Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Comhla (10)

+
beart
Ní bhíodh doirse ar bith ar na tithe fadó. Beart slat nó rud eicínt mar sin a chuirtí in áit na comhla.
TUILLEADH (1) ▼
Is fada a chaith bráicín thuas ansin thuas ag M. Ph. Mh. Mh. agus gan de chomhla dorais air ach beart.
 
Chonaic mé solas an lae ag fionnú i gcomhlaí na fuinneoige — ní bheadh ann ach go dtiocfadh sé thrí na siúntaí ar éigean
 
Bhí lonta dubha ag imeacht ag fáiteall ansin amuigh ó mhaidin. Má chuireann sibh comhla nó cliabhán éanachaí amach ní bheidh sibh gan anlann
 
Séard a theastódh an tóchar siúd a leagan agus a athdéanamh as éadan, agus comhla a chur leis. Níl aon uair dhá mbíonn rabharta ann nach mbíonn an súiteán aníos faoi, agus ní fhéadann sé a dhul síos aríst, agus déanann sé fuarlach amach ar an ngarraí
 
damba
Ní comhla ar bith a theastaíos thíos ansin ach damba a dhéanamh trasna béal na cuisle údan le taoille mhór a chasadh soir. 'Sé an chaoi nár mhór é mar atá an lagpholl atá ansiúd thuas agamsa: stanna a chur ann ar an gcaoi céanna. Iontaíonn sé an brúisc uisce ar fad soir sa lagpholl. Maidir le do chuid comhlaí a chur thíos ansin, níl ann ach díth céille. Réabfadh an chéad taoille mhór a thiocfadh as a lúdrachaí iad
 
deis
Dhá mbeadh deis ar an tóchar atá ann, tá an chuid is fhearr den talamh cuir atá againn ann. Tá muid ag tuineadh leo le chúig bhliana ag iarraidh comhla a chur leis a bhacfadh an taoille, ach bhí sé chomh maith dhúinn a bheith ina (ár) gcónaí, scáth ar thug siad de thoradh orainn. Tháinig seilbhéara ann agus mapaí aige, ach mo léan géar!
 
docht 1
Tá docht uisce sa tóchar siúd. An súiteán a tháinig aníos leis an rabharta agus leis an taoille mhór, tá sé coinnithe abhus, an áit ar leag sí béal an tóchair amuigh sa duirling. Tá an tóchar ar fad calcaithe anois. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go gcuirtear comhla amuigh leis
 
Tá Tóchar na Duirlinge tachta aríst, agus an garraí báite. Shnámhfadh bád mór anois ann. Ní dhéanfaidh sé siúd aon mhaith go dté comhla taobh amuigh sa duirling
 
Níl aon lá le mo chuimhne nach bhfuil an fharraige ag déanamh díobhála ansin thíos, ach diabhal comhla a chuirfidís na dhiaidh sin ann, théis go bhfuil mo theanga caite agam dhá iarraidh orthu. An dea-ghealladh, agus an droch-chomhlíonadh, deile