Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Leathrann
an chiall ó cheart leath de rann nó de cheathramhain fhilidheachta.
·
Níl de leath-rann aige ar fud na tíre, ach gur mise a ghoid an t-airgead (ciall na cainnte) = siomsán; 'sé atá sé a rádh le chuile dhuine.
Sé'n leathrann atá aige: Up Ireland.

Leathrann in iontrálacha eile (3)

 
beo 1
Is diabhaltaidhe an tóir atá ag an iasc beo ortsa fharras aonduine. Níl de leathrann agad ó mhaidin go faoithin ach iasc beo. Ó thárla nach bhfuil aon-dochar ann, tuige a mbíonn tú a' bodhrú na ndaoine a' cainnt air! Nach thú an sean-pháiste againn!
 
Diachta ghéar gan an Nodlaig chéadna tharainn dá mbadh rud é a dhúinfeadh 'u' (bhur) mbéal. Níor thug sib forus ná suaimneas duinn le mí ach í in a leathrann agaibh len 'u' (bhur) mbricfeasta, agus len 'u' suipéar. An uair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibse ná aon-duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breagh nach leigfeadh sibh dá 'u' gcuid clabaireacht' annsin fúithe.
 
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach pruchóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Theigheadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. An uair a theagadh muid faoi'n dorus i gcomhnuí, sé'n leathrann a bhíodh ag T. "Doirtigidh anuas a scurachaí. Má tá mé cumhang níl mé doicheallach." Is minic a chonnaic mé an teach sin lán go drad. Ní thuillfeadh duine eile ann. Is iomdha siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcomhnuí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtuitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach cho h-íseal sin