leath, leith
—
a.
dhá leith.
·
Déanfaidh mé dhá leith de do dhroim — brisfidh mé do dhroim
·
Rinne sé leitheachaí de (de rud ar bith) — giotaí cothroma cóimhéid. (Conamara)
·
Thug sé leath ó chuile fhear dhá bhfaca mise ariamh — níl gair ag duine ar bith eile air, arae tá chuile cháilíocht dhár cheart a bheith i bhfear ar fónamh ann (Conamara)
·
Má chuireann sé achrann ormsa, ní bheidh aige ach a leath — malrait; tabharfaidh mise comaoine a láimhe dó; ní rachaidh leis
·
Duine ar leith é (Conamara) — duine faoi leith; saindhuine; duine nach bhfuil mar dhaoine eile. Ní bhíonn faoi leith i gConamara — ar leith i gcónaí
Rud ar leith é sin (dhá dtarraingtí anuas scéal nach raibh aon bhaint aige leis an scéal ar ball, sin é adéarfaí)
·
Tá an oíche ar leith fuar — an-fhuar (Achréidh)
Fear ar leith é — an-mhór; an-téagrach (Achréidh; sin é ciall an Achréidhe i gcónaí)
b.
cois gá leith (cois dá leith).
·
Chuaigh sé i gcois gá leith ar an gclaí, ar an gcapall srl. — ag marcaíocht, i scaradh gabháil
Féach freisin
→
duine
leath in iontrálacha eile (50+)
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
→
fliuch 2
Ná bíodh do chois fliuch ar chaoi ar bith. Is leath sláinte do dhuine a chois a bheith tirim
Bhí mé uair ag fanacht le fear fobhairne a chuirfeadh an churach siar a chúnamh dhom, ach diabhal duine a bhí ag teacht. 'Buailfidh mé fhéin faoi,' adeirimse faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Rinne mé cheana é gan fear fobhairne ar bith.' Ach m'anam má rinne nárbh é an lá sin é. Dhá mbeadh breith ar m'aiféala agamsa agus mé leath cuain choinneoinn stuaim ar an bhfoighid, agus ní chorróinn as an áit a raibh mé. Bhí farraige ghártha ann agus an sruth i m'aghaidh
→
foirm
Tá fuirseadh mór cainte aige ach nach bhfuil a leath i gclár ná i bhfoirm. Chuirfeadh sé dallach dubh ort mura mbeadh a fhios agat cé hé fhéin
+
→
froigisí
'Sé an chaoi a bhfuil na freigisí sin ag cur an ghúna as a shlacht. Tá an iomarca acu ann. Bain as a leath
TUILLEADH (2) ▼
Ó bhó go deo nach ar a cuid éadaigh atá an frogaisí. Dhéanfadh sí cúis mhaith d'uireasa a leath
Nach bhféadfá a rá go ndearna tú é, nó nach ndearna agus gan bacadh le leath na bhfrogaisí sin! Diabhal aithne ort nach thar sheacht míle d'fharraige théachtaithe a chaith tú a dhul ina choinne!
→
fág
Fuair an ceann seo den phobal inniu é ón sagart. Más thíos a frítheadh iad is thuas a fágadh iad aige siúd. Ar ndóigh dheamhan leath an chirt aige leo, níl sin
→
fáinne
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
→
fána
Níl leath an chirt leis. Deir siad gur minic a thug tuile fear buile le fána: sin é a fhearacht aigesean anois é. Ní shásódh tada é go dtéadh sé in aghaidh an bhaile uileag, ag déanamh amach go smachtódh sé iad: eisean atá smachtaithe anois
→
féar
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
→
cabaire
Shíl mé nach raibh tú leath chomh mór in do chabaire (in do chabachán) agus go dtiocfá ag trácht ar shiomóideachaí mar sin.
→
caolóid
Bhí mo chaolóid féin spréite amach agamsa shul dhó bhí sé leath bealaigh ina chaolóid seisean. Agus deamhan leathchlúdú a thug sé ar an gcoirce ina aice sin. Deargspreallaire é. Is mór leis a dhroim a lúbadh chor ar bith.
→
carn
Ó bhuail an méid sin gearranála mé, bíonn mo phíobán carnaithe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ón dochtúr air ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, ainneoin gur íoc mé mo leathghine bhuí air.
Má tá sé ag fáil cinnireachta chomh maith sin, is mór an t-ionadh nach mbeadh slacht a chodach air. Ina leaba sin, is geall le leath deiridh cait an giall atá air.
Tá an oiread cipiléireacht aige, agus go dtógfadh sé do cheann agus gan substaint ar bith lena leath. Ní chuireann sé duine ar bith le gaoith na gcnoc ach M. T. Mh.
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhthíoch seo. Thug sé an chéad choicís go breá uaidh. Ach níor tháinig an oiread as an lá fhéin go maith i mbliana.
→
comaoin
Chuaigh comaoin air ann, má b'fhíor dhó fhéin, ach áibhéil a bhíonns aige leath na gcuarta.
M'anam go bhfuil siad ar an gceird sin, i ngan fhios is i gcomhfhios. 'Sé an chaoi a mbíonn siad leath na gcuarta, dheamhan an miste leob cé a fheicfeas iad.
Is minic le lucht na dtamhnach sin a bheith cosnochtaithe. Dheamhan bróg a bhíonns orthub sin leath na gcuarta. Cén ghnaithe a bheadh de bhróga acub ag spágáil thrí phuiteachaí.
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
+
→
cóipís
B'fhéidir go mb'fhearr duit gan a leath oiread cóipíse a bheith agat. Má chloiseann t'athair thú, beidh sé leat.
TUILLEADH (1) ▼
Ba chóra dhuit go mór do bhéal a choinneáil ar a chéile, agus gan leath an oiread cóipíse a bheith agat agus atá agat.
+
→
baile
'Tá sé in am againn a bheith ar ghort an bhaile feasta,' adeirim fhéin. 'Tá moill ort,' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé leath chomh maith ag baile aige.
+
→
bannaí 1
Dhá mbeadh aon chuimhniú aige, nuair a chuaigh sé i mbannaí air, go gcaithfeadh sé díol a dhéanamh as a dheireadh, tá mé ag ceapadh nach mbeadh sé leath chomh spleodrach ag ól a bhfuair sé in aisce uaidh an lá sin. Sin é an déirce dhá chuid féin don amadán ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (2) ▼
Muise i mbannaí nach scilling a chaithfeadh sí agat leath chomh maith. Ní bheadh a leathoiread den bhoigréis inti
Mise i mbannaí nach iad do phaidreachaí adéarfá leath chomh maith agus a déanfas tú eascainí.
→
bannaí 2
Bhí an iomarca uafáis air agus níor chuir sé aon bhannaí ceart ar leath na scolb a chuir sé sa teach. Is maolscríobach an cur atá ar an tuí ina dhiaidh.
+
→
bealach
Níl tú leath bealaigh fós ná baol ar bith air — leath an aistir.
TUILLEADH (13) ▼
Dhá mbeinn leath bealaigh ann, ní aireoinn dhá chur siar — dá mbeadh sé curtha agam go dtí lár báire srl.
Ní raibh mé ach leath bealaigh abhaile nuair a tháinig sé ina dhórtadh as aer orm agus báitheadh chuile shnáth dhá raibh orm.
Tá muid ionann is leath bealaigh go Gaillimh anois.
An bhfuil tú leath bealaigh sa leabhar fós? — a leath léite agat.
Tá bóithrín leath bealaigh siar don Chnoc, agus sin é.
Tá an t-ard leath bealaigh síos go bóthar.
Tá sé leath bealaigh go claí go hard.
Bhí mé leath bealaigh isteach an doras nuair a ghoin m'aire mé, agus loic mé aríst.
Leath bealaigh abhaile a bhí mé nuair a scoith sé mé.
Níl tú fhoisceacht míle do leath bealaigh fós.
Tá sé seo ina theach leath bealaigh aige ag teacht ó chuairt dó chuile oíche. Tagann sé isteach scaithín i gcónaí. (Bíonn clocha agus tithe leath bealaigh i gcónaí ar bhóithrí, ní hiad na tithe ná na clocha céanna a bheadh leath bealaigh ag chuile áit, dar ndóigh. Is iomaí cloch agus teach ar shúil bóithrí a dtugtar cloch leath bealaigh nó teach leath bealaigh orthu.)
Níl anseo ach teach leath bealaigh agam. Tá mé ag gabháil píosa eile.
Ní dhéanfaidh mé cuairt anseo. Níl ann ach teach leath bealaigh agam. Caithfidh mé a dhul go barr an bhaile.
→
beart
Tá sé ina bheart Mh. Bh. agat fadó, a raibh a leath ag dul isteach san iothlainn agus an leath eile ag teacht ag an mB. L.
→
béalóg
D'athraíomar leath bealaigh abhaile: fuaidh mise ar cúlóig agus eisean in m'áitse ar béalóg.
→
cnigín
Chuala mé go dtugann an máistir seo thíos corrchnigín do na scoláirí, agus má thugann fhéin, dheamhan leath an chirt atá aige leofa, arae má fhaigheann siad cead a gcinn chor ar bith, éireoidh siad ina mhullach.
→
crámhar
Tá chuile shórt ina mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál ar bith báistí is sailí ná í. Dá gcaitheadh sé foracan breá in éindí agus éirí as ansin, níor leath dochair é, ach tá an cramhar sin mífholláin.
→
cuilín
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.