Fáideóg: Páideóg: Bráideóg:
—Ainmfhocal buineann
1.
sórt coinneal nó troisleán a dhéantar d'fhíógaí nó de bharraigh nó de ghiúsaigh.
·
Déan fáideóg = (i) fíóg a dhlaoithiú, a stálú, a thomadh i gcam a mbeadh ola aobha runnaigh nó faidhtín ann, agus a lasadh (fc. fíóg). (ii) nítí fáideógaí barraighe freisin, beagnach ar nós rópa. Ola aobha éisc nó geir a bheadh san gcam nó san slige. Sheasfadh fáideóg bharraighe a dhá fhad agus a sheasfadh fáideóg fhíóige. (iii) Fáideóg ghiúsaí: píosa giúsaí a fháil, sliseógaí a dhéanamh dhe, agus a stálú. Na sliseógaí snuite sin a cheangal ar an bhfad indiaidh a chéile — cho fada le formna — agus sreangán orra. Bheadh trí nó ceathair de shliseógaí ann indiaidh a chéile. Chuirfí ola lampa amuigh ar a cloigeann (cloigeann na fáideóige) agus bheadh buidéilín beag ola lampa agad in do phóca le braon a bhualadh uirre corr uair, de réir mar a bheadh sí dhá hídiú. Ar aibhneachaí ag saigheadóireacht a bhíodh na fáideógaí giúsaí ag daoine. Déantas na fírinne bíonn siad in áiteachaí fós. D'fhóinfidís ag coinnleóireacht indiaidh éan freisin, ach ba í an fháideóg bharraigh (ii) nó an fháideóg fhíóige (i) is mó a mbaintí leas asta le bheith ar an gceird sin. Bhaintí an tóin as buidéal agus chuirtí siar an fháideóg thrín a scluig. Fáideógaí fíóige nó barraighe is mó a níodh solas den teach, ach dhá mbeadh duine ag dul ar aistir thrí shliabh nó a leithide, fáideóg ghiúsaí a bheadh aige. Measaim gur tugadh fáideóg ar chliathóig faoi go bhfití an chliathóig go minic d'fhíógaí ar nós na fáideóige féin.
+–
B'fhearr go mór aobha éisc ná geir le fáideóig a dhéanamh. Chonnaic mise 'chaon cheann aca
Bhuail P. M. an fháideóig siar san bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin san linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (6) ▼
Má fhaghann tú fáideóg ghiúsaí gabhfaidh muid ar an abhainn oíche eicínt! Ní féidir nó eireóidh béilí éisc linn
Déan bráideóg fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleóireacht. Tá na crícheannaí sin siar beó beitheach le smólaigh agus lonta dubha
Dhá mbeadh fáideóig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís bascha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpuinnte le smál. Sheasfadh fáideóg achar fada. An bhfuil cainnt ar bith go bhfairsingeóidh ola go goirid
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideóige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirre sin fhéin ach nach raibh aon-deóir ola mhór againn le cur uirre. Sin é a d'fhága in ar mbambairne muid
Ba gheall le solas fáideóige a chonnaic mé ag teacht aniar an tamhnaigh ar ball. Ní féidir gurb iad muinntir Bh. a bheadh ag tóraíocht duine eicínt, nó b'fhéidir gur beitheach a chuaigh amú
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideóig len a coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann rómham
+–
Tá tú mar a bheadh cut ag cangailt páideóige; tá sé ag cangailt ar nós mar a bheadh cut ag cangailt fáideoige = an-díocasach, agus bheitheá an-chantalach dhá dteightí in do ghoire nó dhá gcuirtí aon-araoid ort. (Bíonn an-fhonn ar chuit a bheith ag cangailt fáideóg arae santuíonn siad an bhealadh — geir nó ola aobha éisc — a bhíos ar na fáideógaí)
Bhí sé istigh san gclúid agus é mar a bheadh cut ann ag cangailt fáideóige. Feiceamuist teirigh in a ghoire!
TUILLEADH (5) ▼
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal san síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul in a éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar bheadh cut ann ag cangailt páideóige anois. Beidh scéal agad air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarach a fháil!
Bhí sé taobh istigh den sconnsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aonduine
Fág san diabhal annsin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suímínteacht leis an bpionnta sin annsin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cut ag cangailt fáideóige. Bheitheá caillte ag fanacht leis
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheóil an-roighin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thiúrfá de shamhail dó ach cut ag cangailt fáideóige
Má fhaghann Cóil fáill ar an bpíopa is leis ar feadh na hoíche é! Beidh sé dhá dhiúgadh annsin mar a bheadh cut ag cangailt páideóige. Ní fhágfaidh sé an ghail ghorm fhéin ann. Tá baol air
·
Ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin agus rinne mé fáideóg; ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin ar choinnigh mé fáideóg = ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar nó má bhíos ní raibh Fionnán gan broibh (ainm áite) (Fc. "coinneal", "ábhar")
2.
·
Déan fáideóg den pháipéar sin agus las dom é l'aghaidh mo phíopa = maiste; fíóg; figh suas ar a chéile é, agus las é ar nós fáideóige
Tabhair fáideóg agam as sin (ón teine) l'aghaidh an phíopa seo. Tá sé múchta aríst. Múchadh agus báthadh air!
3.
buaicis, géabhóg, coinneal.
+–
An bhfuil fáideóg ar bith san lampa? = buaicis
Caithfidh sib sórt fáideóg eicínt a sholáthar in áit eicínt l'aghaidh an lampa sin. Tá an t-áirneán ar fáil, agus ní fhéadfaidh sib a bheith in ur Muintir Dhorchaí ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Dírigh an fháideóg san gcoinneal sin, nó is gearr go mbeidh sí ó rath le smál
Cheal nach bhfuil fáideóg ar bith agad ann = battery i "bhflash lamp"
Dhá mbeadh fáideóg san laimpín atá thuas annsin, is iomdha leas a dhéanfadh sé ag dul ag breathnú ar bheithigh san oíche. Bíonn lóchrann breá air
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideóig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil leigean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
4.
cliathóg (ar dhéanamh báid. fc. cliabhóg).
5.
cineál cnuimhe a bhíos i dtuí agus i bhféar.
+–
Tá an féar sin frén a chéile faoi fháideógaí fuara = cnuimhe agus cloigne dearga orra. Iad beag agus mór. Bheitheá millte le salachar a níos siad san gcoirce. Is mór an ghráin cuid aca. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
Tá mé faoi fháideógaí fuara ar fad, in áit a raibh mé sínte san gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabhail léithe
TUILLEADH (4) ▼
Tá rud eicínt ag snámh orm. Tá a mhaisce! Fáideóg fhuar! Nar fheice Dia an t-ádh ort! Dhá mbeadh maith ionad, ní annsin a bheitheá, ní hea sin
Ní fhaca mé aon-chruach go hiomaí is mó fáideógaí fuara ná í sin. Tá sí bratha leo. Meastú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon-nós. Milleann siad an coirce. Nach haisteach an rud le rádh leat anois é, ach ní fhaca mé aon-cheann de na fáideógaí fuara sin ariamh air choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin (gasúr) aréir, bhí sé ag snámh le fáideógaí fuara. Bhí siad ag tuitim as a chrioslaigh in a gcuasnógaí, de bhárr a bheith dhá ionnfairt fhéin san bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaithneóidís liom chor ar bith
Caith dhíot na fáideógaí fuara sin. Tá péire aca treasna ar a chéile ar do shlinneán