freastail
—briathar
—ainm briathartha: freastal
—mar bhriathar: d'fhreastail an Aimsir Chaite, ach ní minic a bhíos sé ina bhriathar chuimsí
—níl an chiall attend a class, meeting ann, ach chomh fada is féidir an t-adhmad sin a bhaint as na samplaí
—
a.
ag friotháil ar; ag tabhairt na rudaí a theastódh uaidh d'oibrí, do cheardaí, d'othar, do chuisliméara i siopa srl.
+–
Tá sí thoir sa ngarraí ag freastal ar Ph. Tá sé ag cur fhataí — sa gcás sin, ní dhéanfadh P. ach obair na láí. Scarfadh sise an fheamainn agus an t-aoileach agus na síolta
Is beag na fataí a chuirfeas fear mura bhfuil freastal aige (d'uireasa freastail, gan freastal)
TUILLEADH (11) ▼
An bhfuil aon duine ag freastal ort (dhuit), nó an gcaitheann tú féin aoileach agus síolta a scaradh?
Is beag an freastal a fhéadas an bhean a dhéanamh sa ngarraí nuair nach bhfuil aon duine aici le fanacht istigh i gcionn an dá pháiste
Dheamhan fata dhá ndeachaigh i dtalamh anuraidh nach í a rinne an freastal
An bhfuil aon duine ag freastal agat. Ní mórán a chuirfeas tuíodóir gan fear freastail
T'anam ón diabhal, téirigh thú fhéin ag cur (na tuí) agus tabhair M. ag freastal ort — ag slámadh na tuí dá tabhairt suas an dréimire, ag déanamh baibíní srl.
Tá sé le pláistéara a fháil agus le J. a thógáil ag freastal air
Níl freastal ar bith ag an saor atá ag déanamh tí Mh.
Is beag is aite lena fir cheirde sin é mura bhfaighe siad daoine ag freastal orthu
Níl ag tarraingt na gcloch ach carr amháin agus beirt ag freastail — dhá líonadh, dhá fholmhú srl.
Bíonn triúr ag freastal ar an trasher — helpers
Is beag de lucht na leoraís sin nach mbíonn fear freastail acu
+–
'Sí a fheicim ag freastal sa siopa anois — ag tabhairt na n-earraí do na cuisliméaraí
Cé a bhí ag freastal sa siopa inniu?
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór triúr ag freastal sa siopa úd nuair a bhíos an chruóig mór
b.
ag réiteach, ag beathú; ag cur rud ar fáil.
+–
Ní féidir le C. a dhul amach. Caithfidh sí freastal ar an gceann atá tinn — gach rud dhá bhfuil uaidh a thabhairt dó.
Bhí muid fhéin tinn cheana agus ní raibh duine ar bith le freastal orainn
TUILLEADH (3) ▼
Más siúd í a bheas ag freastal air muis, beidh sé gan freastal
'Sí inín Sh. Bh. a bhíos ag freastal tí Sh. anois. Chaithfeadh sé gur lasc an cailín eile léithe — ina cailín aimsire
Nach mór a theastaíos cailín uaidh. Shílfeá nach é an oiread oibre atá aige agus nach ndéanfadh sé fhéin agus an bhean é. Ní mór dó lucht freastail (searbhóntaí)
+–
Bhí T. amuigh ag freastal ar bheithígh nuair a tháinig mé ann — ag tabhairt rud le n-ithe dóibh, dhá gcur ar stábla, dhá mbleán srl.
Tá an oiread eallaigh ansiúd agus gur deacair a bhfreastal
TUILLEADH (1) ▼
Is measa dhom freastal ar chearca ná obair mo thí uileag
+–
Ní dhéanfadh an saol freastal ar pháistí bail ó Dhia orthu
Ar ndóigh caithfidh duine eicínt fanacht istigh le freastal don teach — le obair an tí a dhéanamh agus é a chumhdach
TUILLEADH (2) ▼
Gabh anois agus déan thú fhéin é más breá leat
Ba mhaith leat duine a fháil a ghabhfadh ag freastal ort!
·
Tá díol mo fhreastail agam; ní bheadh a fhios ag aon duine céard a bheadh agam ó dhíol mo fhreastail amach (fc. díol)
·
'Sé a bhíodh ina fhear freastail ag an duine uasal a bhíodh ansin thoir — searbhónta, seirbhíseach
Tá an oiread mná freastail agaibh ann, bail ó Dhia oraibh, agus a bheadh in aon hotel istigh i nGaillimh
c.
ag géilliúint do … ; ag cur rud i ngníomh.
+–
Is deacair freastal do chuile rud — gach obair nach mór a dhéanamh a dhéanamh; cánachaí, luach beatha srl. a íoc srl.
Tá teacht isteach mór aige, ach má tá féin, m'anam gur deacair freastal do chuile rud dhá mbeidh ag glaoch ort ar an saol seo
TUILLEADH (3) ▼
Go deimhin ceannóidh mé bicycle duitse! Ní theastódh uaim ach sin! M'anam dhá mbeinn in ann freastal do chuile rud eile dhá bhfuil ag glaoch orm nach mbeadh mórán cás agam faoi bhicycle duitse
Tá cíos ag teacht anois agus caithfear freastal dó (a íoc)
Is againn a bheas an sagart i mbliana agus m'anam go bhfuil ar ndóthain eile thairis le freastal againn — tá díolaíocht seachas costas an tsagairt le n-íoc againn
+–
Caithfear an rabharta a fhreastal anois, nó ní bheidh aon leasú againn — an rabharta a thapú (ní rómhinic a bhíos sé ina bhriathar neamhaistríoch)
Caithfidh an gobadán an dá thrá a fhreastal — dhá rud, dhá obair srl. a dhéanamh in éindí
TUILLEADH (2) ▼
Sin fear atá ag iarraidh an dá thaobh a fhreastal — tá greim an dá bhruach aige; is caimiléara nó feimíneach é
Sin é an chaoi a raibh sé sin ariamh. Ní bheadh an diabhal suas leis. Ag iarraidh an dá thaobh a fhreastal i gcónaí
+–
Seachain thú féin orthu sin, liomsa agus leatsa agus liomsa aríst. I gcónaí i gcónaí ag iarraidh chuile dhuine a fhreastal
Ní bheidh mé in ann an portach a fhreastal chor ar bith i mbliana — mo dhóthain móna a bhaint agus a chrapadh
TUILLEADH (2) ▼
Caithfear an tsochraide a fhreastal hé brí céard a dhéanfas tada
An gceapann sé go bhfuil tada ar m'aire ach a ghnaithe seisean a fhreastal — freastal dhá ghnaithe seisean; a dhul agus cúnamh a thabhairt dó lena chuid oibre a dhéanamh
d.
ag dul i gcionn oibre go cóiriúil srl.
·
D'fhreastail siad don teach seo nuair a bhí an t-anó ann agus sé an rud is lú dúinne anois an chomaoin a chúiteamh leo.
Freastalaíonn sé go maith do ghnaithí daoine eile ach ní fhreastalóidh sé chor ar bith dhá ghnaithe fhéin
freastail in iontrálacha eile (50+)
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbarr ar bith (níl pínn d'farasbarr aige)
Níl fear fobhairne ar bith ag an tuíodóir breá seo thíos, ach é ag freastal air fhéin. Shílfeá ar a laghad ar bith go ndéanfaidís na baibíní dhó, ach diabhal déanamh
Is deacair dó freastal do chuile rud agus a bhfuil ag fortabháil air. Ní teallach atá sé a thógáil ach dhá theallach. Ar ndóigh ní bheadh clann na deirfíre beo chor ar bith dhá uireasa
→
fána
Tharraing sé an iomarca rudaí air féin. Is maith an rud do dhuine freastal do rud nó dhó. Tá sé gan Murchadh gan Mánas anois. Is minic ar ndóigh a thug tuile fear buile le fána
→
ceasúil
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
→
cinnire
Má fhágtar chuile shórt faoi Dhia, is deacair dhó freastal dhóibh ar fad. D'ordaigh cinnire fhéin cúnamh.
→
beart
Iompair do bheart fhéin; déan do ghnaithe fhéin; cuir dhíot, nó freastail do do chúram fhéin; ná bí ag fás suas ar aon duine eile; déan do bhealach
Is iomaí creachlaois a d'fhéadfainn fhéin a dhéanamh, murach go gcaithim freastal do na Gaeilgeoirí sin go hacht is go háirid. Sháróidís thú, agus barr an dathúlacht, ní hé an uair chéanna a dteastaíonn an dinnéar ó bheirt ar bith acub.
→
crúbáin
Beidh iarracht maith againn ar thaobh ó thuaidh gharraí an chladaigh amárach faoina bheith slán dhúinn. Tá sé deargtha againn cheana soir chomh fada le na crúbáin, agus ní aireoidh muid an méid eile má fhaigheann muid freastal.
→
beo 1
Hé brí cén bhean a thiocfas isteach ansiúd, sí a chaithfeas a bheith beo broidiúil le freastal a dhéanamh ar chuile shórt. Tá an-lear oibre ann, ag réiteach muc agus beithíoch.
→
bollaire
Bhí an díle cainte ar an mbollaire. Is mór atá sé crúthachtáil agus freastal chor ar bith, dhá mbíonn le rá aige.
→
buille
Níl líon lé agam. Sin é an buille! Níl aon ghair agam a dhul in aon áit d'uireasa díol mo fhreastail.
+
Tá sé ina bhúilleach ag feamainn agus é ag cinnt air freastal di — tá an oiread feamainne aige agus nach bhfuil sé in ann í a chur amach ná as an gcladach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé in mo bhúilleach cheana le neart oibre agus é cinnte dubh is dubh orm freastal dá leath.
→
aird 2
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
+
→
aire
Níl duine ná deoraí (níl duine ó Dhia anuas, mac an éin bheo, Críostaí an éin bheo, Críostaí an bhéil beo, ginealach an bhéil beo, mac an pheata, mac mioscais srl.) aige anois le aire a thabhairt don teach, agus ní fhéadfaidh sé fhéin freastal don áit istigh agus don áit amuigh (ní fhéadfaidh sé a bheith istigh is amuigh)
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán ar a aire fhéin ach freastal ar a chuid beithíoch
Tá an oiread sin ar m'aire agus nach bhfuil mé in ann freastal dhá leath, ná dhá thríú cuid.
Tá tuirsiú a láimhe ar a haire istigh agus gan a bheith ag iarraidh uirthi freastal don áit amuigh chomh maith — tá dalladh le déanamh faoin teach aici agus gan a bheith ag súil go ndéanfadh sí obair amuigh (.i. ar an talamh) freisin
+
→
amach
Ní fhéadfaidh muid freastal don dola amach seo i gcónaí — ní fhéadfaidh muid an oiread seo airgid a chaitheamh ar earraithe srl. i gcónaí.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg duit nach n-íocann as láimh é mar beidh neart ag teacht trasna ort amach anseo agus ní móide go mbeifeá in ann freastal dó.
→
amuigh
Nach bhfuil a gceart acub fhéin ann le freastal don áit amuigh — do chúrsaí na talún srl., chuile chúrsaí ach cúrsaí tí.
Tá sé ag gabháil rite le daoine bochta díol a bhfreastail a dhéanamh amach ar an saol seo.
→
anam
Bhí a fhios aici ina croí agus ina hanam istigh nach raibh aon ghair agamsa a dhul ag breathnú uirthi agus freastal le déanamh agam ar lán tí de pháistí.
Níl sé chomh tugtha anuas sin sa saol agus nach bhfuil sé in ann freastal don chíos — níl sé chomh bochtaithe sin agus nach bhféadfadh sé an cíos a íoc
→
ársaigh
Is beag a bheadh le déanamh agat do leaba a fhágáil go mbeadh an lá ársaithe. Tá a gceart acub féin thart le freastal don obair.
+
→
istigh
Seán: Bhrisfeadh an áit istigh do chroí; Tomás: Is maith an chiall agamsa é a chaithfeas freastal don áit amuigh freisin — chiapfadh obair tí duine adeir Seán, ach dúirt Tomás go raibh ar fhéin obair na talún a dhéanamh i dteannta obair an tí
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon duine in ann freastal don áit istigh ach na mná
Is maith an dícheall dhom freastal don áit istigh
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil fear aonraic in ann freastal do chuile rud — tá a fhios agat go rímhaith nach bhfuil aon ghair ag fear atá taobh leis féin chuile obair dhá dtiocfaidh trasna air a dhéanamh
Má tá sé ag cinnt orm freastal do mo chuid oibre, i nDomhnach ní le cionfaillí ar bith é. Is deacair d'aon aonraic breith ar chuile chruóig. Is furasta d'fhear a bhfuil lán tí aige a bheith os cionn a chuid oibre go maith (í a bheith déanta aige go tráthúil)
→
fuath
Thar cheird ar bith faoin domhan, níl fios fuath ná feannóige agam ar thuíodóireacht. Níor chuir mé aon slám tuí ariamh, ná níor sháigh mé aon scolb, ná ní raibh mé ag freastal ar thuíodóir fhéin
→
fódaigh
Meas tú a bhfódódh fear an cúl thoir lá dá mbeadh an fheamainn scartha agus freastal a fháil
→
dealaigh
Tá sé le dealú leis amárach agus má tá féin, dheamhan mórán a chaoinfeas cuid againn ina dhiaidh. Is beag nár chuir sé thar bharr mo chéille mise ar aon chor. Is mé a chaitheadh a dhul ag freastal air nuair a bhíodh an dream eile reicthe aige
+
→
deis
Ní raibh aon deis agam a dhul ann. Chaithfeadh duine eicínt fanacht sa mbaile le giotamáil a dhéanamh timpeall an tí. Ní hí an tseanbhean sin a bhí in ann freastal do bheithígh agus do mhuca
TUILLEADH (1) ▼
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
→
deoraí
Níl deoraí an bhéil bheo aige anois a dhéanfas luach na leithphínne dhó, mura ndéana sé féin é. Dar príosta féachfaidh sé fear aonraic freisin freastal do chuile mhíle ní
→
diaidh
Nach maith an chiall agamsa é, nach bhfuil in mo dhiaidh ach girseachín nach bhfuil in ann freastal ar bhó ná ar ghamhain
→
dol 1
Mharaigh muid dol mór éisc sa gcurach anuraidh: faoitíní. Bhí muid dhá gcur tharainn chomh tréan in Éirinn agus a bhí muid in ann freastal dóibh. Ní fhaca mé a leithide de sceanadh orthu in mo shaol ariamh agus a bhí an lá céanna. Cén bhrí ach ní raibh deich gcurach ar meath ó fhágfas tú seo go dté tú go C.
Tá an domhnaíocht le déanamh agam agus gan agam ach mé féin. Meas tú an bhfuil fear aonraic in ann freastal do phortach, do chladach agus do gharraí. Mo choinsias níl!
→
draoi
Tháinig an draoi feamainn dearg anuraidh. Bhí airde crann báid di sa gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith in ann freastal di. Ná bac le seanleasú anois ó thosaigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
+
→
droim
Tá airde crann loinge d'fheamainn thíos ansiúd agus í ag éirí de dhroim a chéile cheal aon duine a thógfadh í. Ba mhór an sciobadh a bhí acu uirthi le bliain, dhá gcailleadh féin ag imeacht roimhe lá ina héadan, ach tá cead lobhadh aici ansiúd anois agus gan iad ag féadachtáil freastal di
TUILLEADH (1) ▼
Tá an lá ag dul thar droim agus gan an mhaith dhá déanamh. Nach breá nach meabhrófá dhó cén mheanmna a chas anoir muid. Nó an bhfuil fút é a fhágáil mar sin. Mura gcuire muid bealadh faoi na hioscadaí, beidh an dubh ar an oíche shula bheas muid sa mbaile agus cuimhnigh go gcaithfidh mise freastal do bheithígh fós anocht. Mar sin, má tá rún agat an scéal a thionscailt, déan as láimh é gan níos mó deireanais a ligean ort féin
→
dual 2
Dhá mbeadh fear maith freastail agam, is gearr a bheinn dhá cur ach b'fhearr dom uaim an té atá agam. Níl dual ná baibín ná scolb dhá dteastóidh uaim nach gcaithfidh mé féin a theacht anuas ag cur caoi orthu. Níl sé sin in ann tada a dhéanamh ach go dtabharfadh sé gabháil thuí suas agat, agus is neamhairdiúil é fúithi sin féin