Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fuar
aidiacht
codarsna te
1.
a.
gaifeach; feannta; stromptha; seactha srl.
+
Tá an lá fuar; tá sé fuar; is fuar an lá é srl.
Seasfaidh sé (an uair) fuar píosa eile sílim
TUILLEADH (11) ▼
'Sé atá fuar (an lá)! Ní iarrfá níos fuaire é!
Tá an lá inniu fuar thar an lá inné
Tá an aimsir bunfhuar (rífhuar, an-fhuar, dubhfhuar, fíorfhuar, roinnt fuar, réasúnta fuar, sách fuar, buille fuar, an-fhuar go deo, srl.)
Is maith fuar é inniu
Is breá fuar an aimsir í!
Lá choscartha an tsneachta an lá is fuaire ar bith
Tá an uair ag coinneáil an-fhuar
Tá an tráthnóna ag éirí fuar
Beidh sé ag teacht fuar feasta — an aimsir fhuar ag teacht
Tháinig an bhliain an-fhuar
Tá an aimsir ag teacht fuar — is aimsir fhuar í
+
Lá fuar fliuch é
Is millteach an aimsir í le fearthainn agus fearadh gráin. Lá fuar deallraithe é an lá inniu aríst
TUILLEADH (2) ▼
Aimsir fhuar fheannta í.
Níor tháinig aon oíche chomh fuar ná chomh feannta léithi ariamh déarfainn. Tá mé seacáilte
+
Tá mé fuar ag an urlár sin — 'sé an t-urlár atá do mo dhéanamh fuar
Tá mo lámha fuar ag an ngaoith
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé fuar go smior (go croí, go bundún, go hanam, go cnáimh srl.)
Tá sé fuar préachta — an-fhuar (duine, beathach, rud le n-ithe, lá, srl.)
Tá tú fuar deallraithe
+
Tá tú chomh fuar leis an sioc (le smut con, le tóin caillí, an bás srl.)
Na trí rud is fuaire ar bith: smut con, deoir aille, agus tóin caillí
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé chomh fuar le deoir aille
Sin é an deoch a rinne maith dhomsa. Bhí sé chomh fuar le deoir aille
An braon is glaise fhuaire dhá bhfaca tú ariamh is as mo shrónsa a theagas sé. Teagann braon chomh glas chomh fuar aisti le deoir aille.
Tá tú chomh fuar leis an saol — an-fhuar
·
Is fuar an éadáil a dhul ar cuairt ansin — áit fhuar é; ní bhíonn aon tine ann srl.
Is fuar an tsomhaoine a dhul ar cuairt chuige siúd
b.
+
Is fuar an stiúir atá ort (is fuar an gotha, an dreach, an chosúlacht, an tsrón, an ghoic, srl. atá ort)
Shílfeá gur fuar leat fanacht amuigh ag obair
TUILLEADH (1) ▼
Ní ghabhfaidh mé chun an phortaigh inniu. Is fuar liom é
c.
+
B'fhuar an fháilte a chuir sé romhainn — bhí sé doicheallach romhainn; ní fáilte chroíúil a chuir sé romhainn
Is fuar an fháilte a bheas roimhe ansin anocht muis
TUILLEADH (3) ▼
M'anam má théann tú go dtí iad sin agus do dhá láimh chomh fada le chéile gur fuar an fháilte a bheas romhat
B'fhuar a bheannaigh sé dom ar ball — níor bheannaigh sé dhom go suáilceach
B'fhuar a labhair sé ar an gcarr inniu liom. 'Shíl mé go dtabharfainn anoir ar feadh na seachtaine é,' adeir sé, 'ach bhí mo sheacht sáith le déanamh agam thairis'
·
Is fuar fánach ón gceann céanna tada a dhéanamh. Ar nós chuma liom i gcónaí. Níl dúthracht ar bith ann
B'fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur hob ann agus hob as a bhí aige. Ar ndóigh níor mhilleán air sin agus an reanglachán a bhí os a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
+
Tá croí fuar aige sin — duine beagthruaíoch é
Tá croí aige chomh fuar leis an gcloich. Sin é nach bhfuil an trua ann mo chreach mhaidne!
TUILLEADH (1) ▼
Míle buíochas le Dia nach bhfuil croí agam chomh fuar agus atá agatsa. Dhá mbeadh, b'fhearr liom sa talamh ná beo
d.
+
Is fuar é a theallach, ní dhá roinnt leis é — gan aon tine; bánaithe; i léi
Teach fuar folamh é anois — bánaithe bochtaithe
TUILLEADH (1) ▼
Nach iomaí port croíiúil a damhsaíodh ann ariamh agus féacha chomh fuar folamh agus atá sé inniu — teach bán
+
Fágfaidh an t-ól ballaí fuara aige — gan aon tine a bheith aige; é a bhánú
'Sí an bhean a d'fhága ballaí fuara aige. Ach is cóir, adeir siad, gur bean tí shuarach a níos ballaí fuara — téann an teach i léig gan tine gan teas, gan rath gan ríocht, má bhíonn bean an tí go dona
TUILLEADH (3) ▼
Chuir sí de dhroim tí é théis chomh te agus a bhí sé sin ina shuí shul má phós sé í. Ach sí an bhean tí shuarach a níos na ballaí fuara
Is gearr gur ballaí fuara a bheas aige má thugann sé aon duine de na Fáthartaigh isteach (a phósadh). Ní raibh an sonas ariamh i ndiaidh a láimhe, ní áirím anois
Más leat ballaí fuara a bheith agat, fan ar an gceird a bhfuil tú! Déanfaidh tú bun mar sin!
+
Tá sé fuar folamh, an duine bocht, ó chuaigh sé ag obair ar a aghaidh fhéin
Ní féidir olann a bhaint de ghabhar. Is olc an té a dtáinig tú chuige in do chall. Tá mé fuar folamh a stór: chomh feidheartha leat fhéin
TUILLEADH (2) ▼
M'anam nach bhfuil locht ar bith ar an scéal má tá sí in ann beatha a bhaint as a crága. Mura mbaine, ní hé siúd a shaothrós di é: fear fada fuar folamh, mar adeir an bhean fadó. Nach cunórach anois é ag dul ag pósadh agus gan slí ó neamh aige le bean a chothú?
Is deas é mo gheoisteamán! Fear fada fuar folamh. Dheamhan luach a shuipéir aige siúd. Cá bhfaigheadh sé é. Ní hé atá ag déanamh imní dhó
+
Is fear faillíoch fuar é — fear siléigeach gan cuid ná maoin aige
Dar sliabh muis, is olc an díthreabhach d'fhear atá sí a fháil más in é anois é. Fear faillíoch fuar é. Ní fhaca mé aon smais ar a gharraí aon lá ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad nach mórán gaisce iad na Spáinnigh sin faoin gcreideamh. Tá siad faillíoch fuar. Sin é an chaoi nuair nach mbíonn cómhrá Dé sách solasach in intinn duine
An té atá faillíoch fuar faoin aifreann, sin é do dhóthain. Is ionann agus a rá nach bhfuil aon chreideamh aige
e.
+
Is fuar an rud clú gan chuid; gan tairbhe is fuar í an chlú — is fuar an rud clú gan tairbhe
Cailín beag cuibhiúil í, nach bhféadann aon duine aon cheo a rá léithe, ach a bhfuil an cur leis inti? Is fuar an rud clú gan chuid. Agus deir siad dhá mbeadh spré ag an gcat gur deas lách a phósfaí é
TUILLEADH (1) ▼
Tá an chaint dhá dhéanamh faoi, agus aithne air i chuile áit, ach is beag an mhaith dhó sin más ar thóir mná atá sé. Is fuar an rud clú gan tairbhe, adéarfadh na seandaoine
2.
Lá fuar, aimsir fhuar, fataí fuara, corrachaí fuara, faideogaí fuara, feiliún fuar, ballaí fuara, criathrach fuar, feoil fhuar, croí fuar, cosa fuara, tinneas fuar, uisce fuar, srl.
a.
amh.
+
Feoil fhuar, uisce fuar, bainne fuar, srl. — gan a mbruith nó a bhfiuchadh
Tá arán fuar anseo — arán fuarbhruite
TUILLEADH (3) ▼
"Arán fuar screamhach taosach" srl. (rann)
Tabhair dóibh na fataí fuar — gan a mbruith nó a gcnagbhruith; tabhair fataí fuara dóibh
Coinnigh deochannaí fuara leis. Dúirt an dochtúr gan tada a théamh dhó
·
Ní thabharfadh sé an t-uisce fuar duit dhá bhféadfadh sé — tá sé an-daoithiúil; níl oineach ar bith ann
Fuair tú amach an té a mbeadh boigréis ann. Diabhal deoch den uisce fuar a thabharfadh sé do dhuine ná cuid de thabhairt
+
M'anam gur maith an mhaise dhó é. Dheamhan lá mairge air ach an oiread is a bhí in aois a dheich mbliana fichead. Caitheann sé fuar agus te ar nós chuile dhuine againn — itheann sé agus ólann sé an rud fuar agus an rud te, nó gnáthbheatha; ní theastaíonn giollaíocht nó ceansacht ar leith uaidh de bharr a aoise
Dhá gcloistheá ag uallfairt istigh ar an teallach é! Bhí mise ar an tsráid ó dheas agus mé ag éisteacht leis. 'Níl mé in ann te ná fuar a chaitheamh,' adeireadh sé. Dóite ag ól a bhí sé ar ndóigh
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan a mbeidh de chailleadh ort a fhad is atá tú ag caitheamh fuar agus te
Níl an duine bocht in ann fuar ná te a chaitheamh. Tá an ceann aníos air chuile phointe.
Bhí mo chuid putógaí loiscthe in imeacht seachtaine de bharr an phoitín. Ní raibh gair agam te ná fuar a chaitheamh. Ba bheag nár fhága sé ar lár mé
·
Más leat (más mian leat) a bheith buan, caith fuar agus te — más leat a bheith folláin nó fad saoil a fháil, caith gach cineál beatha: beatha fhuar agus beatha the chomh maith le chéile
Shílfeá go dtéann tusa chuile shórt. Chuala mé ariamh é: más le duine a bheith buan, caitheadh sé fuar agus te
+
Ní mar sin a bhí sé bruite ná fuar — ní mar sin a bhí sé beag ná mór
Deir tusa gurb é mac a deirfíre a chuir an bhail sin uirthi. Ní hé muise. Ní mar sin a bhí an scéal bruite ná fuar. Ach b'ise a thug isteach mac na deirfíre agus ansin …
TUILLEADH (3) ▼
An luí atá tusa a chur air, is mian leat an ceann trom den mhilleán a bhualadh thall ormsa. Mar dhóigh dhe gur mise a d'áitigh i dtosach é! Ní mé muis. Ní mar sin a bhí sé bruite ná fuar
Thug sí a deargéitheach ó bhain sí asam é. Ní hin é an t-údar bruite ná fuar. Nach maith a chaithfeadh sí streille a chur ar an scéal anois. Dheamhan a bhfaca mé ariamh fhéin í, nach mbeadh agús aici i chuile shórt.
Tá sé breá go leor agat a bheith ag caint anois, ach ní mar sin a bheas sé bruite ná fuar adéarfainnse. Ach a dté tú i láthair na cúirte ansiúd …
+
D'ith sé na fataí fuar beathach — amh; gan bruith ná eile.
Thosaigh sé ag slamairt na feola fuar beathach. Sin é an fear a bhfuil an coimpléasc aige!
TUILLEADH (5) ▼
Diabhal fiuchadh ná deide a thug sé siúd ar na huibheachaí ach a n-ithe suas fuar beathach. Is fear folláin é. Déarfaidís nach bhfuil léamh ar bith ar uibheachaí fuara mar sin
Is minic ariamh a d'ith mé fuar beathach mar sin iad. Nuair a bhíodh muid ag teacht abhaile ó oícheantaí ceoil fadó dhéanadh muid maolabhrach ar gharraí tornapaí eicínt, agus diabhal blas nuair a bhíodh foireann mór againn ann nach dtarraingíodh muid cion iomaire acu! Is muid a phlacadh go súite iad. Ach níl aon fhiacail agam anois
B'fhearr liomsa a bpiocadh (faochain) agus a n-ithe fuar beathach ná a mbruith. Ní bhíonn blas ar bith orthu bruite feictear dhomsa
Tá an tae fuar beathach anois nuair nár éirigh tú nuair a blaoigheaadh ort. Sin é an gléas ort
Bíonn na fataí fuar beathach chuile oíche nuair a theagas tú ó chuairt. Breá nach dteagann tú in am — fuaraithe
b.
+
Níl tada sa lorgan sin ach carrachaí fuara — léanaí talúna agus iad an-fhliuch as a mbun
Criathrach fuar é, agus níl fód láí ann ach dóib thíos faoi
TUILLEADH (4) ▼
Is olc an dóigh fataí é sin. Talamh an-fhuar é. Níor mhór dhuit áit chineálta le aghaidh fataí
Talamh an-fhuar atá agam fréna chéile. Dhá mbeadh ceart ann níorbh fholáir dó scráib aoil nó gaineamh griúáin nó rud eicínt a bhainfeadh an géaradas as
Taltaí fuara uilig atá suas ansin. Shílfeá nach ea nó go dtéiteá ag plé leo, ach sea
Cén talamh atá aige anois, fiafraím díot? Eascaí fuara agus cíocraí. Cá'il an talamh cuir?
c.
+
Balla fuar atá sé a oibriú; balla fuar atá sé a dhéanamh — balla cloiche gan moirtéal ar bith a chur ann
Balla fuar cloiche atá sa teach sin. Seanteach ón díle é
TUILLEADH (3) ▼
Ní chlisfidh sé go brách théis gur balla fuar é
Balla fuar chuile chloch ag gabháil leis an tseanáitiú sin thiar, agus ainneoin sin, ní thitfidh sé choíchin. Ó, an dream a rinne na seanáiteacha bhí a fhios acu le clocha a chur, ní hé sin do na saortha atá anois ann é
Nach é an balla sin atá teangmháilte fós, théis gur balla fuar é. Ach dheamhan cloch ar a fhuaid nach bhfuil ar an scair. D'imigh an tsaoirseacht ón am sin. 'Sé an t-aol agus an moirtéal a mhill an saol. Cén bhrí ach an cement anois?
3.
+
Fanadh cosa fuara amach — dream a thiocfadh ag bainis nó a leithide gan cuireadh
Ní féidir gur tháinig fear chomh gnaíúil leis sin ann ina chosa fuara. D'imigh an diabhal air má tháinig
TUILLEADH (6) ▼
Cosa fuara a bhí fréna chéile ann. Bhí an teach ag cur thar maoil leo
Ní cosa fuara muid, ach 'sé an dá mhar a chéile é. Ní bhfuaireamar ach cuireadh cosáin
Nach beag beag an náire a bhí air a theacht anoir anseo ina chosa fuara. Fear ar bith a dhéanfadh a leithide de chleas, ní bheadh cuibhiúlacht ar bith fanta ann
Ba í an oíche a ndeachaigh sé ina chosa fuara siar ar bhainis Sh. Mh. a ghiorraigh leis. Ní raibh aon fhear sa teach an oíche sin nár thug dual na droinne dhó. Má ba é S. Ó B. féin é, bhí sé ag gabháilt air le leathmhaide croise
Ar ndóigh ní féidir droichead a dhéanamh de chosa fuara ná den ghiolla gan cuireadh ach an oiread leis an té a fuair cuireadh glan fiúntach. Má bhíonn fear ar bith ag roinnt óil caithfidh sé gearradh éadain a thabhairt dóibh, bídís iarrtha, nó ná bíodh
D'imigh an diabhal oraibh má chuaigh sibh isteach ag cuairt mhíosa ar bith in bhur gcosa fuara. Tá sin mínáireach ar fad
4.
+
Bíonn an tinneas fuar ar mo bhean. Ar éigean na gcor is na gcnámh a sháraigh sí an duine deireanach clainne a bhí aici chor ar bith (fc. tinneas)
Tá feiliún fuar air (fc. feiliún)
TUILLEADH (1) ▼
Tá fáideogaí fuara ag snámh ort as an tuí sin. Coinnigh i leith nó go mbaine mé dhíot iad (fc. fáideog)

Féach freisin

fuar in iontrálacha eile (50+)

+
Faitíos ar Sheán go deimhin! Fuair sé amach muise an fear a mbeadh faitíos air! — níl faitíos ar bith air
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a fhaitíos ort a dhul dhá dhéanamh sin aríst agus an liúradh a fuair tú cheana faoi
 
M'fhallaing duit gurb in é an t-airgead a fuair mé gan cianóg chuige ná uaidh
 
faoisc
Má thugann tú aon fhata don bhó sin, tabhair faoisceadh beag orthu. Ní ghabhfadh fataí fuara go maith di anois
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
 
Má tá tusa fuar, sin é a fhearacht agamsa freisin é. Tá mé fhéin seacáilte
+
Is fearadh do ghasúir an máistir scoile sin. Tá sé an-dícheallach. Féacha an méid a fuair postaí ó tháinig sé anseo
TUILLEADH (1) ▼
Níl áireamh ar bith ar ar chaith sé d'fhearthainn agus d'fhearadh gráin le coicís anuas. Duine ar bith a bhí ag obair ar bhóithrí ar chuma ar bith, fuair sé faoi na foraí é
 
feart
Lá Fhéil Pádraig na bhfeart a bhaintear as an chloch fhuar! (fc. Fionnán)
 
feáin
Ní bheadh fí ná feáin air mura bhfaigheadh sé an ágóidín sin le pósadh, agus nuair a fuair, ba bheag an suaimhneas a rinne sé léithe. Nár réití Samhain ná Bealtaine eatarthu muis!
 
fios
Fuair tú amach muise cé aige a mbeadh fios a labhartha. Ab é an gráiscín sin? Náireodh sé thú dhá mbeadh aon duine ann a mbeadh cás ar bith agat faoi. Meas tú céard adúirt sé an lá cheana agus N. R. anseo … ? Ní thabharfainn deoir fhola le náire
 
fliuch 1
B'éigean dom baint dhíom leis an bhfliuchadh a fuair mé
+
fliuch 2
Lá fuar fliuch a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé ar an bportach inniu agus má bhí fhéin is fuar fliuch an áit sin
 
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leor báistí srl.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
 
focal
Ní fhéadfadh sé gan an rud a mbeadh an urchóid ann a rá. Tuilleadh diabhail aige má fuair sé droimeáil. 'Sé a theastaigh uaidh. Beidh a fhios aige aríst nach mbriseann focal maith fiacla
 
Fuair mé maide farraige anuraidh. Maide breá, ach go raibh sé foirgthe le giúirinneachaí
 
Sé cinn a fuair tú. Ní foláir duit sin. Is beag a bheas le reic agat ach a mbeidh ábhar dorais bainte astu
 
Framsóg mná a fuair sé. Ach deir tú léithe ar chuma ar bith a chuaigh i gcois dhá leith ar an gcapall! A dhiabhail nach í an marcach í!
+
fág
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a frítheadh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. Ar ndóigh dheamhan leath an chirt aige leo, níl sin
TUILLEADH (11) ▼
Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é. Roinn mé an onóir leis — rinne mé an-sciolladóireacht air
Dhá gcuimhníodh sé ar an arán a hitheadh, ba bheag a lua aige a dhul tharamsa gan cuireadh a thabhairt dom. Agus a liachtaí lá oibre a thug mé dhó. Ba dona é scaitheamh murach mise. Más thíos a fuair mé é is thuas a d'fhága mé é — bhí a chuid oibre gan déanamh. Rinne mise dhó í
Bheadh an bhróig millte aige murach thusa. Más thíos a fuair tú í, is thuas a d'fhága tú í — fuair tusa í, agus drochbhail uirthi, agus chuir tú caoi cheart uirthi
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é — bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
Ba dona an teach a bhí ansin nó go ndeachaigh inín S. Th. isteach ann. Má tá brá gill orthu inniu dise is cóir dóibh a bheith buíoch. Más thíos a fuair sí é (an teach) is thuas a d'fhága sí é.
Más thuas a fuair sé í, thíos a d'fhága sé í. D'inis sé dhi cé hí fhéin (deirtear mar seo é freisin scaití)
Sin í an bhean a chuir smais air. Más thíos a fuair sí é is ina sheasamh a d'fhága sí é (is thuas a d'fhága sí é). Ba bheag an deis a bheadh aige inniu murach a cuid airgid sin
Murach P. s'againne a theacht ann agus M. a chosaint, dheamhan fata a changlódh sé lena luiseag ag T. Sh. Más ba thíos a fuair P. é, ba ina sheasamh a d'fhága sé é (M.)
Is maith an cúl toraic aici (ag Sasana) Meiriceá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí í, ba ina seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta murach Meiriceá
Más thíos a fuair sí é thuas a d'fhága sí é. Bhí an oiread ríméid uirthi go dtáinig sé agus gur mhúch sí é le póga
D'fhága sé an féar siúd rófhada ar sraith agus fuair sé amlú
+
Tá an féar sin fréna chéile faoi fháideogaí fuara — cruimhe agus cloigne dearga orthu. Iad beag agus mór. Bheifeá millte le salachar a níos siad sa gcoirce. Is mór an ghráin cuid acu. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
TUILLEADH (5) ▼
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
Tá rud eicínt ag snámh orm. Tá a mhaisce! Fáideog fhuar! Nár fheice Dia an t-ádh ort! Dhá mbeadh maith ionat, ní ansin a bheifeá, ní hea sin
Ní fhaca mé aon chruach go hiomaí is mó fáideogaí fuara ná í sin. Tá sí brata leo. Meas tú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon nós. Milleann siad an coirce. Nach aisteach an rud le rá leat anois é, ach ní fhaca mé aon cheann de na fáideogaí fuara sin ariamh ar choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin aréir (gasúr), bhí sé ag snámh le fáideogaí fuara. Bhí siad ag titim as a chrioslaigh ina gcuasnógaí, de bharr a bheith dhá únfairt fhéin sa bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaitneoidís liom chor ar bith
Caith dhíot na fáideogaí fuara sin. Tá péire acu trasna ar a chéile ar do shlinneán
+
Fuair tú dhom é. Fáinne óir ort!
TUILLEADH (1) ▼
Bhíodh sé ag glaomaireacht agus ag gearradh fáinní soir anseo ag iarraidh achrainn, ach fuair sé lán a chruite dhó (dhe) faoi dheireadh
+
Is fuar fánach an teach atá aige — drochtheach; teach gan mhaith
TUILLEADH (3) ▼
Is fuar fánach a bhí sé dhá thógáil — ar nós chuma liom agus go drogallach a bhí sé ag cur aimsire air; he was indifferent and reluctant in hiring him
Tháinig sé a chúnamh dhom, ach b'fhuar fánach uaidh
Beidh sé fánach agat an bullán sin a choinneáil sa ngarraí siúd anois ó fuair sé blas na háite eile
+
Fuair sé na físeachaí (agus na pínneachaí corra) — an méid a thuill sé agus tuilleadh lena chois; an teanga; sciolladh; lascadh; greadadh buailte; cáineadh; hinsíodh dó cé hé féin srl.
TUILLEADH (1) ▼
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
fóir
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
 
Fuair sé garbh inniu é muis. Bhí sé dhá chaidhleadh le sneachta ó d'fhága sé Gaillimh go dtáinig sé abhaile.
+
Fuair sé caidéis do mo chulaith nua. Dúirt sé go raibh sí ag teacht dhom go maith.
TUILLEADH (2) ▼
Fuair sé caidéis don ghamhain, gan é a bheannú. Bail ó Dhia uainne air!
Deir siad gurb é S. Bh. ba chiontach léithe sin. Fuair sé caidéis di gan aon bhail ó Dhia a chur uirthi. Ba é ráite chuile dhuine go raibh drochshúil aige. Pé acu sin é, dheamhan deoir bhainne sláinte a d'ól sí ón lá a bhfuair sé caidéis di. Bhí a máthair agus a muintir ag strócántacht lena fear, ag iarraidh air a dhul go dtí S. B. agus é a thabhairt chun láithreach go gcuireadh sé bail ó Dhia fliuch uirthi.