leathrann
—
an chiall ó cheart leath de rann nó de cheathrúin fhilíochta.
·
Níl de leathrann aige ar fud na tíre ach gur mise a ghoid an t-airgead (ciall na cainte) — seamsán; 'sé atá sé a rá le chuile dhuine.
'Sé an leathrann atá aige: Up Ireland
leathrann in iontrálacha eile (11)
+
→
beo 1
Sin é an leathrann atá acub sin i gcónaí, go mbeidh saol maith ann an chéad bhliain eile. Tá siad a fhearacht ag an bhfear fadó adeireadh: fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar.
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan lá beo nach in é an leathrann atá aige.
Is diabhaltaí an tóir atá ag an éasc beo ortsa tharas aon duine. Níl de leathrann agat ó mhaidin go faoithin ach éasc beo. Ó tharla nach bhfuil aon dochar ann, tuige a mbíonn tú ag bodhrú na ndaoine ag caint air! Nach thú an seanpháiste againn!
→
aire
'Sé an leathrann céanna atá aici ó phós an mac, nach bhfuil an bhean óg ag tabhairt aire ar bith dhi.
→
anachain
Is mór an leathrann agaibh an anachain chéanna. Dá dtugadh sibh beatha agus aire do na muca, ní raibh bás ná bascadh orthub — nuair a cailleadh na muca dúirt lucht a bhfreastail gur anachain ba chiontsiocair leob, ach dúirt an ceann eile nárbh ea ach easpa cothaithe agus aire.
→
failligh
Ba mhór an t-ionadh muis gur fhailligh sé an fheamainn dearg inné. Dheamhan a raibh sé thíos ag an gcladach chor ar bith, théis nach raibh de leathrann aige ach í le coicís
→
deachma
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air os cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
→
deis
Is iomaí deis a fuair tú air ó shin agus níor chuir tú aon aighneas air. Má tá faltanas istigh agat dó téirigh agus ídigh air é, agus ná bíodh sé ina leathrann anseo agat chois an teallaigh chuile lá
→
diachta
Diachta ghéar gan an Nollaig chéanna tharainn dá mba rud é a dhúnfadh a (bhur) mbéal. Níor thug sibh foras ná suaimhneas dúinn le mí ach í ina leathrann agaibh lena (bhur) mbricfeasta, agus lena suipéar. Nuair a thiocfas sí tiocfaidh sí agus ní fhéadfaidh sibhse ná aon duine eile a dhéanamh lá níos túisce. Breá nach ligfeadh sibh dá gcuid clabaireachta ansin fúithi
Ar chuala tú céard adeireadh T. Mh. fadó. Ní raibh aige ach prochóg de theach. Dheamhan a bhféadfá casadh istigh ann. Théadh scata againn féin suas chuile oíche ar cuairt ann. Nuair a theagadh muid faoin doras i gcónaí, sé an leathrann a bhíodh ag T. 'Doirtigí anuas a scorachaí. Má tá mé cúng, níl mé doicheallach.' Is minic a chonaic mé an teach sin lán go drad. Ní thoillfeadh duine eile ann. Is iomaí siamsa a bhíodh ann. Ní bhíodh d'fhaitíos ar T. i gcónaí ach go mbainfeadh duine eicínt an maide mullaigh, agus go dtitfeadh an teach anuas orainn. Leagfá do láimh mar sin ar an maide mullaigh. Bhí an teach chomh híseal sin
→
droim
Bhí an-chaitheamh i ndiaidh an bhaile aige go dtí an lá a ndeachaigh sé i dtalamh. Chuaigh mise ag breathnú air seachtain shula fuair sé bás. Ní raibh de leathrann aige ach an baile. 'Is caillte an rud do shúile a dhúnadh i dtír bhradach na deataí seo,' adeireadh sé. 'Níor bhás liom mo bhás, dhá bhfaighinn leithead mo dhroma de thalamh glas na hÉireann.' Ní bhfuair, an duine bocht