Inid (18)
→
aice 2
B'fhéidir in aice chúnamh Dé, go gcuirfinn caoi eicínt orm fhéin an Inid seo — b'fhéidir le cúnamh Dé, go bpósfainn bean eicínt an Inid seo
+
→
amach
Tá an Inid ag dul an-fhada amach i mbliana feictear dhom.
TUILLEADH (2) ▼
Tá neart ionú acub i mbliana mar tá an Inid ag dul amach go dtí an chéad tseachtain de Mhárta.
Tá cupla bainis amach romham an Inid seo.
+
Tá corrstarróg ag corraí amach an Inid seo — tá corrdhuine ag pósadh an Inid seo
TUILLEADH (1) ▼
Corróidh starrógaí an Inid seo — pósfaidh daoine an Inid seo
→
deachma
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a bheith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
Phós sé ar lá deiridh na hInide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mba é lá deiridh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
→
diomdha
Beidh diomdha an tsaoil uirthi mura n-iarrtar aon duine den chlann iníon an Inid seo. Ar ndóigh mo léan iarrfar, má airíonn siad (lucht iarrtha ban) aon téagar ina haice
→
Domhnach
Domhnach an Phuis nó Domhnach na Smut nó Domhnach Inide — an chéad Domhnach den Charghas. Bíonn pus nó smut ar na mná a fhágtar gan pósadh an Domhnach sin. Domhnach na Smut nó Domhnach Inide: Ros Muc, Carna, Dúiche Sheoigheach. Domhnach an Phuis: Cois Fharraige
Dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé in ann díriú faoin gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agatsa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an oidhe mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (díriú faoi ualach: a dhul faoi ar an talamh agus éirí faoi agus é ar do dhroim, nó go mbeifeá i gcruth siúil faoi)
→
dóigh 1
Meas tú a Sheáin, nár mhaith an dóigh do chaon duine againn bogadh amach ag tóraíocht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfaidh muid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirfiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agatsa ach cuid den spré a thabhairt dom
→
dúrúch
Dúrúch phósta atá air ag imeacht ar an gcaoi sin. Gheobhaidh sibh sciorrachán bainse uaidh an Inid seo go siúráilte
+
Is diabhlaí fada amach sa mbliain atá an Inid ag dul i mbliana. Beidh sé ionann is ina Lá Bealtaine shula bheas aon Cháisc agat i mbliana
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada sa samhradh, mar bhí an Inid deireanach