Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fiacla (50+)

+
focal
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Bíodh an dea-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
 
ceal 1
Baol ormsa a bheith in ann an chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le déanamh dhom aon cheart a bhaint den tsaill fhéin.
 
Tá béalóigín idir dhá fhiacail léithe — mar a bheadh fiacla scagacha aici.
 
Tá mé in mo bhríthín óg aríst ó tharraing mé na fiacla.
 
anuas
Leagadh mé agus fhóbair gur baineadh na fiacla asam anuas faoi lom an bhóthair.
 
fogha
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aon duine sa tír nach bhfuil tarraingthe thrína fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rá leis, tá fogha agus aithis bainte aici as. Is seó (show) í!
 
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaí — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí chomh righin le gad
 
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeodh (a chosnódh) foireann anois. Níl rud ar bith ar ndóigh is daoire ná fiacla
 
fás 2
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Murach gur faide, bheadh ciall ag S. feasta arae tá na fiacla curtha go maith aige
 
Is deas í! Paiteoil! Dhá mbeadh leasú cruaí ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtabharfadh sibh bruith eicínt don rud a chuireas sibh síos. Ag diomalú beatha: sin é a bhfuil sibh a dhéanamh
 
Níl mé fulangach chor ar bith ar dhaitheachaí fiacla. Bím thar bharr mo chéille acu
+
Is maith a cheannaigh mise na fiacla sin le dhá mhí — a shaothraigh mé iad ag daitheachaí
TUILLEADH (21) ▼
Tá na fiacla curtha aici (capall, bó srl.)
Tá na fiacla curtha go maith ag an gcailín sin — tá sí bunaosta
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curtha go maith aici ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí ina seanchailín óg an uair sin
Is cosúil le fiacla ballach atá aici — drad an chnúdáin; drad deas fiacal a bheadh ag luí le chéile go maith
Is breá an drad fiacla atá aige. Is geall le fiacla ballach iad. Is mór is fiú dhó nach lena athair a chuaigh sé faoi na fiacla. Fiacla screamhacha a bhí uilig aige
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aici. M'anam más ea muis gur drad Gaillmheach é
Fiacla scagach atá agamsa
Tá fiacail bhrise (fiacail bhris) aige sin — fiacail le cois; wisdom teeth (bris? = bis, bisigh, le r sciorrach?); ní chuireann daoine í leis na fiacla eile. Bheidís méadaithe sula dteagadh sí. Siar go maith sa drad a bhíos sí
Is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla — ní theagann ciall do dhuine de réir mar a theagas aois dó
Shílfeá go bhfuil a dhóthain aoise aige anois le ciall a bheith aige, ach is faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Ar ndóigh dhá dteagadh ciall le aois, ní bheadh amadán ar bith ar an saol
Cén chiall duit é sin a dhéanamh. Tá tú in do bhuachaill óg agus dheamhan sméaróid agat fós ach an oiread le páiste. Is cóir adeir siad gur faide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Mo chreach do chuidse céille muis!
Ní bhriseann dea-ghlór fiacail (agus tugann an fear sleamhain fiacha leis); ní mhilleann dea-ghlór fiacail srl.; ní bhriseann focla maithe fiacla — má dheireann an duine an rud cóir cuibhiúil, ní chuirfear aon araoid air ná ní bhuailfear é
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Fainic thú fhéin ar a teanga sin. Níl duine ar bith nach bhfuil tarraingthe thrína fiacla aici
Bhí tú tarraingthe thrína fiacla aici chomh maith le duine. Ach cé a thabharfadh aird ar an ngoróir bradach?
Céard a bhris fiacla an chléibh?
Níor bioraíodh fiacla an chléibh sin chor ar bith.
Is geall le fiacla sámh (saw) atá aige. Tá siad scagtha ar fad
Níl na fiacla sách dlúth sa raca sin. Fiacla mar a bheadh i gcíor a bheinn a iarraidh inti (i raca)
Tá dhá fhiacail briste sa racán. Ní racálfaidh sé aon fhéar dhuit go dté fiacla nua ann
Tá na fiacla lúbtha sa gcarla sin
 
Níl d'fhuascailt ar na daitheachaí sin ach na fiacla a tharraingt. Isteach leat amárach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air gur beag na daitheachaí a fhanfas ort ansin
+
daigh
Tá daitheachaí orm (/dɛ̄xī/, /dəixī/); tá daitheachaí fiacla (nó daitheachaí fiacal) orm; tá daigh (/dəi/, /dɛ̄/) fhiacal orm (ciallaíonn daitheachaí as féin daitheachaí fiacal. 'Sé adeirtear go hiondúil, ach in áiteacha cuirtear fiacla, fiacal leis. Ní bhíonn tinneas fiacal ag aon duine ach ag máistrí scoile, nó a leithidí!)
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh ortha na ndaitheachaí fiacla agat? Tá mé in ainriocht ag daitheachaí
 
"Ortha a chuir Úna do Dhiarmaid; ortha gan iarraidh gan achainí: cúlfhiacail, clárfhiacail, fiacail fhada cham; Agus má tá daitheachaí fiacla ort, nár fhana fiacail in do cheann" (leagan ar ortha na ndaitheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmaid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
 
Tá sé ar an diúgaireacht chéanna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thit néal ar mo shúil aréir ná arú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcónaí. Ag diúgaireacht leis i gcónaí i gcónaí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabháil dó i dtosach ach ní cheapaim gob (gurb) ea anois. Tá a fhios ag mo chroí gur deacair a n-oiliúint — na páistí céanna, bail ó Dhia orthu. Ní túisce galra dhíobh acu ná ceann eile orthu. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ón mbeirt is sine anuraidh. Chaith mé seachtainí i mbéal a chéile ar neamhchodladh an t-am ar bhuail an triuch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
 
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla acu; ach titeann siad sin, agus aimsíonn an darna brat ansin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
+
diúl
Tá na fiacla diúil aige fós ─ na fiacla a bhíos ag miolgaire ar bith thar éis a bhreithe. Cuireann sé drad eile amach leis an aimsir
TUILLEADH (1) ▼
Ní féidir go bhfuil na fiacla diúil aige fós. Is aisteach é sin
 
Bain dlaoinín as drioball an mhadaidh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhain a chuir sé na fiacla ionat ar aon chor
 
dona
Ithe dona atá mé in ann a dhéanamh ag na fiacla atá agam
 
drad
Bhainfinn na fiacla as do dhrad le failm!
+
Ní sna fiacla atá na daitheachaí chor ar bith orm, ach isteach sa drandal. Ina driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadrom i dtosach ach tagann an t-ardú ansin mar a bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon ní faoin saol in ann fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneáil in mo bhéal chomh fada in Éirinn agus atá mé in ann fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhraíonn sé roinnt í mar sin féin
TUILLEADH (2) ▼
Deir an dochtúr go bhfuil na drandail go maith agam, ach go bhfuil na fiacla lofa ina dhiaidh sin. Is mór an sásamh dhom é sin — nach mór
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhóbair dó breith orm ansin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brí an leabhair, gheobhadh sé an dara hairt murach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'uireasa mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath is a nochtfaidh sé an drandal, tabharfaidh mise mo sheansnaidhm de mhullach cois na fuipe isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madra alla air, dhonódh an iarraidh sin é
 
Meas tú nach é reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chur orm, ach ní cheannóinn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé chomh righin sin. Tá agus sceite ar fad théis na reithí. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag crinneadh a sheanchnámha sin le fiacla fabhtacha