Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

te (50+)

 
feáin
Níl fí ná feáin air ó mhaidin ach ag dul Gaillimh bog te más fíor dó fhéin. 'Sé an chloch is faide siar ar a phaidrín é muis! Ní chorródh fear agus píce as an gclúid siúd anois é. Tá a chuid Gaillimh ar iarraidh
 
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
 
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é i ndiaidh a chinn roimhe mar sin
 
fán
Shíl mé go raibh sé sin ina shuí go te, nó céard a chuir fán agus seachrán an tsaoil mar sin air?
 
fóir
Tá sé as fóirín muis anois mura nglaca an deirfiúr aon trua dhó. Tá sise ina suí go te — tá sé réidh le fóirithint (a fáil) mura srl.
 
Is deas an áit a rachfá i gcoinne uisce te — síos go dtí an tobar brocach sin atá faoi chailimhineoig as éadan.
 
coirt
Tá coirt ar an tobán sin. Níor mór daoibh é a sciúradh le uisce te.
 
Ceadh nach bhfuil aon chosúlacht air ach mar sin? Shíl mé go raibh sé ag dul ag pósadh bog te an lá faoi dheireadh.
 
Tá an gnaíúlacht agus an chórtas ann ceart go leor, ach tá an bealach eile leis freisin. Mura bhfuil sé trom nó te, tá sé ardaithe leis aige.
 
beart
Deirimse leat, ainneoin nach raibh foghlaim ar bith air, ná focal Béarla ina phluic, gurb úd é a bhí in ann a bheart a tharraingt i Meiriceá. Tá a shliocht air anois; 'sé atá ina shuí go te ann léar (de réir) mar a chuala mé.
+
beo 1
Is beo te uaidh rud a dhéanamh — sciobtha, nó faoi fheirg
TUILLEADH (2) ▼
Is beo te a d'éirigh sé suas ag dul do mo bhualadh — beo drochmhúinte
Tá an gaineamh beo te bruite inniu.
 
bior
Tá S. L. ina shuí go te agus é taobh le bior in aon tsúil — mac — tá a sháith de mhaoin an tsaoil aige agus é taobh leis an t-aon mhac
 
bocht 1
Bhí sé ina shuí go te tamall ach tá sé beo bocht anois agus ag fáil a dhíol le déanamh snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
 
Chaith muid an oíche ag iarraidh foighid a chur sa mbollaire mór sin thiar ag S. Sh. Ba mhór an t-ár é, ag blaoch agus ag blaidhriúch. Ag iarraidh T. Ph. a bhualadh bog te a bhí sé, agus nuair nach ligfí chuige é, bhí gearradh fiacal air.
 
breá
Rud ar bith nach raibh te ná trom aige sin ariamh, ghoid sé é, agus nach breá nach rugthas ariamh air ina dhiaidh sin.
 
Bhí an lá chomh te agus go raibh an fiach dubh ag cur a theanga amach — lá an-mheirbh ar fad a gcuirfeadh an fiach dubh a theanga amach.
+
anam
Ní raibh le déanamh leis ach an t-anam a bhaint as te bruite, má bhí aon láimh aige ann — é a mharú
TUILLEADH (1) ▼
Bainfidh mé an t-anam asat te bruite, má fheicim go gcuire tú aon phíopa in do bhéal le do ló aríst.
 
ard 1
Shrian sé soir an t-ard bog te — chuaigh sé soir an t-ard faoi shiúl agus é de rún aige a dhul in áit nó rud eicínt áirid a dhéanamh
 
Gabhfaidh mé amach ar an bhfionnórtas. Tá an teach an-te — lá samhraidh nuair a bheadh an-bhrothaíl san áit istigh
 
flith 1
Ní fhaca tusa flith ag dul le cois chapaill ariamh? … Ní hé sin domsa é muis. Is minic a chonaic mé dhá cur léithe í dhá mbeadh sí ata. Í fhéin nó moing mheara. Tá an fhlith chuile orlach chomh maith leis an moing mheara. Í a bhruith i bpota agus an sú a chuimilt den at. Ní foláir í a choinneáil cuimlithe léithe nó go dtraoithe sí. Bhainfeadh sí at as duine freisin. Í a théamh os cionn na tine, agus a bualadh le do dhá bhois, agus a cur isteach leis te bruite. Chuir mise le mo láimh anseo í uair a raibh sí ata. Ba gearr a bhí sí ag baint an at aisti.
 
Gheobhaidh tú fruisín ón máistir amárach mura mbeidh do chuid teagasc Críostaí agat. Beidh "te te" ann tá faitíos orm
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mórmhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneodh corp théis luí fada go deo mar ní bhíonn bior eanga orthu. Bhí corp sheanN. chomh héadrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirthi!
 
imigh
Tá sé ag imeacht ina chneámhaire agus mura bhfuil an rud te nó trom, tá sé ardaithe leis aige — tá sé ag imeacht ina bhollaire; ag dul thart agus go leor cainte agus gaisce aige
 
istigh
Tá an capall ar chuir mise [...]te, istigh gnóiteach
 
ith
Tá ceart ag a chluasa a bheith te agus an ithe atá sé a fháil anseo — ba cheart go mbeadh cluasa te aige agus an béadán atá dhá dhéanamh air
 
Más arán te é, leagfaidh mise isteach chuige
+
Tá sí te bruite as an íochtar
TUILLEADH (1) ▼
Tá íochtar te bruite aici
 
fiach 2
Ba lá te thar cionn a bhí ann. Bhí an fiach dubh ag cur a theanga amach
 
fill
Bhí sé bog te ag dul abhaile, ach d'fhill mé ar a chois isteach aríst é — thug mé air a theacht isteach aríst
 
Dheamhan mórán le go bhfulaingeofá leis an gceirín bheadh sé chomh te sin — ní mórán le go mbeifeá in ann seasamh leis
+
fuacht
Bhí mé préachta ag dul a chodladh dhom aréir, ach nuair a dhúisigh mé ar maidin, bhí mé te bruite. Téann teas chomh fada le fuacht agus fuacht chomh fada le teas, adéarfaidís
TUILLEADH (1) ▼
É fhéin ba chiontach má rug an fuacht ar an teas air. D'fhága a athair ina shuí go te é, ach d'fhága a chuid frasaíl fhéin ar a thóin é. Ní sheasfadh saibhreas Sheoirse leis sin. M'anam má dhíol sé talamh Bh. an tS. anois go bhfuil a raibh de mhuinín an tsaoil aige imithe. An chéad áit eile a bhfeicfidh tú é, istigh ar shlata an Bhaile Mhóir agus é ag ocastóireacht, mar níos siad uileag
+
Ní mór an bainne seo a fhuarú roinnt. Tá sé te bruite. Sílimse gur bhain tú an darna fiuchadh as théis an fhainic a chuir mé ort. Tabhair dhom braon bainne fuar lena fhuarú anois
TUILLEADH (2) ▼
Ith suas te bruite iad agus ná fuaraídís ort. Deir siad nach fataí tura fataí teo. Nach diabhlaí nach mbeadh anlann ar bith le fáil sa mbaile sin thoir. Níor facthas aon ghreim éisc ann leis an fhad seo
Bhí sé bog te ag dul ag pósadh anuraidh ach d'fhuaraigh sé as aríst shílfeá — chaith sé as a cheann é
+
fuar 2
Chuir sí de dhroim tí é théis chomh te agus a bhí sé sin ina shuí shul má phós sé í. Ach sí an bhean tí shuarach a níos na ballaí fuara
TUILLEADH (7) ▼
M'anam gur maith an mhaise dhó é. Dheamhan lá mairge air ach an oiread is a bhí in aois a dheich mbliana fichead. Caitheann sé fuar agus te ar nós chuile dhuine againn — itheann sé agus ólann sé an rud fuar agus an rud te, nó gnáthbheatha; ní theastaíonn giollaíocht nó ceansacht ar leith uaidh de bharr a aoise
Dhá gcloistheá ag uallfairt istigh ar an teallach é! Bhí mise ar an tsráid ó dheas agus mé ag éisteacht leis. 'Níl mé in ann te ná fuar a chaitheamh,' adeireadh sé. Dóite ag ól a bhí sé ar ndóigh
Dheamhan a mbeidh de chailleadh ort a fhad is atá tú ag caitheamh fuar agus te
Níl an duine bocht in ann fuar ná te a chaitheamh. Tá an ceann aníos air chuile phointe.
Bhí mo chuid putógaí loiscthe in imeacht seachtaine de bharr an phoitín. Ní raibh gair agam te ná fuar a chaitheamh. Ba bheag nár fhága sé ar lár mé
Más leat (más mian leat) a bheith buan, caith fuar agus te — más leat a bheith folláin nó fad saoil a fháil, caith gach cineál beatha: beatha fhuar agus beatha the chomh maith le chéile
Shílfeá go dtéann tusa chuile shórt. Chuala mé ariamh é: más le duine a bheith buan, caitheadh sé fuar agus te
 
abair
D'fhéadfá a rá gur maith te drochmhúinte an cuimleacháinín é sin, má théann araoid ar bith air
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
 
daol
Deir na scorachaí sin a bhí thall in éineacht leis go mbíodh sé ar an gceird chéanna i Sasana. Bhuaileadh daolanna cumha é scaití, agus bhíodh sé bog te ag dul abhaile maidin lá arna mhárach. Ach maidin lá arna mhárach ní bhíodh aon chuimhne aige go raibh aon bhaile ariamh ann. A raibh de bháid aeir ag an German ní bhainfeadh feanc as aríst go saothraíodh sé páí na seachtaine