Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imirce
athrú nó aistriú ó áit go chéile.
a.
+
Is olc an imirce agat í — déarfaí seo le duine nó beithíoch a d'athródh ó áit mhaith go dtí n-a mhalrait nó go dtí áit nach mbeadh baol ar inchurtha síos leis an gcéad áit
Ba mhaith an imirce aige í
TUILLEADH (3) ▼
Tá an imirce sin caite ina cheann aige le fada — dhá n-aistríodh duine agus dhá mbeadh an rún aistrithe aige i bhfad roimhe sin
Tá an imirce sin caite as a cheann aige
Is maith a chuaigh an imirce dhuit — déarfaí é dá dtagadh slacht ná séan ar dhuine de bharr aistrithe
b.
((bara (barúil) na himirce)): fonn nó rún imirce imeachta nó aistrithe (fc. barúil, barúintí).
·
B'fhearr dhuit fanacht ag dul chuig an scoil go ceann cupla bliain eile, mura bhfuil bara na himirce fút — mura bhfuil fonn aistrithe ort; imirce caite in do cheann agat; fonn Meiriceá ort (Meiriceá a bhí i gceist sa leagan thuas)
Ó tá bara na himirce faoi le fada — rún aistrithe, imeachta go dtí malrait áite

imirce in iontrálacha eile (19)

 
Tá fonn air a dhul go Sasana ach tá faitíos imirce air ina dhiaidh sin
 
fear
Dar príosta, tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feola a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
 
Tá Seán Sh. in aon chorcán amháin — iata le feoil — anois. Is maith a chuaigh imirce dhó.
+
Sin gabhar cuideáin, pé ar bith cérb as ar thriall sí. Ach ní bheadh an saol suas le na gabhair sin. Déanann siad imirce chuile phointe, agus ní cheansódh a bhfaca tú ariamh iad.
TUILLEADH (2) ▼
Deir B. liom inniu go bhfuil éan cuideáin ar a cuid cearc fhéin. Shantaigh mé a rá léithe, murach faitíos go liobródh sí mé, gurb in é an t-éan a rinne an imirce uabhair. Dheamhan i bhfad a chaithfeas sé ar éanachaí B. go dtuga sí an scian dó.
Níl ar ár gcuid cearc ach éanachaí cuideáin chuile lá san aer. Tá na trí theach eile i mbéal an dorais againn, agus tá na cearca ag déanamh imirce chuile ré solais. 'Sé an chaoi mbíonn sé amantaí, cinneann orainn iad 'aithneachtáil thar a chéile. Ach arsa tusa, 'ní ghabhann caraid cuid a chéile'.
 
beo 2
Ní beo liom mo bheo, agus ní bás liom mo bhás, ó rinne mé an imirce seo.
 
Teach feidheartha atá ann anois. Dheamhan ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoina chaolachaí. Imithe ag an bpán agus díolta. B'olc an imirce dóibh — ní dhá roinnt leo é! — a dhul isteach ar shlata an bhaile mhóir
 
abair
D'fhéadfá a rá gur maith a chuaigh an imirce dhó (ní athraíonn d'fhéadfá pearsa. Leagan ríchoitianta i gcaint é) — is fíor gur srl.; deirimse leat srl.; abair gur maith srl.
 
Bhí sé beophianta nó go ndéanfadh sé an imirce. Ag cur maith air fhéin mar dhóigh dhe. Ba í an imirce dheacrach dhó í. Ní raibh lá den ádh air ó dhealaigh sé amach as B. an Gh.
 
Gabh amach, go gcuire Dia an t-ádh ort, agus bain deatach as an mbullán sin amuigh. Nach é eallach an diabhail anois é go gcaithfeadh sé imeacht as an áit a raibh sé go bolg i bhféar ann. Beidh a shliocht air: ní go maith a ghabhfas an imirce uabhair sin dó muis
 
domhain 1
Thosaigh an bheirt ag iomramh in aghaidh a chéile: duine acu dhá cur go Contae an Chláir, agus an duine eile isteach. Sílim gurb é M. B. a bhí ag iarraidh a dhul go Contae an Chláir. D'éireodh dhó: bhí bara na himirce ariamh faoi … Céard sin ort? Nach raibh siad amuigh ar an domhain mhóir — cuid is mó ná leath cuain
 
Bhí an domhnaíocht bheithíoch aige chomhuain is a bhí sé ar an gC. G. Bhí sruth is gaoth leis an uair sin, ach ní go maith a chuaigh an imirce dhó, ní dhá roinnt leis é. Le neart sainte agus grá don airgead a d'imigh sé as — ag tnúthán le tuilleadh a dhéanamh — ach sin é an chaoi a mbíonn sé. Ní bheadh a fhios agat, ar nós mar adeir an fear fadó, cé is sonaí taobh den chlaí ná an taobh eile
 
Foighid ort! Tá sí agam. Den phortach a tháinig sí sin inniu leis an móin. B'olc an imirce aici é, an cailín! Dreancaid chíbe. Tá goin ar an diabhal sin anois
 
Bhí sruth is gaoth leis sa L. agus é ina shuí go te. Bhí dhá ghabháltas talúna aige agus an saol ag féithiú leis. Níl aon aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithígh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann, agus síos leis ar shlata na Gaillimhe ar na drochóirí dhó féin. Céard atá dhá bharr aige inniu. Thíos ansiúd ag faire ar an bpínn go dté sé amach agus go gceannaí sé ioscaidín tae le haghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag nárbh in í an imirce uabhair aige — ní dhá roinnt leis é
 
dual 1
"An té a ghníos imirce uabhair, is dual dó a bheith dhá chaoineadh" (as amhrán — An tSlis) — is cuí, riachtanach, nádúrach
 
Bhí sruth is gaoth leo an fhad is a bhíodar thuas, ach ón lá ar athraigh siad síos chuaigh an saol ina n-aghaidh. Tháinig díleá ar a raibh ag gabháil leo. Go fiú is an síol féin a chuiridís, ní bhíodh sé ag éirí leo. Is minic a loiceadh a gcuid fataí agus togha an bharr ag chuile dhuine eile. Bhí anachain muc agus anachain daoine orthu in éindí — ní dhá roinnt leo é. Fuair triúr mac breá bás i mbéal a chéile orthu. Dheamhan a fhios agamsa a raibh eatarthu ach an bhliain. An fear acu atá sa gcomhaireamh ceann inniu, is beag fear tí ná urláir in do thír is boichte ná é. Ní maith a chuaigh an imirce do na créatúir bhochta sin
 
Chuaigh sé ar imirce