Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Leath (Leith)
dhá leith
a.
·
Déanfa mé dhá leith de do dhruim = brisfe mé do dhruim.
·
Rinne sé léitheachaí de (de rud ar bith) = giotaí cothroma comh-mhéid. (Con.)
·
Thug sé leath ó chuile fhear dhá bhfaca mise ariamh = níl goir ag duine ar bith eile air, arae tá chuile cháilidheacht dhár cheart a bheith i bhfear ar foghnamh ann. (Con.)
·
Má chuireann se achrann ormsa, ní bheidh aige ach a leath = malrait; tiubharfa mise cumaoine a láimhe dó; ní racha leis.
·
Duine ar leith é (Conamara) = duine faoi leith; sain-dhuine; duine nach bhfuil mar dhaoine eile (ní bhíonn faoi leith i gConamara — ar leith igcomhnuidhe)
Rud ar leith é sin (dhá dtarraingtí anuas scéal nach raibh aon-bhaint aige leis an sgéal ar ball, sin é adéarfaí).
·
Tá'n oidhche ar leith fuar = an-fhuar (Ach.)
Fear ar leith é = an-mhór; an-téagrach (Ach.) (sin é ciall an Achréidhe i gcomhnuidhe)
b.
Cois-gá-leith (cois dá leith?).
·
Chuaidh sé i gcois gá leith ar an gclaidhe, ar an gcapall agus rl. = ag marcuigheacht, i sgaradh gabhail.

Féach freisin

Leath in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
 
faoisc
Fág annsin iad. Níl leath-bhruth orra fós. Nach bhfeiceann tú nach bhfuil an cúr bán féin orra. Níor fhaosc siad chor ar bith
 
Thiúrfadh chúig feánaí eile ídiú maith ar an dúchán. Ba mhaith a sheas sé. Shíl mé nach raibh a leath-oiread sin ann
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
+
fios
Thug sé an tír soir amach air fhéin ag iarraidh fios a fhortúin. Ach ba ghearr go raibh sé san mbaile aríst agus a leath-sciathán briste
TUILLEADH (1) ▼
Dhá laghad fios dhár thug an ceann thuas dom, níor thug an ceann thíos a leath oiread dom
+
fliuch 2
Ná bíodh do chois fliuch ar chaoi ar bith. Is leath sláinte do dhuine a chois a bheith tirm
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag cothú leath-fhliuch go maith
 
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. "Buailfidh mé fhéin faoi", adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. "Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith". Ach m'anam má rinne narbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneóinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghárha ann agus an sruth i m'aghaidh
 
foirm
Tá foirseadh mór cainte aige, ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mara mbeadh a fhios agad cé hé fhéin
+
Rinne siad leath-chuma ar an dá shean-díriúch a bhí annsin agus feacha fhéin gur fhreagair Dia orra é dhá fhada dhá ndeachaidh sé. Tá muilte Dé mall, adeir siad, ach mileann siad go mín
TUILLEADH (1) ▼
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
+
Sén chaoi a bhfuil na freigisí sin ag cur an ghúna as a shlacht. Tá an iomarca aca ann. Bain as a leath
TUILLEADH (2) ▼
Óbhó go deo nach ar a cuid éadaigh atá an frugaisí. Dhéanfadh sí cúis mhaith d'uireasa a leath
Nach bhféadfá a rá go ndeárna tú é, nó nach ndeárna agus gan bacadh le leath na bhfrugaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul in a choinne!
 
Tá fudarnéis ar fud an bhaile seo ó tionnscluíodh an pósadh céanna. Má siad na putaigh fhéin iad, níl siad leath-shásta a dhul chuig an scoil ach ag caint air, agus ag ceapadh go mbeidh oíche mhór aca.
+
Má theagann sé annseo aríst fágfaidh mise ar leath-sciathán é = gortóidh mé é; bainfidh mé an t-uabhar as; cuirfidh mé riocht air; "I will take the wind out of his sails"
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága an chloch ar leath-shúil len a ló é
Sé an meaisín buailte a d'fhága ar leath-láimh é
Céard d'fhága ar leath-chois é?
Ab shin é anois a d'fhága ar leath-chluais é?
 
fág
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a fríodh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. 'Ar ndó' dheamhan leath chirt aige leo, níl sin
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfághadh sé leath a dhíol len ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shul a ndeacha sé isteach
 
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fánaidh: sin é a fhearacht aigesan anois é. Ní shásódh tada é go dteigheadh sé in aghaidh an bhaile uiliog, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtuithe anois
 
Duine leath-fhánach é = pleibeach, seafóideach, gan aon-mheabhair oibre etc
 
féar
Níl aon-ghnatha ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh, mara bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon-ghoir aige air. Ní bheathuíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé indon cailleadh leis, go bhfuil sin
 
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí in a dhiaidh air, ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
Shíl mé nach raibh tú leath chomh mór in do chabaire (in do chabachán) a's go dtiocfá a' trácht ar shiomóideachaí mar sin.
 
caidhl
Chaithfeadh sé go raibh imirt láidir ag ceann an bhóthair indiu, a's an chaidhl leath-chorónachaí a chonnaic mé ann.
 
Bhí mo chaolóid féin spréidhte amach agamsa, shul dhó bhí sé leath-bealaigh in a chaolóid seisean. A's deamhan leath-chlúdú a thug sé ar an gcoirce in' aice sin. Dearg-spreallaire é. Is mór leis a dhruim a lúbadh chor a' bith.
 
carn
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
 
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
+
Tá'n oiread cipiléaracht aige, a's go dtóigfeadh sé do cheann, a's gan substaint a' bith le na leath. Ní chuireann sé duine 'bith le gaoith na gcnoc ach M. T. Mh.
TUILLEADH (1) ▼
Cá'ide eile a bheidheas tú ar a' gcipiléaracht seo. Cuir crudh 'na thosach, a's bíodh sé críochnuighthe trathnóna ambáireach ar 'fhad. Shílfeá go mbadh chóra dhuit náire 'bheith ort, a's an t-achar atá tú in ainm's a bheith in' éadan, a's gan déanamh ná leath-dhéanamh fós air.
+
Rinne siad ciseach dhóib ar fad, sa dárna leath-uair. = rinne ceann de na comláin imeartha, droch-bhail a chuir ar a' gcomlán eile 'sa dara ceann de'n chluiche. Sháruigheadar iad gan stró a' bith.
TUILLEADH (1) ▼
Má's leat ciseach a dhéanamh dhíot fhéin, teirigh amach indiu. Dheamhan a' mbeadh a leath-oiread súnáis oibre ort lá breagh.
+
Tá claon-fhéachaint i leath-shúil leis — an ceann deas sílim — ach tá'n tsúil eile ceart.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá slán a' tsamhail, leis a' gclaon-fhéachaint atá i leath-shúil léithe, nach h-iad súile a chéile chor ar bith iad.
Nuair a bheadh sé a' breathnú, shílfeá gur a' breathnú indiaidh leath-taoibhe a bheadh sé, leis a' gclaon-fhéachaint atá ann.
 
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhightheach seo. Thug sé an chéad choicís go breagh uaidh. Ach níor tháinic an oiread as an lá fhéin go maith imbliadhna.
+
Chuaidh cumaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áidhbhéil a bhío(nn)s aige leath na gcuarta.
TUILLEADH (1) ▼
Thug sé cupla gailleog dhom, a's leis a' gcumaoin a chúitiú, d'iarr mé isteach é l'aghaidh leath-ghalún pórtair.
+
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
TUILLEADH (2) ▼
Má's ingan-fhios nó i gcoimhfhios é, tá sé a' caitheamh tobac. Tá 'fhios agamsa an méid sin, ar chaoi ar bith, arae b'éigean dom cion leath-únsa a thabhairt dó an lá faoi dheire.
M'anam go bhfuil siad ar a' gceird sin, ingan-fhios a's i gcoimhfhios. 'Sé'n chaoi 'mbíonn siad leath na gcuarta, dheamhan a' miste leob, cé 'fheicfeas iad.
 
conán
Marach chomh sásta, a's atá an conán eile, mharbhóchad sé Seáinín ar bhall na h-áite, a's dá marbhuigheadh fhéin, dheamhan leath-cheart a dhéanfadh sé leis.
+
Cráin-fhear láidir é, corradh ar leath-chéad bliadhain d'aois, a's é glan-bhearrtha.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé corradh ar leath-chéad míle as seo do'n Ch. a's shiubhail mo shean-mháthair chuile mhíle coisméig dhe, in a cosa buinn! Siar go gceaduigheadh sí cailleach luibheannaí a chuaidh sí. Is beag a dhéanfadh anois é. Dheamhan aonduine!
 
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cos-nochtuighthe. Dheamhan bróg a bhío(nn)s orra(b) sin leath na gcuarta. Cé'n ghna(ithe) a bheadh de bhróga aca(b) a' spágáil thrídh phuiteachaí.
 
Chomh uain's a bhí an dá shean-fhear bhochta sin annsin ag béal a' doruis aige, chaith sé a shaoghal a' meabhrú do lucht cuarta chuile bhiorán dá bhféadfaidís a dhéanamh orra(b) a dhéanamh dhóib. Dheamhan duine sa tír anois, nach a' deanamh bioráin air fhéin atá. Níorbh é leath-chóir Dé é, mara dteagadh cothromacan síneadh na h-uaire ar ais air fhéin.