Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fuar
Aidiacht.
cotarsna "te".
1.
a.
gaifeach; feannta; strompha; seacha etc.
+
Tá an lá fuar; tá sé fuar; is fuar an lá é etc.
Seasfaidh sé (an uair) fuar píosa eile sílim
TUILLEADH (11) ▼
Sé atá fuar (an lá)! Ní iarrfá níos fuaire é!
Tá an lá inniu fuar thar an lá inné
Tá an aimsir bun-fhuar (rí-fhuar, an-fhuar, dubh-fhuar, fíor-fhuar, roinnt fuar, réasúnta fuar, sách fuar, buille fuar, an-fhuar go deó, etc)
Is maith fuar é inniu
Is breá fuar an aimsir í!
Lá chascartha an tsneachta an lá is fuaire ar bith
Tá an uair ag coinneál an-fhuar
Tá an tránóna ag eirí fuar
Beidh sé ag teacht fuar feasta = an aimsir fhuar ag teacht
Tháinig an bhliain an-fhuar
Tá an aimsir ag teacht fuar = is aimsir fhuar í
+
Lá fuar fliuch é
Is millteach an aimsir í le fearthainn agus fearagráin. Lá fuar deallraithe é an lá inniu aríst
TUILLEADH (2) ▼
Aimsir fhuar fheannta í.
Níor tháinig aon-oíche cho fuar ná cho feannta leithi ariamh déarfainn. Tá mé seacáilte
+
Tá mé fuar ag an urlár sin = sén t-urlár atá do mo dhéanamh fuar
Tá mo lámha fuar ag an ngaoith
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé fuar go smior (go croí, go bundún, go hanam, go cnáimh etc.)
Tá sé fuar préachta = an-fhuar (duine, beithioch, rud len ithe, lá, etc.)
Tá tú fuar deallraithe
+
Tá tú cho fuar leis an sioc (le smut con, le tóin caillí an bás agus rl.)
Na trí rud is fuaire ar bith: smut con, deóir aille, agus tóin caillí
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé cho fuar le deoir aille
Sin é an deoch a rinne maith dhomsa. Bhí sé cho fuar le deoir aille
An braon is glaise fhuaire dhá bhfaca tú ariamh is as mo shrón-sa a theagas sé. Teagann braon cho glas cho fuar aisti le deóir aille.
Tá tú cho fuar leis an saol = an-fhuar
·
Is fuar an éadáil a dhul ar cuairt annsin = áit fhuar é; ní bhíonn aon-tine ann etc.
Is fuar an tsamhaoine a dhul ar cuairt chuige siúd
b.
+
Is fuar an stiúir atá ort (is fuar an gothadh, an dreach, an chosúlacht, an tsrón, an ghoic, etc atá ort)
Shílfeá gur fuar leat fanacht amuigh ag obair
TUILLEADH (1) ▼
Ní ghabhfaidh mé 'nan phortaigh inniu. Is fuar liom é
c.
+
B'fhuar an fháilte a chuir sé romhainn = bhí sé doicheallach romhainn; ní fáilte chroidhiúil a chuir sé romhainn
Is fuar an fháilte a bhéas roimhe annsin anocht muis
TUILLEADH (3) ▼
M'anam má theigheann tú go dtí iad sin agus do dhá láimh cho fada le chéile gur fuar an fháilte a bhéas romhat
B'fhuar a bheannaigh sé dom ar ball = níor bheannaigh sé dhom go súáilceach
B'fhuar a labhair sé ar an gcarr inniu liom. "Shíl mé go dtiúrfainn anoir ar feadh na seachtaine é", adeir sé, "ach bhí mo sheacht sáith le déanamh agam thairis".
·
Is fuar fánach ón gceann céanna tada a dhéanamh. Ar nós chuma liom i gcomhnaí. Níl dúracht ar bith ann
B’fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur thob ann agus thob as a bhí aige. 'Ar ndó' níor mhilleán air sin, agus an reanglachán a bhí as a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
+
Tá croí fuar aige sin = duine beag-thruaigheach é
Tá croí aige cho fuar leis an gcloich. Sin é nach bhfuil an truaighe ann mo chreach mhaidne!
TUILLEADH (1) ▼
Míle buíochas le Dia nach bhfuil croí agam cho fuar agus atá agad-sa. Dhá mbeadh, b'fhearr liom san talamh ná beó
d.
+
Is fuar é a theallach ní dhá roinnt leis é = gan aon-tine; bánaithe; i léig
Teach fuar falamh é anois = bánaithe bochtaithe
TUILLEADH (1) ▼
Nach hiomdha port croithiúil a daimhsíodh ann ariamh, agus feacha cho fuar falamh agus atá sé inniu = teach bán
+
Fágfaidh an t-ól ballaí fuara aige = gan aon-tine a bheith aige; é a bhánú
Sí an bhean a d'fhága ballaí fuara aige. Ach is cóir adeir siad, gur bean tí shuarach a níos ballaí fuara = teigheann an teach i léig gan tine gan teas, gan rath gan ríocht, má bhíonn bean an tí go dona
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sí de dhruim tí é th'éis cho te agus a bhí sé sin in a shuí shul má phós sé í. Ach sí an bhean tí shuarach a níos na ballaí fuara
Is geárr gur ballaí fuara a bhéas aige má thugann sé aonduine de na Fáthartaigh isteach (a phósadh). Ní raibh an sonas ariamh indiaidh a láimhe, ní áirím anois
Más leat ballaí fuara a bheith agad, fan ar an gceird a bhfuil tú! Déanfaidh tú bun mar sin!
+
Tá sé fuar falamh, an duine bocht, ó chuaigh sé ag obair ar a aghaidh fhéin
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar falamh a stór: cho feidhearha leat fhéin
TUILLEADH (2) ▼
M'anam nach bhfuil locht ar bith ar an scéal má tá sí indon beatha a bhaint as a crága. Mara mbaine ní hé siúd a shaothrós di é: fear fada fuar falamh, mar adeir an bhean fadó. Nach cunórach anois é, ag dul ag pósadh, agus gan slí ó neamh aige le bean a chothú?
Is deas é mo gheóisteamán! Fear fada fuar falamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfuigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
+
Is fear faillíoch fuar é = fear siléigeach gan cuid ná maoin aige
Dar sliabh muis is olc an díthriúch d'fhear atá sí a fháil másin é anois é. Fear faillíoch fuar é. Ní fhaca mé aon-smais ar a gharraí aon-lá ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad nach mórán gaisce iad na Spáinnigh sin faoin gcreideamh. Tá siad faillíoch fuar. Sin é an chaoi nuair nach mbíonn cómhrá Dé sách solasach in intinn duine
An té atá faillíoch fuar faoin Aifreann sin é do dhóthain. Is ionann agus a rá nach bhfuil aon-chreideamh aige
e.
+
Is fuar an rud cliú gan chuid; gan tairbhe is fuar í an chliú = is fuar an rud cliú gan tairbhe
Cailín beag cuibhiúil í, nach bhféadann aonduine aon-cheo a rá léithi, ach a bhfuil an cur leis inti? Is fuar an rud cliú gan chuid. Agus deir siad dhá mbeadh spré ag an gcut gur deas lách a phósfaí é
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chaint dhá dhéanamh faoi, agus aithne air is chuile áit, ach is beag an mhaith dhó sin, más ar thóir mná atá sé. Is fuar an rud cliú gan tairbhe, adéarfadh na sean-daoine
2.
Lá fuar, aimsir fhuar, fataí fuara, currachaí fuara, faideógaí fuara, feiliún fuar, ballaí fuara, criathrach fuar, feoil fhuar, croí fuar, cosa fuara, tinneas fuar, uisce fuar, etc.
a.
amh.
+
Feóil fhuar, uisce fuar, bainne fuar, etc. = gan a mbruith nó a bhfeochadh
Tá arán fuar annseo = arán fuar-bhruite.
TUILLEADH (3) ▼
"Arán fuar screamhach taosach" etc. (rann)
Tabhair dóibh na fataí fuar = gan a mbruith nó a gcnag-bhruth; tabhair fataí fuara dóibh
Coinnigh deochannaí fuara leis. Dúirt an dochtúr gan tada a théamh dhó
·
Ní thiúrfadh sé an t-uisce fuar duit dhá bhféadfadh sé = tá sé an-daoithiúil; níl einneach ar bith ann
Fuair tú amach an té a mbeadh boigréis ann. Diabhal deoch den uisce fuar a thiúrfadh sé do dhuine ná cuid de thabhairt
+
M'anam gur maith an mhaise dhó é. Dheamhan lá mairge air, ach an oiread agus a bhí in aois a dheich mbliana fichead. Caitheann sé fuar agus te ar nós chuile dhuine againn = itheann sé agus ólann sé an rud fuar agus an rud te, nó gnáth-bheatha; ní theastaíonn giollaíocht nó ceannsacht ar leith uaidh de bharr a aoise
Dhá gcloistheá ag uallfairt istigh ar an teallach é! Bhí mise ar an tsráid ó dheas agus mé ag éisteacht leis. "Níl mé indon te ná fuar a chaitheamh" adeireadh sé. Dóite ag ól a bhí sé 'ar ndó'
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan a mbeidh de chailleadh ort a fhad's atá tú ag caitheamh fuar agus te
Níl an duine bocht indon fuar ná te a chaitheamh. Tá an ceann aníos air chuile phuínte.
Bhí mo chuid putógaí loische in imeacht seachtaine de bharr an phoitín. Ní raibh goir agam te ná fuar a chaitheamh. Ba bheag nar fhága sé ar lár mé
·
Más leat (más mian leat) a bheith buan, caith fuar agus te = más leat a bheith folláin nó fad saoil a fháil, caith gach cineál beatha: beatha fhuar agus beatha the cho maith le chéile
Shílfeá go dtéann tusa chuile shórt. Chuala mé ariamh é: más le duine a bheith buan, caitheadh sé fuar agus te
+
Ní mar sin a bhí sé bruite ná fuar = ní mar sin a bhí sé beag ná mór
Deir tusa gurb é mac a deirfíre a chuir an bhail sin uirri. Ní hé muise. Ní mar sin a bhí an scéal bruite ná fuar. Ach b'ise a thug isteach mac na deirfíre agus annsin …
TUILLEADH (3) ▼
An luighe atá tusa a chur air, is mian leat an ceann trom den mhilleán a bhualadh thall ormsa. Mar dhóigh dhe gur mise a d'áitigh i dtosach é! Ní mé muis. Ní mar sin a bhí sé bruite ná fuar
Thug sí a dearg-éitheach ó a bhain sí asam é. Ní shin é an t-údar bruite ná fuar. Nach maith a chaifeadh sí streille a chur ar an scéal anois. Dheamhan a bhfaca mé ariamh fhéin í, nach mbeadh agús aice is chuile shórt.
Tá sé breá go leór agad a bheith ag caint anois, ach ní mar sin a bhéas sé bruite ná fuar adéarfainnse. Ach a dteighe tú i láthair na cúirte annsiúd …
+
D'ith sé na fataí fuar beithioch = amh; gan bruith ná eile.
Thosaigh sé ag slamairt na feóla fuar beithioch. Sin é an fear a bhfuil an coimpléasc aige!
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal feochadh ná deide a thug sé siúd ar na huibheachaí ach a n-ithe suas fuar beithioch. Is fear folláin é. Déarfaidís nach bhfuil léigheamh ar bith ar uibheachaí fuara mar sin
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beithioch mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheanntaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí turnapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh fuireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire aca! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon-fhiacail agam anois
B'fhearr liomsa a bpiocadh (faochain) agus a n-ithe fuar beitheach ná a mbruith. Ní bhíonn blas ar bith orra bruite feicthear dhomsa
Tá an tae fuar beithioch anois nuair nar eirigh tú nuair a blaodhadh ort. Sin é an gléas ort
Bíonn na fataí fuar beithioch chuile oíche nuair a theagas tú ó chuairt. Breá nach dteagann tú in am = fuaraithe
b.
+
Níl tada san lorgan sin ach carrachaí fuara = léanaí talúna agus iad an-fhliuch as a mbun
Criathrach fuar é, agus níl fód láighe ann ach dóib thíos faoi
TUILLEADH (4) ▼
Is olc an dóigh fataí é sin. Talamh an-fhuar é. Níor mhór dhuit áit chineálta l'aghaidh fataí
Talamh an-fhuar atá agam frén a chéile. Dhá mbeadh ceart ann níorbh fhuláir dó scráib aoil nó gaineamh griúáin nó rud eicínt a bhainfeadh an géireadas as
Taltaí fuara uilig atá suas annsin. Shílfeá nach hea nó go dteightheá ag pléidh leó, ach sea
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cáil an talamh cuir?
c.
+
Balla fuar atá sé a oibriú; balla fuar atá sé a dhéanamh = balla cloiche gan muirtéal ar bith a chur ann
Balla fuar cloiche atá san teach sin. Sean-teach ón díle é
TUILLEADH (3) ▼
Ní chlisfidh sé go bráth th'éis gur balla fuar é
Balla fuar chuile chloch ag gabhail leis an tsean-áitiú sin thiar, agus ainneóin sin, ní thuitfidh sé choichín. Ó, an dream a rinne na sean-áiteacha bhí a fhios aca le clocha a chur, ní hé sin do na saora atá anois ann é
Nach hé an balla sin atá teangmháilte fós th'éis gur balla fuar é. Ach dheamhan cloch ar a fhuaid nach bhfuil ar an scair. D'imigh an tsaoirseacht ón am sin. Sén t-aol agus an muirtéal a mhill an saol. Cén bhrí ach an "cement" anois?
3.
+
Fanadh cosa fuara amach = dream a thiocfadh ag bainis nó a leithide gan cuireadh
Ní féidir gur tháinig fear cho gnaoithiúil leis sin ann in a chosa fuara. D'imigh an diabhal air má tháinig
TUILLEADH (6) ▼
Cosa fuara a bhí frén a chéile ann. Bhí an teach ag cur thar maoil leó
Ní cosa fuara muid, ach sén dá mhar a chéile é. Ní bhfuaireamar ach cuireadh casáin
Nach beag beag an náire a bhí air a theacht anoir annseo in a chosa fuara. Fear ar bith a dhéanfadh a leithide de chleas, ní bheadh cuibhiúlacht ar bith fanta ann
Ba í an oíche a ndeachaidh sé in a chosa fuara siar ar bhainis Sh. Mh. a ghiorraigh leis. Ní raibh aon-fhear san teach an oíche sin nar thug dual na druinne dhó. Má ba é S. Ó. B. féin é, bhí sé ag gabhailt air le leath-mhaide croise
'Ar ndó' ní féidir droichead a dhéanamh de chosa fuara ná den ghiolla gan cuireadh ach an oiread leis an té a fuair cuireadh glan fiuntach. Má bhíonn fear ar bith ag roinnt óil caifidh sé gearradh éadain a thabhairt dóibh, bídís iarrta, nó ná bíodh
D'imigh an diabhal oraibh má chuaigh sibh isteach ag cuairt mhíosa ar bith in ur gcosa fuara. Tá sin mí-náireach ar fad
4.
+
Bíonn an tinneas fuar ar mo bhean. Ar éigin na gcor agus na gcnámh a sháraigh sí an duine deireannach cloinne a bhí aice chor ar bith (fc. tinneas)
Tá feiliún fuar air (fc. feiliún)
TUILLEADH (1) ▼
Tá fáideógaí fuara ag snámh ort as an tuí sin. Coinnigh i leith nó go mbaine mé dhíot iad (fc. fáideóg)

Féach freisin

Fuar in iontrálacha eile (50+)

+
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! = níl faitíos ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst, agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
 
'm'fhallaing duit gurb shin é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh
 
faoisc
Má thugann tú aon-fhata don bhó sin, tabhair faoscadh beag orra. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
 
Má tá tusa fuar, sin é a fhearacht agamsa freisin é. Tá mé fhéin seacáilte
+
Is fearadh do ghasúir an máistir scoile sin. Tá sé an-dícheallach. Feacha an méid a fuair postaí ó a tháinig sé annseo
TUILLEADH (1) ▼
Níl áiriú ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearagráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
 
feart
"Lá Fheil Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar!" (Feic "Fionnán")
 
feáin
Ní bheadh fí ná feáin air mara bhfádh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair ba bheag an suaimneas a rinne sé léithi. Nar réití Samhain ná Bealtaine eatorra muis!
 
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labharha. Ab é an gráiscín sin? Náireódh sé thú, dhá mbeadh aon-duine ann a mbeadh cás ar bith agad faoi. Meastú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. annseo … ? Ní thiúrfainn deóir fhola le náire
 
fliuch 1
B'éigin dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
+
fliuch 2
Lá fuar fliuch a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ar an bportach inniu agus má bhí fhéin is fuar fliuch an áit sin
 
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leór báistí etc.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
 
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rádh. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé druimeáil. Sé a theastuigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
 
Fuair mé maide farraige anuiridh. Maide breá, ach go raibh sé foirghe le giúirinneachaí
 
Sé cinn a fuair tú. Ní fuláir duit sin. Is beag a bhéas le reic agad ach a mbeidh ábhar dorais bainte asta
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithi ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach hí an marcach í!
+
fág
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
TUILLEADH (11) ▼
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis = rinne mé an-sciolladóireacht air
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hithiodh, ba bheag a luadh aige a dhul tharmsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scathamh marach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é = bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige marach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í = fuair tusa í, agus droch-bhail uirri, agus chuir tú caoi cheart uirri
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é = bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
Ba dona an teach a bhí annsin nó go ndeachaidh inín S. Th. isteach ann. Má tá bráigill orra inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'innis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaithtí)
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is in a sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu marach a cuid airgid sin
Marach P. se'againne a theacht ann agus M. a choisint, dheamhan fata a changlódh sé len a loiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba in a sheasamh a d'fhága sé é (M.).
Is maith an cúl toraic aice (ag Sasana) Meiriocá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí [í], ba in a seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta marach Meiriocá
Más thíos a fuair sí é thuas a d'fhága sí é. Bhí an oiread ríméid uirri go dtáinig sé agus gur mhúch sí é le póga
D'fhága sé an féar siúd ro-fhada ar sraith agus fuair sé amlú
+
Tá an féar sin frén a chéile faoi fháideógaí fuara = cnuimhe agus cloigne dearga orra. Iad beag agus mór. Bheitheá millte le salachar a níos siad san gcoirce. Is mór an ghráin cuid aca. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
TUILLEADH (5) ▼
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
Tá rud eicínt ag snámh orm. Tá a mhaisce! Fáideóg fhuar! Nar fheice Dia an t-ádh ort! Dhá mbeadh maith ionad, ní annsin a bheitheá, ní hea sin
Ní fhaca mé aon-chruach go hiomaí is mó fáideógaí fuara ná í sin. Tá sí bratha leo. Meastú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon-nós. Milleann siad an coirce. Nach haisteach an rud le rádh leat anois é, ach ní fhaca mé aon-cheann de na fáideógaí fuara sin ariamh air choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
Caith dhíot na fáideógaí fuara sin. Tá péire aca treasna ar a chéile ar do shlinneán
+
Fuair tú dhom é. Fáinne óir ort!
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir annseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
+
Is fuar fánach an teach atá aige = droch-theach; teach gan mhaith
TUILLEADH (3) ▼
Is fuar fánach a bhí sé dhá thógáil = ar nós chuma liom agus go drugallach a bhí sé ag cur aimsire air; he was indifferent and reluctant in hiring him
Tháinig sé a chúnamh dhom, ach b'fhuar fánach uaidh
Beidh sé fánach agad an bullán sin a choinneál san ngarraí siúd anois ó a fuair sé blas na háite eile
+
Fuair sé na físeachaí (agus na pínneachaí corra) = an méid a thuill sé agus tuilleadh len a chois; an teanga; sciolladh; lascadh; greadadh buailte; cáineadh; hinnsíodh dó cé hé féin agus rl.
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí in a dhiaidh air, ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
fóir
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian cho cráite air. Sin é an fhóirínt a fuair sé ón dochtúr
 
Fuair sé garbh indiu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh, go dtáinic sé abhaile.
+
Fuair sé caidéis do mo chulaith nuaidh. Dubhairt sé go raibh sí a' teacht dhom go maith.
TUILLEADH (2) ▼
Fuair sé caidéis do'n ghamhain, gan é 'bheannú. Bail ó Dhia uainne air!
Deir siad gurb é S. Bh. ba chionntach léithe sin. Fuair sé caidéis di, gan aon-'bhail ó Dhia', a chuir uirre. Badh é ráidhte 'chuile dhuine go raibh droch-shúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ó'n lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair a's a muinntir a' strócántacht le na fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. a's é 'thabhairt 'un láithreach, go gcuireadh sé 'bail ó Dhia fliuch' uirre.