Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Gabhfaidh mé (32)

 
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
 
fios
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin — rachaidh mé i ndiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol i ndán dom; buailfidh mé faoin saol; imeoidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair srl. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé sa gcaint thairis sin)
 
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí sa ngarraí seo thiar go ham dinnéir. 'Sé is freagraí dhom ó bheas orm aistear portaigh a dhéanamh ina dhiaidh sin
 
Tá sé friochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneofá ar a shúile é. Ní raibh spleodar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon mhaith a dhéanamh. Drochghalra é sin
+
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amárach faitíos na fálach. Mura mbeidh t'ainm istigh agat Dé Céadaoin, dheamhan striog a gheobhas tú — ar fhaitíos go dtarlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé in ann a dhul chuig an mbeairic lena ainm a chlárú
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
+
féar
Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirim dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht de phunt amach anseo san earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) — is maith an éadáil dom fhéin í le coinneáil
 
Chuala mé P. Gh. ag rá go raibh a athair agus seanfhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iamh air ar an bhfad sin ach ag inseacht an scéil! 'An bhfuil aon bhaol ort fós,' adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. 'Níl,' adeir sé. 'Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh.,' adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. 'Cé nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnaithe feasta,' adeir an fear a bhí in éindí leis. 'Níl mé ach cur éadain air,' adeir sé. 'Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann.' Ba in é an Fiannaí!
 
Gabhfaidh mé amach ar an bhfionnórtas. Tá an teach an-te — lá samhraidh nuair a bheadh an-bhrothaíl san áit istigh
 
fonn
Gabhfaidh mé ann le lánfhonn — gabhfaidh mé ann go rífhonnmhar
 
feadh
Gabhfaidh mé ann feadh is an mhóin a bheith díolta agam
 
Má théim ina éadan chor ar bith, gabhfaidh an fhoighid ó stuaim orm agus buailfidh mé é
 
deis
Gabhfaidh mé don Ch. R. amárach má fhaighim deis ar bith. Tá bicycle aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon bhus ag dul ann
 
doras
Gabhfaidh mé ag baint ghiosadáin anseo amuigh go fóilleach: is gránna an rud iad i mbéal dorais
 
Dháiríre píre an bhfuil rún agat a dhul ann. Dar mo chúis gabhfaidh mé in éindí leat muran ag magadh atá tú
 
dán
Mura bhfuil i ndán is go gcoinneoidh sé a chuid beithíoch de mo chuid talúnasa, théis a bhfuagairt, gabhfaidh mé isteach de mo shiúl ionsaí ag turnae, agus cuirfidh mé leota de nútice (notice) amach aige, agus mura stopa sin é, seirbheálfaidh mé é
 
déin
Ná bac thusa le dhul faoi dhéint na mbeathach anocht. Gabhfaidh mé féin ann
 
díle 1
Mo chreach muise a mbainfidh mise d'fhéar leis an miodachín speile sin atá ann ón Díle. B'fhéidir dhá bhfaighteá speal nua dhom go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh air … Má tá spealta chomh gann sin bainidh le corráin é. An bhfuil a fhios agat cá bhfaca mé fear ag sá speile isteach i móta: thíos ar an E. Mh. Mura bhfuil aon drogall ort, gabhfaidh muid síos anocht agus goidfidh muid í: síos trasna. Is beag an bhrí é: naoi nó deich de mhílte
 
díol 2
Gabhfaidh mé thríothu ó cheann go ceann go bhfaighe mé mo dhíol féin
 
dóigh 1
Meas tú a Sheáin, nár mhaith an dóigh do chaon duine againn bogadh amach ag tóraíocht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfaidh muid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirfiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agatsa ach cuid den spré a thabhairt dom
 
dólom
Ní fhaca mé aon fhear ariamh ag plé leis an gceird chéanna nach dólom a bheadh sé as a dheireadh. Breathnaigh thú féin orthu, agus bréagnaigh mé má fhéadann tú. Gabhfaidh sé rite leat
+
Gabhfaidh mé ar fuisce sílim. Ní fhaighim aon tsásamh ar an bpórtar sin. Tá sé rodta
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh mé ar ghréasaíocht anois scaitheamh ó tháinig an lá fliuch. Tá cupla péire seanbhróg ansin a dteastódh caoi go géar uathu
 
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat, théis chomh danra agus chomh daoithiúil agus atá Sean S., go bhfaighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tseamair Mhuire aige sin a mhic ó!
+
Gabhfaidh mé faoi bhó eile sílim — ceannóidh mé (gheobhaidh mé) bó eile
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh mé faoi dhuit, má chastar an taobh seo é, nach dtabharfaidh a chosa féin abhaile slán é. Thug sé an eang leis an turn deiridh, ach ní bheidh sé chomh saor sin aige anois má chuireann sé a shrón aniar anseo
 
Gabhfaidh mé ann le loch — gabhfaidh mé san áit a bhfuil mé ag dul, le dhul le taobh na locha
 
Má tá mé croite féin, gabhfaidh tusa romham fós — cuirfidh mé romham thú; gheobhaidh tú bás chun tosaigh orm
+
Gabhfaidh mé thar farraige go gairid — go tír eile
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ag dul fúm ná tharam ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cén chaoi atá ar an tseanbhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh ina dhiaidh sin agus nach bhfuair mé ionú air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, gabhfaidh mé ag breathnú uirthi amárach. Níor chomaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anó ar dhuine. Diabhal bréag nár mhaith
 
téigh
Gabhfaidh mé Baile Átha Cliath go gairid — go Baile Átha Cliath. Áiteacha a bhíos i gceist go minic i gcaint fágtar an go ar lár; fc. na samplaí seo síos. Ach tabhair faoi deara gur go Meiriceá adeirtear, agus ní Meiriceá d'uireasa an go