Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fómhar
/fûwər/
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: fómhair, fómharachaí
1.
an ráithe ó Lá Lúnasa go Lá Samhna.
·
Bhí sé am eicínt amach (thall) sa bhfómhar — uair eicínt amach sa bhfómhar a bhí ann (Lá Fhéil Muire Mór thall sa bhfómhar)
+
Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar — ní sa samhradh is mó a bhíos an teas ach sa bhfómhar; san earrach agus ní sa ngeimhreadh is measa an cruatan
Tá an uair seo brothallach. D'fhéadfá brothallach a thabhairt uirthi. Ach deir siad nach dtigeann teas go fómhar
TUILLEADH (1) ▼
Ní sa samhradh is meirbhe a theagas an uair ach amach sa bhfómhar, aimsir bhainte an choirce. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar ar ndóigh
+
Samhradh riabhach; fómhar grianmhar — má bhíonn sé fliuch sa samhradh, tiocfaidh grian agus brothaíl sa bhfómhar
Tabharfaidh sé teas agus aimsir bhreá uaidh romhat amach anois. Samhradh riabhach; fómhar grianmhar, adeir siad. M'anam go raibh an samhradh seo riabhach, ní ceasacht ar Dhia é. Dar mo choinsias bhí
TUILLEADH (2) ▼
Beidh fómhar grianmhar ann. Ní mór dhó sin ar shon an tsamhraidh. Tá mé ag ceapadh nár tháinig aon samhradh go hiomaí ba riabhaí na é. Chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é an chaoi a raibh sé. Beidh sí ina "bliain an bhrosna" mura dteaga aon triomach as seo go ceann míosa leis an móin a thriomú
Samhradh riabhach béal-gharbh a bhí ann. Tá fómhar breá grianmhar dlite dúinn
+
Tráthnóna fómhair; clocha i bpoll móna; níl aon mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheifeá ag caitheamh clocha i bpoll móna; níl i dtráthnóna fómhair ach mar a chaithfeá clocha i bpoll móna — téaltaíonn sé leis an-sciobtha agus titeann an oíche gan aireachtáil
Déan deifir anois agus réitigh thú fhéin le theacht abhaile, nó ní bheidh muid ann ó ló. Tráthnóna fómhair; clocha i bpoll móna, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfuil sé ina chontráth! Dar brí an leabhair tá! 'Sí an oíche is gairde a d'airigh mé ag titim ariamh í. Ach sin é é. Ní bhíonn aon mhoill ar thráthnóna fómhair ach mar a bheifeá ag caitheamh clocha i bpoll móna
Seo! Corraigh leat! Beidh sé ina oíche dhubh orainn. Bíodh a fhios agat nach bhfuil i dtráthnóna fómhair ach mar a chaithfeá clocha i bpoll móna
+
Gealach Shathairn agus í a theacht sa bhfómhar. Uair sa seachtú bliain ba mhaith leis an mairnéalach a feiceáil — tá geis ar an ngealach Shathairn a theagas sa bhfómhar. Tugann sí drochaimsir, feothan agus fearadh ghráin léithe
Gealach Shathairn í seo. Agus sa bhfómhar freisin. Is olc í sin. Ní mholfadh an mairnéalach í, adeir siad. Uair sa seachtú bliain a d'iarrfadh sé a feiceáil.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhurasta a aithinte. Gealach Shathairn a bhí i ngealach bhreacachain an choirce an fómhar seo. Is cóir a tháinig an chaint isteach ina dhiaidh sin. Ar ndóigh ní raibh aon stoirm ann ó Oíche na Gaoithe Móire ba mheasa ná a bhí lena linn. Fuair an mairnéalachín bocht faoi na foraí uaithi é
+
Dhá rud nach bhfuil aon trust le bheith astu: oíche fhómhair nó intinn mná óige — bíonn an bhean óg luathintinneach agus an oíche fhómhair luaineach; ní túisce go breá í (an oíche fhómhair), ná a ghabhfadh sí ar stoirm nó ar bháistigh
Tá an-dea-chosúlacht ar an oíche, ach ní bheadh a fhios agat. Tá an ghealach an-ghreadhnach. Ní rachainn faoi dhuit nach báisteach a d'fheicfeá roimhe mhaidin. Deir siad nach féidir oíche fhómhair a thrust. Oíche fhómhair nó intinn mná óige. Sin é adeir siad. Dheamhan a mbíonn de ghaisce ar chuid de an mná óga muis!
TUILLEADH (1) ▼
Ní bheadh a fhios agat cén tsinseáil a bheadh air. Ní dóigh ar bith oíche fhómhair. D'athródh sí le iontú do bhoise
+
Gaoth an fhómhair taobh ó dheas — seo é adeirtear
Gaoth aneas a thiocfas anois go bhfeice tú suim achair. Gaoth an fhómhair taobh ó dheas, adeir siad.
TUILLEADH (2) ▼
Ná santaigh caora an fhómhair agus na pós an cailín Domhnaigh (fc. Domhnach)
Is geall le péist fhómhair é (fc. péist)
2.
aimsir bhainte agus chraptha an bhairr.
a.
+
Tá siad ag baint an fhómhair
Beidh an-scímhle ar spailpíní ag dul ar an Achréidh anois ag baint an fhómhair
TUILLEADH (4) ▼
An bhfuil an fómhar craptha siar agaibh fós? — tarlaithe isteach san iothlainn
Ní bheidh aon fhómhar den rath ann i mbliana mura bhfuil ag Dia — barr
Seo é fómhar na mban fionn (fc. fionn)
Ní bhíodh de chuilín fómhair ann an bhliain sin ach coirp sábhála Dia sinn (fc. cuilín)
·
Ná raibh tú ar choinnleach an fhómhair le caoi a bheith ort! (eascainí)
Ná raibh sé ar choinnleach an fhómhair muis le cleas a dhéanamh!
b.
+
Nach é a lá fómhair é! — lá a mbeadh deis agat breith ar do leas, nó brabach a dhéanamh. Is minic nach mbíonn i gceist ach gur ócáide nó deis dhíomhaointis é
'Sé do lá fómhair é a mhic ó. Tá an báire leat inniu. Ní mór liomsa duit
TUILLEADH (3) ▼
'Sé do lá fómhair é agus chuile dhuine ag cur óil ort!
M'anam gurb é a lá fómhair é agus imeacht ag leadaíocht. 'Sé a shaol atá ann. Chaithfeadh sé go bhfaigheann sé a bheatha ó neamh
"Anonn is anall a théas an sruth; Idir na caoirigh a chodlaíos na moilt; Idir na mná a chodlaíos na fir; Agus sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh!" (Rann)

Féach freisin

fómhar in iontrálacha eile (40)

 
Mura dté sé ar fhliuchán anois i lár an fhómhair thall!
 
Meas tú tuige an coimhthíos atá sa mí seo chor ar bith? Ní fhaca mé an mhí seo ag teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta a aithne é, agus an lá a dtáinig an ghealach. Gealach Sathairn agus í a theacht sa bhfómhar — uair sa seachtú bliain, is maith leis an mairnéalach í a fheiceáil.
+
Deir na seanfhondúirí gurb iad an dá rud is siúráilte amuigh comhar na gcomharsan agus cothromacan síne na huaire. Well, níl locht ar bith ar chothromacan síne na huaire, ach 'sé mo mheas go bhfuil comhar na gcomharsan caite in aer. D'fheicinnse le mo linn fhéin iad agus dheamhan ceann oibre dhá mbeifeá a dhéanamh — crapadh an fhómhair, ag baint mhóna, ná ag bualadh coirce — nach mbeadh daoine sa mbealach ar a chéile a chúnamh dhuit. Ach dheamhan meitheal a d'fheicfeá in aon áit anois. Caitheadh an obair sin i gcártaí. 'Sé do chlochneart é scorach a fháil a ligfeadh súgán dhuit, tada leis.
TUILLEADH (1) ▼
Samhradh riabhach, fómhar grianmhar. Sin é cothromacan síne na huaire. Má bhíonn samhradh fliuch ann, tiocfaidh an fómhar thar cionn. Caithfidh sé.
 
baile
Is gearr gurb é an fómhar é: tá sé ar ghort an bhaile againn.
 
beart
B'ait liom fear ar fónamh lá an fhómhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna agus a chomhairfeadh í ina bearta. In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, agus punann is fiche i mbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (Doire an Fhéich cuirim i gcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, agus deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart i gCois Fharraige: trí ghlaic dornán, fiche dornán cois, agus cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart.
 
Is olc í an chuaifeach fómhair. Déarfadh an bádóir fhéin nach dea-éadáil ar bith í.
 
beo 1
Sin é an buachaill atá beo broidiúil lena chuid oibre. Tá an fómhar craptha cheana aige.
 
Fágadh a raibh de mhóin ar an mbruach thiar ina bratscair fré chéile anuraidh. Shíl sé go dtiocfadh triomach sa bhfómhar, ach ina leaba sin, tháinig an bhliain chomh dona agus nár thriomaigh fód ar bith.
 
Tá an fómhar ar bhfeighil a bheith craptha anois agam. Dhá mbeadh na cupla luascáinín féir atá i mbarr an bhaile tarlaithe isteach, d'fhéadfainn a dhul ag baint na bhfataí.
 
"A chailín a bhuail fúmsa tráthnóna agus a d'ith mo dhrár; Ba chóir go gcuirfeá cuntas ag na comharsanaí go raibh tú gann; Murach thú a bheith mímhúinte, ní bheadh súil leat abhus is thall; Níor shásaigh féar an fhómhair thú! A shampla shalach, fuair tú call! (As An Bhó a Fuair Call — amhrán greannmhar a rinne Colm a Bhailís faoi bhó a tháinig agus a d'ith a dhrár air. Tá de dhifríocht idir "buail fút" agus "buail leat" nó "buail ort" (cas ort) sna samplaí thuasluaite, go mbíonn aighneas, araoid, nó millteanas i gceist i "buail fút".
 
buail
"An darna lá fichead d'fhómhar, sea a chuir mé mo Chríonach chun seoil; Níor iompair sí leath a cuid éadaí, agus bhuaileamar Árainn ó ló" (sliocht as An Chríonach, amhrán de chuid Chonamara)
 
Sa bhfómhar a bhíonns an bualadh ar an iasc glas.
+
buinne 2
Tá an fómhar ag dul i mbuinne — geamhar ag rith suas ina lorga. Is beag atá sé seo sa gcaint anois.
TUILLEADH (1) ▼
"Go dteaga bláth buí ar an eorna, agus go dtosaí an fómhar ag dul chun finne; Is deas lách an rud í an óige, agus i ndiaidh mo stóirín atá mise" (As Cuaichín Ghleann Éifinn. Mheas an Máilleach — go ndéana Dia maith air! — gur i mbuinne a bhí anseo ó cheart, i leaba chun finne, ach ní mheasaimse gurb ea. Ar aon chor, téann an fómhar chun finne, ach is fada i ndiaidh a dhul chun buinne dhó é)
 
amach
Amach sa bhfómhar a tháinig sé abhaile.
 
finne
Beidh moill ar an bhfómhar i mbliana shula dté sé i bhfinne. Ní bhfuair sé a dhóthain gréine.
 
fionn 2
Níor tháinig fómhar na mban fionn fós. 'Sé an seachtú fómhar den chogadh é. Beidh an diabhal aerach an uair sin os cionn na hÉireann. Beidh muilleoir thart síos. Peadar Risteard a bheas air, agus dhá sháil ar leathchois leis. Beidh an t-éan dubh ar an mbóthar. 'Sí an séú bliain déag a bheas sé ann. "An séú bliain déag beidh Éire dearg le fuil; Sa seachtú bliain déag séard déarfas na mná: 'mo léan cá ndeachaigh na fir'" (giotaí den targaireacht) — is mór i gceist Fómhar na mBan Fionn sa targaireacht chéanna. 'Sé an fómhar é a mbeidh na fir imithe sa gcogadh, agus 'siad na mná a chaithfeas an obair a dhéanamh
+
Ó chraptar an fómhar, ní bhíonn moill ar bith ar an ngeimhreadh ag teacht isteach
TUILLEADH (1) ▼
Ó chaitear an Fhéil San Seáin, is beag an mhoill ar an bhfómhar téaltú isteach
+
fuacht
Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar — ní sa ngeimhreadh is mó an fuacht, ach san earrach. Is amhlaidh leis an teas é freisin. Is mó teas an fómhar ná an samhradh fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Anois is géire a theastódh farae le aghaidh beathach. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar, adeir siad
 
dara
An dóú lá déag d'fhómhar — deirtear dóú in áit dara scaití ach ní abraítear é mura dteaga déag isteach ann ach amháin sa leagan an dóú nó an tríú (lá, duine, srl.). fc. damhadh réag sa gcnuasach seo. Bhí sé an damhadh réag nuair a tháinig sé abhaile: dóú é is cosúil .i. an dara huair déag; an dó dhéag san oíche
 
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
 
deamhan 1
Dheamhan trua ar bith é. An té nach gcuirfidh san earrach ní bhainfidh sé sa bhfómhar, adeir siad
 
deilbh 1
Tá sí deilbhithe amach agat, bail ó Dhia ort. Féadfaidh tú do scíth a ligean anois, agus an fómhar craptha
+
Is mór a chuirfeas an bháisteach seo an fómhar chun deiridh — siar; gan é a bheith in alt a bhainte chomh luath agus ba cheart dó; amantaí chun donachta freisin
TUILLEADH (1) ▼
Tá an fómhar ar (chun) deireadh i mbliana
 
diúl
Tá sé in am uan diúil ar bith a choisceadh feasta, i mbrollach an fhómhair thall
+
"Domhnach Chrom Dubh, lá na Móna agus Lá Fhéil Muire Mór thall sa bhfómhar: trí lá a bhfaigheann an bodach a sháith le n-ithe" — deirtear é seo
TUILLEADH (3) ▼
Ná santaigh caora an fhómhair agus ná pós an cailín Domhnaigh (seanchomhairle) — an chaora a bhíos ramhraithe sa bhfómhar, is dóichíde di a cailleadh sa ngeimhreadh nó san earrach
Cailín Domhnaigh í a mhic ó! Ná santaigh caora an fhómhair agus ná pós an cailín Domhnaigh, adeir siad
Tá chaon cheann acu fabhtach: caora an fhómhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráite na seandaoine é
 
Dhorchaigh sé go mór le ceathrú uair. Ach níl aon mhoill ar an tráthnóna an tráth seo bhliain. "Tráthnóna fómhair nó bheith ag caitheamh clocha i bpoll móna"
 
druid 2
Mo choinsias tá an fómhar ar ghort an bhaile. An bhfeiceann tú chomh breactha agus atá an t-arbhar. Fómhar luath é. Ní raibh sé mórán le i gcraoibh an t-am seo anuraidh
 
dubh 1
"'Sé do lá fómhair é a Chaitlín Dubh" (líne as rann)
 
déan 1
Meas tú an bhfuil faoi lá a dhéanamh chor ar bith. Is fada atá sé. Shílfeá go raibh aige lá a dhéanamh moch go leor an tráth seo bhliain, agus gan ann ach an chéad mhí d'fhómhar
 
díle 1
'Siad na dílte báistí sin a chaith sé i mbéal an fhómhair anuraidh a d'fhága an mhóin gan tógáil. An méid di a bhí ina scaradh, fágadh mar sin í, agus cuid mhaith den mhóin a bhí leathtriomaithe féin d'fhan sí ina haoileach ar na portaigh
 
díth
"Cuirimse díth bróg ar an ógfhear nár fhan mar a bhí, agus a fheabhas agus a sheinnfinn ceol duit lá an fhómhair agus mé ag baint an líne" (As Coinleach Glas an Fhómhair)
 
Chuaigh an drochaimsir an-fhada amach sa samhradh i mbliana. Beidh moill ar an bhfómhar dhá réir