Frigh, Fríd, Frídín
—/f′r′i/
—Ainmfhocla, Buineann (bíonn frídín nuair a chiallaíos sé loisead dubháin nó a leithide fireann go minic)
—Ainmneach Iolraidh frigheanna (/f′r′iɴī/), frídeannaí, frídeachaí, frídíní (is rí-mhinic gur frídíní an uimhir iolraidh ar "frigh" agus "fríd" cho maith le "frídín".
—Fríde an t-Ainmneach Uathaidh go minic freisin
1.
sórt péist nó míol atá an-bheag; fíneóg.
a.
+–
Cineál eicínt frigh atá san míolfairt sin freisin. Níl aimhreas ar bith nach hea
Dhá mbeitheá sách grinn, d'fheicfeá na frídeachaí sin amanntaí i min
TUILLEADH (1) ▼
Tá frídín eicínt istigh in mo chois idir fheoil agus leathar. Is furasta aithinte uirre é agus an phreab atá inte. Go deó go dteaga an fhrídín sin amach ní chneasóidh mo chois
+–
Phiocfá frídíní san lóchrann a bhí ar an mótar = bhí an-lóchrann air
Bhí scaltrachaí toirní ann agus phiocfá frídíní leo
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn solas ar an lampa sin scaití agus phiocfá frídíní leis
+–
D'fheicfeadh sé an fhríd; d'fheicfeadh sé fríd ar dhruim na muice duibhe (ar thóin agus rl.) = tá sé an-ghrinn; tá an-amharc aige
Ab é mac Bh! D'fheicfeadh sé fríd ar dhruim na muice duibhe
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheidh sé ann ingan fhios dó siúd mo léan! D'fheicfeadh sé an fhríd fhéin ar dhruim na muice duibhe. Deirimse leat go bhfuil na Laindéir Lasta aige sin
b.
rud atá an-bheag; a dhath ar éigin dubhradáin.
+–
Is lú ná frigh máthair an droch-ábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain = is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé indon bás a thabhairt do dhuine agus rl.
Níor dhúirt sé focal ná smid thairis sin anois, ach 'ar ndú, ní lú fríde ná máthair an droch-ábhair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí agad an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapuightheá ní shéidfeadh sí in a lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
+–
Níl sé cho mór le frigh = tá sé an-bheag; níl méid ar bith ann
Ruidín beag í — cho beag le frigh — ach tá an gath aice in a dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Ní chorródh an fhrigh ingan fhios dó siúd. Tá sé san sluagh sídhe. = duine a fheiceas gach rud a bhíos ag corraí de ló agus d'oíche
Ní chorródh an fhrigh san teach seo thíos nach léar dó. 'Ar ndú' sin é a mhaith agus a mhaoin, san áirdeall ar an teach sin.
Cén chaoi a rabh a fhios aige go raibh slaghdán ort? Nach bog atá an craiceann ort! Ní bheadh an fhrigh ort nach mbeadh a fhios aige siúd faoi. Tá neach aige
c.
oiread amén; faice; ceó ar bith; rud nach léar duit.
+–
Níor tháinig ceó na fríde orra (fataí) = a dhath fhéin (blas na fríde, oiread na fríde, dath na fríde)
Níl oiread na fríde ann = é an-bheag
TUILLEADH (9) ▼
Níl dath na fríde orm = a dhath fhéin
Níl blas na fríde fágha
Coinnigh isteach dubh na fríde (dubh na hiongan) (fc. dubh)
Níl faic na fríde air = tada
Níl faic na fríde aige = cianóg ruadh
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain = fionna feanna
Níl luach na fríde de mhaith ionad = níl maith ar bith leat
Níor tháinig méid na fríde air le deich mbliana = méid ar bith
Níl fad na fríde i bhfeac na láighe seo
2.
mac eilimistín na súl.
·
Níl oiread fríd do shúl ann
Chuir sé an tsnáthaid isteach thríd fhríd na súl aige