Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fómhar
/fûwər/
Ainmfhocal; Fireann
Uimhir Iolraidh: Fómhair; Fómharachaí.
1.
an ráithe ó Lá Lúnasa go Lá Samhna.
·
Bhí sé am eicínt amach (thall) san bhfómhar = uair eicínt amach san bhFómhar a bhí ann ("Lá Fheil Muire Mór thall san bhFómhar")
+
Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar = ní san samhradh is mó a bhíos an teas ach san bhfómhar; san Earrach agus ní san ngeimhreadh is measa an cruatan
Tá an uair seo bróllach. D'fhéadfá bróllach a thabhairt uirre. Ach deir siad nach dtigeann teas go Fómhar
TUILLEADH (1) ▼
Ní san samhradh is meirbhe a theagas an uair, ach amach san bhfómhar, aimsir bhaint' an choirce. Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar 'ar ndú'
+
Samhradh Riabhach: fómhar grianmhar = má bhíonn sé fliuch san samhradh, tiocfaidh grian agus bruthaíl san bhfómhar
Tiúrfaidh sé teas agus aimsir bhreá uaidh romhat amach anois. Samhradh riabhach: fómhar grianmhar, adeir siad. M'anam go raibh an samhradh seo riabhach, ní ceasacht ar Dhia é. Dar mo choinsias bhí
TUILLEADH (2) ▼
Beidh fómhar grianmhar ann. Ní mór dhó sin ar shon an tsamhraidh. Tá mé ag ceapadh nachar tháinig aon samhradh go hiomaí ba riabhaí na é. Chuile lá ag baint fearasbar dhá chéile. Sin é an chaoi a raibh sé. Beidh sí in a "bliain an bhrosna" mara dteaga aon-triomach as seo go ceann míosa leis an móin a thriomú
Samhradh riabhach béal-gharbh a bhí ann. Tá fómhar breá grianmhar dlite duinn
+
Trathnóna fómhair: clocha i bpoll móna; níl aon-mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheitheá ag caitheamh clocha i bpoll móna; níl i dtrathnóna fómhair ach mar chaithfeá clocha i bpoll móna = téaltuíonn sé leis an-sciobha, agus tuiteann an oíche gan aireachtáil
Déan deifir anois, agus réitigh thú fhéin le theacht abhaile, nó ní bheidh muid ann ó ló. Trathnóna fómhair: clocha i bpoll móna, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfuil sé in a chontráth! Dar brí an leabhair tá! Sí an oíche is goirde a d'airigh mé ag tuitim ariamh í. Ach sin é é. Ní bhíonn aon-mhoill ar thrathnóna fómhair ach mar a bheitheá ag caitheamh clocha i bpoll móna
Seo! Corruigh leat! Beidh sé in a n-oíche dhubh orainn. Bíodh a fhios agad nach bhfuil i dtrathnóna fómhair ach mar chaithfeá clocha i bpoll móna.
+
Gealach Shathairn agus í a theacht san bhFómhar. Uair san seachtú bliain ba mhaith leis an máirnéalach a feiceál = tá geis ar an ngealach Shathairn a theagas san bhFómhar. Tugann sí droch aimsir, feothan agus fearadh ghráin léithe
Gealach Shathairn í seo. Agus san bhFómhar freisin. Is olc í sin. Ní mholfadh an máirnéalach í, adeir siad. Uair san seachtú bliain a d'iarrfadh sé a feiceál.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta aithinte. Gealach Shathairn a bhí ingealach bhreacachain an choirce an fómhar seo. Is cóir a tháinig an chaint isteach in a dheidh sin. 'Ar ndú ní raibh aon-stoirm ann ó oíche na Gaoithe Móire ba mheasa ná a bhí le na linn. Fuair an máirnéalachín bocht faoi na foraí uaithe é
+
Dhá rud nach bhfuil aon-trust le bheith asta: oíche Fhómhair nó intinn mná óige = bíonn an bhean óg luath-intinneach, agus an oíche Fhómhair luainneach; ní túisce go breá í (an oíche Fhómhair) ná a ghabhfadh sí ar stoirm nó ar bháistigh
Tá an-deagh-chosúlacht ar an oíche, ach ní bheadh a fhios agad. Tá an ghealach an-ghreadhnach. Ní rachainn faoi dhuit nach báisteach a d'fheicfeá roimhe mhaidin. Deir siad nach féidir oíche Fhómhair a thrust. Oíche Fhómhair nó intinn mná óige. Sin é adeir siad. Dheamhan a mbíonn de ghaisce ar chuid de an mná óga muis!
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh a fhios agad cén tsinseáil a bheadh air. Ní dóigh ar bith oíche Fhómhair. D'athródh sí le ionntú do bhoise
+
Gaoth an Fhómhair taobh ó dheas = seo é adeirtear
Gaoth andeas a thiocfas anois go bhfeice tú suim achair. Gaoth an Fhómhair taobh ó dheas, adeir siad.
TUILLEADH (2) ▼
Ná santuigh caora an fhómhair agus na pós an cailín Domhnaigh (fc. Domhnach)
Is geall le péist fhómhair é (fc. péist)
2.
aimsir bhainte agus chrapha an bhairr.
a.
+
Tá siad ag baint an Fhómhair
Beidh an-scímhle ar spailpíní ag dul ar an Achréidh anois ag baint an Fhómhair
TUILLEADH (4) ▼
An bhfuil an fómhar crapha siar agaibh fós? = tárluithe isteach san iothlainn
Ní bheidh aon-fhómhar den rath ann i mbliana mara bhfuil ag Dia = barr
Seo é fómhar na mban fionn (fc. fionn)
Ní bhíodh de chuilín fómhair ann an bhliain sin ach cuirp sábhála Dia sinn (fc. cuilín)
·
Ná raibh tú ar choinnleach an fhómhair le caoi a bheith ort! (eascainí)
Ná raibh sé ar choínnleach an Fhómhair muis le cleas a dhéanamh!
b.
+
Nach hé a lá Fómhair é! = lá a mbeadh deis agad breith ar do leas, nó brabach a dhéanamh. (Is minic nach mbíonn i gceist ach gur ócáide nó deis díomhaontais é)
Sé do lá Fómhair é a mhic ó. Tá an báire leat inniu. Ní mór liomsa duit
TUILLEADH (3) ▼
Sé do lá Fómhair é, agus chuile dhuine ag cur óil ort!
M'anam gurb é a lá Fómhair é, agus imeacht ag leadaíocht. Sé a shaol atá ann. Chaithfeadh sé go bhfaghann sé a bheatha ó neamh
"Anonn agus anall a theigheas an sruth; Idir na caoirigh a chodluíos na moilt; Idir na mná a chodluíos na fir; Agus sé do lá Fómhair é a Chaitlín Dubh!" (Rann)

Féach freisin

Fómhar in iontrálacha eile (17)

 
Tá 'chuile fhata ar an bhfeáin aca lofa. Bhí a fhios agam sin. An chéad-bhéilí céad-fhómhair a bhain mé i mbliana, d'aithin mé go raibh siad roighnithe. Is beag an dochar dóibh ar scáth a bhfuair siad de thriomach
 
Mara dteighe sé ar fhliuchán anois i lár an Fhómhair thall!
+
Baineadh píosa den gharraí fataí sin san gCéad-Fhómhar = ón uair a thosuíthear ag baint na bhfataí nua (lár nó deireadh Iúil) go dtosuíthear ag baint fhataí as eádan
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan fata ag gabhail léithe siúd le baint. Bhain sí san gcéad-fhómhar ar fad iad. B'fhurasta sin di ar scáth a raibh aice
Caithfidh mé tuar a chur le haghaidh an chéad-fhómhair
Ag cur (fataí) cúilín le haghaidh an chéad-fhómhair atá mé na laetheantaí seo. Dheamhan a fhios agam má theagann sioc nach ndóghfadh sé iad
Níl fata céad-fhómhair a bith i mbliana againn = fataí a chuirfí luath le go mbeidís isteach luath
Is gearr go mba cheart d'fhataí céad-fhómhair a bheith in alt a mbainte anois. Dhá bhfaghadh an currach sin thíos againne seachtain eile gréine, bheadh fataí ann. Ach is mór an caraos a dhul dhá mbaint nó go mbeidh siad méaduithe
Tá fataí céad-fhómhair ar dhort an bhaile. Tharraing mé das annsin thiar inniu, agus bhí cuasnóg faoi: cho mór agus a bhéas siad. D'fhéadfaí a bheith ag baint béilí asta anois chuile lá feasta. M'anam nach mór sin. Dheamhan an bhruineóg fhéin sean-fhataí againne anois, hébrí céard a dhéanfas aonduine eile. Is dóigh go bhfuil chuile dhuine cho sporha linn
 
finne
Beidh moill ar an bhFómhar i mbliana shul a dteighe sé i bhfinne. Ní bhfuair sé a dhóthain gréine.
 
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin as cionn na hÉireann. Beidh muilleóir thart síos. Peadar Risteard a bhéas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. Sí an séamhadh bliain déag a bhéas sé ann. "An séamhadh bliain déag beidh Éire dearg le fuil; 'San seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaidh na fir'" (giotaí den targaireacht) = is mór i gceist "Fómhar na mBan fionn" san targaireacht chéanna. Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe san gCogadh, agus siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
 
fuaid
Dhóigh an sioc na fataí céad fhómhair anuiridh orm. Níor tháinig ceann ar a bhfuaid. Dóghadh ar T. Sh. san ngarraí sin thuas freisin iad. D'fhás ceann anonn agus anall aca mar sin fhéin, ach má d'fhás agus gur fhás, dheamhan fata slán a bhí ar a bhfuaid
+
fuacht
Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar = ní san nGeimhreadh is mó an fuacht, ach san Earrach. Is amhlaidh leis an teas é freisin. Is mó teas an Fómhar ná an Samhradh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Anois is géire a theastódh farae l'aghaidh beithioch. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar, adeir siad
 
dara
An dómhadh lá déag d'Fhómhar = deirtear dómhadh in áit dara scaithtí ach ní abruítear é mara dteaga déag isteach ann ach amháin san leagan "an dómhadh nó an tríomhadh" (lá, duine, etc). Fc. damhadh réag san gcnuasach seo. "Bhí sé an damhadh réag nuair a tháinic sé abhaile". Dómhadh é is cosúil .i. an dara h-uair déag; an dó dhéag san oíche
 
deamhan 1
Dheamhan truaighe ar bith é. An té nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé san bhFómhar, adeir siad
 
dubh 1
"Sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh" (líne as rann)