→
bocht 1
Fear bocht (50+)
→
fearadh
Is fearadh ar an tír an dole seo. Dar príosta, is fearadh ar dhaoine bochta é ar aon nós. Céard a dhéanfaidís murach é?
→
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
→
foirgthe
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
→
fóir
Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht orainn, nach beag an scrupall fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Chuaigh fear thart anseo an bhliain cheana agus é gléasta mar a bheadh tincéara ann. Ar a chaomhúint a bhí sé i ngeall ar bhean bhocht eicínt a robáil agus a mharú thart síos. Dheamhan duine beo nach gcuirfeadh sé dalladh púicín air. Siar faoi Chonamara in áit eicínt a rugthas air as a dheireadh agus cuireadh príosúntacht lena ló air. Má cuireadh fhéin, ba mhaith an oidhe sin air, ná ar aon duine eile a dhéanfadh a leithide de chleas.
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
→
cuntanós
Ní fheicim fear ar bith is lú cuntanós ná é don duine bhocht. Cén bhrí, ach gur as an lathaigh a d'éirigh sé fhéin.
→
bealach
Ní hé chuile fhear bóthair is bealaigh a ligfinn isteach, ach ba mhór an grá Dia lóistín a thabhairt don duine bocht siúd.
→
beart
Ní bheadh beart ar bith ab fhearr d'fhear bhocht a dhéanamh ar an saol atá ann, ná an talamh a fhágáil ansin i dtigh an mhí-áidh agus a dhul ag saothrú in áit ar bith a bhfaigheadh sé saothrú.
→
bior
Níl bior eanga ar an mbean bhocht, ach is suarach an t-ionadh sin agus lán an tí aici ar aon chéill. Níor bhris cearc an áil a heagán ariamh, agus sin é a fhearacht aicese é. Is geall le dhul ar a muirín an saothrú beag sin atá ag a fear.
+
→
bocht 1
Ní fhéadfadh an fear céanna a bheith ar a mhalrait de chaoi ach bocht, agus 'sé a chiontsiocair fhéin é. Thug sé fuadach dhá raibh aige.
TUILLEADH (11) ▼
Tá an fear saibhir ceart go leor, ach 'sé an duine bocht atá ag íoc ann i gcónaí.
Fear bocht a bhí ann ag dul thart ag iarraidh a chodach.
Níor eitigh mé fear bocht ariamh faoi dhéirce ná faoi lóistín na hoíche.
Bhíodh fir bhochta agus mná bochta isteach ina sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imithe nuair a bhíodh duine eile isteach.
Is mór an mhaith a tháinig ar an saol ón am a mbíodh fir bochta agus mná bochta ag dul thart ag iarraidh a gcodach chuile lá, agus chuile phointe sa ló amantaí.
Dheamhan ceird fhiúntach ar bith a bhí ann fadó ach fir bhochta ag dul thart ó theach go teach, pailitéaraí agus botháin bheaga chois an bhóthair acub, agus rógairí reatha agus tóraithe ag imeacht ag robáil agus ag sladadh. Níl tada den obair sin anois ann.
Is beag a bhéarfadh orm imeacht in m'fhear bocht i ndiaidh mo chinn romham agus ag iarraidh mo chodach ó theach go teach. B'fhearr dhom sin fhéin ná ag iarraidh a bheith ag baint cirt dhíbse, agus gur mór libh dom an greim a chuirim ar mo bhéal.
Bhí lán a chraicinn d'olc air agus ba bhocht dó sin — fear a raibh a chuid millte agus gan sásamh na séanadh le fáil aige faoi.
Nach bocht dó a bheith cloíte fhéin — fear nár fhága an leaba agus nach ndeachaigh greim ar a bhéal le chúig lá!
Má tá sé folamh fhéin, nach bocht dó sin — fear nár ghnóthaigh oiread agus cluiche ó shuigh sé anocht ag clár na himeartha.
Nach bocht dom codladh a bheith orm — fear a chaith an oíche aréir ar neamhchodladh!
→
bocht 2
Ba deacair a díol d'fhear a fháil di scaitheamh, ach is buí bocht léithe cuimleachán ar bith anois — is corrfhear a mbeadh sí sásta leis scaitheamh ach is furasta í a shásamh faoi fhear anois.
→
bruach
I nDomhnach, bhí sé sách bocht scaitheamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó cuid dhá chuid talúna a dhíol? Ach dar fia, tá sé bruach ar bhruach leis an té is fhearr ar an mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croí. Is fhearr éirí as ná titim ann, adeir siad.
+
→
buail ar
Is tútach an fear é má tá i ndán is gur bhuail sé thall ar an díthreabhach bocht sin gurb é a rinne an millteanas, agus fios maith aige nach é
TUILLEADH (1) ▼
An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh sna siopaí seo, gheobha sé chuile shórt faoina luach, ach an créatúr bocht atá ag iarraidh airleacain, buailfear thall air sin é. Fear dhá bheathú agus fear dhá mharú, mar adeir an ceann eile.
→
átha
Is mór adéarfá liom a bheith crua, ach cé milleán sin orm nuair a fheicfeas tú duine a bhfuil lán phúirín na hátha d'airgead aige agus a chuirfeadh amach fear bocht taobh le leithphínn
→
fiachadh
Fear gan aon choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic lena mhuintir an tréatúlacht a dhéanamh
→
feall 1
Tuilleadh ghéar den diabhal aige anois! Ba bheag an scrupall a bhí aige fhéin an fear bocht sin thiar a mharú. É a mharú a rinne sé scáth ar fhága sé beo dhe. 'Sé cóir Dé é anois gur éirigh an cleas céanna dhó fhéin. Más feall filleann
Ara ab é an fear a bhuail dallach dubh ar shagart an pharóiste! Thug an sagart punt dó nuair a chuir sé an béal bocht air fhéin go raibh an bhean agus an chlann i ngéarchall. D'imigh leis agus d'ól sé é
+
→
danra
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach ag a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an saol sách danra leis an mbean bhocht sin ar chuma ar bith. Cailleadh a fear agus d'fhága sé áilín lag lúbach uirthi agus gan aici ach na cupla garraí sin lena dtógáil. Shaothraigh sí an saol go maith an créatúr, ach tá na scorachaí anois inchúntach agus diabhal a n-aireoidh sí é feasta
→
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
→
diachair
Nach diabhaltach an diachair atá ort nach ligeann de do chuid cumadóireacht. Tá an fear bocht thar bharr a chéille agat. Cén bhrí ach picil a dhéanamh de ghrán seagail! Is lad thú!
+
→
diachta
Is diachta nach gcrochfaí an diabhlánach, agus a bhean maraithe aige. Is mór an díol trua anois é mar dhóigh dhe, ach ní fheicim go bhfuil trua ar bith don chréatúr bocht atá faoin gcréafóig. Sin é an chaoi a mbíonn sé: fear dhá bheathú agus fear dhá mharú
TUILLEADH (1) ▼
Ba diachta dó nár fhan sa mbaile. Is fada siar a thug a chosa é. Cár fhága tú an cunórtas ar ndóigh! M'anam féin muise dá mbeadh seisean buailte síos — nár lige Dia an fear bocht! — gur fada go gcuimhneodh J. Mh. a theacht aniar do shiúl a chos ag breathnú air. Tá baol beag air go deimhin
→
diaidh
Is minic ariamh a ghlan fear leis i ndiaidh a chinn roimhe agus ní fhaca sé aon lá den ádh ariamh ach é. B'fhéidir go dtiocfadh an té sin abhaile blianta ina dhiaidh sin agus é ina ridire. Ní bheadh sé ach beo bocht, dhá bhfuiríodh sé sa mbaile i gcónaí
→
dlí
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaíocht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo an chaoi a saothraíonn an talmhaí bocht a ghreim agus a dheoch
+
Deirimse leat gur iúd í leac an doichill. Fanadh chuile fhear as an bpríosún. Mar adeir an t-amhrán: "Siúd é an príosún agus ná téigí ann". Nach beag an scrupall a bhíos i bhfear ar bith a chuirfeadh bean bhocht isteach ansiúd. Tá siad ann. Chonaic mé iad. Duine ar bith a chaithfeas stráisiún ansiúd, tá a pheiriacha thairis
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil airgead ar bois agat, ná taobhaigh siopaí na Gaillimhe. Má thaobhaíonn, is ag brú ar an doicheall a bheas tú. Siúd é an áit deiridh ag duine le dhul mura bhfuil pócaí teanna agat. Ná bac leis an bhfear folamh. Níl siad siúd dhá iarraidh. Is beag é a n-iarracht air. Tá sé a fhearacht ag an bhfear fadó: "Pócaí folmha bocht, buailidís bóthar agus gheobhaidh siad seantáin amach faoin tír"
→
Domhnach
Cuirfidh mise geall leatsa nach dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó go ligfear amach saor slán é sin. Ara níl aird ar bith ar choir den tsórt sin anseo. Ach mise i mbannaí gur maith gasta a chuirfí cupla bliain ar fhear bhocht agus gan millteanas ar bith déanta aige
→
donán
Tá an donáinín sin muise chomh suimiúil le fear ar fónamh. Cén bhrí ach go gcuirfeá seacht n-iomairí agus seacht n-eitrí uait an dreoláinín bocht de shéideoig
→
drann
M'anam nach raibh an duine bocht sin ag iarraidh drannadh le aon duine murar cuireadh bréag air. Dheamhan é muis, ba é an fear ba shásta sa teach é
+
→
droim
Tá a bholg thiar ina dhroim. Is cosúil nach bhfaigheann an duine bocht a leathdhíol le n-ithe. Nach bhfuil lán púirín na hátha de mhuirín air. Caithfidh fear na muiríne móire an greim a bhaint as a bhéal féin i gcónaí lena chur i mbéal na bpáistí. Deir siad nár bhris cearc an áil a heagán ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Tá fear R. an Mh. ag maireachtáil ar dhroim an diabhail. Níl tada timpeall air ach leacrachaí. An teirgéis talúna atá aige, níl spreab ar doimhneacht ann. An cladach féin atá ann, tá sé chomh lom chomh feidheartha le croí do bhoise. Níl an fheamainn ná an carraigín ná tada eile ann, ach cuid an bheagáin. Níl a fhios agamsa faoi mo rí cén chaoi a maireann duine ar bith i R. an Mh., tá an áit chomh maolscreamhach chomh bocht sin. Diabhal mé ina dhiaidh sin nach bhfeicfeá cheal ar bith orthu shílfeá: ach níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile
Tá lucht mótars ligthe leo fhéin ar fad. Is gearr nach mbeidh sé in araíocht ag duine an bóthar a shiúl acu. Ar chuala tú faoin bhfear bocht sin a maraíodh i mB. na T. an lá faoi dheireadh. Maraíodh a mh'anam droimnochta. Ag siúl anoir ar an walk siúd le farraige a bhí sé an t-am a dtáinig carr agus scuab sé leis síos sa trá é. Mionaíodh é. Bhí fear an chairr ar a dheargmheisce, ach dheamhan thiomanta blas a d'éirigh dó fhéin ná den mhótar. Anois an bhfuil biseach agat?