Imirce
—
athrú nó aistriú ó áit go chéile.
a.
+–
Is olc an imirce agad í = déarfaidhe seo le duine nó beithidheach a d'athrochadh ó áit mhaith go dtí na mhalrait, nó go dtí áit nach mbeadh baol ar ionchurtha síos leis an gcéad áit.
Ba mhaith an imirce aige í.
TUILLEADH (3) ▼
Tá'n imirce sin, caithte in a cheann aige le fada = dhá n-aistrigheadh duine agus dhá mbeadh an rún aistrighthe aige i bhfad roimhe sin.
Tá'n imirce sin caithte as a cheann aige.
Is maith a chuaidh an imirce dhuit = déarfaí é, dá dtagadh slacht ná séan ar dhuine de bharr aistrighthe
b.
bara (baramhail) na h-imirce = fonn nó rún imirce imtheachta nó aistrighthe (feach baramhail, baramhaintí).
·
B'fhearr dhuit fanacht ag dul chuig an scoil go ceann cupla bliadhain eile, mara bhfuil bara na h-imirce fút = mara bhfuil fonn aistrighthe ort; imirce caithte in do cheann agad; fonn Ameriocá ort (Ameriocá a bhí igceist sa leagan thuas)
Ó tá bara na h-imirce faoi le fada = rún aistrighthe, imtheachta go dtí malrait áite.
Imirce in iontrálacha eile (19)
→
fear
Dar príosta tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feóla a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor a' bith, ach dhá tiodlacan, a's a' soláthar di. Níl fhios agham féin, a' ndeanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíriodhachaí) coimhightheacha, nó nach ndéanann. Feicthear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach an uair a bheadh an chuach ann.
→
corcán
Tá Seán Sh. in aon-chorcán amháin — iadhta le feoil — anois. Is maith a chuaidh imirce dhó.
+
→
cuideáin
Sin gabhar coideáin, pé'r bith cé'rb as ar thriall sí. Ach ní bheadh a' saoghal suas le na gabhair sin. Deanann siad imirce 'chuile phuínnte, a's ní cheannsóchadh a bhfaca tú ariamh iad.
TUILLEADH (2) ▼
Deir B. liom indiu go bhfuil éan coideáin ar a cuid cearc fhéin. Shanntuigh mé a rádh léithe, marach faitchíos go liobróchadh sí mé, gurb shin é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.
Níl ar ar gcuid cearc ach éanachaí coideáin 'chuile lá 'san aer. Tá na trí theach eile imbéal a' doruis againn, a's tá na cearca a' déanamh imirce 'chuile ré soluis. Sé'n chaoi mbíonn sé amanntaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoin a chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
→
abair
D'fhéadfá a rádh gur maith a chuaidh an imirce dhó (ní athruigheann "d'fhéadfá" pearsa. Leagan rí-choitianta i gcaint é) = is fíor gur agus rl.; deirimse leat agus rl.; abair gur maith agus rl.
→
deacrach
Bhí sé beo-phianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá de'n ádh air ó dhealuigh sé amach as B. an Gh.
→
deatach
Gabh amach, 'gcuiridh Dia an t-ádh ort, agus bain deatach as an mbulán sin amuigh. Nach hé eallach an Diabhail anois é go gcaithfeadh sé imeacht as an áit a raibh sé go bolg i bhféar ann. Béidh a shliocht air: ní go m[aith] a ghabhfas an imirce uabhair sin dó muis
Thosuigh an bheirt ag iomramh in aghaidh a chéile: duine aca dhá cur go Condae an Chláir, agus an duine eile isteach. Sílim gurb é M. B. a bhí ag iarraidh a dhul go Condae an Chláir. D'eireochadh dhó: bhí bara na h-imirce ariamh faoi … Céard sin ort? Nach raibh siad amuigh ar an domhainn mhóir — cuid is mó ná leath cuain
Bhí an domhnuidheacht bheithidheach aige cho uain agus bhí sé ar an gC. G. Bhí sruth agus gaoth leis an uair sin, ach ní go maith a chuaidh an imirce dhó, ní dhá roint leis é. Le neart sainte agus grádh do'n airgead a d'imigh sé as — ag tnuthán le tuilleadh a dhéanamh — ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Ní bheadh a fhios agad ar nós mar deir an fear fadó cé's sonaidhe taobh de'n chlaidhe ná an taobh eile
Foighid ort! Tá sí agam. De'n phortach a tháinic sí sin indiu leis an móin. B'olc an imirce aice é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois
Bhí sruth agus gaoth leis ins an L. agus é ina shuidhe go te. Bhí dhá ghabhaltas talmhana aige agus an saoghal ag feithiú leis. Níl aon-aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithidhigh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann agus síos leis ar shlata na G. ar na drochóirí dhó féin. Céard tá dhá bharr aige indiu. Thíos annsiúd ag faire ar an bpighinn, go dteighidh sé amach agus go gceannuighidh sé ioscaidín tae le h-aghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag narbh shin í an imirce uabhair aige — ní dhá roint leis é
→
dual 1
"An té a ghníos imirce uabhair, is dual dó a bheith dhá chaoineadh" (as amhrán — an tSlis) = is cuibhe, riachtanach, nádúrach
→
díleá
Bhí sruth agus gaoth leo an fhad agus a bhíodar thuas, ach ó'n lá ar athruigh siad síos chuaidh an saoghal in a n-aghaidh. Tháinic díleághadh ar a raibh ag gabhail leo. Go fiú agus an síol féin a chuiridís ní bhíodh sé ag eirghe leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag 'chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orra in éindigh — ní dhá roint leo é. Fuair triúr mac breágh bás imbéal a chéile orra. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatorra ach an bhliain. An fear aca atá ins an gcomhaireamh ceann indiu, is beag fear tighe ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaidh an imirce do na créatúir bhochta sin