Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ágóid
scubaide de bhean; beainín chloíte chaite gan aon téagar agus gotha caillte uirthi; sraoill, straoill.
+
Nach í an ágóid í?
Ní fhaca mé aon ágóid chomh himithe léithe in mo shaol ariamh — ní fhaca mé aon bhean chomh cloíte ná chomh suaite ná chomh caillte léithe ariamh
TUILLEADH (35) ▼
Is gann a chuaigh an saol air a dhul i gcleithiúnas lena leithide sin d'ágóid a phósadh.
Muise an ágóidín, cé phósfadh í!
Dhá mbeadh an oiread eile spré aici, an ágóidín bhocht, ní bhfaigheadh sí fear a hiarrtha.
Is deas an ball i dteach an ágóid sin! — ní ball deas i dteach í
Bhí sé thart agus an ágóid sin a phósadh — is géar a bhí bean uaidh agus í a phósadh
Ní fheicfeá a macasamhail d'ágóid dhá gcuirtheá slat ar pharóiste.
Níl ann (n)ach go bhfuil na ceithre eite san ágóid, agus choinneodh sí coc leat ina dhiaidh sin — níl ann ach go bhfuil sí i ndiaidh a chéile, tá sí chomh caite snoite sin agus ainneoin sin, choinneodh sí achrann nó sciolladóireacht leat
Ágóid bhradach gan aon déanamh (déantús) maitheasa í — bean gan aon téagar agus nach bhfuil in ann aon obair a dhéanamh í. déanamh maitheasa, Cois Fharraige go hiondúil; déantús maitheasa, Conamara siar, ach cloistear é corruair i gCois Fharraige)
Cá bhfaigheadh an ágóid déantús maitheasa? Thiocfadh sé crua léithe a béilí a réiteach, ní áirím a mhalrait.
Má fhágann tú faoin ágóid sin é, beidh sé gan déanamh (gnaithí gan déanamh a bheas ann) — má fhágann tú aici le déanamh é, ní dhéanfaidh sí é.
Tá an oiread talún faoin ágóid agus a bheadh faoi bhean mhaith — tá sí chomh leitheadach, an agóid, le bean mhaith
Shílfeá gur uirthi atá an ghrian ag éirí, an ágóid.
Síleann sí, an ágóid, gurb í fhéin spéire na gréine — ceapann sí go bhfuil sí an-bhreá agus an-tslachtmhar.
'Sí a leithide d'ágóid is leitheadaí (is gaisciúla, is teinne, is postúla srl.) a labharfadh (Labharfadh, labharfaidh mé: is coitianta na leaganachaí seo ar an Aimsir Fháistinigh agus ar an Modh Coinníollach faoi Chois Fharraige ná labhróidh, labhródh. Nuair a bhíos an dá leagan deiridh sin ann laibhreocha, laibhreodh adeirtear)
Ní raibh sé ina ghamal ariamh gur thug sé an ágóid sin isteach faoina theach (ar an teallach aige fhéin) — gur phós sé í
Buaileadh an ágóid cheart air — phós sé bean gan mhaith gan mhaoin; cuireadh dallamullóg air gur phós sé í.
Is maith a chruthós sé nó fágfaidh an ágóid de bhean atá aige mála na déirce air (aniar faoina dhroim, ar a dhroim srl.) — déanfaidh sé tíobhas maith nó cuirfidh sí ag lorg na déirce é.
'Sí an ágóid de bhean atá aige is ciontaí leis.
Murach an ágóid is bean dó, ba mhaith í a ghreim is a dheoch.
Cén ciméar a bhí air chor ar bith (cén slám) agus an ágóid sin a phósadh — cén slám, cén dallamullóg srl.
Ní hí an ágóid a phós sé (n)ach an spré.
Is beag an cheapadh a bhí ag duine ar bith an lá phós sé an ágóid sin go bhfanfadh cuma ná caoi orthub (go gcoinneodh siad aon teach, go ndéanfaidís aon ghnaithe; go ndéanfaidís téagar; go ndéanfaidís bun srl.), ach chuala mé ariamh go mbíonn an sonas i ndiaidh na sraoillíochta.
Ní dhéanfaidh tú lá de do leas má phósann tú an ágóid sin.
Is suarach an éadáil i dteach í an ágóid sin.
Ní bhfuair sé aon lá suaimhnis (suímnis adeirtear), ó ceanglaíodh é leis an ágóid sin.
Caithfidh sé glacadh léithe (cur suas léithe) ó phós sé an ágóidín.
'Sí an ágóid is lú slaicht sa bpobal í.
Ní fearrde an pobal a dtiocfaidh an ágóid thríd.
Níl cuid súl ar bith san ágóid — níl aon tslacht inti
'Sí an ágóid sin a chuirfeas síos sa talamh é — 'sí an ágóid sin a thabharfas bás dó
Tá ruibh ar an ágóid — tá sí an-olc.
Ní chuirfeadh éadach an tsaoil aon tslacht ar an ágóid.
Tá gob ar an ágóidín — ruibh; gob sciolladóireachta
Choinneodh an ágóid cocaireacht le lán tí — choinneodh sí caint, achrann, le cuid mhaith
Ná tabhair airde ar an ágóid, coinnigh féin an drár ort (sliocht as amhrán A Sheáin a Mhic Mo Chomharsan)

Féach freisin

ágóid in iontrálacha eile (6)

 
biorach 1
Sin í fhéin an ágóid bhiorach le drannadh léithe
 
istigh
Ní fhaca sé aon lá den mhí-ádh ariamh gur phós sé an ágóid (scubaide; bean fhágtha) sin istigh (gur thaobhaigh sé an teach mallaithe sin istigh; gur thaobhaigh sé an phrochóg de theach sin istigh srl.)
 
Chuir siad an dallamullóg críochnaithe air lá is gur fhéad siad an ágóid sin a bhualadh thall air. Ara tá aois chapall na muintire aici siúd, agus má bhí scór punt spré aici ba é a clochneart é. Dheamhan sciúrtóg thairis a bhí aici ar chuma ar bith
 
dioc
Dar príosta bíonn sí ag imeacht i lár an tsamhraidh agus an dioc sin uirthi. An bhfuil ágóid ar bith is fuaire ná í. Ní cheapfainn é
 
droim
Bíonn sé ag gabháil ag pósadh chuile mhí sa mbliain ach cuireann rud eicínt dhá dhroim é i gcónaí, más fíor dó féin. Anuraidh bhí sé socraithe tigh Sh. L. ach níor phós sé í ina dhiaidh sin. Deir sé féin go dtáinig scéala as Meiriceá aige na laethanta céanna gur bhásaigh deartháir leis ann. Is tráthúil go mbíonn rud eicínt lena chur dhá bhuille i gcónaí. Sílim go bhfuil sé fearacht go leor eile: hob ann agus hob as aige, agus faitíos air nuair a théas sé ar an scian is géire nach mbíonn sé dhá fháil sách maith. Dheamhan duine a chonaic mé ariamh ar an ealaín sin nach mbuailfí air í — ágóid eicínt — sa deireadh. 'Sé díoltas Dé é
 
Is suarach le rá í — an ágóid — bean dhona shuarach