Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáideog, páideog, bráideog
ainmfhocal, baineann
is annamh a thugtar bráideog air. Deirtear páideog in áiteachaí i gConamara, i Maigh Cuilinn, ar an Achréidh
1.
sórt coinneal nó troisleán a dhéantar d'fhíógaí nó de bharraigh nó de ghiúsaigh.
·
Déan fáideog — (i) fíóg a dhlaoithiú, a stálú, a thomadh i gcam a mbeadh ola aobha ronnaigh nó faoitín ann, agus a lasadh (fc. fíóg). Nítí (ii) fáideogaí barraí freisin, beagnach ar nós rópa. Ola aobha éisc nó geir a bheadh sa gcam nó sa slige. Sheasfadh fáideog bharraí a dhá fhad agus a sheasfadh fáideog fhíóige. (iii) Fáideog ghiúsaí: píosa giúsaí a fháil, sliseogaí a dhéanamh dhe, agus a stálú. Na sliseogaí snoite sin a cheangal ar an bhfad i ndiaidh a chéile — chomh fada le formna — agus sreangán orthu. Bheadh trí nó ceathair de shliseogaí ann i ndiaidh a chéile. Chuirfí ola lampa amuigh ar a cloigeann (cloigeann na fáideoige) agus bheadh buidéilín beag ola lampa agat in do phóca le braon a bhualadh uirthi corruair, de réir mar a bheadh sí dhá hídiú. Ar aibhneachaí ag saighdeoireacht a bhíodh na fáideogaí giúsaí ag daoine. Déantas na fírinne bíonn siad in áiteachaí fós. D'fhónfaidís ag coinnleoireacht i ndiaidh éan freisin, ach ba í an fháideog bharraigh (ii) nó an fháideog fhíóige (i) is mó a mbaintí leas astu le bheith ar an gceird sin. Bhaintí an tóin as buidéal agus chuirtí siar an fháideog thrína scloig. Fáideogaí fíóige nó barraí is mó a níodh solas don teach, ach dhá mbeadh duine ag dul ar aistir thrí shliabh nó a leithide, fáideog ghiúsaí a bheadh aige. Measaim gur tugadh fáideog ar chliathóig faoi go bhfití an chliathóig go minic d'fhíógaí ar nós na fáideoige féin.
+
B'fhearr go mór aobha éisc ná geir le fáideoig a dhéanamh. Chonaic mise chaon cheann acu
Bhuail P. M. an fháideoig siar sa bpus ar Ph. T. an maor. Tháinig P. T. air agus é ag tógáil bhradáin sa linn. Dheamhan blas den cheart nach raibh aige leis. Is mór a d'fheil dó a dhul ag bacadh leis.
TUILLEADH (6) ▼
Má fhaigheann tú fáideog ghiúsaí gabhfaidh muid ar an abhainn oíche eicínt! Ní féidir nó éireoidh béilí éisc linn
Déan bráideog fhíógaí agus gabhfaidh muid ag coinnleoireacht. Tá na crígheannaí sin siar beo beathach le smólaigh agus lonta dubha
Dhá mbeadh fáideoig bharraí fhéin ag na daoine ní bheidís basctha. B'fhearr iad ar chaoi ar bith ná na coinnle atá ar an saol ó tháinig an cogadh. Bíonn siad ídithe ar an bpointe le smál. Sheasfadh fáideog achar fada. An bhfuil caint ar bith go bhfairsingeoidh ola go gairid
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideoige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirthi sin fhéin ach nach raibh aon deoir ola mhór againn le cur uirthi. Sin é a d'fhága inár mbambairne muid
Ba gheall le solas fáideoige a chonaic mé ag teacht aniar an tamhnaigh ar ball. Ní féidir gurb iad muintir Bh. a bheadh ag tóraíocht duine eicínt, nó b'fhéidir gur beathach a chuaigh amú
Ní raibh ach an cléireach ag teacht amach leis an bhfáideoig lena coinnle a lasadh san am ar shroich mé an séipéal. Ní raibh ceathar ann romham
+
Tá tú mar a bheadh cat ag cangailt páideoige; tá sé ag cangailt ar nós mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige — an-díocasach, agus bheifeá an-chantalach dhá dtéití in do ghaire nó dhá gcuirtí aon araoid ort. Bíonn an-fhonn ar chait a bheith ag cangailt fáideog arae santaíonn siad an bhealadh — geir nó ola aobha éisc — a bhíos ar na fáideogaí
Bhí sé istigh sa gclúid agus é mar a bheadh cat ann ag cangailt fáideoige. Feiceamuist téirigh ina ghaire!
TUILLEADH (5) ▼
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal sa síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul ina éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar a bheadh cat ann ag cangailt páideoige anois. Beidh scéal agat air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarthach a fháil!
Bhí sé taobh istigh den sconsa agus é ag cláradh na mná mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige! Diabhal a leithide de dhíocas! Ba deacair é a bhearradh san am ar buaileadh an dairt air. Dhéanfadh sé gortú dhá mbeireadh sé ar aon duine
Fág sa diabhal ansin é agus siúil abhaile! Beidh sé ag suimínteacht leis an bpionta sin ansin anois ar feadh na hoíche mar a bheadh cat ag cangailt fáideoige. Bheifeá caillte ag fanacht leis
Dhá bhfeictheá é agus cnáimh aige agus é dhá chrinneadh. Chaithfeadh sé go raibh an fheoil an-righin ar an gcnáimh. Bhí sé leis ar feadh uaire. Ní thabharfá de shamhail dó ach cat ag cangailt fáideoige
Má fhaigheann Cóil faill ar an bpíopa is leis ar feadh na hoíche é! Beidh sé dhá dhiúgadh ansin mar a bheadh cat ag cangailt páideoige. Ní fhágfaidh sé an ghail ghorm fhéin ann. Tá baol air
·
Ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin agus rinne mé fáideog; ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar ach uair amháin ar choinnigh mé fáideog — ní raibh mé ariamh gan an choinneal nó a hábhar nó má bhíos ní raibh Fionnán gan broibh (ainm áite) (fc. coinneal, ábhar)
2.
·
Déan fáideog den pháipéar sin agus las dom é le aghaidh mo phíopa — maiste; fíóg; figh suas ar a chéile é agus las é ar nós fáideoige
Tabhair fáideog agam as sin (ón tine) le aghaidh an phíopa seo. Tá sé múchta aríst. Múchadh agus báthadh air!
3.
buaicis, géabhóg, coinneal.
+
An bhfuil fáideog ar bith sa lampa? — buaicis
Caithfidh sibh sórt fáideog eicínt a sholáthar in áit eicínt le aghaidh an lampa sin. Tá an t-airneán ar fáil, agus ní fhéadfaidh sibh a bheith in bhur Muintir Dhorchaí ar fad
TUILLEADH (4) ▼
Dírigh an fháideog sa gcoinneal sin nó is gearr go mbeidh sí ó rath le smál
Cheal nach bhfuil fáideog ar bith agat ann — battery i "bhflash lamp"
Dhá mbeadh fáideog sa laimpín atá thuas ansin, is iomaí leas a dhéanfadh sé ag dul ag breathnú ar bheithígh san oíche. Bíonn lóchrann breá air
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideoig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil ligean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
4.
cliathóg (ar dhéanamh báid. fc. cliabhóg).
5.
cineál cruimhe a bhíos i dtuí agus i bhféar.
+
Tá an féar sin fréna chéile faoi fháideogaí fuara — cruimhe agus cloigne dearga orthu. Iad beag agus mór. Bheifeá millte le salachar a níos siad sa gcoirce. Is mór an ghráin cuid acu. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
Tá mé faoi fháideogaí fuara ar fad an áit a raibh mé sínte sa gcoirce sin. Nach diabhlaí sin anois! An chruach a bhuail muid inné, ní raibh ceann dhíobh ag gabháil léithe
TUILLEADH (4) ▼
Tá rud eicínt ag snámh orm. Tá a mhaisce! Fáideog fhuar! Nár fheice Dia an t-ádh ort! Dhá mbeadh maith ionat, ní ansin a bheifeá, ní hea sin
Ní fhaca mé aon chruach go hiomaí is mó fáideogaí fuara ná í sin. Tá sí brata leo. Meas tú cérb as a dtáinig siad. Rudaí brocacha iad ar aon nós. Milleann siad an coirce. Nach aisteach an rud le rá leat anois é, ach ní fhaca mé aon cheann de na fáideogaí fuara sin ariamh ar choirce bharr an bhaile. Is cosúil gurb é an talamh a níos iad.
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin aréir (gasúr), bhí sé ag snámh le fáideogaí fuara. Bhí siad ag titim as a chrioslaigh ina gcuasnógaí, de bharr a bheith dhá únfairt fhéin sa bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaitneoidís liom chor ar bith
Caith dhíot na fáideogaí fuara sin. Tá péire acu trasna ar a chéile ar do shlinneán

Féach freisin