Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

fiacla (50+)

+
focal
Ní bhriseann focla maithe fiacla. Níor bhris ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Bíodh an deagh-fhocal ag an té a bhíos ag caint. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
 
ceal 1
Baoghal ormsa a bheith indon a' chnáimh sin a chrinneadh, cheal fiacla. Mo dhóthain mhór a thugann sé le deanamh dhom aon-cheart a bhaint de'n tsaill fhéin.
 
Tá béalóigín idir dhá fhiacail léithe — mar bheadh fiacla scagacha aice.
 
Tá mé in mo bhrighthín óg, aríst, ó tharraing mé na fiacla.
 
anuas
Leagadh mé agus fhobair gur baineadh na fiacla asam, anuas faoi lom a' bhóthair.
 
fogha
Caile bhradach í sin. Tá an iomarca fad ar a teanga uilig. Níl aonduine san tír nach bhfuil tarraingithe thrín a fiacla, agus an té nach bhfuil tada le rádh leis, tá fogha agus aithis bainte aice as. Is "seó" ("show") í!
 
Níor mhór dhuit foghairt ar na fiacla — leasú cruaighe — leis an bhfeoil seo a stróiceadh ó chéile. Tá sí cho roighin le gad
 
Tá mé ag ceapadh gur mhór a tharraingeódh (a choisneódh) fuireann anois. Níl rud ar bith 'ar ndú is daoire ná fiacla
 
fás 2
Is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Diabhal breág! Marach gur fuide bheadh ciall ag S. feasta, arae tá na fiacla curha go maith aige
 
Is deas í! Paitfheóil! Dhá mbeadh leasú cruaighe ar do chuid fiacla ní fhéadfá a cangailt. Nach diabhlaí nach dtiúrfadh sib bruith eicínt don rud a chuireas sib síos. Ag diomallú beatha: sin é a bhfuil sib a dhéanamh
 
Níl mé fulannach chor ar bith ar dhoigheachaí fiacla. Bím thar bharr mo chéille aca
+
Is maith a cheannuigh mise na fiacla sin le dhá mhí = a shaothruigh mé iad ag doigheachaí
TUILLEADH (20) ▼
Tá na fiacla curha aice (capall, bó etc.)
Tá na fiacla curha go maith ag an gcailín sin = tá sí bun-aosta
Ná bíodh imní ar bith air nach bhfuil na fiacla curha go maith aice ar chaoi ar bith. Nuair a bhínnse ag dul siar ar an gC. fadó ar cuairt, bhí sí in a sean-chailín óg an uair sin
Is cosúil le fiacla ballach atá aice = drad an chnúdáin; drad deas fiacal a bheadh ag luighe le chéile go maith
Is breá an drad fiacla atá aige. Is geall le fiacla ballach iad. Is mór is fiú dhó nach len athair a chuaigh sé faoi na fiacla. Fiacla scramhacha a bhí uilig aige
Tá tusa dall. Deir tú gur fiacla ballach atá aice. M'anam má sea muis gur drad Gaillimheach é
Fiacla scagach atá agamsa
Is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla = ní theagann ciall do dhuine de réir mar a theagas aois dó
Shílfeá go bhfuil a dhóthain aoise aige anois le ciall a bheith aige, ach is fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. 'Ar ndú' dhá dteagadh ciall le aois, ní bheadh amadán ar bith ar an saol
Cén chiall duit é sin a dhéanamh. Tá tú in do bhuachaill óg agus dheamhan smiaróid (sméaróid) agad fós ach an oiread le páiste. Is cóir adeir siad gur fuide a bhíos ciall ag fás ná fiacla. Mo chreach do chuid-se céille muis!
Ní bhriseann deagh-ghlór fiacail (agus tugann an fear sleamhain fiacha leis); ní mhilleann deagh-ghlór fiacail etc.; ní bhriseann focla maithe fiacla = má dheireann an duine an rud cóir cuíbhiúil, ní chuirfear aon-araoid air, ná ní bhuailfear é
Tuilleadh diabhail aige. A chuid bollaireacht féin a thug an méid sin air. Dhá gcoinníodh sé a bhéal ar a chéile, ní bhainfí leis. Deir siad nach mbriseann focla maithe fiacla
Fainic thú fhéin ar a teanga sin. Níl duine ar bith nach bhfuil tarraingithe thrín a fiacla aice
Bhí tú tarraingithe thrín a fiacla aice cho maith le duine. Ach cé a thiúrfadh áird ar an nguróir bradach?
Céard a bhris fiacla an chléibh?
Níor bioraíodh fiacla an chléibh sin chor ar bith.
Is geall le fiacla sámh (saw) atá aige. Tá siad scagha ar fad
Níl na fiacla sách dlúth san raca sin. Fiacla mar bheadh i gcíor a bheinn a iarraidh inte (i raca)
Tá dhá fhiacail briste san racán. Ní racálfaidh sé aon-fhéar dhuit go dteighe fiacla nua ann
Tá na fiacla lúbha san gcárla sin
 
Níl d'fhuascailt ar na doigheachaí sin ach na fiacla a tharraint. Isteach leat amáireach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air, gur beag na doigheachaí a fhanfas ort annsin
+
daigh
Tá doigheachaí orm (/dɛ̄xī/, /dəixī/); tá doigheachaí fiacla (nó doigheachaí fiacal) orm; tá doigh (/dəi/, /dɛ̄/) fhiacal orm (cialluigheann doigheachaí as féin doigheachaí fiacal. 'Sé adeirtear go h-iondamhail, ach in áiteacha cuirtear fiacla, fiacal leis). (Ní bhíonn "tinneas fiacal" ag aonduine ach ag máistirí scoile, nó a leithidí!)
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh artha na ndoigheachaí fiacla agad? Tá mé in ainriocht ag doigheachaí
 
"Artha a chuir Úna do Dhiarmaid; artha gan iarraidh gan achuiní: cúilfhiacail, cláirfhiacail, fiacail fhada cham, Agus má tá doigheachaí fiacla ort, nár fhanaidh fiacail in do cheann" (leagan ar artha na ndoigheachaí fiacal. Níl a fhios cé hé an Diarmuid atá i gceist ann. Naomh eicínt is dóigh. Peadar atá i leagan eile)
 
Tá sé ar an diúgaireacht chéadna sin anois le dhá lá agus dhá oíche. Níor thuit néal ar mo shúil aréir ná arbhú aréir aige, ach ar an gceird sin. Ní bhíonn sé gártha chor ar bith ach ar an diúgaireacht sin i gcomhnuí. Ag diúgaireacht leis i gcomhnuí i gcomhnuí. Shíl mé gur fiacla a bhí ag gabhail dó i dtosach ach ní cheapaim go (gur) b'eadh anois. Tá a fhios ag mo chroidhe gur deacair a n-oileamhaint — na páistí céadna, bail ó Dhia orra. Ní túisce galra dhíob aca ná ceann eile orra. Mo dhóthain mhór a fuair mise le déanamh ó'n mbeirt is sine anuiridh. Chaith mé seachtainí imbéal a chéile ar neamh-chodladh an t-am ar bhuail an treoch iad … Sin í an fhírinne dhuit muis. Ach dheamhan mórán anró a fuair mé uaidh seo fós gur bhuail an méid seo é. Ní beag do dhuine a thúisce arsa tusa
 
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad-bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla aca; ach tuiteann siad sin, agus aimsigheann an darna brat annsin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
+
diúl
Tá na fiacla diúil aige fós = na fiacla a bhíos ag míolgaire ar bith thar éis a bhreithe. Cuireann sé drad eile amach leis an aimsir
TUILLEADH (1) ▼
Ní féidir go bhfuil na fiacla diúil aige fós. Is aisteach é sin
 
Bain dlaoinín as drioball an mhadadh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhainn a chuir sé na fiacla ionnad ar aon-chor
 
dona
Ithe dona atá mé indon a dhéanamh ag na fiacla atá agam
 
drad
Bhainfinn na fiacla as do dhrad le failm!
+
Ní ins na fiacla atá na doigheachaí chor ar bith orm, ach isteach ins an dranndal. In a driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadtrom i dtosach ach tagann an t-árdú annsin mar bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon-nídh faoi'n saoghal indon fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneál in mo bhéal cho fada in Éirinn agus atá mé indon fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhruigheann sé roint í, mar sin féin
TUILLEADH (2) ▼
Deir an dochtúr go bhfuil na dranndail go maith agam, ach go bhfuil na fiacla lobhtha in a dheidh sin. Is mór an sásamh dhom é sin — nach mór
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhobair dó breith orm annsin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brigh an leabhair gheobhadh sé an dara-thairt, marach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'fhuireasbhaidh mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath agus a nochtfaidh sé an dranndal tiubharfaidh mise mo shean-snaoidhm de mhullach cois na fuipe, isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madar alla air, dhonóchadh an iarraidh sin é
 
Meastú nach hé reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chuir orm, ach ní cheannóchainn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé cho roighin sin. Tá agus sceithte ar fad th'éis na reitheadha. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag creinneadh a shean-chnámha sin le fiacla fabhtacha
 
dubh 3
Ní fuláir duit an drad sin agad a sciúradh corr uair, nó is gearr go mbeidh do chuid fiacla rodtha. Tá siad dubhuithe uiliog le goirid