhéanfas sé sin. Ti hí! Nach hé an sionnach i gcraiceann na caorach é!
Thosuigh sé ag drad-gháirí faoi J. agus 'ar ndú' mo léan spréach sé sin, agus bhí sé ar thob a dhul dhá mheilt, nuair cé a shiubhailfeadh isteach ach an sagart. Sin é a tháinig ar uair na h-athchuinge ar chaoi ar bith!
Is gránna an bealach do chailín óg mar í straois a bheith uirre mar siúd i gcomhnaí ag drad-gháirí. Dhá mbadh é an duine ba mheasa leat ariamh a bheadh ann, sin é an chaoi a mbeadh sí. Ba deas a thiocfadh masc (mask) di
Ná tabhair d'fhaisean duit féin mar sin a phutacháin a bheith ag drad-gháire nó greamóchaidh sé dhuit! Dhá bhfeictheá tú féin anois. Go deimhin agus go dearbhtha is breagh dathamhail í do cheannaghaidh!
Bhí tú ag drad-gháirí ar baillín, agus anois tá tú ag smutaireacht chaoineacháin. Níl a fhios agam féin cé'n scéal é
+
Is diabhlaí drad-gháireach atá cuid de na daoine. Ní mórán drad-gháirí muise ab ait leo a dhéanamh fútha féin. 'Sé an té is lugha acmhuinn é féin, an té is mó a mbíonn fonn air suidhe imbun duine eile!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sí cho drad-gháireach le madadh istigh 'san gclúid. A Rí na bhFeart nach hí an chúdaois (códaois?) ghránna í, ní ag fáil locht ar ghnatha Dé é! 'Sí agus an chúdaois olc!
Ní geal-gháireach atá sí ach drad-gháireach. Sin é an gáire gangaideach a dhéanfas sí sin. Bheadh gáirí maith aice faoi do bhris
Ní fhaca mé é ag déanamh gáire croidheamhail ariamh ach drad-gháireach mar sin. Shílfeá gur faoi dhuine eicínt eile a bhíos sé ag gáirí i gcomhnaí. Níl goir ag duine breathnú cam air féin nach bhfuil sé in a choileachín
+
Tá drad-líonadh maith ar an mála; nó: tá an mála drad-líonta = tá sé líonta ionann agus go drad, nó go béal
TUILLEADH (9) ▼
Bhí mála drad-líonta móna ag teacht anuas aige trathnóna. Duine eicínt a thug dó é de ghrádh diadha
Bhí an cléibhín drad-líonta aice le faochain
Bhí a raibh de photaí gliomach ar na bráideannaí sin amuigh drad-líonta indiu. Ba diabhaltaí an foracún aca a bhí ag curachóirí na h-áite thiar
Tabhair drad-líonadh ar an mbosca sin agus caith thuas aice é, má's rud é a chuirfeas ó bhánrán í. Tá sí ag fáil cuid is mó ná a thug sí dhuinn.
Bhí drad-líonadh maith ar an áit ag an gcéilidhe deireadh a bhí ann. Dheamhan a mbíodh aon-bhrigh daoine ann le fada roimhe sin
Ní raibh sé drad-líonta ná baoghal air agam an geábh deireadh, ach chinn orm a bhailiú an geábh roimhe sin in a dheidh sin
Tá drad-líonadh maith ar an scioból siúd aige le coirce. Diabhal mé gur shíl mé nach raibh mórán coirce aige chor ar bith imbliana, ach is cosamhail go bhfuil in a dhiaidh sin
Cuir drad-líonadh ar an mbuicéad sin anois. Ní fuláir do'n laogh siúd neart bainne. Laoighdín éidtreorach é
Teaga leis anois. Tá sé drad-líonta agad. Níl maith ar bith a chur thar béal
+
Fuair sé drad-mhála maith annseo aréir. Ní féidir dó é a bheith ídighthe aige in aice a chuid féin
TUILLEADH (5) ▼
Nach hé an ríste é nach mbeadh fataí aige féin agus gan a bheith idtuilleamaí na comharsan d'fheacht agus go h-áirid. Fuair sé drad-mhála annseo muis an lá faoi dheireadh
M'anam go bhfuil drad-mhála maith agad bail ó Dhia ort!
Chuaidh bean an tincéara soir ar báll agus drad-mhála maith aice th'éis an lae. Is diabhlaí an soláthraidhe í. Ní fhágfaidh sí teach ar bith falamh. Beidh sí ag tuineamh leat nó go dtugaidh tú rud eicínt di
Bhí drad-mhála aice ag teacht as Gaillimh, hébrí cé'n sórt maingíní a bhí aice ann
Tá drad-mhála eile fós ann, má bhailigheann tú de dhrad-mhála chor ar bith é
+
Bhí drad-ualach aige ag teacht abhaile
TUILLEADH (4) ▼
Cá'id a mhairfeas an drad-ualach sin duit? Seachtain! Dheamhan mórán atá sib a ídiú muis. Ní bhainfeadh muide trí lá as
Tháinic sé aníos trathnóna agus drad-ualach maith feamainne 'san gcarr aige
Nach gearr ó a thug mé drad-ualach agaibh cheana! 'Ar ndú' ní caithte agaibh atá sé. Má seadh d'imigh an diabhal oraibh!
Tá drad-ualach maith feamainne ann fós, dhá mbailigheadh sib an scaipiúch sin, agus 'chuile thiomsachán a chur idtoll a chéile
+
→
drandal
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é
TUILLEADH (2) ▼
Siúd é a bhfuil an dranndal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Cho luath agus a gheobhas sé a baladh, teagann díocas ar an drad aige, le teann dúil innte. Ní fhaca mé fear a bhárrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon-duine eile]
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na dranndail dóibh agus a gcuid drad a chuir siar in a mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scaibhtéaraí!
→
dubh 3
Ní fuláir duit an drad sin agad a sciúradh corr uair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodtha. Tá siad dubhuithe uiliog le goirid
→
dúid
Thug drad an "engine" an láimh glan ó'n dúid dó. 'Sí atá deas air a mhic ó. Níorbh ait liom plé ar bith a bheith agam le na "h-engines" céanna. Dhá mbeadh an saol ag caint, tá an buille feille ionta. Ní fhaca mé aon-lá de'n rath ar an saol ó d'eirigh na daoine as é (arbhar) a bhualadh ar an gcloich. Tá cogadh agus báisteach agus easba tae ann 'chuile lá ó shoin
Chuaidh sé romham ins an gcaint, agus dubhairt sé gurb é féin a bhí thíos ann an oíche sin shul a tháinig mise isteach. Is mór dhá fhonn a bhí orm é a thabhairt isteach ar an drad dó