Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuacht
ainmfhocal, fireann
ginideach aonta: an fhuaicht
1.
+
Tá mé caillte (seacáilte, giongach, préachta, scrúdtha, éagtha, deallraithe srl.) leis an bhfuacht (ag an bhfuacht)
Tá fuarnimhe orm leis an bhfuacht
TUILLEADH (10) ▼
Tháinig marléir orm leis an bhfuacht
Tá mé ag eitealla leis an bhfuacht
Níl fanacht in mo sheasamh ionam leis (ag) an bhfuacht
Tháinig bualadh draidín (gíoscán fiacal, bualadh fiacal) air leis an bhfuacht
Tá mé den tsaol leis an bhfuacht
Féach "an spideoig" atá air leis an bhfuacht
Tá marfacht in mo mhéarachaí leis an bhfuacht
Tá mé caillte le fuacht. Fuacht go deo aríst é chreidim (ormsa, an seanfhear). Tús agus deireadh an duine, adeir siad, ar an tine a tharraingíos
Tá sé craplaithe (in a ghiocachín, ina dhíthreabhach srl.) ag an bhfuacht
Tá mé ata ag an bhfuacht
+
Ar chuala tú ariamh é, ritheann braon le bolg lán. Ach an rud a mbíonn ocras air bíonn fuacht air. Tabhair tú fhéin faoi deara é
Cuireann sé fuacht orm breathnú ort agus an dioc atá ort
TUILLEADH (11) ▼
Chuirfeadh an oíche anocht fuacht ar an éan aille
Níor lig an fuacht dom corraí amach ó mhaidin.
An bhfuil tada ann a bhainfeadh an fuacht de dhuine?
Bainfidh an ghailleog seo an fuacht díot
Ná lig den fhuacht a dhul isteach leat (le do chraiceann)
Coinneoidh an geansaí sin an fuacht gan a dhul le do chraiceann
D'fhága an fuacht ag croitheadh na gcrúb mise inniu
'Sé fuacht na gcrúba a mharaigh uilig mé. Dhá mbeadh miotógaí orm bhí agam
Níl seasamh ar bith ar fhuacht aige. Bíonn sé ag slupáil chuile phointe
As fuacht a fuair sé (a tholg sé srl.) an eitinn
Tá sé in am aige téaltú leis feasta mar fhuacht. Nach bhfuil muid i mbéal an tsamhraidh thall!
+
Tá fuacht ann inniu — tá sé an-fhuar inniu
Tá dubhfhuacht (an dubhfhuacht, an-fhuacht, fíorfhuacht srl.) ann inniu. Tá mé féin giongach leis an bhfuacht
TUILLEADH (9) ▼
Déarfá go bhfuil fuacht sa lá inniu ach níl aon fhuacht le hais an lae inné
Aimsir gan fuacht ar bith í. Aimsir bhreá chineálta an tráth seo bhliain
Níl tú ach i dtús an fhuaicht (i dtús fuaicht) anois muis. Má tá sé ag goilleadh mar sin ort chomh luath seo, go bhfóire Dia ort shula mbeidh Lá Buí Beáltaine ar fáil!
Seo é tús an fhuaicht anois.
Tá sé ag dul chun fuaicht — ag éirí fuar; an aimsir iompaithe chun fuaicht
Fágfaidh an fuacht mór amach anseo na gamhna sin réidh. Tá siad ró-éidreorach
Chaith fuacht ann anuraidh amach go dtí Mí Mheáin an tSamhraidh
Tá sé in am ag an bhfuacht seo anois imeacht as an uair. Tá sé dhá chothú an-fhada
"Lá Fhéile Fionnán Fionn a roinntear an fuacht" srl. (fc. Fionnán)
+
Cén smál a bhí ort a dhul amach sa bhfuacht? — bhí sé fuar amuigh
Tá mé amuigh faoin bhfuacht ó mhaidin (sa bhfuacht)
TUILLEADH (2) ▼
Duine ar bith atá amuigh faoin bhfuacht agus faoin mbáistigh seo, is beag an dochar dhó a bheith tolgtha
Ní maith an ailím a bheith amuigh faoin bhfuacht ar aon chor
+
Bhí fuacht agus deallradh ann inné — bhí fuacht agus deartan ann inné (fc. deallradh)
Dar fia, tá fuacht agus deartan ann anocht
TUILLEADH (1) ▼
Chaith sé an oíche amuigh faoi fhuacht agus faoi dheallradh. Nár bheag an dochar dhó sin a bheith stromptha, nárbh ea sin!
·
Ná bac le fuacht! Is ann a bhí a thabhairt amach! — i dteach, in áit a mbeadh obair ar siúl, i dtír choimhthígh srl.
Ní fhaca mise a leithide sin d'fhuacht ariamh agus atá sa bpórtar anocht!
+
Is beag a fhuacht atá san oíche anocht chor ar bith
Nach beag a fhuacht é, agus corraí amach anocht!
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhlaí beag a fhuacht thú agus bóna do léine oscailte mar sin agat a leithide de lá. Bruth óil atá ort ab ea
Ba bheag a fhuacht an tseachtain seo caite chor ar bith, ach déarfá go bhfuil goimh sna laethantaí seo
+
Níl aon bharr fuaicht ann inniu thar is inné — farasbarr
Tá goimh fhuaicht orm ó shuigh mé síos ansin
TUILLEADH (9) ▼
Is fear fuaicht é — fear a éagaoineas fuacht nó a ngoilleann fuacht air
Deirimse leatsa gur lá fuaicht é
Ní tráth fuaicht duit anois é, má chaitheann tú a dhul sa trá
Is uair fhuaicht í — aimsir an-fhuar
Is teach fuaicht é — teach a bheadh fuar
Tá creathadh fuaicht orm sna cosa (as na cosa) — tá mé an-fhuar sna cosa
Sílim gur beag an acmhainn fuaicht a bheadh agat. Tá tú róphrámhaí ort fhéin
Ar ndóigh ní acmhainn ar fhuacht atá ag na gamhna laga sin
Marfacht fuaicht uilig atá in mo chosa
+
Comhfhad a théas fuacht agus teas srl. (fc. doicheall)
Ní théann teas thar fhuacht agus ní théann fuacht thar theas; téann fuacht chomh fada le teas agus teas chomh fada le fuacht — tá cothromacan síne na huaire ann; nó dhá mhéad dhá mbíonn teas bíonn fuacht dhá réir; nó ní bhíonn grá dhá mhéid nach mbíonn fuath dhá réir; nó comhfhad a théas teas agus fuacht
TUILLEADH (5) ▼
Fuair sibh teas mór san July seo caite ach sílimse go bhfuil fuacht dhá réir anois ann. Comhfhad a théas teas agus fuacht, adeir siad
Tá na beithígh ag dul in órán mo choinsias. Is diabhlaí an bhróthall atá ann. Ach bainfear siar asainn é fós i mbliana. Foighid nó go dteaga fuacht na bhfaoillte. Comhfad a théas teas agus fuacht bíodh a fhios agat
Bhí mé préachta ag dul a chodladh dhom aréir, ach nuair a dhúisigh mé ar maidin, bhí mé te bruite. Téann teas chomh fada le fuacht agus fuacht chomh fada le teas, adéarfaidís
Diabhal ar féidir gur áitigh siad a chéile mar sin. Anois ru. Agus tá an brachán dóirte ainneoin chomh geal dhá chéile agus a bhí siad. "Comhfhad a théas teas agus fuacht; comhfhad a théas fuacht agus grá", adeir siad
Ná bac leis! An té a shárós an dubhfhuacht seo feicfidh sé aimsir bhreá fós. Ní théann teas thar fhuacht ná fuacht thar theas
+
Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar — ní sa ngeimhreadh is mó an fuacht, ach san earrach. Is amhlaidh leis an teas é freisin. Is mó teas an fómhar ná an samhradh fhéin
Amach romhat atá anois. Deir siad nach dtigeann fuacht nó go dtigeann earrach
TUILLEADH (2) ▼
Anois is géire a theastódh farae le aghaidh beathach. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar, adeir siad
Tháinig an fuacht luath i mbliana. Diabhal mé go raibh laethantaí ann faoi Fhéil Michil agus sháraigh siad aimsir ar bith a thiocfadh amach i ndubhluachair na bliana. Ó tá sé le caitheamh aige is fhearr é a chaitheamh (an fuacht a chaitheamh) luath sa ngeimhreadh ná a bheith dhá bhuachailleacht go dteaga earrach. Is mairg earrach an dea-gheimhridh ar chuala tú ariamh é?
+
'Sé fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní — mura mbeadh na guaillí fuar, ní bheadh na cosa fuar ná call a bheith dhá gcur chois na tine; clúdaíodh duine é féin i gceart agus ní bheidh fuacht air in aon áit
Breá nach gcuireann tú do bháscóta ort fhéin faoin mbáinín agus ní bheifeá ag eitealla mar sin le fuacht. Deir siad gurb é fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní
TUILLEADH (1) ▼
Is diachta dhi nach mbeadh a spreangaidí sáite sa tine aici agus í ina goróir leis an bhfuacht. Ar ndóigh ní éadach atá uirthi! Na balcaisí tanaí sin ar ndóigh ní fuacht a choinneoidís ó aon duine. Ba bheag an baol orthu. Fuacht na slinneáin a bhreacas na loirgní, ar chuala tú ariamh é?
2.
+
Níl an teas ag breith ar an bhfuacht aige; beireann an fuacht ar an teas air — níl díol a fhreastail nó riar a cháis aige; tá sé an-bhocht
Seán seo thoir! Ní fhaca mé an teas ag breith ar an bhfuacht aige (air) aon lá ariamh. Beo bocht a bhí sé, agus beo bocht atá sé, ní dhá roinnt leis é!
TUILLEADH (7) ▼
An fhad is bhí sé ar an mbaile seo, dheamhan an teas a rug ar an bhfuacht ariamh aige, ach ó d'fhága sé é, tá sruth is gaoth leis. Ba gheal an lá dhó ar ghliondáil sé leis ar fad as, ba gheal sin
Phós sé drochbhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go crua. Ba ghearr nár rug an teas ar an bhfuacht air. Ansin chuir sé an áit faoi chantáil. Ba mhór an feall é!
É fhéin ba chiontach má rug an fuacht ar an teas air. D'fhága a athair ina shuí go te é, ach d'fhága a chuid frasaíl fhéin ar a thóin é. Ní sheasfadh saibhreas Sheoirse leis sin. M'anam má dhíol sé talamh Bh. an tS. anois go bhfuil a raibh de mhuinín an tsaoil aige imithe. An chéad áit eile a bhfeicfidh tú é, istigh ar shlata an Bhaile Mhóir agus é ag ocastóireacht, mar níos siad uileag
M'anam a stór murach na gliomaigh nach mbéarfadh an teas ar an bhfuacht ag na daoine. Tá an phínn bhairr orthu anois, ní hionann agus ariamh
Tá faitíos orm go mbéarfaidh an fuacht ar an teas orainn i mbliana mura bhfuil ag Dia. Tháinig an bhliain go dona. Níl fata ná arbhar ná móin ann. Tá na daoine ceart mura bhfaighe siad gorta. Ach tá Dia láidir. Níor dhún sé bearna ariamh nach n-osclódh sé ceann eile
Shílfeá nuair a phós sí é sin, go raibh sé in ann cat agus dhá rioball a dhéanamh má b'fhíor di fhéin, ach tá scéal aici air anois. Níl an teas ag breith ar an bhfuacht aici. Is olc an rud a bheith dochomhairleach. Bheadh sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint léithe sin an t-am ar iarr sé í. A chomhairle fhéin do mhac dhanra, adeir siad
Beidh na daoine ceart chomhuain is a bheas an teas ag breith ar an bhfuacht acu. Dhá bhféadadh duine snáth a choinneáil faoin bhfiacail chor ar bith, dheamhan a mbeadh daorbhasctha dhe, ach is deacair sin a dhéanamh. Agus ina dhiaidh sin, sé an saol is fhearr a tháinig le mo chuimhnese é. Tá neart airgid ag daoine
·
M'anam ligeadh sé do Sh. Sin é an buachaill nach bhfuil fuacht ná faitíos aige roimhe. Tá a fhios sin aige, agus is maith socair a fhanfas sé ina láthair
3.
+
Chuaigh sé amach an lá mór mar ba mhinice leis agus fuair sé fuacht (níl ann ach "fuacht". Ní hé an slaghdán é, cé go dtiocfadh slaghdán as, nó b'fhéidir rud níos measa)
Fuair sé fuacht ar an bportach an lá báistí údan, agus tá sé buailte síos ó shin. Tháinig an dochtúr aige
TUILLEADH (1) ▼
Fuair mé fuacht ar aghaidh na riteacht ansin thuas Dé Luain, agus tholg mé slaghdán as
+
Cén mhaith dhuit a bheith ag tabhairt fhuaicht duit fhéin amuigh ansin
'Sé an fuacht a thug tú dhuit fhéin inné a d'fhága in t'othar inniu thú
TUILLEADH (3) ▼
'Sí an cheird chéanna — ag cláradh mná chois claíochaí — a thug fuacht dó
D'fhága mé gan aon bhrat Dé Sathairn i nGaillimh í (capall). Bhí sí ag dórtadh allais, agus ghlac sí fuacht
Is fánach an chaoi a nglacfá fuacht ansin idir dhá dhoras na gaoithe

Féach freisin

fuacht in iontrálacha eile (50+)

+
Níl fuacht ná faitíos orm romhat
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach ag creathadh ag an bhfuacht, ach ag creathadh ag an bhfaitíos a bhí sé leis an bhfaitíos; ba leis an bhfaitíos a bhí sé ag creathadh
 
Ó a dheartháir ó, tá mé foirgthe leis an bhfuacht. An bhfaca tú a leithide d'aimsir ariamh?
 
D'fhága an fuacht gan focal cainte é
 
fág
Níor fhága an fuacht an uair le linn an tsneachta fhéin — níor imigh an fuacht as an uair de bharr an tsneachta. Deirtear go mbaineann sneachta an ghoimh as an aimsir
 
féar
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirim dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht de phunt amach anseo san earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) — is maith an éadáil dom fhéin í le coinneáil
 
Bain díot an cóirséad sin chomhuain is a bheas tú istigh nó ní aireoidh tú ort fhéin chor ar bith é ar a dhul amach faoin bhfuacht duit aríst.
 
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin
 
Shílfeá gurb é coraice dhubh na bliana atá agaibh ann leis an ngliúrach de thine atá thíos agaibh. Diabhal aithne oraibh nach fuacht atá san aimsir!
 
crinn
Déarfainn má thagann cruatan mór ar bith an geimhreadh seo go dtabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit é a shárú. Tá leathchailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorróidh an fuacht seo leat (as greann)
+
I nDomhnach níorbh fholáir do ghasúr a bheith cuisneach go maith lena chur chun scoile agus an aimsir atá ann. Chonaic mé deoraí beag de ghasúr atá ag M. Mh. ag dul anoir inné, agus é ina ghoróirín leis an bhfuacht. Nár agraí Dia air a dhul ag cur amach a leithide siúd de mhalrach faoi fhuacht agus faoi dheallradh!
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé crua cuisneach, agus gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán — tá sé cruachúiseach righin, agus ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
Murach chomh crua, chomh cuisneach agus atá sé, phréachfadh an fuacht é. Ar ndóigh ní hé an t-éadach atá air atá ag déanamh aon teasa dó! Tá sé chomh scagach agus go bhfeicfeá na beithígh thríd.
 
beos
Ól an braon tae seo agus cuirfidh sé beos ionat. Tá ceart agat a bheith seactha leis an bhfuacht.
 
birín
Bhí an spideog ar a chaincín ina birín seaca le fuacht.
 
breá
Dhá gcaitheadh sé scráib bhreá shneachta, bhainfeadh sé an fuacht as an uair.
 
bruach
Tagann bruachannaí ar mo bhéal i gcónaí le fuacht.
 
aer
Tá fuacht an gheimhridh san aer anocht.
 
aice 2
Tá fuacht orm in aice an ocrais — tá fuacht orm i dteannta an ocrais
 
Nuair a bhí mise ag éirí suas, dheamhan bróig ná stoca a d'fheicfeá ar aon ghasúr sa tír ach iad ag imeacht cosnochta, geimhreadh is samhradh chomh maith le chéile. Nuair a thiocfadh sioc mór ansin, chuirfidís buadáin ar a gcosa — súgáin fhéir, nó strácaí de mhálaí — le teas a dhéanamh dhóibh ar an bhfuacht.
 
buail
Bhuail faitíos, fuacht, imní srl. é — tháinig faitíos, fuacht srl. air; tháinig sé ina fhaitíos, ina fhuacht srl. air; bhain fuacht dó; ghlac sé faitíos srl. Le "buail", bíonn sé i gceist go tagann an fuacht, faitíos, srl. go tobann, nó nach mbíonn aon tsúil leis.
+
Tá bualadh draidín air leis an bhfuacht — tá déidín tite aige leis an bhfuacht; tá bualadh fiacal air le teann fuaicht; tá sé thart leis an bhfuacht
TUILLEADH (1) ▼
Tháinig bualadh draidín orm leis an bhfuacht.
+
aire
Tá sé rí-aireach air fhéin. Ní thabharfaidh sé fuacht ná deallrú dhó fhéin nó is cinniúint air é
TUILLEADH (1) ▼
Bí an-aireach ort fhéin agus ná déan aon sclábhaíocht go gcaitear an fuacht seo.
 
An bhfuil aon aireachtáil ar an bhfuacht agat? — an airíonn tú (an mothaíonn tú?) an fuacht?
+
aire
Ní iontas ar bith nach mbeireann an teas ar an bhfuacht aige agus a laghad aire agus a thuganns sé dhá ghnaithe (fc. teas)
TUILLEADH (1) ▼
Ní thugann sé aire ar bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcónaí.
+
airigh
Airím an fuacht céatach. De dhroim sneachta atá an ghaoth aduaidh sin ag éirí in áit eicínt.
TUILLEADH (6) ▼
Níor airigh mé a leithide d'fhuacht ó rugadh mé agus a d'airigh mé aréir (níl an d séimhithe le cloisteáil, ach an-lag ar fad in "rugadh" agus "mé" ina dhiaidh)
Má airíonn sé an fuacht, dheamhan mórán dhá aithne air.
Dheamhan ceo aireachtála aige ar an bhfuacht.
An airíonn tú an fuacht (an sioc, an sneachta, an bháisteach) — adéarfá le duine a chasfaí ort agus ceachtar de na síonta sin ann
Ab in é a bhfuil d'aireachtáil agat ar an bhfuacht (ar an sioc, srl.) — adéarfá le duine nach mbeadh ag cur aon tsuime sna síonta sin, nó pé ar bith cén tsíon acub a bheadh ann)
Ní airím go bhfuil an aimsir bhreá chor ar bith ann lena bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar Bhoth Loiscthe an t-earrach seo (chuaigh) bhart (thart)
 
Suígí anuas i mínis na tine. Tá fuacht thuas ansin
+
"Lá Fhéile Fionnán Finn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a théas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a éiríos sí aisti" (a bhaintear as an chloch fhuar); "Lá Fhéile Fionnán fuar a théas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar"; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" — ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghoimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
TUILLEADH (2) ▼
Romhat amach atá anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba in é seanchas na seanfhondúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh Lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
'Sí anocht Oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon lá ariamh sa saol nach in é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís
 
fraigh
Beidh sneachta go fraigh amárach. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá sé ag tolgadh le seachtain. Bhainfeadh scráib an fuacht as an uair
+
Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar — ní sa samhradh is mó a bhíos an teas ach sa bhfómhar; san earrach agus ní sa ngeimhreadh is measa an cruatan
TUILLEADH (1) ▼
Ní sa samhradh is meirbhe a theagas an uair ach amach sa bhfómhar, aimsir bhainte an choirce. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar ar ndóigh
 
Ní ligfeadh an mífhonn dó a dhul 'na phortaigh anois, dhá gcailltí leis an bhfuacht ar an teallach é
+
fiach 2
Chuirfeadh sé an éig (ague?) ar na fia (fiaigh) dhubha le fuacht — tá an dubhfhuacht ann
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le fuacht a dhuine sin! Chuirfeadh sé an éig ar na fiaigh dhubha
 
Bhí mé an-bhuailte suas le coicís. Choinnigh mé an leaba. Shílfeá nach raibh tsiocair ar bith agam mura fuacht a fuair mé oíche na tórramh. Ach deir siad gur furasta fuiliú ar cheann carrach
 
Shílfeá go mbeadh fulaingt agat ar fhuacht thairis sin
 
Tá an oiread fonn cuartaíocht air sa teach bhradach sin thíos agus go sílfeá gurb é fuíoll na bhfuíoll a fhaigheas sé ann. Faigheann muis! Fuacht agus deallradh, agus gan splanc thine ar an teallach ann
 
Tá bualadh fiacal orm leis an bhfuacht (le faitíos srl.) — bualadh draidín; gíoscán fiacal
 
An bhfuil na hoighreachaí fuaraithe ort inniu? Is gearr go mbeidh tú amuigh faoin bhfuacht aríst mar sin