Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seachadadh amach
+
Bíonn sí sásta go leor, má bhíonn an seachadadh amach i gcomhnuidhe ann = íoc amach, nó íoc ar a' tairnge, nó íoc ar bhall na háite.
Is beag a' tsástuigheacht a bhíonns uirre, mara ndeana duine an seachadadh amach.
TUILLEADH (12) ▼
Ní bhfaighe tú aon-cháirde, mara bhfuil tú indon an seachadadh amach a dhéanamh.
Bhí an seachadadh amach ceart go leor, aimsir a' chogaidh, nuair a bhí airgead ag na daoine chomh fairsing le spréidh-mhóin, ach caithfear fanacht le seifte anois (féach "seifte")
Ní bhfaighe tú aon-cheo isteach uaithe faoi'n Nodlaic mara ndeana tú an seacadadh-amach.
Níl aon-mheas ar aon-chuisliméara annsiúd, ach a' té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh.
Má bhíonn sé (i.e. an siopadóir) a' súil le seacadadh-amach igcomhnuidhe, is beag a' trácht a gheobhfas sé = má bhíonn sé a' súil go n-íocfa duine ar bhall na h-áite é, ní bheidh mórán glaodhach ar a chuid earraidhthe.
Aindeoin go gcaithfidhear an seachadadh amach a dhéanamh, tá candáil ar a bhfuil istigh 'na shiopa = tá fuadach ar a chuid earraidhthe, aindeoin go gcaithtear íoc orra(b) ar a' táirnge.
h-eitigheadh é, faoi mháilín plúir, in áit 'nach raibh sé indon an seacadadh-amach a dhéanamh.
Tá'n t-áirleacan caithte aige, mara bhfuil sé indon an seachadadh amach a dhéanamh anois = ní bhfuighe sé aon-cháirde níos mó, mara bhfuil sé indon íoc ar a chuid earraidhthe ar bhall na h-áite.
Nuair a bhí 'chuile dhuine indon a' seacadadh amach a dhéanamh, ba droch-dhíoluidhe í sin = nuair a bhí 'chuile dhuine indon íoc amach ar a chuid earraidhthe, ní raibh aon-rath léithe sin ag íoc.
Ní bhfuighe sé luach-leithpighne feasta, gan a' seachadadh amach.
Tá sé 'faghail 'trust' sáthach fada. Caithfe sé an seachadadh-amach a dhéanamh anois, nó 'bheith dhá uireasbha.
Tá anshógh ar dhuine ar bith nach bhfuil indon an seachadadh-amach a dhéanamh feasta.

seachadadh amach in iontrálacha eile (5)

 
An té atá indon an seachadadh-amach a dhéanamh 'sna siopaí seo, gheobhfa sé 'chuile shórt faoi na luach, ach a' créatúr bocht atá ag iarraidh áirleacain, buailfear thall air sin é. 'Fear dhá bheathú, a's fear dhá mharbhú' mar adeir a' ceann eile.
 
daor 1
Má bhíonn sí ag iarraidh thú a leanacht ro-dhaor fág annsiúd aice iad. An té atá indon an seachadadh amach a dhéanamh is furasta dhó a dhul in a rogha áit, agus deirimse leat go mbeidh cion ar a chuid airgid
 
Is deacair dhó a bheith deiseamhail agus a bhfuil de dhola air. 'Ar ndú' a dhearbhráthair m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé 'chuile ré soluis
 
Má bhíonn an seachadadh-amach ann, beidh sé fáilidhe agus an-ghairm aige romhat. Ach má's ag iarraidh cáirde a bhéas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air.
 
Dá mbeitheá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhroch-dhíoluidhe thar a bheith in do dheagh-dhíoluidhe, gheobhfá a dteastóchadh uait uaidh. Nach hé atá ag coinneál an dream' sin siar beo. Ach an té nach dtaobhuigheann é ach go h-annamh, ní thiubharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh-amach. Aithnigheann sé a dhuine féin i gcomhnuí