Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuacht
Ainmfhocal Fireann
Geiniúnach Aonda: an fhuaicht
1.
+
Tá mé caillte (seacáilte, giongach, préachta, scrúdha, éagha, deállraithe etc.) leis an bhfuacht (ag an bhfuacht)
Tá fuar nimhe orm leis an bhfuacht
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig márléir orm leis an bhfuacht
Tá mé ag eitealla leis an bhfuacht
Níl fanacht in mo sheasamh ionam leis (ag) an bhfuacht
Tháinig bualadh draidín (gioscán fiacal, bualadh fiacal) air leis an bhfuacht
Tá mé den tsaol leis an bhfuacht
Féach "an spideóig" atá air leis an bhfuacht
Tá marfacht in mo mhéarachaí leis an bhfuacht
Tá mé caillte le fuacht. Fuacht go deó aríst é chreidim (ormsa an sean-fhear). Tús agus deireadh an duine, adeir siad, ar an tine a tharraingíos
Tá sé cruiplithe (in a ghiucachín, in a dhíthriúch etc.) ag an bhfuacht
Tá mé ata ag an bhfuacht
+
Ar chuala tú ariamh é ritheann braon le bolg lán. Ach an rud a mbíonn ocras air bíonn fuacht air. Tabhair tú fhéin faoi deara é
Cuireann sé fuacht orm breathnú ort agus an díoc atá ort
TUILLEADH (11) ▼
Chuirfeadh an oíche anocht fuacht ar an éan aille
Níor leig an fuacht dom corraí amach ó mhaidin.
An bhfuil tada ann a bhainfeadh an fuacht de dhuine?
Bainfidh an ghailleóg seo an fuacht díot
Ná leig den fhuacht a dhul isteach leat (le do chraiceann)
Coinneóidh an geansaí sin an fuacht gan a dhul le do chraiceann
D'fhága an fuacht ag craith na gcrúb mise inniu
Sé fuacht na gcrúba a mharaigh uilig mé. Dhá mbeadh miotógaí orm bhí agam
Níl seasamh ar bith ar fhuacht aige. Bíonn sé ag slupáil 'chuile phuinnte
As fuacht a fuair sé (a tholg sé etc.) an eitinn
Tá sé in am aige téaltú leis feasta mar fhuacht. Nach bhfuil muid i mbéal an tsamhraidh thall!
+
Tá fuacht ann inniu = tá sé an-fhuar inniu
Tá dubh-fhuacht (an dubh-fhuacht, an-fhuacht, fíor-fhuacht etc.) ann inniu. Tá mé féin giongach (giogach) leis an bhfuacht
TUILLEADH (9) ▼
Déarfá go bhfuil fuacht san lá inniu, ach níl aon-fhuacht le hais an lae inné
Aimsir gan fuacht ar bith í. Aimsir bhreá chineálta an tráth seo 'bhliain
Níl tú ach i dtús an fhuaicht (i dtús fuaicht) anois muis. Má tá sé ag goilleadh mar sin ort cho luath seo, go bhfoire Dia ort shul a mbeidh Lá Buí Beáltaine ar fáil!
Seo é tús an fhuaicht anois.
Tá sé ag dul chun fuaicht = ag eirí fuar; an aimsir iompaithe chun fuaicht
Fágfaidh an fuacht mór amach annseo na gamhna sin réidh. Tá siad ro-éitreórach
Chaith fuacht ann anuiridh amach go dtí Mí Mheáin an tSamhraidh
Tá sé in am ag an bhfuacht seo anois imeacht as an uair. Tá sé dhá chothú an-fhada
"Lá Fhéile Fionnán Fionn a roinntear an fuacht etc. (fc. "Fionnán")
+
Cén smál a bhí ort a dhul amach san bhfuacht? = bhí sé fuar amuigh
Tá mé amuigh faoin bhfuacht ó mhaidin (san bhfuacht)
TUILLEADH (2) ▼
Duine ar bith atá amuigh faoin bhfuacht agus faoin mbáistigh seo, is beag an dochar dhó a bheith tolgha
Ní maith an ailím a bheith amuigh faoin bhfuacht ar aon-chor
+
Bhí fuacht agus deallra ann inné = bhí fuacht agus deártan ann inné (fc. deallra, deártan)
Dar fia, tá fuacht agus deártan ann anocht
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an oíche amuigh faoi fhuacht agus faoi dheallra. Nar bheag an dochar dhó sin a bheith strumpha, narbh ea sin!
·
Ná bac le fuacht! Is ann a bhí a thabhairt amach! = idteach, in áit a mbeadh obair ar siúl, idtír choimhthigh etc.
Ní fhaca mise a leithide sin d'fhuacht ariamh agus atá san bpórtar anocht!
+
Is beag a fhuacht atá san oíche anocht chor ar bith
Nach beag a fhuacht é, agus corraí amach anocht!
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí beag a fhuacht thú agus bóna do léine oscailte mar sin agad a leithide de lá. Bruth óil atá ort ab ea
Ba bheag a fhuacht an tseachtain seo caite chor ar bith, ach déarfá go bhfuil gaimh sna laethantaí seo
+
Níl aon-bharr fuaicht ann inniu thar agus inné = fearasbar
Tá gaimh fhuaicht orm ó shuigh mé síos annsin
TUILLEADH (9) ▼
Is fear fuaicht é = fear a éagaoineas fuacht nó a ngoilleann fuacht air
Deirimse leatsa gur lá fuaicht é
Ní tráth fuaicht duit anois é, má chaitheann tú a dhul san tráigh
Is uair fhuaicht í = aimsir an-fhuar
Is teach fuaicht é = teach a bheadh fuar
Tá creathadh fuaicht orm sna cosa (as na cosa) = tá mé an-fhuar sna cosa
Sílim gur beag an acmhainn fuaicht a bheadh agad. Tá tú ró-phrámhaí ort fhéin
'Ar ndó' ní acmhainn ar fhuacht atá ag na gamhna laga sin
Marfacht fuaicht uilig atá in mo chosa
+
Comhfhad a theigheas fuacht agus teas etc. (fc. doicheall)
Ní theigheann teas thar fhuacht agus ní theigheann fuacht thar theas; teigheann fuacht cho fada le teas agus teas cho fada le fuacht = tá cothromacan síne na huaire ann; nó dhá mhéad dhá mbíonn teas bíonn fuacht dhá réir; nó ní bhíonn grádh dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir; nó comhfhad a theigheas teas agus fuacht
TUILLEADH (5) ▼
Fuair sib teas mór san July seo caite ach sílimse go bhfuil fuacht dhá réir anois ann. Comhfhad a theigheas teas agus fuacht, adeir siad
Tá na beithigh ag dul in órán 'mo choinsias. Is diabhlaí an bhróthall atá ann. Ach bainfear siar asainn é fós i mbliana. Foighid nó go dteaga fuacht na bhfaoillte. Comhfad a theigheas teas agus fuacht bíodh a fhios agad
Bhí mé préachta ag dul a chodladh dhom aréir, ach nuair a dhúisigh mé ar maidin, bhí mé te bruite. Teigheann teas cho fada le fuacht agus fuacht cho fada le teas, adéarfaidís
Diabhal ar féidir gur áitigh siad a chéile mar sin. Anois ru. Agus tá an brachán dóirte ainneóin cho geal dhá chéile agus a bhí siad. "Comhfhad a theigheas teas agus fuacht; comhfhad a theigheas fuacht agus grádh", adeir siad
Ná bac leis! An té a shárós an dubh-fhuacht seo feicfidh sé aimsir bhreá fós. Ní theigheann teas thar fhuacht ná fuacht thar theas
+
Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar = ní san nGeimhreadh is mó an fuacht, ach san Earrach. Is amhlaidh leis an teas é freisin. Is mó teas an Fómhar ná an Samhradh fhéin
Amach rómhat atá anois. Deir siad nach dtigeann fuacht nó go dtigeann Earrach
TUILLEADH (2) ▼
Anois is géire a theastódh farae l'aghaidh beithioch. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar, adeir siad
Tháinig an fuacht luath i mbliana. Diabhal mé go raibh laethantaí ann faoi Fhéil Michil agus sháraigh siad aimsir ar bith a thiocfadh amach i ndubh-luachair na bliana. Ó atá sé le caitheamh aige is fhearr é a chaitheamh (an fuacht a chaitheamh) luath san ngeimhreadh, ná a bheith dhá bhuachailleacht go dteaga earrach. Is mairg earrach an deagh-gheimhridh ar chuala tú ariamh é?
+
Sé fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní = mara mbeadh na guaillí fuar, ní bheadh na cosa fuar ná call a bheith dhá gcur chois na tine; clúdaíodh duine é féin i gceart agus ní bheidh fuacht air in aon-áit
Breá nach gcuireann tú do bháscóta ort fhéin faoin mbáinín, agus ní bheitheá ag eitealla mar sin le fuacht. Deir siad gurb é fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní
TUILLEADH (1) ▼
Is diachta dhi nach mbeadh a spreangaidí sáite san tine aice agus í in a guróir leis an bhfuacht. 'Ar ndó' ní éadach atá uirre! Na balcaisí tanaí sin 'ar ndó' ní fuacht a choinneóidís ó aonduine. Ba bheag an baol orra. Fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní, ar chuala tú ariamh é?
2.
+
Níl an teas ag breith ar an bhfuacht aige; beireann an fuacht ar an teas air = níl díol a fhreastail nó riar a cháis aige; tá sé an-bhocht
Seán seo thoir! Ní fhaca mé an teas ag breith ar an bhfuacht aige (air) aon-lá ariamh. Beo bocht a bhí sé, agus beó bocht atá sé, ní dhá roinnt leis é!
TUILLEADH (7) ▼
An fhad's bhí sé ar an mbaile seo, dheamhan an teas a rug ar an bhfuacht ariamh aige, ach ó d'fhága sé é, tá sruth agus gaoth leis. Ba gheal an lá dhó ar ghlionndáil sé leis ar fad as, ba gheal sin
Phós sé droch-bhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go cruadh. Ba ghearr nar rug an teas ar an bhfuacht air. Annsin chuir sé an áit faoi channdáil. Ba mhór an feall é!
É fhéin ba chionntach má rug an fuacht ar an teas air. D'fhága a athair in a shuí go te é, ach d'fhága a chuid frasaíl fhéin ar a thóin é. Ní sheasfadh saibhreas Sheóirse leis sin. M'anam má dhíol sé talamh Bh. an tS. anois go bhfuil a raibh de mhuinín an tsaoil aige imithe. An chéad-áit eile a bhfeicfidh tú é, istigh ar shlata an Bhaile Mhóir agus é ag ucastóireacht, mar níos siad uiliog
M'anam a stór marach na gliomaigh nach mbéarfadh an teas ar an bhfuacht ag na daoine. Tá an phínn bhairr orra anois, ní hionann agus ariamh
Tá faitíos orm go mbéarfaidh an fuacht ar an teas orainn i mbliana mara bhfuil ag Dia. Tháinig an bhliain go dona. Níl fata ná arúr ná móin ann. Tá na daoine ceart mara bhfá siad gorta. Ach tá Dia láidir. Níor dhúin sé bearna ariamh nach n-osclódh sé ceann eile
Shílfeá nuair a phós sí é sin, go raibh sé indon cat agus dhá rioball a dhéanamh má b'fhíor di fhéin, ach tá scéal aici air anois. Níl an teas ag breith ar an bhfuacht aici. Is olc an rud a bheith do-chomhairleach. Bheadh sé cho maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint léithi sin an t-am ar iarr sé í. A chomhairle fhéin do mhac dhanra, adeir siad
Beidh na daoine ceart chomh uain's a bhéas an teas ag breith ar an bhfuacht aca. Dhá bhféadadh duine snáth a choinneál faoin bhfiacail chor ar bith, dheamhan a mbeadh daorbhascha dhe, ach is deacair sin a dhéanamh. Agus in a dheidh sin, sé an saol is fhearr a tháinig le mo chuimhne-sa é. Tá neart airgid ag daoine
·
M'anam leigeadh sé do Sh. Sin é an buachaill nach bhfuil fuacht ná faitíos aige roimhe. Tá a fhios sin aige, agus is maith socair a fhanfas sé in a láthair
3.
+
Chuaigh sé amach an lá mór mar ba mhinice leis agus fuair sé fuacht (níl ann ach "fuacht". Ní hé an slaghdán é, cé go dtiocfadh slaghdán as, nó b'fhéidir rud níos measa)
Fuair sé fuacht ar an bportach an lá báistí údan, agus tá sé buailte síos ó shoin. Tháinig an dochtúr aige
TUILLEADH (1) ▼
Fuair mé fuacht ar aghaidh na riteacht annsin thuas Dé Luain, agus tholg mé slaghdán as
+
Cén mhaith dhuit a bheith ag tabhairt fhuaicht duit fhéin amuigh annsin
Sén fuacht a thug tú dhuit fhéin inné a d'fhága in t'othar inniu thú
TUILLEADH (3) ▼
Sín cheird chéanna — ag cláradh mná chois claidheachaí — a thug fuacht dó
D'fhága mé gan aon-bhrat Dé Sathairn inGaillimh í (capall). Bhí sí ag dórtadh allais, agus ghlac sí fuacht
Is fánach an chaoi a nglacfá fuacht annsin idir dhá dhoras na gaoithe

Féach freisin

Fuacht in iontrálacha eile (50+)

+
Níl fuacht ná faitíos orm rómhat
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé = leis an bhfaitíos;ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
 
Ó a dhreáthair ó, tá mé foirghe leis an bhfuacht. An bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh?
 
D'fhága an fuacht gan focal cainte é
 
fág
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin = níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. (Deirtear go mbaineann sneachta an ghaimh as an aimsir)
 
féar
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirm dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht do phunt amach annseo san Earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) = is maith an éadáil dom fhéin í le coinneál
 
Bain díot an cóirséad sin chomh uain's 'bheidheas tú istigh, nó ní aireocha tú ort fhéin chor a' bith é, ar a dhul amach faoi'n bhfuacht duit aríst.
 
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.
 
Shílfeá gurab é coruice dhubh na bliadhna atá agaibh ann leis a' ngliúrach {{(gleorach) de theine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh, nach fuacht atá 'san aimsir!
 
crinn
Déarfainn má thagann cruadhtan mór a' bith an geimhreadh seo, go dtiubharfa sé cnáimh le crinneadh dhuit é 'shárú. Tá leath-chailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorrócha an fuacht seo leat (as greann).
+
InDomhnach níor b'fh'lár do ghasúr a bheith cuisneach go maith le na chur 'un scoile a's an aimsir atá ann. Chonnaic mé deoruidhe beag de ghasúr atá ag M. Mh. a' dul anoir indé, a's é 'na ghuróirín leis a' bhfuacht. Nár agruighe Dia air a dhul a' cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht a's faoi dheallradh!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé cruadh cuisneach, a's gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán = tá sé cruadhchúiseach roighin, a's ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
Marach chomh cruadh chomh cuisneach a's tá sé, phréachfadh a' fuacht é. (D)ar ndoigh ní hé an t-éadach atá air, atá a' déanamh aon-teas' dó! Tá sé chomh scagach a's go bhfeicfeá na beithidhigh thríd.
 
beos
Ól a’ braon tae seo, a's cuirfe sé beodhas ionnad. Tá ceart agad a bheith seactha leis a' bhfuacht.
 
birín
Bhí an spideog ar a chuinncín in a birín seaca le fuacht.
 
breá
Dhá gcaithead sé scráib bhreagh shneachta, bhainfead sé an fuacht as an uair.
 
bruach
Tagann bruachannaí ar mo bhéal igcomhnuidhe le fuacht.
 
aer
Tá fuacht an gheimhridh 'san aer anocht.
 
aice 2
Tá fuacht orm in aice an ocrais = tá fuacht orm idteannta an ocrais.
 
Nuair a bhí mise ag eirighe suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon-ghasúr sa tír, ach iad ag imtheacht cos-nochta, geimhreadh a's samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór annsin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí 'mhálaí — le teas a dhéanamh dhóib ar a' bhfuacht.
 
buail
Bhuail faitchíos, fuacht, imnidhe etc é = tháinic faitchíos, fuacht etc air; tháinic sé in a fhaitchíos, in a fhuacht etc air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitchíos etc" (le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitchíos, etc go tobann, nó nach mbíonn aon-tsúil leis).
+
Tá bualadh draidín air leis a' bhfuacht = tá déidín tuithte aige leis a' bhfuacht; tá bualadh-fiacal air le teann fuaicht; tá sé thart leis a' bhfuacht.
TUILLEADH (1) ▼
Tháinic bualadh-draidín orm leis a' bhfuacht.
+
aire
Tá sé rí-aireach air fhéin. Ní thiubhra sé fuacht ná deállrú dhó fhéin, nó is cinneamhaint air é
TUILLEADH (1) ▼
Bí an-aireach ort fhéin, agus ná déan aon-sclábhuigheacht go gcaithtear a' fuacht seo.
 
'Bhfuil aon-aireachtáil ar a' bhfuacht agad? = a' n-airigheann tú (an mothuigheann tú?) an fuacht?
+
aire
Ní iongantas a' bith nach mbeireann a' teas ar a' bhfuacht aige, agus a laghad aire agus thuga(nn)s sé dhá ghnaithe (féach teas).
TUILLEADH (1) ▼
Ní thugann sé aire 'bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcomhnuidhe.
+
airigh
Airighim a' fuacht céadtach. De dhruim sneachta atá an ghaoth adtuaidh sin ag eirghe in áit eicínt.
TUILLEADH (6) ▼
Níor airigh mé a leithide d'fhuacht ó ruga(dh) mé agus d'airigh mé aréir (níl an d séimhighthe le cloisteáil, ach an-lag ar fad in "rugadh" agus "mé" ina dhiaidh)
Má airigheann sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
Dheamhan ceo aireachtál' aige ar a' bhfuacht.
A' n-airigheann tú an fuacht (a' sioc, a' sneachta, an bháisteach) (adéarfá le duine a chasfaidhe ort agus ceachtar de na síonta sin ann).
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agad ar a' bhfuacht (ar a' sioc, etc) (adéarfá le duine nach mbeadh a' cur aon tsuime 'sna síonta sin, nó pé'r bith cé'n tsíon aca(b) a bheadh ann).
Ní airighim go bhfuil an aimsir bhreagh chor a' bith ann, le na bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar bhol 'uisce, an t-Earrach seo (chuaidh) bhart (thart).
 
Suígidh anuas i miainis na teine. Tá fuacht thuas annsin
+
"Lá Fhéile Fionnán Fínn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a theigheas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a eiríos sí aisti (a bhaintear as an chloch fhuar)"; "Lá Fhéile Fionnán fuar a theigheas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" = ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghaimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
TUILLEADH (2) ▼
Romhat amach atá, anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba shin é seanchas na sean-unndúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
Sí anocht oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon-lá ariamh san saol nach shin é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís
 
fraigh
Beidh sneachta go frogh amáireach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
+
Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar = ní san samhradh is mó a bhíos an teas ach san bhfómhar; san Earrach agus ní san ngeimhreadh is measa an cruatan
TUILLEADH (1) ▼
Ní san samhradh is meirbhe a theagas an uair, ach amach san bhfómhar, aimsir bhaint' an choirce. Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar 'ar ndú'
 
Ní leigfeadh an mí-fhonn dó a dhul 'na phortaigh anois, dhá gcailltí leis an bhfuacht ar an teallach é
+
fiach 2
Chuirfeadh sé an éig (ague?) ar na fia (fiadha) dhubha le fuacht = tá an dubh-fhuacht ann
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le fuacht a dhuine sin! Chuirfeadh sé an éig ar na fiadha dhubha
 
Bhí mé an-bhuailte suas le coicís. Choinnigh mé an leabaidh. Shílfeá nach raibh tsiocair ar bith agam mara fuacht a fuair mé oíche na tórradh. Ach deir siad gur furasta fuiliú ar cheann carrach
 
Shílfeá go mbeadh fuilint agad ar fhuacht thairis sin
 
Tá an oiread fonn cuartaíocht air san teach bhradach sin thíos, agus go sílfeá gurb é fuigheall na bhfuigheall a fhaghas sé ann. Faghann muis! Fuacht agus deallradh, agus gan splannc theine ar an teallach ann
+
Tá barr-fhuacht orm = bualadh draidín nó bualadh fiacal
TUILLEADH (1) ▼
D'airigh mé an slaghdán seo do mo bhualadh arú inné. Th'éis go raibh mé in mo sheasamh suas annsin istigh, bhí mé giogach agus ag eitealla agus barr-fhuacht orm. B'fhurasta aithinte dom an uair sin go raibh sé in mo chrioslaigh. Ach bhí a fhios agam é maidin lár na bháireach!