Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Freastal
Briathar, Ainm Bhriathar.
Mar bhriathar: "d'fhreastail" an Aimsir Chaite, ach ní minic a bhíos sé in a Bhriathar Choimsí
níl an chiall "attend a class, meeting" ann, ach cho fada is féidir an t-adhmad sin a bhaint as na somplaí réamhráite
a.
ag fríothail ar; ag tabhairt na rudaí a theastódh uaidh d'oibrí, do cheardaí, d'othar, do chuisliméara i siopa agus rl.
+
Tá sí thoir san ngarraí ag freastal ar Ph. Tá sé ag cur fhataí = san gcás sin, ní dhéanfadh P. ach obair na láighe. Scarfadh sise an fheamainn agus an t-aoileach agus na síolta
Is beag na fataí a chuirfeas fear mara bhfuil freastal aige (d'uireasa freastail, gan freastal)
TUILLEADH (11) ▼
An bhfuil aonduine ag freastal ort (dhuit), nó an gcaitheann tú féin aoileach agus síolta a scaradh?
Is beag an freastal a fhéadas an bhean a dhéanamh san ngarraí nuair nach bhfuil aon-duine aice le fanacht istigh igcíonn an dá pháiste
Dheamhan fata dhá ndeachaidh idtalamh anuiridh nach hí a rinne an freastal
An bhfuil aon-duine ag freastal agad. Ní mórán a chuirfeas tuíodóir gan fear freastail
T'anam ón diabhal teirigh thú fhéin ag cur (na tuí) agus tabhair M. ag freastal ort = ag slamadh na tuí dá tabhairt suas an dréimire, ag déanamh baibíní agus rl.
Tá sé le pláistéara a fháil, agus le J. a thógáil ag freastal air
Níl freastal ar bith ag an saor atá ag déanamh tí Mh.
Is beag is aite len a fir cheirde sin é, mara bhfagha siad daoine ag freastal orra
Níl ag tarraint na gcloch ach carr amháin agus beirt ag freastail = dhá líonadh, dhá fhalmhú etc
Bíonn triúr ag freastal ar an trasher = "helpers"
Is beag de lucht na "leoraís" sin nach mbíonn fear freastail aca
+
Sí a fheicim ag freastal san siopa anois = ag tabhairt na n-earraí do na cuisliméaraí
Cé a bhí ag freastal san siopa inniu?
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór triúr ag freastal san siopa úd nuair a bhíos an chruadhóig mór
b.
ag réiteach, ag beathú; ag cur rud ar fáil.
+
Ní féidir le C. a dhul amach. Caithfidh sí freastal ar an gceann atá tinn = gach rud dhá bhfuil uaidh a thabhairt dó.
Bhí muid fhéin tinn cheana, agus ní raibh duine ar bith le freastal orainn
TUILLEADH (3) ▼
Má siúd í a bhéas ag freastal air muis, beidh sé gan freastal
Sí inín Sh. Bh. a bhíos ag freastal tí Sh. anois. Chaithfeadh sé gur lasc an cailín eile léithe = in a cailín aimsire
Nach mór a theastaíos cailín uaidh. Shílfeá nach hé an oiread oibre atá aige, agus nach ndéanfadh sé fhéin agus an bhean é. Ní mór dó lucht freastail (searbhóntaí)
+
Bhí T. amuigh ag freastal ar bheithigh nuair a tháinig mé ann = ag tabhairt rud len ithe dóibh, dhá gcur ar stábla, dhá mbleán etc.
Tá an oiread eallaigh annsiúd agus gur deacair a bhfreastal
TUILLEADH (1) ▼
Is measa dhom freastal ar chearca ná obair mo thí uiliog
+
Ní dhéanfadh an saol freastal ar pháistí bail ó Dhia orra
'Ar ndú caithfidh duine eicínt fanacht istigh le freastal don teach = le obair an tí a dhéanamh agus é a chumhdach
TUILLEADH (2) ▼
Gabh anois agus déan thú fhéin é, más breá leat
Ba mhaith leat duine a fháil a ghabhfadh ag freastal ort!
·
Tá díol mo fhreastail agam; ní bheadh a fhios ag aonduine céard a bheadh agam ó dhíol mo fhreastail amach (fc. díol)
·
Sé a bhíodh in a fhear freastail ag an duine uasal a bhíodh annsin thoir = searbhónta, seirbhíseach
Tá an oiread mná freastail agaibh ann, bail ó Dhia oraibh, agus a bheadh in "aon-hotel" istigh in Gaillimh
c.
ag géilliúint do … ; ag cur rud i ngníomh.
+
Is deacair freastal do chuile rud = gach obair nach mór a dhéanamh a dhéanamh; cánachaí, luach beatha etc. a íoc agus rl.
Tá teacht isteach mór aige, ach má tá féin m'anam gur deacair freastal do chuile rud dhá mbeidh ag glaoch ort, ar an saol seo
TUILLEADH (3) ▼
Go deimhin ceannóidh mé "bicycle" duitse! Ní theastódh uaim ach sin! M'anam dhá mbeinn indon freastal do 'chuile rud eile dhá bhfuil ag glaoch orm, nach mbeadh mórán cás agam faoi "bhicycle" duitse
Tá cíos ag teacht anois agus caithfear freastal dó (a íoc)
Is againn a bhéas an sagart i mbliana, agus m'anam go bhfuil ar ndóthain eile thairis le freastal againn = tá díolaíocht seachas costas an tsagairt len íoc againn
+
Caithfear an rabharta a fhreastal anois, nó ní bheidh aon-leasú againn = an rabharta a thapú (ní ro-mhinic a bhíos sé in a Bhriathar Neamh-Aistríoch)
Caithfidh an gobadán an dá thráigh a fhreastal = dhá rud, dhá obair etc. a dhéanamh in éindigh
TUILLEADH (2) ▼
Sin fear atá ag iarraidh an dá thaobh a fhreastal = tá greim an dá bhruach aige; is caimiléara nó feimíneach é
Sin é an chaoi a raibh sé sin ariamh. Ní bheadh an diabhal suas leis. Ag iarraidh an dá thaobh a fhreastal i gcomhnaí
+
Seachain thú féin orra sin, liomsa agus leatsa agus liomsa aríst. I gcomhnaí i gcomhnaí ag iarraidh chuile dhuine a fhreastal
Ní bheidh mé indon an portach a fhreastal chor ar bith imbliana = mo dhóthain móna a bhaint agus a chrapadh
TUILLEADH (2) ▼
Caithfear an tsochraide a fhreastal hébrí céard a dhéanfas tada
An gceapann sé go bhfuil tada ar m'aire ach a ghnatha seisean a fhreastal = freastal dhá ghnatha-seisean; a dhul agus cúnamh a thabhairt dó len a chuid oibre a dhéanamh
d.
ag dul i gcionn oibre go cóiriúil etc.
·
D'fhreastail siad don teach seo nuair a bhí an t-anshógh ann, agus sé an rud is lú dúinne anois an chumaoin a chúitiú leo.
Freastalaíonn sé go maith do ghnaithí daoine eile, ach ní fhreastalóidh sé chor ar bith dhá ghnatha fhéin.

Freastal in iontrálacha eile (50+)

 
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbar ar bith (níl pínn d'fharasbár aige)
 
fios
Ní raibh a fhios ag aonduine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
 
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
+
Bhí mé thíos ar an móin i gCill Dara anuiridh. Chonnaic mé feilméara annsin agus go leor talúna aige. Bhí deich bhfeara fichead ag obair aige agus iad ag codladh i "dtentannaí". Déarfá go raibh cuid mhaith ag fortabháil air = in a thuilleamaí; go raibh go leor ar a aire; go raibh cuid mhaith aige le freastal dó; go raibh a sháith idir a lámha aige
TUILLEADH (1) ▼
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. 'Ar ndó' ní bheadh clann na deirfíre beó chor ar bith dhá uireasa
 
fána
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murcha gan Mánas anois. Is minic 'ar ndú' a thug tuile fear buile le fánaidh
 
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.
 
Má fhágtar 'chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóib ar fad. D'orduigh cinnire fhéin congnamh.
 
Is deacair dom ciseadóireacht a dheanamh, nuair nach bhfaghaim aon-fhreastal. Nach bhféadfadh sib na slata sin a bhruith a's a dhlaoithiú, 'thárla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
 
Is gearr a bheidheas a' saor sin le coirpéis a' tighe, má fhaghann sé freastal.
 
beann
An té 'mbíonn díol a fhreastal aige, bíonn sé ar bheagán bínn ar aon-dhuine.
 
Is iomdha creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, marach go gcaithim freastal do na 'gaedhilgeoirí' sin go h-acht a's go h-áithrid. Sháróchaidís thú, a's barr a' dathamhlacht, ní hé an uair chéadna a dteastuigheann an dinnéar ó bheirt a' bith aca(b).
 
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharrdha an chladaigh imbáireach faoi na bheith slán dhuinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, a's ní aireocha muid a' méid eile, má fhaghann muid freastal.
 
beo 1
Hébrí cé'n bhean a thiocfas isteach annsiúd sí, a chaithfeas a bheith beo, bruideamhail, le freastal a dhéanamh ar 'chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, a' réidhteach muc a's beithidheach.
 
Bhí an díle cainnte ar a' mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil a's freastal chor a' bith, dhá mbíonn le rádh aige.
 
Tabhair aibéis orm, mara mbí mé indon freastal do'n Chladach
 
buille
Níl líon lé agham. Sin é an buille! Níl aon-ghoir agham a dhul in aon-áit d'uireasbha, díol mo fhreastail.
+
Tá sé in a bhúilleach, ag feamuinn, a's é 'cínnt air freastal di = tá an oiread feamuinne aige, a's nach bhfuil sé indon í, a chuir amach, ná as a' gcladach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé in mo bhúilleach cheana le neart oibre, a's é cínnte dubh a's dubh orm freastal dá leath.
 
aird 2
Níl aire ná áird agaibh ar luach leithpighne, mara mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt = níl aon áirde agaibh ó dhia anuas ar thada etc.
+
aire
Níl duine ná deoruidhe (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, críostuidhe an éin bheo, críostuidhe an bhéil beo, geinealach a' bhéil beo, mac a' pheata, mac mioscais etc) aige anois, le aire a thabhairt do'n teach, agus ní fhéadfa sé fhéin freastal do'n áit istigh agus do'n áit amuigh (ní fhéadfa sé 'bheith istigh a's amuigh)
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán ar 'aire fhéin, ach freastal ar a chuid beithidheach
Tá'n oiread sin ar m'aire, agus nach bhfuil mé indon freastal dhá leath, ná dhá thríomhadh cuid.
Tá tuirsiú a láimhe ar a h-aire istigh, agus gan a bheith ag iarraidh uirre freastal do'n áit amuigh chomh maith = tá dalladh le déanamh faoi'n teach aice, agus gan a bheith 'súil, go ndéanfadh sí obair amuigh (i.e. ar a' talamh) freisin
+
amach
Ní fhéadfamuid freastal do'n dula amach seo igcomhnuidhe = ní fhéadfamuid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraidhthe etc igcomhnuidhe.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg duit nach n-íocann as láimh é, mar beidh neart a' teacht treasna ort amach annseo, agus ní móide go mbeitheá indon freastal dó.
 
amuigh
Nach bhfuil a gceart aca(b) fhéin ann le freastal do'n áit amuigh = do chúrsaí na talmhan, etc. chuile chúrsaí, ach cúrsaí tighe.
 
Tá sé 'gabhail righte le daoine bochta, díol a bhfreastail a dhéanamh amach ar a' saoghal seo.
 
anam
Bhí fhios aice in a croidhe a's in a h-anam istigh, nach raibh aon-ghoir agamsa a dhul a' breathnú uirre, a's freastal le déanamh agham ar lán tighe de pháistí.
 
Síleann an t-antlachán go bhféadfa sé an dá thráigh fhreastal: a bheith ar an bportach agus ag an gcladach in éindigh.
 
Níl sé chomh tugtha anuas sin sa saoghal, a's nach bhfuil sé indon freastal do'n chíos = níl sé chomh bochtuighthe sin, a's nach bhféadfadh sé an cíos 'íoc.
 
Is beag a bheadh le déanamh agad do leaba 'fhágál go mbeadh a' lá ársuighthe. Tá a gceart acab féin thart, le freastal do'n obair.
+
istigh
Seán: Bhrisfeadh an áit istigh do chroidhe; Tomás: Is maith an chiall agamsa é, a chaithfeas freastal do'n áit amuigh freisin = chiapfadh obair tighe duine adeir Seán, ach dubhairt Tomás go raibh ar fhéin obair na talmhan a dhéanamh idteannta obair an tighe.
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon duine indon freastal do'n áit istigh ach na mná
Is maith an dicheall dhom freastal do'n áit istigh.
Tá fhios ag do chroidhe istigh, nach bhfuil fear aonraic indon freastal do chuile rud = tá fhios agad go rí-mhaith nach bhfuil aon-ghoir ag fear atá taobh leis féin, chuile obair dhá dtiocfa treasna air a dhéanamh.
 
Má tá sé ag cinnt orm freastal do mo chuid oibre indomhnach ní le cionfaillí ar bith é. Is deacair d'aon aonraic breith ar 'chuile chruadhóig. Is furasta d'fhear a bhfuil lán tí aige a bheith as cionn a chuid oibre go maith (í a bheith déanta aige go tráthúil)
 
fuath
Thar cheird ar bith faoin domhan, níl fios fuath ná fionnóige agam ar thuídeóireacht. Níor chuir mé aon-slám tuí ariamh, ná níor sháith mé aon-scolb, ná ní raibh mé ag freastal ar thuíodóir fhéin
 
Más cúrsaí talúna é, tá sin go fuighleach aige. Níos mó ná díol a fhreastail
 
Meastú a bhfódodh fear an cúl thoir lá, dá mbeadh an fheamainn scarha, agus freastal a fháil
 
deacair 2
Tá sé deacair ag fear aonraic freastal do 'chuile rud
 
Tá sé le dealú leis ambáireach agus má tá féin dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn in a dhiaidh. Is beag nar chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon-chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air, an uair a bhíodh an dream eile reicthe aige
+
deis
Ní raibh aon-deis agam a dhul ann. Chaithfeadh duine eicínt fanacht ins an mbaile le giotamáil a dhéanamh timpeall an tighe. Ní hí an tsean-bhean sin a bhí indon freastal do bheithidhigh agus do mhuca
TUILLEADH (1) ▼
Níl deis ar bith agamsa aon-bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar druim shul a bhíos freastal déanta agam ar bheithidhigh agus ar ghamhna
 
Níl deoruidhe an bhéil bheo aige anois a dhéanfas luach na leithphighne dhó, mara ndéanaidh sé féin é. Dar príosta féachfaidh sé fear aonraic freisin freastal do 'chuile mhíle nídh.
+
diaidh
Nach maith an chiall agamsa é, nach bhfuil in mo dhiaidh ach girrseaichín nach bhfuil indon freastal ar bhó ná ar ghamhain
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhéadfaidh sé a bheith indiaidh an asail agus a bheith ag an scoil. Deir siad nach bhféadann an gobadán an dá thráigh a fhreastal
 
Bhí dlíochtáil (/ɡ′līxdāl′/) air, agus ní raibh sé indon freastal dóib
 
dol 1
Mharbhuigh muid dol mór éisc ins an gcurrach anuiridh: faidhtíní. Bhí muid dhá gcur tharainn cho tréan in Éirinn agus a bhí muid indon freastal dóib. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orra in mo shaoghal ariamh agus a bhí an lá céadna. Cé'n bhrígh ach ní raibh deich gcurrach ar meath ó fhágfas tú seo go dteighidh tú go C.
 
Tá an domhnuidheacht le déanamh agam agus gan agam ach mé féin. Meastú an bhfuil fear aonraic indon freastal do phortach, do chladach agus do gharrdha. Mo choinsias níl!