seachadadh amach
—
+–
Bíonn sí sásta go leor má bhíonn an seachadadh amach i gcónaí ann — íoc amach, nó íoc ar an tairne, nó íoc ar bhall na háite
Is beag an tsástaíocht a bhíonns uirthi mura ndéana duine an seachadadh amach.
TUILLEADH (12) ▼
Ní bhfaighidh tú aon chairde mura bhfuil tú in ann an seachadadh amach a dhéanamh.
Bhí an seachadadh amach ceart go leor aimsir an chogaidh nuair a bhí airgead ag na daoine chomh fairsing le sprémhóin, ach caithfear fanacht le seifte anois (fc. seifte)
Ní bhfaighidh tú aon cheo isteach uaithi faoin Nollaig mura ndéana tú an seachadadh amach.
Níl aon mheas ar aon chuisliméara ansiúd ach an té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh.
Má bhíonn sé (.i. an siopadóir) ag súil le seachadadh amach i gcónaí, is beag an trácht a gheobhas sé — má bhíonn sé ag súil go n-íocfaidh duine ar bhall na háite é, ní bheidh mórán glaoch ar a chuid earraithe
Ainneoin go gcaithfear an seachadadh amach a dhéanamh, tá cantáil ar a bhfuil istigh ina shiopa — tá fuadach ar a chuid earraithe, ainneoin go gcaitear íoc orthub ar an tairne
hEitíodh é faoi mháilín plúir in áit nach raibh sé in ann an seachadadh amach a dhéanamh.
Tá an t-airleacan caite aige mura bhfuil sé in ann an seachadadh amach a dhéanamh anois — ní bhfaighidh sé aon chairde níos mó mura bhfuil sé in ann íoc ar a chuid earraithe ar bhall na háite
Nuair a bhí chuile dhuine in ann an seachadadh amach a dhéanamh, ba drochdhíolaí í sin — nuair a bhí chuile dhuine in ann íoc amach ar a chuid earraithe, ní raibh aon rath léithe sin ag íoc
Ní bhfaighidh sé luach leithpínne feasta gan an seachadadh amach.
Tá sé ag fáil trust sách fada. Caithfidh sé an seachadadh amach a dhéanamh anois nó a bheith dhá uireasa.
Tá anó ar dhuine ar bith nach bhfuil in ann an seachadadh amach a dhéanamh feasta.
seachadadh amach in iontrálacha eile (5)
→
buail ar
An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh sna siopaí seo, gheobha sé chuile shórt faoina luach, ach an créatúr bocht atá ag iarraidh airleacain, buailfear thall air sin é. Fear dhá bheathú agus fear dhá mharú, mar adeir an ceann eile.
→
daor 1
Má bhíonn sí ag iarraidh thú a leanacht ródhaor fág ansiúd aici iad. An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh, is furasta dhó a dhul ina rogha áit, agus deirimse leat go mbeidh cion ar a chuid airgid
→
deisiúil
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
→
diúltach
Má bhíonn an seachadadh amach ann, beidh sé fáilí agus an-ghairm aige romhat. Ach más ag iarraidh cairde a bheas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air
Dá mbeifeá ag déileáil leis, níor mhiste dhuit a bheith in do dhrochdhíolaí thar a bheith in do dhea-dhíolaí, gheofá a dteastódh uait uaidh. Nach é atá ag coinneáil an dreama sin siar beo. Ach an té nach dtaobhaíonn é ach go hannamh, ní thabharfadh sé biorán beag — agus is fánach an rud é — dó gan an seachadadh amach. Aithníonn sé a dhuine féin i gcónaí