Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
frigh, fríd, frídín
/f′r′i/
ainmfhocla, baineann. bíonn frídín, nuair a chiallaíos sé loisead duáin nó a leithide, fireann go minic, fc. fríd
ginideach uatha: na frigh (/f′r′i/); na fríde; an fhrídín (gan athrú)
ainmneach iolra frigheanna (/f′r′iɴī/), frídeannaí, frídeachaí, frídíní. Is rímhinic gur frídíní an uimhir iolra ar frigh agus fríd chomh maith le frídín
fríde an t-ainmneach uatha go minic freisin
1.
sórt péist nó míol atá an-bheag; fíneog.
a.
+
Cineál eicínt frigh atá sa míolfairt sin freisin. Níl amhras ar bith nach ea
Dhá mbeifeá sách grinn, d’fheicfeá na frídeachaí sin amantaí i min
TUILLEADH (1) ▼
Tá frídín eicínt istigh in mo chois idir fheoil agus leathar. Is furasta a aithinte uirthi é agus an phreab atá inti. Go deo go dteaga an fhrídín sin amach, ní chneasóidh mo chois
+
Phiocfá frídíní sa lóchrann a bhí ar an mótar — bhí an-lóchrann air
Bhí scaltrachaí toirní ann agus phiocfá frídíní leo
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn solas ar an lampa sin scaití agus phiocfá frídíní leis
+
D'fheicfeadh sé an fhríd; d'fheicfeadh sé fríd ar dhroim na muice duibhe (ar thóin srl.) — tá sé an-ghrinn; tá an-amharc aige
Ab é mac Bh! D'fheicfeadh sé fríd ar dhroim na muice duibhe
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheidh sé ann i ngan fhios dó siúd mo léan! D'fheicfeadh sé an fhríd fhéin ar dhroim na muice duibhe. Deirimse leat go bhfuil na laindéir lasta aige sin
b.
rud atá an-bheag; a dhath ar éigean dúradáin.
+
Is lú ná frigh máthair an drochábhair; ní lú fríde ná máthair an oilc; ní lú an frigh ná síol na hanachain — is fánach an rud a tharraingíos nó a bhrostaíos achrann; lot an-fhánach, tá sé in ann bás a thabhairt do dhuine srl.
Níor dhúirt sé focal ná smid thairis sin anois, ach ar ndóigh, ní lú fríde ná máthair an drochábhair
TUILLEADH (1) ▼
Bhí agat an léas sin fhéin a thapú. Dhá dtapaíteá, ní shéidfeadh sí ina lot. Ní lú ná frigh, adeir siad, síol (máthair) na hanachain, go sábhála Dia sinn
+
Níl sé chomh mór le frigh — tá sé an-bheag; níl méid ar bith ann
Ruidín beag í — chomh beag le frigh — ach tá an ga aici ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Ní chorródh an fhrigh i ngan fhios dó siúd. Tá sé sa slua sí — duine a fheiceas gach rud a bhíos ag corraí de ló agus d'oíche
Ní chorródh an fhrigh sa teach seo thíos nach léir dó. Ar ndóigh sin é a mhaith agus a mhaoin, san airdeall ar an teach sin.
Cén chaoi a raibh a fhios aige go raibh slaghdán ort? Nach bog atá an craiceann ort! Ní bheadh an fhrigh ort nach mbeadh a fhios aige siúd faoi. Tá neach aige
c.
oiread áiméan; faice; ceo ar bith; rud nach léir duit.
+
Níor tháinig ceo na fríde orthu (fataí) — a dhath fhéin (blas na fríde, oiread na fríde, dath na fríde)
Níl oiread na fríde ann — é an-bheag
TUILLEADH (9) ▼
Níl dath na fríde orm — a dhath fhéin
Níl blas na fríde fágtha
Coinnigh isteach dubh na fríde (dubh na hiongan) (fc. dubh)
Níl faic na fríde air — tada
Níl faic na fríde aige — cianóg rua
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain — fionna feanna
Níl luach na fríde de mhaith ionat — níl maith ar bith leat
Níor tháinig méid na fríde air le deich mbliana — méid ar bith
Níl fad na fríde i bhfeac na láí seo
2.
mac eilimistín na súl.
·
Níl oiread fríd do shúl ann
Chuir sé an tsnáthaid isteach thríd fhríd na súl aige

Féach freisin